Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dán
/dān/
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha agus ainmneach iolra: dáin, dánta
1.
duan, amhrán, filíocht.
+
Tá dán mór fada aige — píosa fada filíochta; laoithe Fiannaíochta. Níl an chiall seo den fhocal mórán sa gcaint ach go bhfuil sé ag teacht ar ais aríst ó aos foghlama agus as scoileannaí
Ar chuala tú ariamh Dán Mhac Dé — dán diaga
TUILLEADH (2) ▼
Tá dánta agus amhráin agus scéalta aige
Níl scéal ná dán agam
+
Sin í an chaint atá ag luí le dán — dhá mbeadh amhrán nó píosa filíochta ann agus truailliú i gcuid den chaint, gan an rannaíocht a bheith ag luí le chéile, agus dhá dtugtaí leagan eile air i riocht is go mbeadh an rannaíocht nó an chiall cheart ann, déarfaí an rud sin; nó má chuirtear focla isteach in amhrán, i scéal nó eile a theagas salach ar bhíthin an scéil, nó má thugtar údar contráilte faoi scéal nó amhrán nó seanfhocal nó a leithide sa gcaoi nach mbeidh an chaint ná an chiall ag luí ceart le chéile, ní bhíonn sin ag luí le dán ach oiread
"Chuile shórt ag iarraidh a chórach féin agus an gadaí ag tuilleamh a chrochadh." Sin é atá ag luí le dán agus ní hé an rud eile. Cén uair a chuala tú go raibh gadaí ar bith ag iarraidh a chrochadh. Dhá mbeadh, ní ghabhfadh sé ag gadaíocht ("chuile shórt ag iarraidh a chórach féin agus an gadaí ag iarraidh a chrochadh": ní raibh an cainteoir — bean as Maínis — sásta leis an leagan sin)
TUILLEADH (7) ▼
Abair an cheathrú sin aríst sa gcaoi a bhfuil sí agatsa … Sin é atá ag luí le dán. Tá ceathrú lia agamsa ann
Níl cuid den amhrán sin ceart agat. Níl an chaint ag luí le dán — ag luí le chéile ar chuma eicínt. D'aithneoinnse ar an bpointe nuair a bheadh amhrán ag luí le chéile
Tá mé ag dul amú ar an aithrí sin. Níl sí ag luí le dán chor ar bith anois dom. Is fadó an lá ó dúirt mé í go deireanach
Is furasta a aithinte ar an gceathrú sin nach bhfuil sí ag luí le dán. Níl an darna cuid ag teacht leis an gcéad chuid. Tá an t-amhrán sin ag P. Ch. ansin thiar. Is minic a chuala mé a mháthair go ndéana Dia maith uirthi, dhá rá. Faigh uaidh siúd é. Tá sé ceart aige
Ní mheasaim go bhfuil an chaint sin ag teacht le dán chor ar bith. Nár dhúirt tú cheana gur báitheadh é. Má báitheadh cén chaoi a bhféadfadh sé a dhul isteach i dteach an scolóig … ó tuigim anois thú. An darna mac a báitheadh. Huga leat
Siúd é a mbeidh a chuid cainte ag teacht le dán. Nach é atá in ann an craiceann a chur ar scéal!
Gan doubt. 'Sé an rud atá tusa a rá atá ag luí le dán agus ní hé an rud adúirt seisean
2.
braighdeán nó ceangal bó.
a.
+
An rópa a chuireas muintir Árann ar adharca na mbó nuair a bhíos siad dhá cur sa mbád ar Cheann Gainimh, sin é an dán
Teastóidh dáin uaibh amárach más libh a dhul chun an aonaigh go Gaillimh
TUILLEADH (3) ▼
Ní fhéadfaidh sibh a gcur sa mbád d'uireasa dáin, pébí cá bhfaighidh sibh iad
Faighigí dán le haghaidh an tslóchtaí sin (fc. slóchtaí), agus bíodh sé sách láidir. Ní spalladh brúin (bróin?) ar bith uirthi siúd an ruóigín siúd a bhriseadh
Chuir muid dán uirthi agus ba deacair sin. Bhí sí an-dodach le dhul ina haice chor ar bith. Tá féirín anois ag an slóchtaí, agus níl mise ina dhiaidh air: ba danra é le margadh a dhéanamh leis
·
Séard a bhí le déanamh leis sin dán a chur air, agus a thabhairt síos sa gcaladh agus an chéad bhád a bheadh ag dul ar an talamh ó thuaidh, é a chur isteach inti. Rómhaith a bheadh sé aige agus an bhail atá sé a chur ar na daoine
b.
+
Cuirfidh sí dán ar fhear eicínt gan mórán achair — cuirfidh an bhean sin buairthín ar fhear eicínt gan mórán achair; fostóidh sí fear eicínt; cuirfidh sí cluain nó dallamullóg ar fhear eicínt agus pósfaidh sé í
Agus chuir sí dán ar an slóchtaí lena pósadh. Sin í an cailín a bhí i riocht (mheall sí fear Chonamara)
TUILLEADH (5) ▼
Cuireadh sí dán ar a rogha duine anois, ach ní ormsa é ar chaoi ar bith. Go deimhin ní theastódh uaim ach sin, aird a thabhairt ar an mbideach sin
