Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dúd
Ainm-fhocal; fireann
geineamhnach uathaidh: an dúid.
uimhir iolraidh = dúdaí
1.
duine a bheadh sách cliste, agus gan mórán dhá chosamhlacht air; amadán iarainn; súmaí. (dud(?)).
+
Sin é fhéin an dúd! Shílfeá nach mbeadh sé ag éisteacht chor ar bith leat, ach is beag a imeochas ingan fhios dó sin deirimse leat
Níl néal ar bith ar an dúd sin. Nach cóir a bhrath sé go bhfuigheadh sé garbh é dhá dteigheadh sé isteach!
TUILLEADH (4) ▼
Dúd é ceart. Shílfeá le breathnú air, nach bhfuil ann ach pleib, ach sin é an áit a mbeitheá ag dul amú. Tá sé sách meabhrach in a bhealach fhéin. Níl gus ar bith ann déarfá, ach is ann atá an gus mo léan! Féach leis é go bhfeicidh tú. Dúd ceart é!
Shílfeá nach mbeadh sé indon aon-cheo dhár dhealbh an ghrian a thógáil, ach dar fiadh ní raibh neach an aoin ag dul go dtí an áit sin thoir a chinnfeadh air ag tógáil rud ar bith. Dubhairt an máistir fhéin sin. Dúd é a dhearbhráthair ó. Dúd!
Is diabhlaí atá sí féin agus a cosamhlacht in aghaidh a chéile. Ní cheapfadh duine go deó dhi go bhfuil focal foghluim' in a pluic, ach is dúd í in a dheidh sin. Tá neart scoláireacht' uirre
D'fheicfeá ag imeacht in a leath-phleóta mar sin é, ach níor mhaith dhuit caismirt a chur air in a dheidh sin. Chabálfadh sé thú ar an bpuinte. Deirimse leat go bhfuil meabhair mhór ann. Dúd é th'éis nach gceapfá sin
2.
clab, béal, cáir, straois, drad.
+
Bhí sé seo thíos líomhtha a dhul ag cur an fhás fuinseoige in a dhúd, faoi nach dtóigfeadh sé an beitheach. Diabhal ceo de'n cheart nach mbeadh aige leis freisin. Breagh ar shaluigh sé í, mara raibh rún aige a coinneál
Ní fhágfaidh tú seo go gcuirfidh mé an tlú siar in do dhúd shalach. Níor tháinic iabh ort igcaitheamh na h-oíche annsin ach ag saghdadh na ngasúir sin, agus ag cothú achrainn
TUILLEADH (4) ▼
Tiubharfaidh mé isteach ar an dúd duit é, mara leigidh tú de do chuid gráiscínteacht' a stramhacháin bhradaigh
'Séard atá agad a dhéanamh leis an cantín sin in do láimh a chur in a dhúd. B'fhéidir go ndúnfeadh sin é
Scread mhaidne ar do dhúd mór mara tú atá goineach. Is gearr ó cheana ó a fuair tú rud le n-ithe. D'íosfá an bhálóid, d'íosfá sin
Caith rud eicínt in a dhúd sin a dhúinfeas é, agus ná bíodh na daoine reicthe aige ag sclamhaireacht níos fuide. Diabhal aithne air ar ith sé aon-ghreim le seachtain. Dhá mbeadh aonduine istigh náireochadh sé muid críochnuighthe

Féach freisin

Dúd in iontrálacha eile (2)

+
Dhá gcasadh sean-dúd aniar as tóin thiar Chonamara ort a mbeadh giúirinneachaí air, 'sé a thiubharfadh 'chuile údar duit faoi sin. Maidir linne, níl muid taithighthe ar an bhfarraige chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Sean-dúd d'fhear é a bhfuil údair mhóra aige, th'éis an streilleachas a d'fheicfeá air. Ach ní mar shíltear a bhítear, arsa tusa