Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
damhán
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: damháin
ainmneach iolra: damháin
damhán alla: feithideach, spider. Feithideach nach bhfuil neamhchosúil le ciarógaí as a gcolainn, ach go bhfuil hocht nó naoi de streilliúchaí móra fada astu leis an téad a fhíochán is cosúil, nó le míoltógaí agus cuileogaí a sháinniú. Tá dhá chuid sa gcolainn féin: cabhail, agus cuid eile amuigh mar a bheadh cloigeann ann. Deirtear gurb iad na damháin bhaineanna a ghníos na téadrachaí. D'fheicfeá sórt ancaire amuigh aige ar na téada. Bíonn áiteachaí i dtithe, agus i sciobóil, mura gcoinnítear síorghlanta iad, faoi leabthachaí agus faoi théadrachaí damhán alla as éadan. Is minic a d'fheicfeá na téadrachaí amuigh ar ghéagáin crainn nó sa bhféar freisin. Bíonn damháin san uisce freisin: i locháin, i srutháin agus i bhfíoruisce.
·
Tá an áit ar fad faoi leabthachaí damháin alla
·
Tá an damhán alla ag snámh. Cuirfidh sé éadaí nua chugat — chítear an damhán alla ag snámh scaití. Deirtear an uair sin go gcuirfidh sé éadaí nua chuig duine
Éadaí nua riu! Breathnaigh suas ansin sna cúinní féint a bhfeicfeá aon damhán alla ag snámh iontu. 'Sé a chuirfeas na héadaí nua chugat. Tá tú astu dhá uireasa