Dá gcuireadh sí bun a bundúin amach anois, cinnfidh uirthi dán a chur ar fhear ar bith. 'Sí an phrae í go deimhin, ag imeacht ina cailín Domhnaigh.
Tiocfaidh fear eicínt fós a chailín ó, agus fáiscfidh sé dán ort, agus éireoidh tú as an gceird sin an uair sin, mar beidh do dhóthain ar t'aire dhá uireasa
Ní ligfidh mise do bhean ar bith dán a chur orm, ach mo spealóg a bhaint as chuile chúilín chomh uain is a sheasfas an óige dom. Deir siad nach dteagann an óige faoi dhó choíchin. Tá sé sách luath ag duine pósadh ach a mbailí sé na deich mbliana fichead
Is diabhlaí a chruthaigh sí faoi dheireadh thiar agus dán a chur ar fhear eicínt. Ach an bhfuil a fhios cé hé féin? Is méanar Dé dhó muis, agus é a bheith ceangailte leis an tsuaróigín siúd. Is fada dhó a shaol. Níl againn a rá ach go ndéana Dia grásta air, mar is gearr go ndéarfar leis é ar aon nós
3.
torthaí, barra, scoth nó sméar mhullaigh?
+
Dheamhan a raibh ar dhánta na talúna ariamh cruithneacht ní b'fhearr ná a bhí ag A. ansin thiar i bP. R. anuraidh … Deirim leat nach raibh a leithide de chruithneacht ar an Achréidh ariamh — ní feasach dom céard é dánta féin, ach measaim gur toradh nó barr nó fás é. Faoi chúrsaí na talúna a baintear leas as i gcónaí: tá sé i gceist sa rá cainte seo go mba í cruithneacht A. i bP. R. an sméar mhullaigh; nár fhás sí thrí thalamh ariamh aon chruithneacht a thabharfadh an barr uaithi
Dhá gcuirtheá leasú ar an ngarraí dúrabháin sin thíos le cladach agat, ní raibh sé ar dhánta na talúna ariamh aon swedes mar a bheadh ann. Ach is beag an mhaith an dearg (feamainn dearg). B'fhearr duit daithín feamainn dubh ná ar thug tonn ar thrá den dearg
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh sé ariamh ar dhánta na talúna aon chur is fhearr a d'íocfadh duine ná an bheet sin, ach cén mhaith sin nuair nach bhfuil aon talamh ag na daoine lena cur. Tá bláthannaí agus beatha muc agus beithíoch uirthi; ní ídíonn sí an talamh mar a ghníos an chruithneacht; agus dar príosta tá sí ag dul airgead mór. Tiocfaidh an lorry isteach ag an gclaí agat lena hardú uait. 'Sé an scéal é, tá an tír seo buailte ar chuile chaoi ina dhiaidh sin
Níl aon mhaith dhuit ag caint. Feiceann tú féin nach bhfuil bualadh an ghráinne eorna ar dhánta na talúna. Cá'il sé. An bhfeiceann tú an spleodar a chuir sé (poitín) sa seanduine sin thiar: nuair a bhí aige a bheith ag cur brat na scaball (taiséadaigh) faoi réir dhó féin, gur bhuail sé amach ag iarraidh mná. Céard eile atá in ann é sin a dhéanamh fiafraím díot
4.
cinniúint; an rud atá le haghaidh duine.
+
An rud atá i ndán do dhuine caithfidh sé a dhul thríd (leathfhocal) — an rud atá le haghaidh duine; an rud atá i gcinniúint duine; an rud atá ceaptha amach do dhuine roimh ré
Is iomaí rud atá i ndán don duine ó lá a bheirthe go dtí lá a bháis — is iomaí tónáiste atá in áirid dó ag an saol
TUILLEADH (8) ▼
Chreidim go raibh sé i ndán dó a bheith mar sin. Murach go raibh, ní fhéadfadh an saol an oiread tónáiste a thabhairt do dhuine ar bith agus a thug sé dhó. Ach níl aige, ná ag aon duine eile, ach géilliúint dhá chrois
Tá rudaí mar sin i ndán do dhuine. Ní mar is toil linne ach mar is toil le Dia, agus aithníonn Dia a dhuine fhéin
Mura bhfuil sé i ndán dó críochnaithe a bheith ina bhráthair, níl a fhios agam céard adéarfainn leis. Tá sé ró-aerach ar fad
Níl i ndán don eaglais an tsaint a chailleadh choíchin. D'fhága Críost an tsaint aici. Chuala tú féin é
Níl i ndán duit a dhul go flaithis adeir sé, go dteaga craobhóigín ghlas ar an bpíosa mhaide sin atá san abhainn
Sin é an bás a bhí i ndán ag Dia dhó. Ní raibh a theacht uaidh aige
Más crois é a bhí i ndán duit ag Dia, chaithfeá glacadh leis
Níl a fhios ag duine cá'il fód a bháis ach léar (de réir) mar atá sé i ndán ag Dia dhó, agus léar mar a chuirfeas Dia fios air
+
