Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díbir
briathar
díbirt, díbrím, srl.
 ruaigeadh, a chur ag imeacht, a shaighdeadh chun bealaigh, a chur gan bhuíochas as áit, a dhíshealbhú, a chaitheamh amach.
+
Dhíbir an t-athair é féin agus an bhean — chuir sé amach as an teach iad
Díbríodh ón mbaile é
TUILLEADH (19) ▼
Díbreoidh an sagart duine ar bith a bheas ar meisce, ón gcéilí
Tá an tseanbhean seo thiar díbrithe aríst ag bean an mhic — ruaigthe as an teach
Dhíbir sé dá chuid talúna lucht an bháire
Is deacair an slaghdán céanna a dhíbirt ó ghabhfas sé in do chrioslaigh aon uair amháin
Bhí mé ag ól fuisce ag ceapadh go gcoinneoinn an fliú díbrithe, ach mo chreach mhaidne ghéar, bhí sé fánach agam
Níl an poitín díbrithe as an tír fós agus an téagar seo féin a bheith le fáil
Dhíbir an madadh na caoirigh siar amach
Mura bhféada mise a ndíbirt anois le dea-chaint is libh go maidin iad
Shílfeá go bhfuil an tae do do dhíbirt. Ar ndóigh, bail ó Dhia ort, ní nuaíocht ar bith agatsa tae, ní hé a fhearacht sin ag daoine eile é. Lig do scíth go fóilleach. Beidh tú sách luath sa mbaile
Dhíbir sé an cailín aríst
Tá an sagart ag díbirt daoine den bhóthar chuile oíche
Céard a dhíbir an t-iasc den chuan. Smál eicínt is dóigh
Tá na daoine díbrithe aige de na bóithre le faitíos roimh a mhótar
Dhíbir sé soir thar teorainn na caoirigh
Dhíbir an t-athair as amach é — as seilbh an tí agus na talúna
Ní chónóidh siad go ndíbrí siad as amach é — siopadóir nua ag tosaí ag díolachán in áit, agus na siopadóirí eile ina aghaidh
Díbir romhat siar an t-asal sin pé ar bith cáid atá tú ag dul
Dhíbir sé abhaile í théis cupla lá ach dheamhan leath an chirt a rinne sé léithe, dheamhan é sineacht (sin)
"Sagart de na Ruaircigh mé, a d'imigh sna caoirigh strae; Tháinig an ghaoth aduaidh orm, agus díbríodh ó mo mhuintir mé" (Dhá líne as amhrán nach feasach dom cén t-ainm atá air)
+
Déanfaidh sé siúd díbirt ach a dté sé suas. Ní fhágfaidh sé duine faoi chaolachaí an tí
Rinneadh díbirt as an áit sin. Deir siad nár fágadh Críostaí an bhéil bheo ar an dúiche sin nár díbríodh
TUILLEADH (2) ▼
Shílfeá go raibh na póilíos ag brath ar díbirt a dhéanamh théis an aonaigh. Bhí an-sceaimhínteacht achrainn anonn is anall ann
Rinne sé díbirt aríst inniu ar lucht na himeartha. Dheamhan blas den cheart nach bhfuil aige leo. Níl áit ar bith dhá sásamh ach i lár an bhealaigh
+
Cuirfidh mé díbirt ar a bhfuil agaibh ann má chloisim druid eile uaibh. Breá nach mbeadh sibh ar an gceird seo sa mbaile agaibh féin. Ní bheadh, arae ní éistfí libh
Cuir díbirt ar na cearca sin siar amach agus ná déanaidís cis ar easair de na cupla súileog céadfhómhair sin théis ár n-anró.
