Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dúdóg
Ainm-fhocal, buineann
geineamhnach uathaidh: na dúdóige.
uimhir iolraidh: dúdógaí.
buille a bhuailfeá le taobh na méarachaí de do dhorna ar an gceann ar dhuine; buille; iarraidh; fadhb; cnap.
+
Tabhair dúdóg dhó.
Bhuail sé dúdóg de chúl-bhadar orm mar sin isteach ar an gcluais agus deirimse leat gurb é a chuir an glugar innte
TUILLEADH (4) ▼
Má thugaim dúdóg duit, cuirfidh mé luighe fiaidh ort. Ní bheidh sé tada níos saoire agad
Bhuail sé cupla dúdóg ar an sramacháinín is mac sin ag C. Mh., agus 'ar ndú' ba ghearr le dhul air é
Tharraing sé dúdóg orm, ach níor fhan mise féin léithe. Is fhearr rith maith ná droch-sheasamh
Nach hé atá cóir faoina chuid dúdógaí. Dhá leathnuighthí cupla snaidhm maith d'fhás fuinseoige ar chnáimh an ghéill aige, b'fhéidir dhó leigean faoi. Sin é an rud a shuaímneochadh é mo choinsias