"Leagaim láimh ort nó ná leagaim, más tú atá i ndán dom, is tú a bheas agam" — go bpósfaidh duine an bhean atá ag an gcinniúint lena aghaidh, bíodh eolas aige uirthi nó ná bíodh; bíodh sí i bhfad ó bhaile srl.
Dhá mbeadh sí ag dul faoi is thairis chuile mhionóid, ba é an cás céanna dhó é nuair nach raibh sí i ndán dó. Ar chuala tú ariamh é: "leagaim láimh ort nó ná leagaim, más tú atá i ndán dom is tú a bheas agam"?
TUILLEADH (1) ▼
Pósfaidh tú an duine nach bhfaca tú ariamh. Beidh tú ar siúl go bhfaighe tú an té atá i ndán duit, agus níl a dhul thairis sin agat: "leagaim láimh ort nó ná leagaim, más tú atá i ndán dom is tú a bheas agam." Sin é an chaoi a bhfuil sé. Tá cinniúint eicínt ag chuile dhuine, agus níl aon ghair againn í sin a sheachaint
+
Ní raibh i ndán an forc a bhaint aisti go deo go dteagadh an fear seo lena bhaint aisti, agus nach maith a tháinig ina dhiaidh sin
Níl i ndán an rud sin a dhéanamh go n-imí an ball dubh den fheadóig — go deo
TUILLEADH (6) ▼
Níl i ndán mise a mharú, adeir an fathach, go mbuailtear ar an mball dobhráin atá ar mo chích dheis mé le ubh d'uibheachaí na lachan sin
Ní raibh i ndán é a chailleadh ina dhiaidh sin, go dtéadh sé ansin
Ní raibh i ndán é a chur amach as an teach nó go dteagadh an mac ba shine as Meiriceá
Níl i ndán Sasana a bhualadh a mhic ó. Tá bua eicínt aici ó Dhia — nó ón Diabhal!
Ní raibh i ndán é a mharú nó go ndéantaí an rud sin leis
Níl i ndán réiteach don teach sin mura dteaga an mac atá imithe abhaile. Sin é an buachaill a leagfadh ar chuid ar a chéile acu
+
Níl i ndán éirí dó — ní éireoidh sé; gheobhaidh sé bás as an tinneas atá air
Dhá mbeadh i ndán éirí dhó, d'éireodh sé (banbh). Ní raibh sé ag dul dom sin é é
TUILLEADH (15) ▼
Bhí muid leis scaitheamh anuraidh agus bhuail an slaghdán an bheirt againn. Chuaigh muid leis aríst i mbliana agus ná raibh ann mura dtáinig an sneachta. Níl i ndán déanta dhó chreidim (claí)
Níl i ndán báis dhó agus a liachtaí uair agus a chuaigh an ola air
Níl i ndán glanta dhóibh. 'Sé a chosúlacht é ar chuma ar bith, agus deir siad go mbíonn an chosúlacht ann. Chuile lá beo a dtéim amach le soipín a bhaint astu (fataí i gcall a nglanta), teagann rud eicínt a chuireas as mo bhuille mé
Níl i ndán socrú dóibh. Ní fheicfidh tú aon deireadh ar an gcogadh sin go deo
Go gcuire Dia dílis an t-ádh ort, agus éist leis. Níl tú ach do do chur fhéin thar bharr do chéile le dhul ag comhairle air sin. Níl i ndán comhairle dhó; ach oibríodh sé leis. Comhairleoidh an saol ar ball é
Níl i ndán triomú ar mhóin i mbliana. An bhfeiceann tú an aimsir atá ag teacht? Dheamhan dhá uair gréine a bhí ann i mbéal a chéile an samhradh seo fós
Níl i ndán athrú dóibh sin choíchin ná go deo nó go mbaintear na dabaí a chaith an government eile acu (chucu) dóibh (díobh); sin nó go dtuga an government seo dabaí níos fhearr dóibh
Níl i ndán féir duit i mbliana a mhic ó. Tá an talamh spalptha uileag
Níl i ndán cladaigh dhom inniu. Caithfidh mé glaicín shíolta atá agam a fhódú
Chreidim nach bhfuil i ndán saibhris dúinn
Níl i ndán pósta dhó. Nach bhfeiceann tú chuile bhean dhá eiteach
Níl i ndán airgid duit. Bhí cluiche glaice agat ansin agus lig tú uait é go fánach
Níl i ndán suaimhnis dúinn. Mura rud é, is rud eicínt eile é. Shíl mé nuair a d'imigh sí sin uainn go mbeadh linn, ach ó dhonacht maoil is measa mullóg.
Dá mbeadh i ndán maitheasa di, bheadh sí ina suí feasta — ní dhéanfaidh sí aon mhaith; gheobhaidh sí bás
'Sé a chosúlacht nach bhfuil i ndán maitheasa dó. Tá sé le bliain mhór fhada ansiúd anois ar chúl a chinn agus gan biseach ar bith ag teacht air
+
Níl aon dán maitheasa di tá faitíos orm. Duine ar bith a dteangmhóidh an eitinn sin leis, ní féidir í a chur as a chrioslaigh
Má tá aon dán maitheasa duit, siúd é an áit agat. Mura dteaga tú suas ar chomhairle na ndochtúirí, cén mhaith dhuit a dhul acu chor ar bith?
TUILLEADH (3) ▼
Níl aon dán briseadh don leic seo. Chuaigh dhá gheábh dynamite inti agus má chuaigh féin, níor bhain siad aisti ach cupla fleasc
