Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúchas
/dūxəs/
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: dúchais
1.
nádúr nó cáilíocht bhunaidh duine nó beithígh; claonta; do mhuintir nó ceantar do thuismithe.
+
"Briseann an dúchas thríd shúile an chait," adeir siad — an nádúr nó an cháilíocht atá i nduine nó i mbeithíoch, briseann sí thríd, de bhuíochas d'oiliúint, d'oideachas, do chreideamh, agus do chuile rud dá ndéantar lena choisceadh óna chlaonta bunaidh
"D'fheicfeá braon faoi shúile an chait amantaí: deir siad gurb in é an dúchas" (ó m'athair)
TUILLEADH (2) ▼
Briseann an rud sin thríd mar a bhriseas an dúchas thríd an gcat
Théis a bhfuil d'fhoghlaim air, tá caint fhada an tsléibhe ag briseadh thríd scaití mar a bhriseas an dúchas thríd an gcat
+
"Leanann bá dúchas" (seanfhocal) — bíonn bá ag duine leis an mbaile nó leis an áit ar tógadh é, nó lena mhuintir nó le béasaí a mhuintire. Tá an seanfhocal sin coitianta go maith in áiteachaí, ach is beag má tá sé in áiteacha eile chor ar bith
Tá sé ag ól braonachaí poitín ó tháinig sé abhaile théis nach leagfadh sé béal air an fhad is a bhí sé imithe. Ach leanann bá dúchas, adeir siad
TUILLEADH (6) ▼
Is iontach gur ansin atá sé ag dul ag déanamh tí agus gan duine ar bith dhá mhuintir beo anois ann. Ach is cóir adeir siad, go leanann bá dúchas. Bhí nádúr aige leis an tseanáit ina dhiaidh sin
Más ea féin, théis ar shiúil sé, tá nósa na tíre tógtha aríst aige. Deir tú leis a bhfuil na seiríní thuas aige, fearacht an athar. Leanann bá dúchas ar ndóigh
Ní féidir go bhfuil bád ceannaithe aige thuas ansin. Shílfeá nach mbeadh áit báid ar bith ansin. Shílfeá anois, théis an chaoi ar tógadh é, nach mbeadh sé ag leanacht do cheird an athar. Ach leanann bá dúchas mar adeir na seandaoine
Tháinig fear timpeall anseo an bhliain cheana. Puicneach mhór mhillteach a bhí ann, agus ba deacair é a thuiscint. Bhí sé chomh gallda sin. As áit eicínt i dtóin Mheiriceá a tháinig sé. Chuir sé tuairisc na Loideánaigh, agus b'éigean seanbhallaí Thomás Labhráis a 'speáint dó. Sin é an áit ar rugadh mo sheanathairse adeir sé. Anois nach leanann bá dúchas. Chroch sé leis fraigh den eidheann agus slám den chaonach atá ar an mballa
Scríobh sé abhaile i mbliana ag iarraidh shamrock rud nach ndearna sé cheana le mo chuimhne. Leanann bá dúchas mar sin féin
Ní raibh aon imní air ar uair a bháis ach nach dtabharfaí abhaile é agus nach gcuirfí é sa seanteampall seo thíos san áit a bhfuil a mhuintir uilig curtha. Féacha féin anois go leanann bá dúchas, mar adeir siad
+
Tá sé ag dul in aghaidh dúchais — tá sé ag dul in aghaidh muintire; ní hiad na tréathra is dual dó na tréathra atá ann; níl sé ar aon cháilíocht lena mhuintir roimhe
Ó ní fheicfidh tusa aon duine acu sin ag taobhachtáil ceoil ná damhsa. Ach dheamhan a fhios agam céard adéarfainn leis an gceann óg sin ann. Tá an-fhonn amach uirthi. B'fhéidir go ngabhfadh sí in aghaidh dúchais
TUILLEADH (6) ▼
Tá chuile dhuine go tóin acu mar sin cé is moite de P. Tá sé sin ag dul in aghaidh dúchais
Cébí cé uaidh a dtug sé é muis, tá sé gnaíúil, ní hé sin don chuid eile é. Téann éan as chuile ál in aghaidh dúchais.
Diabhal suim ar bith ag J. in airgead. Chaithfeadh sé airgead na hairí agus bíodh sé aige. Chuaigh sé in aghaidh dúchais ceart muis. Ach bíonn coilíneach ar chuile thréad adeir siad
