Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dia umhlach (dith-shúlach?)
ainm-fhocal.
Níl a fhios agam céard is inscin ná is iolraidh dó, arae ní baintear aon-leas as ach ins an t-aon-leagan amháin.
Fuaim — dia-shúl-ach. Tá comh-bhéim nó ionann agus é ar an dá shiolla tosuigh
duine ar bith; geinealach an bhéil bheo; mac na sceiche; mac an aoin bheo; gein.
+
Ní thiubharfadh sé deoir do dhiaumhlach ná dheamhan deoir = ní thiubharfadh sé striug uaidh d'aonduine faoi'n saoghal; níl sé cóir ná flaitheamhail faoin a chuid óil; is dearg-phéisteánach é faoin a chuid óil
Bhí tusa ag tnuthán le ól uaidh sin. Fuair tú amach é muis: fear nar thug deoir do dhiaumhlach ariamh
TUILLEADH (5) ▼
Bhí ól faoi agus thairis, agus má bhí féin bhí sé indon caitheamh a chur ann. Ní chomhnuigheadh sé ó mhaidin go faoithin ach ag ól ach diaumhlach ní bhfuigheadh an striug uaidh. Diabhal é muis. Ba ghearr ar a mhéadail féin é
Cuirfidh sé seo soir anois "pórtar" ar an smaois ag Jóín ó chuaidh sé ar chumaoin a chaitheamh chor ar bith leis … Go bhfoiridh Dia ar do cheann a mhic ó. Deirimse cumaoin leat. Tá tusa ag ceapadh go bhfuil sé ag tabhairt Jóín soir go dtí teach an ósta. Tá muis. Soir leat anois ag an tsáil aca go bhfeicidh tú a' dtiubharfaidh agus cuirfidh mé mo rogha geall leat go siubhailfidh sé féin isteach idteach an ósta agus go dtiubharfaidh sé cead an bhealaigh do Jóín, mara dteighidh sé isteach agus a chuid féin a sheasamh. Bíodh a fhios agad anois go seasfadh sé istigh ar an dradaireacht sin leis in aghaidh an chúnntair, gan fiafruighe dó (de) a raibh béal air. Sin é an cineál tuatacháin é féin. Ní bhfuigheadh diaúmhlach an deoir uaidh
Shlíocfadh sé sin anois thú, agus chothóchadh sé an tsáil agad i gcaitheamh an lae ar fad, ag súil go gcaithfeá pionnta aige, ach dheamhan diaúmhlach a gheobhfadh aon-phionnta uaidh féin. Is mór atá ar a cheird bíodh a fhios agad. Ach níl a fhios; ná ní bheidh a fhios go deo go gcaithfidh tú seal ag obair timcheall tighe ósta mar a bhí mise
Bhí P. Mhac C. a bhí annseo thiar agus níor shiubhail aon-fhear talamh ná féar ba tuataighe ná é le castáil dó as baile. Ní thiubharfadh sé pionta pórtair do dhiaumhlach. Ach ní raibh aon-fhear le fáil ba ghnaoidheamhla ná é ag baile. An té a thiocfadh isteach aige, ní thiubharfadh sé cead focal ná smid dó go gcuirfeadh sé gloine fuisce air, agus ní stopfadh sé ach ar an gceird sin go maidin. Dhá dtuiteadh an t-ól ar dhuine, choinneochadh sé go maidin é, nó thiocfadh sé féin dá thiodhlacan abhaile go bhfágadh sé istigh ar leic an teallaigh é. Is deacair a rádh nach ba (nar) fear gnaoidheamhail in a dheidh sin é. (Nach ba: nacharbh. Déanann nar — nachar i gcaint an cheanntair seo go h-iondamhail)
An bhfeiceann tú T. Níor thug sé pionta pórtair ná gloine fuisce do dhiaumhlach ariamh. Dhá gcastaí leat é i ngoireacht ar bith do theach ósta d'ionntóchadh sé a chúl leat nó bhreathnóchadh sé i dtaobh eicínt eile. Dar mo choinsias is minic a chonnaic mé dhá dhéanamh é. Ach ní raibh aon-fhear ins na seacht bpobail is mó a ghníodh bruighshléacht ná é an uair a bhíodh bainis ná rud ar bith aige féin. Phós sé ceathar inghean in imeacht ceathar nó cúig de bhlianta agus rinne sé an flaisc céadna leis an mbainis deire a rinne sé leis an gcéad bhainis. Ní raibh aon-fhear ins an teach nach raibh dállta ar meisce
+
Tabhair 'chuile shórt dó ach ná h-iarr tada air. Ní bhfuigheadh diaumhlach aon-cheo uaidh féin. Daoitheamhlacht de'n tsórt sin a bhain dó féin agus dá mhuintir roimhe. Ba a dhul in aghaidh dúthchais dóibh é, dá scaraidís le tada, ach 'chuile rud a bheith craptha isteach aca féin (chuca)
Mise ag tnuthán go dtiubharfadh sé ceann de na faidhtíní dhom ó casadh mé in éindigh leis ins an gcurrach. Ní ghiorróchadh sé mórán é ceainnín gágach a chaitheamh agam agus dhá stropadh againn. Cé'n bhrigh ach mise is mó a mharbhuigh iad. Dá mbeadh sé taobh len a chuid féin ba mhaith feidheartha a bheadh sé ag teacht abhaile. Ach dheamhan a shúil a thairg sé dhom ná caint air. Ní thiubharfadh sé siúd faidhtín do dhiaumhlach. Is gearr le dhul ar a chraos féin iad.
TUILLEADH (2) ▼
Tá an chlann thíos ins an talamh aige le obair, agus th'éis a bhfuil siad a shaothrú dó in a dheidh sin, dheamhan pighinn airgead póca a thiubharfadh sé dóibh; ach iad ag súmaireacht tímcheall doirse chéilidhe 'chuile oíche Dhomhnaigh d'uireasbaidh an oiread agus a d'íocfadh isteach iad. Tá airgead in a chocaí beaga aige súid, ach cianóg ní thiubharfadh sé do dhiaúmhlach. Cuirfidh mise mo rogha geall má fhaghann an chlann choidhchin aon-leigean ar an saidhbhreas siúd go dtiubharfaidh siad fuadach dó
Diabhal diaúmhlach — ní áirmhighim thusa — a gheobhfadh ceann de na fags sin uaidh. 'Sé an dithreabhach is gortaighe é fútha a chonnaic mé ariamh