Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúd
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: an dúid
uimhir iolra: dúdaí
1.
duine a bheadh sách cliste, agus gan mórán dhá chosúlacht air; amadán iarainn; súmaí; (dud?).
+
Sin é fhéin an dúd! Shílfeá nach mbeadh sé ag éisteacht chor ar bith leat, ach is beag a imeos i ngan fhios dó sin deirimse leat
Níl néal ar bith ar an dúd sin. Nach cóir a bhraith sé go bhfaigheadh sé garbh é dhá dtéadh sé isteach!
TUILLEADH (4) ▼
Dúd é ceart. Shílfeá le breathnú air nach bhfuil ann ach pleib, ach sin é an áit a mbeifeá ag dul amú. Tá sé sách meabhrach ina bhealach fhéin. Níl gus ar bith ann déarfá, ach is ann atá an gus mo léan! Féach leis é go bhfeice tú. Dúd ceart é!
Shílfeá nach mbeadh sé in ann aon cheo dhár dhealbh an ghrian a thógáil, ach dar fia ní raibh neach an aoin ag dul go dtí an áit sin thoir a chinnfeadh air ag tógáil rud ar bith. Dúirt an máistir fhéin sin. Dúd é, a dheartháir ó. Dúd!
Is diabhlaí atá sí féin agus a cosúlacht in aghaidh a chéile. Ní cheapfadh duine go deo dhi go bhfuil focal foghlama ina pluic, ach is dúd í ina dhiaidh sin. Tá neart scoláireachta uirthi
D'fheicfeá ag imeacht ina leathphleota mar sin é, ach níor mhaith dhuit caismirt a chur air ina dhiaidh sin. Chabálfadh sé thú ar an bpointe. Deirimse leat go bhfuil meabhair mhór ann. Dúd é théis nach gceapfá sin
2.
clab, béal, cáir, straois, drad.
+
Bhí sé seo thíos líofa a dhul ag cur an fhás fuinseoige ina dhúd faoi nach dtógfadh sé an beathach. Diabhal ceo den cheart nach mbeadh aige leis freisin. Breá ar shalaigh sé í, mura raibh rún aige a coinneáil
Ní fhágfaidh tú seo go gcuirfidh mé an tlú siar in do dhúd shalach. Níor tháinig iamh ort i gcaitheamh na hoíche ansin ach ag saighdeadh na ngasúir sin, agus ag cothú achrainn
TUILLEADH (4) ▼
Tabharfaidh mé isteach ar an dúd duit é mura lige tú de do chuid gráiscínteachta, a stramhacháin bhradaigh
Séard atá agat a dhéanamh leis an ceaintín sin in do láimh, a chur ina dhúd. B'fhéidir go ndúnfadh sin é
Scread mhaidne ar do dhúd mór, mura tú atá goineach. Is gearr ó cheana ó fuair tú rud le n-ithe. D'íosfá an mhálóid, d'íosfá sin
Caith rud eicínt ina dhúd sin a dhúnfas é, agus ná bíodh na daoine reicthe aige ag sclamhaireacht níos faide. Diabhal aithne air ar ith sé aon ghreim le seachtain. Dhá mbeadh aon duine istigh, náireodh sé muid críochnaithe

Féach freisin