Níor dhual di muis a bheith mar sin. Chaithfeadh sé go bhfuil sí ag dul in aghaidh dúchais. Ní raibh duine ar an bhfeadhain acu sin nach raibh drochmhúinte anglánta
Bheadh sé ag dul in aghaidh dúchais mura ndéanadh sé é sin. Chonaic mise a athair thíos sa teach cheana. Bhí duine den chlann sin anois ina ghasúr bheag ag tónachán ar an urlár. Tháinig P. F. isteach. Thug sé píosa sé pínne don ghasúr. Bhí an-phráinn ag an ngasúr as. Chreidim go raibh práinn chomh mór ag an athair as, nó b'fhada leis go raibh muid ag imeacht nó caoi eicínt. Sciobann sé an sé pínne ón ngasúr ar chuma ar bith. Bhí na hollghártha ag an ngasúr ag iarraidh an airgid
A Dhia dhá tharrtháil muis! Cuir eanga sa ngabháil, má bhí duine de mhuintir Fhínneadha óltach. Ab é an smutachán beag sin? Is fear é muis a chuaigh in aghaidh dúchais. Níor chaith aon duine acu ariamh bonn le ól cheana
+
Bíodh a fhios agatsa gur paiteanta a bhíos an Ghaeilge go minic ag cuid den dream seo a fhoghlaimíos í, ná ag an té a bhfuil sé i ndán is i ndúchas dó í a bheith aige — an té ar dual dó í; an té a mbíonn sí aige ó bhroinn. Cuirtear i ndán is i ndúchas le chéile mar seo go minic
Tá sé i ndán is i ndúchas d'fhear Chonamara i gcónaí achrann a tharraingt áit ar bith dhá mbeidh sé
TUILLEADH (4) ▼
Slóchtaí é. Tá an cheird sin i ndán is i ndúchas dó. Ar an róstadh agus ar an scóladh sin a tógadh an scéiméara sin
Tá chuile dhuine acu sin cuidiúil. Bhí sé i ndán is i ndúchas dóibh a bheith amhlaidh. Dheamhan duine is bunáití ná a n-athair le fáil
Tá sé an-doriartha agus má tá féin, sin é an rud a bhí i ndán is i ndúchas dó. A athair fhéin an fhad is a mhair sé, bhíodh peelers tarraingthe ar an oileán aige chuile lá san aer
Tá sé i ndán is i ndúchas do mhuintir an háite seo a bheith oilte ar an bhfarraige. Nach ar an bhfarraige atá a ngreim? Deile riu
·
Gaol dáimhe na dúchais (fc. dáimh)
2.
gealta gadhair (hydrophobia).
a.
+
Tá an madadh sin amuigh le dúchas — galra a bhuaileadh madraí roimhe seo. Théidís i ngealta. Ar uair uaibhrigh sa samhradh is mó a bhuaileadh sé iad. Bhéarfadh sé ar rud ar bith. Rud ar bith a mbéarfadh sé air, bhí sé fhéin le dúchas agus ba in é a raibh de léas aige
Ní fhaca tú madadh le dúchas ariamh. Well ní fearr duit a fheiceáilt. D'fheicfeá go minic fadó iad. Bhí madadh againn anseo uair: madadh mór gliobach rua. Chonaic mé féin thuas ar an teallach lá é agus é ag líochán a chuid uisce féin. Bhuail mé cnap air. Ba mhínádúrtha an rud é. Ba ghearr go raibh a chuid súile chomh glórach lena bhfaca tú ariamh, agus claonfhéachaint i gceann acu. Faoi cheann cupla lá, bhí sé ag creathadh ar fad, agus banlámh dhá theanga amuigh agus gan mothú ná arann ina ghiall déarfá. Dheamhan easna dhó nach n-éiríodh ar a chosa deiridh agus thugadh sé farra san aer. Bhí tart céatach air, agus sian chráite aige, agus é ag cur chúir amach. Dhá bhfeictheá na creaití a bhí air. Agus bhíodh sé caite anuas ina phleibistín chuile phointe. Cailleadh é théis cúig nó sé de laethantaí. Dúchas a bhí air. Is fada go mbeifí dhá bhuachailleacht anois. Chaithfí é
TUILLEADH (5) ▼
M'anam dhá mbeadh dúchas air, go mbeadh sé thar a bheith i fits. Níl dochar ar bith sna fits sin. Ach ní fhaigheadh an madadh dúchais biseach ar bith go maraítí é. An té a mbéarfadh sé air, bhí sé le dúchas chomh maith leis an madadh. Dhá bhféadthá an madadh a mharú, é a bhruith, agus an sú a thabhairt le n-ól don té a mbéarfadh sé air, leigheasfadh sé é. Dhá mbeireadh madadh ort fadó, nó dhá bhfuileodh sé chor ar bith ort, bhainfí ribe as an madadh agus leagfaí leis an ngearradh é