TUILLEADH (5) ▼
Céard a chuir díbirt ar na fámairí agus ar na Gaeilgeoirí ach an droch-cháil sin a chuaigh amach den áit, tá cupla bliain ó shin. Dheamhan aithne ar dhochtúirí nach raibh chuile dhuine sa dá pharóiste ag dul ar na maidí de ghorta gharta
'Sé an sneachta seo anois a chuirfeas díbirt ar an bhfuacht agus ar an ngoimh atá san uair, ach níl aon mhaith ann mura gcuire sé scráib mhaith dhó (dhe)
Chuir an sagart díbirt orthu as an bparóiste ar fad. Má chuir féin, is aige a bhí an ceart. Níor dhream ar bith a bhí iontu i gceartlár daoine gnaíúil
Ba bheag an díbirt a d'iarr siad. Is ionann agus gur imigh siad dhá dtoil deona féin. Tá siad an-fhaiteach den tsaol
Chaith siad sin a saol ag cur díbirt agus fáin ar dhaoine bochta, agus tá na préacháin ag déanamh neadracha sna simléir acu féin anois. Más feall fillfear

díbir in iontrálacha eile (28)

 
dairt
Ní obair atá ar na bóithrí sin chor ar bith. Caitheamh dairteachaí atá inti i gcomórtas oibre. Chonaic mise fadó nuair a bhí muid ag obair thuas ar an s., dhá dtógthá do cheann chor ar bith, gheofá bóthar abhaile. Bhí siad dubhghéar. Chonaic mé meitheal ar fad — chomh maith le scór fear — dhá mbriseadh in éineacht ann aon lá amháin faoi seasamh ag éisteacht le fear a bhí ag gabháil fhoinn. Ní raibh siad ala an chloig féin ina seasamh, nuair a díbríodh abhaile iad
 
déan 1
Mura mbeadh agat ach aon gháire amháin, chaithfeá a dhéanamh dhá bhfeictheá ag teacht amach é, agus é chomh maolchluasach le madadh a gcuirfí díbirt air
+
Cén fáth a dtabharfá a leithide sin de thabhairt ort féin a leithide de lá. Más dona anseo é, tá an bóthar amach díbeartha ar fad. Níl claí ná fál leis, ná foscadh ná dídean air, ach lorg cois na bó ar an gcnagaire
TUILLEADH (11) ▼
Dhá dheannachtaí dá dtiocfaidh an lá, bíonn foscadh eicínt ar na bóithrí seo, ach tá na bóithrí siar an-díbeartha críochnaithe. Ní bheadh a fhios agat dhá dtéiteá ar bhicycle san oíche ann nach amach i ndiaidh do mhullaigh i bhfeadán a chuirfí tú. Fuair mise mo dhóthain díobh
An bóthar L., bóthar an-díbeartha é. Tháinig oíche shneachta orm cheana idir M. agus an áit seo, agus shíl mé nach srianfainn anuas go deo é. Bhí an bóthar plúchta, agus gan a fhios agam cén nóiméad a gcaithfí ar mo bhéal agus ar m'fhiacla soir le fána sna lagphoill domhaine siúd mé. Is mise a bhí buíoch ach ar rug mé anuas ar na fálta ag tigh Ph. Ch.
Tá an áit siúd a bhfuil sé chomh rite, chomh díbeartha le tamhnóig i lár an tsléibhe. Ní fhaca mé aon áit go hiomaí is mó a fhuagraíos gála ná é. Bhí mé thuas ann oíche ar cuairt anuraidh, agus shílfeá go raibh an teach dhá thógáil dhá lúdracha leis an gcaoi a raibh an ceann ag sníomh agus ag gíoscán
Is díbeartha an áit a bhfuil sé ag cur a iníne: isteach ar an mbáinseoigín luachra sin idir dhá chíocra, agus nach síon dá séidfidh nach mbainfidh cleite aisti (fuadóidh sí an teach uirthi)
Ná bac le foscadh. Níl foscadh ansiúd ar ghaoith ar bith. Nach bhfuil sé i mbéal an ghairfin. Áit díbeartha críochnaithe é
Mo choinsias is dar m'anam, bainfidh an ghaotalach seo gíoscán as na creatlaigh aige inniu, ná ag fear ar bith eile atá ag déanamh an bhóthair sin. 'Sé leiceann ó thuaidh Ch. Bh. an geadán is díbeartha in Éirinn. Níl aon tsíon dhá séideann aníos ó mhullach an domhain nach n-aimsíonn é