Níl aon dán teacht dó sin choíchin. Fanóidh sé sin i Sasana
Níl aon dán feamainne dhom na laethantaí seo. Tá sí sciobtha orm chuile mhaidin, dhá mhoiche dhá dtéim síos
+
Sílim féin gur bunscéal é i ndán (/ɛ̄ ɴān/) sin. Níl i ndán ar bith ann ach go gcaithfidh daoine a bheith ag caint
'Sé an chaoi a bhfuil an scéal sin má éiríonn rud duit le do chiontsiocair nó le do chionfaillí féin, ní raibh ann ach go raibh sé i ndán duit. Sin caint ar sraith adéarfainnse. Chonaic mé lao le T. Mh. anseo thuas dhá chailleadh le buinneach anuraidh. Ón lá ar bhuail sí é, go dtí an lá ar thug sí léithe é, dheamhan thiomanta purgóid ná buidéal a thug an fear sin don lao sin, ná go fiú is a chur ar mhalrait féir ní dhéanfadh sé. Bhí mé féin agus é féin ansin thuas chois an chlaí ag breathnú air ag fáil bháis. 'Ní raibh aon dán éirí dhó,' adeir sé. 'Séard a bhí le déanamh leat,' adeirimse, 'chúig bhliana príosúin a dhul ort'
TUILLEADH (3) ▼
Cloisfidh tú duine ag rá go bhfuil "i ndán" ann. Dheamhan "i ndán" ná "i ndán". Nár chuala tú ariamh é: "sháraigh an fhoighid ar an dubhchinniúint"
"An té nach bhfuil a fhios aige le snámh, níl i ndán dó ach é a bháthadh" (seanfhocal) — "namhaid í an cheird gan í a fhoghlaim"; an té a rachas ag plé le rud chor ar bith, ba cheart dó fios a bheith aige lena dhéanamh, mar níl sé ach ag cur as dó féin mura mbeidh a fhios
Sílim féin nach bhfuil "i ndán" chor ar bith ann ach toilíocht — ghníonn an duine rudaí dhá thoil deona féin, ach ní bhíonn sé i gcinniúint dó a ndéanamh (fc. freisin dúchas)
+
Má tá i ndán is go gcuirfidh sé aon araoid ort, buail isteach ar an smut é — má tharlaíonn sé go gcuirfidh srl.; más rud é go gcuirfidh srl.; má chuireann sé aon araoid ort srl. Tá an leagan sin an-choitianta i gcaint.
Má tá i ndán is go dtiocfaidh sé timpeall sa saol go deo go gcaithfidh sé a theacht in mo líonsa, tabharfaidh mise an freagra céanna air agus a thug seisean ar an mbean bhocht sin, mar ní thuilleann sé a mhalrait
TUILLEADH (10) ▼
Má tá i ndán is go bhfeicfidh mise thú ag caint le ceachtar acu sin, tabharfaidh mé dual na droinne dhuit
Má bhí i ndán is go raibh sé le pósadh, breá nár phós sé, agus gan a dhul ag tarraingt slí chainte air féin agus gan a fhios sa diabhal cén fáth
Má bhí i ndán is go raibh an scéal sin amhlaidh, is iontas é nár chuala muid smid ariamh faoi. Ach sílimse nach bhfuil ann ach pait a chum duine eicínt. Is beag an stró ar na buachaillí báire siúd i mbéal an dorais aige a chumadh
Má tá i ndán is go bhfuil briste dhi aríst (tiúb rothair), caith amach san aoileach í. Sin é eile a bhfuil de mhaith léithe. Shíl mé agus a ndeachaigh de chaoi aréir uirthi nach dtabharfadh sí uaithi go cheann píosa
Má tá i ndán is gur chuir sé bréag den tsórt sin ar ghearrchaile gnaíúil ar bith, ní raibh mion mullóg dhe a fhágáil i ndiaidh a chéile. Rómhaith a bheadh sé aige, ná ag duine ar bith eile a chaithfeadh a leithide de chaint
Má tá i ndán is go dtiocfaidh na fathachaí móra seo thiar ag cocaireacht leis an ngarraí sin, ní bheidh cúinne an ghiorria féin ann tráthnóna — má théann siad isteach ann ag obair (dhá chur faoi fhataí), cuirfidh siad ar fad é in aon lá amháin
Dhá mbeadh i ndán is go bhfaigheadh an t-athair aon bholadh óil air, ní fhágfadh sé an t-úimead (nóiméad) féin faoi chaolachaí an tí é
Mura bhfuil i ndán is go bhfeicfidh mé thú as seo go ceann seachtaine, téirigh ann agus abair an rud sin leo, agus cuir scéal agamsa cén toradh a fuair tú
Mura bhfuil i ndán is go gcoinneoidh sé a chuid beithíoch de mo chuid talúnasa, théis a bhfuagairt, gabhfaidh mé isteach de mo shiúl ionsaí ag turnae, agus cuirfidh mé leota de nútice (notice) amach aige, agus mura stopa sin é, seirbheálfaidh mé é
Mura bhfuil i ndán is go mbeadh rud ar bith air. Is mór an t-ionadh liom nach dtáinig sé abhaile. B'annamh leis sin fanacht oíche ó bhaile muis