Ribe nó liobar foilt as rioball an mhadaidh a leigheasfadh an dúchas
Dúchas go sábhála Dia sinn! Má tá sé le dúchas, tá sé réidh. Is fada théis an madadh fuiliú ar dhuine go séideann an dúchas. B'fhéidir go mbeadh sé sé seachtainí nó ráithe nó tuilleadh. Isteach faoi do dhealrachán ansin slán an tsamhail, a bhuailfeadh an phian thú, nó isteach in do gheolbhach. Thiocfadh scéin in do shúile, agus thosófá ag cur chúir amach. Ó is gearr a mhairfeadh duine leis. Trí lá nó cheithre lá ar a fhad. Bheadh daol ort chuile phointe agus meirfean ina dhiaidh. Ribe fíonnaigh as an madadh dúchais féin an t-aon leigheas a bhí air. Deir siad nach mór do chuile shórt leigheas dhá chuid féin
Tá an madadh imithe le dúchas
D'éireodh dhó. Seo í a aimsir. An tráth seo bhliain i gcónaí a théas na madraí le dúchas: aimsir mharbhánta uaibhreach. Uair thoirní mar seo
b.
+
Tá sé seo amuigh ina mhadadh dúchais — le buile, i ngealta, oibrithe
Ba gheall le madadh dúchais é ag imeacht ag tóraíocht Mh. go maraíodh sé agus go n-itheadh sé é
TUILLEADH (4) ▼
Bíonn sé sin ina mhadadh dúchais ag imeacht chomh luath agus a bhlaiseas sé d'aon deoir phoitín. B'éigean a chur soir cheana (go dtí an gealtlann i mBéal Átha na Sluaighe)
Bíonn sé ina mhadadh dúchais i ndiaidh mná soir anseo ar na bóithrí chuile oíche
Tá sé chomh dona le madadh dúchais — duine, capall nó rud ar bith imithe i bhfiántas ceart
Tá an mac sin thiar aige ina mhadadh dúchais tá sé chomh fiáin sin
+
Téann beithígh le dúchas freisin. D'fheicfeá rud an-chosúil leis ar na capaill fós
Má chloiseann sé é sin gabhfaidh sé le dúchas. Mo choinsias íosfaidh sé beo beithíoch é
TUILLEADH (7) ▼
Chreidim go raibh T. Sh. le dúchas aríst oíche an aonaigh. Bhí sé anuas anseo ar fud an bhaile ina stocaí. P. B. a bhí sé a thóraíocht. Dhá bhfaigheadh sé greim air ba thrua dhó!
Tá dúchas nó diabhal eicínt air ar an aimsir seo. Diabhal baol ar bith nach bhfuil, agus chomh fiáin agus atá sé ag imeacht. An bhfaca tú an choinneal atá ina dhá shúil? Níl sé ag déanamh cónaí ar bith ach oiread
Tháinig cúr lena bhéal, agus dhá bhfeictheá chomh glórach agus a bhí na súile aige. 'Tá sé seo ag dul le dúchas,' adeir J. Sh. Mh. An bhfuil maistín ar bith is mó ná é
Bhí sé i mbéal an tseoil romhainn, agus a sheaicéad buailte faoin mbóthar aige, ag iarraidh fear ar bith dhá raibh ann amach ar fair play. 'Cén chaoi a bhfuil an ghealach,' adeir B. Sh. Th. 'Diabhal mé gur shíl mé nach eo(d) é an t-am de bhliain a dtéadh na madraí le dúchas chor ar bith'
Ó heitíodh é faoin mbean sin, níl samhail ar bith aige ag imeacht ach madadh dúchais. Is beag obstaireacht a gheobhas sé anois, nuair a éireos an ceann air. Tá sé leathéirithe go leor mar atá sé
Bhí an sagart ag dul le dúchas ar an altóir inniu, faoi chaint eicínt a caitheadh faoi fhéin agus a hinsíodh dó aríst. Ní fhaca mé chomh bainte amach ariamh é agus a bhí sé inniu
Diabhal mé go ngabhfaidh na Sasanaigh salacha sin le dúchas mura bhfaighe siad corp Hitler. Ní shásódh tada iad ach a thabhairt go Londain agus a chrochadh suas go mbeidís ag breathnú air, mar a rinneadh le corp Mussolini.

