Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
damhán
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: damháin
ainmneach iolra: damháin
damhán alla: feithideach, spider. Feithideach nach bhfuil neamhchosúil le ciarógaí as a gcolainn, ach go bhfuil hocht nó naoi de streilliúchaí móra fada astu leis an téad a fhíochán is cosúil, nó le míoltógaí agus cuileogaí a sháinniú. Tá dhá chuid sa gcolainn féin: cabhail, agus cuid eile amuigh mar a bheadh cloigeann ann. Deirtear gurb iad na damháin bhaineanna a ghníos na téadrachaí. D'fheicfeá sórt ancaire amuigh aige ar na téada. Bíonn áiteachaí i dtithe, agus i sciobóil, mura gcoinnítear síorghlanta iad, faoi leabthachaí agus faoi théadrachaí damhán alla as éadan. Is minic a d'fheicfeá na téadrachaí amuigh ar ghéagáin crainn nó sa bhféar freisin. Bíonn damháin san uisce freisin: i locháin, i srutháin agus i bhfíoruisce.
·
Tá an áit ar fad faoi leabthachaí damháin alla
·
Tá an damhán alla ag snámh. Cuirfidh sé éadaí nua chugat — chítear an damhán alla ag snámh scaití. Deirtear an uair sin go gcuirfidh sé éadaí nua chuig duine
Éadaí nua riu! Breathnaigh suas ansin sna cúinní féint a bhfeicfeá aon damhán alla ag snámh iontu. 'Sé a chuirfeas na héadaí nua chugat. Tá tú astu dhá uireasa

damhán in iontrálacha eile (1)

 
Bhí cláirseach de chailligh mhóir gróigthe sa gclúid ar m'aghaidh agus chaon osna aici. Shílfeá gurb uirthi a bhí anó an tsaoil, agus chloisfeadh sí an damhán alla ag corraí ina dhiaidh sin.