Féach freisin

dán in iontrálacha eile (50)

 
dairt
B'fhearr duit tosaí ag caitheamh dairteachaí anois leis an mbogha báistí sin a fheiceas tú san aer ná a dhul ag cur chomhairle air sin. Is measa é sin ná Mac na Míchomhairle. Fuair Mac na Míchomhairle grásta idir an stíoróip agus an talamh, ach é sin: mura bhfuil ag Dia níl i ndán grásta dhó go ndéantar dhá leith glanoscartha dhá mhuineál i dtosach
 
Bím ar bóthar Domhnach is dálach léar (de réir) mar a fhaighim glaoch. Níl aon scíth i ndán domsa
 
Is dona na gnaithí atá ort do do dhamnú féin le na seanchlochair sin, agus fios agat nach réiteodh na Fiannta Éireann iad, agus bídís ar an saol inniu. Ach níl aon chomhairleachan i ndán do chuid de na daoine, nó go bhfága an saol a shéala féin orthu. An bhfeiceann tú M. Ph. Sh. ansin thoir, agus é sníofa de bharr a bheith ag plé le clocha
 
dána
"Nuair is teann don phortán sea is dán don ghearrán" — séard adeirtear go hiondúil leis seo: nuair is teann don phortán sea is fann don ghearrán, ach bíonn dán ag daoine ann, agus 'sé a bhíos in áiteacha (cuid de Chois Fharraige). Ní thuigim dán sa gcás seo fc. fann, gearrán
 
daor 2
Tá siad ag iarraidh é a dhaoradh. Is maith an oidhe sin ar an ruifíneach, má tá i ndán is gur thug sé droch-chor dhá bhean. Níor mhaith liom a bheith ina bhróga anois. Tá sé i ndroch-arán
 
Is dathúil an t-éadach é sin, mura bhfuil i ndán is go dtréigfidh sé
 
Níl aon dea-ghealladh faoi. Dhá mba leis biseach a fháil, shílfeá go bhfuil sé in am aige feasta. Tá faitíos orm nach bhfuil i ndán bisigh dhó — an duine bocht. Tá sé in ainseal air anois
 
dealg
Nuair a bhainfeá amach dealg ba cheart duit é a chaitheamh siar taobh cúl do chinn in aghaidh na tubaiste. Dá mba i ndán is go mba tairne a bheadh ann, séard a bhí agat a dhéanamh leis é a chur isteach i bhfata fuar agus é a leagan ar an drisiúr. Dhéanfá an cleas céanna leis dá mba i gcrúib bó a bheadh sé
 
