Dallcairt
—ainm-bhriathar
—
ag séideadh nó ag siabadh báistighe nó sneachta go tréan; ag roilleadh; ag cur go tréan.
·
Meastú an ngabhfainn amach faoi'n dallcairt sin. Is beag an baoghal orm, dhá bpréachtaí ar an teallach sib cheal teine. Ní theastóchadh uaim nach a dhul do mo chailleadh féin ar phortach a leithide de lá
Dhúisigh mé aréir tuairim 's an trí a chlog, agus bhreathnuigh mé amach thríd an bhfuinneoig. Bhí sé ag dallcairt an uair sin, agus níl a fhios agam cá'id ina dhiaidh. Dar leat féin, níl mórán dhá chosamhlacht ar an talamh indiu