Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúdóg
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: na dúdóige
uimhir iolra: dúdógaí
buille a bhuailfeá le taobh na méarachaí de do dhorna ar an gceann ar dhuine; buille; iarraidh; fadhb; cnap.
+
Tabhair dúdóg dhó
Bhuail sé dúdóg de chúlbhadar orm mar sin isteach ar an gcluais agus deirimse leat gurb é a chuir an glugar inti
TUILLEADH (4) ▼
Má thugaim dúdóg duit, cuirfidh mé luí fia ort. Ní bheidh sé tada níos saoire agat
Bhuail sé cupla dúdóg ar an sramacháinín is mac sin ag C. Mh., agus ar ndóigh ba ghearr le dhul air é
Tharraing sé dúdóg orm, ach níor fhan mise féin léithe. Is fhearr rith maith ná drochsheasamh
Nach é atá cóir faoina chuid dúdógaí. Dhá leathnaítí cupla snaidhm maith d'fhás fuinseoige ar chnáimh an ghéill aige, b'fhéidir dhó ligean faoi. Sin é an rud a shuaimhneodh é mo choinsias