Deir siad go bhfuil a dhealrachán briste. Sin é a fuair an iarraidh. Má tá i ndán is go bhfuil, tá a chuid maitheasa ar iarraidh agus ní hé a d'fheilfeadh dhá áilín lag lúbach
 
Ní chuirfinn suim ar bith ansin. Má tá i ndán éirí dhó éireoidh sé, dhá mbeadh déanta lena bhás ag dochtúirí na cruinne agus ag feara Fáil. Beannacht Dé dhuit. Cé mhéad duine a chonaic muid cheana a bhí tugtha suas ag dochtúirí, agus 'siad atá luath láidir inniu. Is fearr é Dia ná dochtúr ar bith
 
deara
Síleann tusa gurb é S. a rinne é. Tabhair faoi deara ab é. Más é muise, ba diabhlaí an deifir a rinne sé, má tá i ndán is gur buaileadh an ceann eile ag an haon dhéag. Arae sé sin an fáth, bhí sé ag ól tigh Th. an oíche sin nó gur cuireadh amach muid ag leathuair théis an deich, i gcruthúnas duit nár mhór dhó bealadh a chur faoina ioscadaí le bheith i nD. L. ag an haon dhéag: fear nach raibh bicycle ná deis marcaíochta ar bith aige ach na boinn
 
An té a mbeidh déidín tite aige ná bac thusa leis. Má bhíonn sé tite ceart aige, is fear réidh é. Dochtúirí na cruinne ní leigheasfadh é. Má ghníonn an giall crapadh tá sé craptha, agus ná bac thusa lena thabhairt ar ais, mar níl aon ndán ar ais dó. Déarfaidh do rogha dochtúr leat é cuirfidh mise geall
 
Tá dasachaí go hard os cionn talúna, ach má tá i ndán is go dtiocfaidh glasreo ar bith seaca, is an-chur chun deiridh orthu é
 
diaidh
Sásaigh thú féin go maith anois agus ná bí in aiféala aríst. Má ghníonn tú an pósadh uair amháin, níl aon scaoileadh i ndán duit mura scaoile an bás thú, go sábhála Dia sinn. Mar sin, breathnaigh romhat go maith. Deir siad gur fearr breathnú amháin romhat ná dhá bhreathnú in do dhiaidh, agus go dtugann an duine dona dubhléim. Má cheapann tú nach bhfeileann an bhean duit, fág i do dhiaidh í. Sin é a bhfuil ina thimpeall
 
Más leat do chuid talúna a choinneáil, ní mór duit dintiúirí agus páipéir a bheith agat air. Ní gaire d'oidhríocht tú ná ceachtar de do chuid dearthár. Má tá i ndán is go bhfaighidh lucht an dlí aon fhabht in do chuid cainte, ní bhfaighidh tú comhaireamh na sop, creid mé dhuit ann. Lena aghaidh sin atá siad ansiúd
 
Scrúdfadh sé duine ag éisteacht leis an díogarnaíl i gcónaí i gcónaí. Ach tá neamhshuim déanta ag na daoine anois dó. Shílfeá scaití anois go dtagann ardú air thar a chéile. Dheamhan i ndán maitheasa go deo dhó, ná cuid de i ndán maitheasa. Tá an liostachas rófhada anois air le maith a dhéanamh
 
An mhóin bhán sin, sin í díogha an phortaigh. Caithfidh muid í sin a choinneáil dúinn féin, agus an chlochmhóin a dhíol. Ní dhrannfadh aon fhear lorry le móin bháin mura i ndán is go mbeadh sí an-fhliuch, agus go mbeadh sé ag iarraidh meáchain a dhéanamh, rud a bhíos siad ag iarraidh a dhéanamh scaití. Is cuma le cuid acu cén sórt cunús a chaithfeas tú acu. Dhá fhliche dá mbeidh sí, is amhlaidh is mó meáchan í
 
docht 2
Tá a geanntrachaí chomh docht i dtalamh ag Sasana sin agus nach féidir a bualadh. Níl i ndán buailte dó a mhic ó, nuair nach n-ionsódh an domhan fré chéile í
 
Dócúil air le caoi a bheith air. Ó tá i ndán is gur chuir sé sin de threampán ormsa, ní bheidh aige ach malrait, dar diagaí
 
