Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dia shúlach (díshúlach?)
ainmfhocal
níl a fhios agam céard is inscne ná is iolra dó, arae ní baintear aon leas as ach sa t-aon leagan amháin
fuaim: dia-shúl-ach. Tá comhbhéim, nó ionann is é, ar an dá shiolla tosaigh
duine ar bith; ginealach an bhéil bheo; mac na sceiche; mac an aoin bheo; gein.
+
Ní thabharfadh sé deoir do Dhia shúlach ná dheamhan deoir — ní thabharfadh sé striog uaidh d'aon duine faoin saol; níl sé cóir ná flaithiúil faoina chuid óil; is deargphéisteánach é faoina chuid óil
Bhí tusa ag tnúthán le ól uaidh sin. Fuair tú amach é muis: fear nár thug deoir do Dhia shúlach ariamh
TUILLEADH (5) ▼
Bhí ól faoi is thairis, agus má bhí féin bhí sé in ann caitheamh a chur ann. Ní chónaíodh sé ó mhaidin go faoithin ach ag ól, ach Dia shúlach ní bhfaigheadh an striog uaidh. Diabhal é muis. Ba ghearr ar a mhéadail féin é
Cuirfidh sé seo soir anois pórtar ar an smaois ag Jóín ó chuaigh sé ar chomaoin a chaitheamh chor ar bith leis … Go bhfóire Dia ar do cheann a mhic ó. Deirimse comaoin leat. Tá tusa ag ceapadh go bhfuil sé ag tabhairt Jóín soir go dtí teach an ósta. Tá muis. Soir leat anois ag an tsáil acu go bhfeice tú an dtabharfaidh, agus cuirfidh mé mo rogha geall leat go siúlfaidh sé féin isteach i dteach an ósta agus go dtabharfaidh sé cead an bhealaigh do Jóín, mura dté sé isteach agus a chuid féin a sheasamh. Bíodh a fhios agat anois go seasfadh sé istigh ar an dradaireacht sin leis in aghaidh an chuntair, gan fiafraí dó (de) an raibh béal air. Sin é an cineál tútacháin é féin. Ní bhfaigheadh Dia shúlach an deoir uaidh
Shlíocfadh sé sin anois thú, agus chothódh sé an tsáil agat i gcaitheamh an lae ar fad, ag súil go gcaithfeá pionta aige, ach dheamhan Dia shúlach a gheobhadh aon phionta uaidh féin. Is mór atá ar a cheird bíodh a fhios agat. Ach níl a fhios; ná ní bheidh a fhios go deo go gcaithfidh tú seal ag obair timpeall tí ósta mar a bhí mise
Bhí P. Mhac C. a bhí anseo thiar agus níor shiúil aon fhear talamh ná féar ba tuataí ná é le castáil dó as baile. Ní thabharfadh sé pionta pórtair do Dhia shúlach. Ach ní raibh aon fhear le fáil ba ghnaíúla ná é ag baile. An té a thiocfadh isteach aige, ní thabharfadh sé cead focal ná smid dó go gcuirfeadh sé gloine fuisce air, agus ní stopfadh sé ach ar an gceird sin go maidin. Dhá dtiteadh an t-ól ar dhuine, choinneodh sé go maidin é, nó thiocfadh sé féin dá thíolacan abhaile go bhfágadh sé istigh ar leic an teallaigh é. Is deacair a rá nach ba (nár) fear gnaíúil ina dhiaidh sin é. (Nach ba: nacharbh. Déanann nár — nachar i gcaint an cheantair seo go hiondúil)
An bhfeiceann tú T. Níor thug sé pionta pórtair ná gloine fuisce do Dhia shúlach ariamh. Dhá gcastaí leat é i ngaireacht ar bith do theach ósta, d'iontódh sé a chúl leat nó bhreathnódh sé i dtaobh eicínt eile. Dar mo choinsias, is minic a chonaic mé dhá dhéanamh é. Ach ní raibh aon fhear sna seacht bpobail is mó a ghníodh bruithshléacht ná é nuair a bhíodh bainis ná rud ar bith aige féin. Phós sé ceathar iníon in imeacht ceathar nó cúig de bhlianta, agus rinne sé an flaisc céanna leis an mbainis deiridh a rinne sé leis an gcéad bhainis. Ní raibh aon fhear sa teach nach raibh dallta ar meisce
+
Tabhair chuile shórt dó ach ná hiarr tada air. Ní bhfaigheadh Dia shúlach aon cheo uaidh féin. Daoithiúlacht den tsórt sin a bhain dó féin agus dá mhuintir roimhe. Ba a dhul in aghaidh dúchais dóibh é dá scaraidís le tada, ach chuile rud a bheith craptha isteach acu féin (chucu)
Mise ag tnúthán go dtabharfadh sé ceann de na faoitíní dhom ó casadh mé in éindí leis sa gcurach. Ní ghiorródh sé mórán é ceainnín gágach a chaitheamh agam agus dhá strapa againn. Cén bhrí ach mise is mó a mharaigh iad. Dá mbeadh sé taobh lena chuid féin, ba mhaith feidheartha a bheadh sé ag teacht abhaile. Ach dheamhan a shúil a thairg sé dhom ná caint air. Ní thabharfadh sé siúd faoitín do Dhia shúlach. Is gearr le dhul ar a chraos féin iad
TUILLEADH (2) ▼
Tá an chlann thíos sa talamh aige le obair, agus théis a bhfuil siad a shaothrú dó ina dhiaidh sin, dheamhan pínn airgead póca a thabharfadh sé dóibh; ach iad ag súmaireacht timpeall doirse chéilí chuile oíche Dhomhnaigh d'uireaspa an oiread is a d'íocfadh isteach iad. Tá airgead ina chocaí beaga aige siúd, ach cianóg ní thabharfadh sé do Dhia shúlach. Cuirfidh mise mo rogha geall, má fhaigheann an chlann choíchin aon ligean ar an saibhreas siúd go dtabharfaidh siad fuadach dó
Diabhal Dia shúlach — ní áirím thusa — a gheobhadh ceann de na fags sin uaidh. 'Sé an díthreabhach is gortaí é fúthu a chonaic mé ariamh