Cladach díbeartha é. Tá sé ar aghaidh na riteachta ceart. Ba é do chlochneart seasamh ann lá geimhridh. D'fhuadódh an soinneán de do bhonnaíochaí thú. Dheamhan thairis sin de ghaisce sa samhradh féin é
Is dona na gnaithe a bheadh ort a dhul do do chailleadh féin suas an bealach díbeartha sin leithide an lae inniu. Dhá mbeadh an bóthar faoi do chois, níor chás duit é, ach ag coraíocht le réchosáin nach siúlfadh na gabhair. Ní leithne an t-aer ná an timpiste a mhic ó. Is fánach an chaoi a mbainfí leagan asat, agus thú a chur go dtí do dhá shúil i gcaochpholl. Tá do dhóthain breithe agat a dhul ansin. Is iomaí lá breá a thiocfas as seo go dtí Lá Bealtaine seo chugainn
Is doiligh díbeartha an t-aistir é ag aon Chríostaí beo inniu. Ach dheamhan a dhath drogaill aige siúd roimhe. Tá an chleachtadh mhór aige air. Chonaic mise é sin ag imeacht oícheantaí as seo le dhul abhaile, agus dheamhan a dtiocfá chomh fada le ceann an sconsa sin dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Ní bheadh aon mhaith é a bhacadh ina dhiaidh sin. Bhuailfeadh sé a dhá sheirín taobh thíos dhá dhá ghlúin, agus dá mba í an oíche í ar ith Ceile na bradáin, ghreadfadh leis abhaile
Is ridire caorach é, ach tá sé cinnte dubh is dubh air aon bhean a fháil ina dhiaidh sin. Níl aon tsaint ag bean ar bith a dhul amach ar thamhnóig chomh haistreánach, chomh díbeartha leis an áit siúd. Cén bhrí dhá mbeadh cupla teach ann, ach níl teach ná áras níos gaire dhó ná F., agus tá sin cheithre mhíle uaidh, má tá sé taobh leis. Cá'il an bhean a bhuailfeadh faoi áit den tsórt sin. Bhí an saol ann agus dhéanfadh, ach ní anois é
Tá an teach thiar ag gob na locha faoi aill. Tá lúbainn bheag isteach ann agus é le hais na lúbainne. Níl tada timpeall air ach eascaíochaí agus cíocraí agus scraith ghlugair, agus seiscealach ann a dtiocfá go hascallaí inti. Nuair a bhíos stolladh ar bith ann, diabhal mé go mbíonn an loch chomh coipthe agus a bhíos an fharraige sin thíos. Áit díbeartha ceart é, ach mhairfeá ina dhiaidh sin ann, dhá mbeadh fuílleach airgid agat
+
dóigh 1
An-dóigh ballach í Carraig Mh. ar an taoille seo. Nach bhfuil sé ag tuile isteach i mbéal na cuisle. Gabh síos agus caith cupla urchar uirthi, agus fan ann nó go ndíbrí an taoille tuile thú. Cuirfidh mé mo sheanhata leat go n-éireoidh ballach nó bromóg leat
TUILLEADH (1) ▼
Beannacht Dé dhuit! Bhí sé chomh maith ligean dó. Tá a chuid scoile sin ar iarraidh anois. Féachadh dóigh agus an-dóigh leis, ach b'aon mhaith amháin é. Buaileadh dual na droinne air, fuair sé éadach nua; bicycle, sweets, chuile mhíle rud. Ghabhadh sé ann lá nó dhó, ach ghlacadh sé an ghráin ansin uirthi aríst, agus do cheann fine ní chuirfeadh amach é. Bhí S. ag rá go ndíbreodh sé amach ar an móin i mbliana é agus go mb'fhéidir go múinfeadh sin é
 
Shílfeá go bhfuil drantán ceoil in áit eicínt siar anseo. Ní féidir gur ag dul ag damhsa ar an mbóthar a bheidís aríst, théis gur dhíbir an sagart as iad san oíche Dé Domhnaigh seo (gha)bh thart
+
droim
