Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dias (déas adeirtear i gcónaí)
ainmfhocal fireann
ginideach uatha: déise
uimhir iolra: déasachaí
déas adeirtear san ainmneach
 an chuid den arbhar a mbíonn an gráinne ann.
a.
+
Tá an coirce i ndéis — teagann déas ar an gcoirce thar éis a bheith i gcraoibh dó
Tá an coirce ag dul (nó ag teacht) i ndéis — tá an coirce ag dul chun déise
TUILLEADH (1) ▼
Dar brí an leabhar tá an garraí sin thoir ar fad i ndéis. Le seachtain muis a chuaigh sé i ndéis
+
Is gearr anois go gcuire sé déas amach — go dté sé i ndéas
Bíonn an déas cruinnithe ina mogall san eorna, sa gcoirce agus sa seagal. Níl le déanamh agat ach breathnú ar ghort ar bith agus feicfidh tú féin é
TUILLEADH (5) ▼
I gCrígh Lochlainn atá an chuach anois. Ní imíonn sí as seo go dtugann sí déas ina béal léithe — deirtear nach n-imíonn an chuach as Éirinn nó go mbíonn an t-arbhar i ndéis
Tá an chuach ar fáil. Ní imeoidh sí aríst nó go mbeidh déas ag imeacht ina béal aici. Is fada é sin i mbliana
Cuireann an phis chapaill déas amach freisin
Tá sí ina ceanna déas ar fad (fc. ceanna)
Tá cáith na déise ag titim (fc. cáith)
+
Tá mé ag baint corrdhéas as — ag tosaí ag baint an arbhair
Beidh sé in am déas a bhaint as lá ar bith feasta — in am a dhul ag baint an arbhair
TUILLEADH (4) ▼
Ní mór dhom a dhul ag baint déas as anois. Tá sé ina bhainne bhán
Níl tú ag brath air a dhul ag baint aon déas as, ná eile. Má théann féin ní bhainfidh tú glas as é
Tá sé thar am déisín a bhaint as. Nach bhfuil sé ag titim dá cheann?
Tá camóig ar bharr chuile dhéas ag gabháil leis. Sin é a d'inseodh duitse go bhfuil sé in alt a bhainte. Chomh luath agus a fheicfeas tusa an chamóig, bí ar do dhearnachaí ansin
b.
+
"Is maith é an cúnamh lá na déise" (seanfhocal) — is maith an rud cúnamh a bheith ann leis an arbhar a chur ar an iothlainn nó leis an arbhair a bhaint. An Chailleach Bhéarra adúirt é sa gcaismirt a bhí aici leis an mbuachaill
Ní bheifeá agam lá na déise leath chomh maith, ach mo léan, tiocfaidh tú lá na méise
TUILLEADH (1) ▼
Feicfidh tú é sin chuile lá ach lá na déise: an lá a mbíonn an chruóg ann

Féach freisin