Féach freisin

dán

dúchas in iontrálacha eile (13)

+
dáimh
Níl gaol dáimhe na dúchais ann — níl gaol ná páirt ann; níl cosúlacht ar bith acu le chéile
TUILLEADH (5) ▼
Níl gaol dáimhe ná dúchais ann. Is beag an baol. Cá mbeadh sé?
Ní cheapfadh aon duine beo go mbeadh gaol dáimhe ná dúchais ag an mbeirt le chéile. Tá P. lách spridiúil, ach maidir leis an gceann eile, is creagaire críochnaithe é
Go deimhin níl gaol dáimhe ná dúchais ag J. le duine ar bith eile dhá bhfuil istigh ar an mbaile sin. Amhais de speireadóirí uilig iad ach é féin. Níor rugadh aon duine ariamh ar an mbaile sin nach mbeadh anam duine air — cosúlacht
Níl gaol dáimhe ná dúchais ag an dá rud le chéile. Is féidir fear a chur amach as lóistín nó as seomra thíos i nGaillimh dhá mbeadh a chíos íoctha aige faoi chéad. Níl i lucht seomraí mar sin ach pailitéaraí. Ach má tá fear pósta agus clann air amuigh faoin tír, is deacair é a chur amach. Níl mé ag rá nach féidir é a chur amach, ach is deacair leis an Land Commission é a dhéanamh ina dhiaidh sin
Níl aon mhaith dhuit a bheith ag caint mar sin. Níl gaol dáimhe ná dúchais ag an rud sin leis an scéal ar ball. Scéal ann féin é sin. Níl an government ná dream ar bith eile in ann tada a dhéanamh faoi sin, nó go ndéana na daoine fhéin é
 
deil 2
Duine an-deaslámhach é le clár a dheil nó rud mar sin a dhéanamh ach é a bheith ar a mhian ceart agus dalladh tobac a bheith aige. Ach má bhíonn uireasa an tobac air, fan uaidh. Is fear le dúchas an uair sin é
 
An madadh faoi dheireadh a bhí agam, d'imigh sé le dúchas nó diabhal eicínt, agus níor facthas ariamh é. An ceann roimhe sin mharaigh mótar é. Níl na madraí ag éirí liom
 
Tabhair chuile shórt dó ach ná hiarr tada air. Ní bhfaigheadh Dia shúlach aon cheo uaidh féin. Daoithiúlacht den tsórt sin a bhain dó féin agus dá mhuintir roimhe. Ba a dhul in aghaidh dúchais dóibh é dá scaraidís le tada, ach chuile rud a bheith craptha isteach acu féin (chucu)
 
drann
Dhá bhfeiceadh duine madadh ag drannadh fadó rithfeadh sé sna feire glinnteachaí uaidh, faitíos gur dúchas a bheadh air. Ba deargchontúirt iad an uair sin ar chaoi ar bith agus daoine ag dul thart ag iarraidh glinniúchaí a bhaint as rible (drible, driobaill) na madraí a rug orthu
 
dream
Daoine fiúntacha a bhí i chuile dhuine dhá dhream, agus ba deacair dhó féin a bheith ar a mhalrait mura dtéadh sé in aghaidh dúchais
 
Níl drochmhúineadh ná oilbhéas ann agus go deimhin sin é atá i ndán is i ndúchas aige freisin. Níor tháinig drisín ná dreancán ar a chine ariamh
 
dual 1
Ní tada eile is dual dó ach an tútaíl. Mura mbeadh sé mar sin, bheadh sé ag dul in aghaidh dúchais.