Má tá i ndán is go dtabharfar chun cúirte thusa, tóg M. Sin é an dlíodóir. Tá sé an-doghrainneach go deo sa gcúirt. Má tá i ndán is go mbeidh fear ag tabhairt fhianaise agus go gceisneoidh sé siúd é, cabálfaidh sé é dhá mhíle buíochas. 'Sé atá in ann. Freagróidh tú é siúd feicfidh tú féin air. Nó mura bhfreagraí, beidh sé in t'éadan go brách nó go dtuga sé amach as do chreatlaigh é. Siúd é an buachaill acu. Níl aon mhaith a bheith ag dul anonn ná anall leis. Má tá clár na fírinne agat, níl aon bheann agat air, ach mura bhfuil, tá sé in ann drochdhíol a thabhairt ort. Chonaic mé mac D. ansin thoir ag athrú dathannaí aige
 
Más soininn nó doininn é amárach, gabhfaidh an ghlaicín féir sin isteach. Diabhal baol ormsa a bheith dhá bhuachailleacht amuigh sa móinéar sin níos faide. Aon chás amháin é ar aon chor. Níl aon athrú i ndán don uair
 
doirb 1
Doirb! Mo chreach mhaidne thú. Leann rua a d'ól sí. Sin é an doirb atá uirthi! Tá sí réidh freisin. Níl i ndán traoitheadh di … Muise diabhal an féidir gur dhúirt sé leat gur doirb a ghlac sí. Is cosúil gur airigh sé simplí thú. Tá leann ansin thoir i mbairillí le seachtain, agus is dóigh go bhfuair sí a bholadh
 
An bhfuil cuimhne ar bith aige éirí as an donacht? Shílfeá má tá i ndán bisigh dhó, go bhfuil sé in am aige a bheith ag cur cosúlacht eicínt air fhéin feasta
 
Ní raibh an boiscín feaigs sin an-drabhlásach muis, má tá siad caite cheana agat scáth an t-achar ó fuair tú iad. Muran thusa atá drabhlásach leo dhá roinnt ar dhaoine. Cheidim (chreidim) ar aon chor, nach (ach) an oiread leis an tobac, gur beag an drabhlás a d'fhan iontu ó tháinig an cogadh. Níl maith fanta i dtada ag an gcogadh céanna. D'éagóir Dé dóibh nach n-éiríonn as agus suaimhneas eicínt a thabhairt don saol, ach cheidim nach bhfuil aon suaimhneas i ndán dó ach grásta Dé
 
Tá ciste ansin thuas i nG. an tSl. s'agaibhse agus é faoi dhraíocht. Níl i ndán fáil air go dteaga triúr de mhuintir Dh. — trí chol ceathar — agus gheobhaidh siadsan é
 
drámh
"Casadh Bríd Ní Chearra orm agus bhí sí ag gearradh cártaí; D'iompaigh sí na muilte agus tharraing sí na dráití; D'aithnigh mé ar an ngearradh sin nach raibh fear ar bith i ndán di; Agus ólaigí liom an crúiscín agus bíodh sé lán" (Sliocht as amhrán a fuair mé i Maigh Cuilinn — Ólfaidh muid an chrúiscín)
 
Is iad is drisíní chantalaí dhá bhfaca mise ariamh. Níl aon mhaith a bheith dhá mbualadh. Tá an oiread buailte orthu agus a mharódh múille ach cén mhaith sin. Níl aon tsuaimhniú i ndán dóibh ach suaimhniú amháin: chaon nduine acu a chur in ísle bhrí le drochiarraidh
 
Níl drochmhúineadh ná oilbhéas ann agus go deimhin sin é atá i ndán is i ndúchas aige freisin. Níor tháinig drisín ná dreancán ar a chine ariamh
+
droim
Deir daoine go gcoinníonn an bearradh droma siar na caoirigh ach ní mheasaim féin go gcoinníonn. Is fad ar a shaol é má tá i ndán is go mbíonn geimhreadh crua ann. Agus níl aon gheimhreadh dhá bhfuil ag teacht anois nach geimhreadh crua é. Féacha an geimhreadh anuraidh …
TUILLEADH (2) ▼
Mura bhfuil i ndán is go bhféadfaidh na Gearmánaigh anois a gcur dhá ndroim le intreacht ar bith eile, tá faitíos orm go mbuailfear iad. Is suarach an t-ionadh é agus a bhfuil d'amhais sa domhan ina n-éadan. Ní fhéadfadh tír amháin dhá fheabhas í a bheith inchinnte ar an domhan ar fad
Ní fhágfaí in aon choláiste faoin domhan é nach gcuirfí droim díbeartha air as, mura i ndán is go gcasfaí i gcoláiste bligeards é go díreach. Bheadh sé ina cheann feadhain ansin (droim díbeartha a chur air: é a dhíbirt, a ruaigeadh, a ionnarbadh, a chur chun bealaigh den bhuíochas)
 