Ní fhágfaí in aon choláiste faoin domhan é nach gcuirfí droim díbeartha air as, mura i ndán is go gcasfaí i gcoláiste bligeards é go díreach. Bheadh sé ina cheann feadhain ansin (droim díbeartha a chur air: é a dhíbirt, a ruaigeadh, a ionnarbadh, a chur chun bealaigh den bhuíochas)
TUILLEADH (8) ▼
Cuireadh droim díbeartha air uileag as an tír seo. An t-am a raibh sé tugtha síos faoin ngearrchaile sin thoir, chuaigh an sagart go dtí é agus d'fhuagair sé air a bheith ag imeacht go beo deifreach nó go gcuirfeadh sé féin ag imeacht é. Go deimhin, níorbh áirge mhór ar bith i bpobal é
Ar an mbaile seo a bhí sé taithithe uileag tamall, ach cuireadh droim díbeartha air as. D'ionsaigh seala de na gearrbhodaigh oíche é. Dheamhan ceo dhá chuid millteanais a chonaic mé, ach bhí le rá ina dhiaidh sin go raibh sé ag tabhairt scabhaitéireacht faoi deara dhó féin san aimsir deiridh
Is diabhlaí nach bhfuil deoir phoitín ar bith sa tír anois. Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid póilíos! Bhí sé fánach ag na póilíos an ceann is fhearr a fháil air, ach 'siad na misinéaraí a chuir droim díbeartha air. 'Siad a bhí deas air. Nuair a thosaigh sé siúd ag scamhailéireacht agus ag loscadh mionnaí mhóra, níor lig an faitíos d'aon duine gan a chomhairle a dhéanamh mura mbeadh bairillín bréan — poll fataí d'fhear — mar é sin thíos ann go díreach. Ach duine ar an deascán é sin … Tá a fhios ag an lá gur imigh an tsuáilce as an tír an lá ar imigh an poitín. Ba é "Bainne Dubh na Féile" é dháiríre
Meas tú cáid go dté droim díbeartha ar na Sasanaigh as Cúige Uladh nó an ngabhfaidh go brách. Is fusa é a rá ná a dhéanamh arsa tusa. Tá siad an-dubh ann, agus tá na Sasanaigh chomh geantáilte sin ann agus go dtógfaidh sé aimsir a gcur de dhroim seoil. Déanann siad an-dícheannadh ar na Rómhánaigh (Caitlicigh) thíos ann nach ndéanann. Ó, tá rútaí Chromail go daingean ansin fós
Ba cheart droim díbeartha a chur ar na Ghiúdaigh sin ar fad as an tír agus cead a thabhairt dóibh a dhul ar ais go dtí an áit arb as iad. Ní éadáil ar bith sa tír iad. Nach in iad a chroch Mac Dé sa gcrann. Chrochfadh agus aríst dhá bhfaighidís luach saothair as a ucht. Is orthu nach mbeadh an mhairg
Droim díbeartha a bhí a chur air fhéin agus ar a dhream as an tír agus cead a thabhairt dóibh a dhul anonn go Sasana ós ann atá a gcroí. Bhí an-chion acu ar thiarnaí i gcónaí, ach ní fhaigheann siad deis ar a gcuid brocamais a dhéanamh anois mar a rinne siad roimhe seo do na B. nuair a chaith siad an bhean a bhí i dtinneas clainne amach chois an chlaí
Dhá bhfairsingíodh na heasógaí chuirfidís droim díbeartha ar na luchain agus ar na francaigh. Deirimse leat gur beag an luch ná an fhrancach a lonnós san áit a mbeidh siad sin
Meas tú an féidir droim díbeartha a chur chor ar bith ar an sionnach. Tá an baile — an tír arsa tusa — sladta aige. Céard adeir tú leis a d'ardaigh leis cearc den tsráid ansin inné go deireanach, os comhair mó dhá shúl. Airíonn sé go bhfuil púdar gann. Murach sin is beag den tsirtheoireacht seo a bheadh air in aice na dtithe
 
Bhí sé an-dúshlánach lena chuid máistrí. Ní ghéilleadh sé dóibh faoi rud ar bith. Bhí a shliocht air. Cuireadh díbirt air as deireadh na cúise
 
Tá le rá go bhfuil sé le díbirt — deirtear