Cé a rinne an droinnín de chruaich siúd dó. Hé brí cé hé féin, níor chuir sé aon chuma déanta uirthi. Mura bhfuil i ndán is go dtitfidh sí, ólfaidh sí an bháisteach uileag mar atá sí
+
Bíodh a fhios agatsa gur paiteanta a bhíos an Ghaeilge go minic ag cuid den dream seo a fhoghlaimíos í, ná ag an té a bhfuil sé i ndán is i ndúchas dó í a bheith aige — an té ar dual dó í; an té a mbíonn sí aige ó bhroinn. Cuirtear i ndán is i ndúchas le chéile mar seo go minic
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé i ndán is i ndúchas d'fhear Chonamara i gcónaí achrann a tharraingt áit ar bith dhá mbeidh sé
Slóchtaí é. Tá an cheird sin i ndán is i ndúchas dó. Ar an róstadh agus ar an scóladh sin a tógadh an scéiméara sin
Tá chuile dhuine acu sin cuidiúil. Bhí sé i ndán is i ndúchas dóibh a bheith amhlaidh. Dheamhan duine is bunáití ná a n-athair le fáil
Tá sé an-doriartha agus má tá féin, sin é an rud a bhí i ndán is i ndúchas dó. A athair fhéin an fhad is a mhair sé, bhíodh peelers tarraingthe ar an oileán aige chuile lá san aer
Tá sé i ndán is i ndúchas do mhuintir an háite seo a bheith oilte ar an bhfarraige. Nach ar an bhfarraige atá a ngreim? Deile riu
+
dúil
Má tá i ndán is gur cuireadh fuafíonaigh ar an bpórtar dóibh, bainfidh sin a ndúil as go ceann tamaill. Is géar a theastaigh an phosóid sin uathu: chuile oíche san aer ag imeacht ag ól agus ag ragairne, agus gan breathnú siar ar a mná ná ar a bpáistí sa mbaile
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh ag an dúil ar an daoithiúlacht air má tá i ndán is go ndeachaigh sé isteach go dtí cuntar teach ósta. 'Sé an chéad uair aige é déarfainn
+
duine
Ní mórán é cuid an duine den teirgéis sin, má tá i ndán is go ngabhfaidh sibh ar a roinnt
TUILLEADH (1) ▼
Is iomaí galra atá i ndán don duine
 
Ná dúisítear mé go dtí an deich a chlog amárach ar chuntar ar bith, mura mbeadh i ndán is go mbeadh an teach thrí lasadh!
 
dúlia
Dhá mbuailteá bó ar an dúlia thitfeadh sí marbh, nó thitfeadh sí ina pleibistín ar chuma ar bith. Mharófá í go réidh freisin. Níl acmhainn ar bith ag bó teangachtáil leis an dúlia aici chor ar bith. Má éiríonn leat bó a bhualadh ar an dúlia choíchin, agus i ndán is go dtitfidh sí, buail ar an taobh eile í ar an toirt. Ní fhágfaidh sin ceo uirthi ach go mbeadh cáithíl bheaga chasacht uirthi go ceann míosa b'fhéidir. Ach buail ar an taobh eile í. Mura mbuaile, beidh siar duit féin
 
dún
Tá a ghoile dúnta ar an aimsir seo, agus tá sé ag cinnt ar chineál ar bith beadaíochta a oscal. Tá sé gráinithe den fheoil, den iasc, de phutógaí agus d'aobha. Rud a dtugann siad jelly air atá sé a thóraíocht anois. Mura i ndán is go n-osclóidh sé sin é, sílim go gcaithfear oscal uileag air
+
Má tá sé i ndán duit, níl aon dul uaidh agat, agus sin é a bhfuil ina thimpeall
TUILLEADH (1) ▼
An rud atá i ndán do dhuine, níl aon dul uaidh aige, pé ar bith céard é féin
 
Deir siad go bhfuil na dochtúirí in ann an eitinn sin a leigheas anois má théann duine roimpi in am, ach má ligeann duine achar ar bith í, nach bhfuil i ndán leighis di
 
Más in í an bhean a bhí i ndán duit, ní raibh a dhul thairti agat. Chaithfeá a pósadh. Ar chuala tú ariamh é: "leagaim láimh ort nó ná leagaim, más tú atá i ndán dom, is tú a bheas agam"
 
Téann sé thríom a bheith ag breathnú air, ach cén neart atá air. Beidh sé dhá ghoid as mar sin nó gur toil le Dia fios a chur air. Níl aon bhiseach i ndán dó