Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dias

cáith (6)

 
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diumar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?
 
Ara cén sórt cáitheadh sin ort. An bhfeiceann tú an lá — gan donóid (deannóid) ann. Dheamhan an oiread is a chorródh ribe ar do cheann. Agus is mian leatsa a dhul ag cáitheadh ina dhiaidh sin. Cáith leat más breá leat go bhfeice tú cáid a bhainfeas tú amach
 
dias
Tá cáith na déise ag titim (fc. cáith)
 
dóirt
"Dhóirteamar le fána thrí fharraigí a bhí cáite; Gur shroicheamar an Ráth ós ann a bhí ar dtriall" (An Caiptín Máilleach)
 
dreach
Bail ó Dhia ort! Dreach ar an bhfarraige inniu! An bhfeiceann tú chomh coipthe agus atá sí. Tá liagáin farraigí cháite ag briseadh ar Mhullán an D. É. Ná bac le lá ar bith a bhfeicfidh tú sa meath sin í (an fharraige). Ní lá é atá in araíocht a dhul chun farraige ar chaoi ar bith, má tá aon tsuim in do shaol agat. Tá sé ceart go leor ag curachóirí na T. B. atá taithithe ar fharraige mhóir. Ach a (ár) leithidí s'againne — aineolaithe. Ar ndóigh, ní curachóirí atá sa tír seo
 
Dhá dtéadh sibh ar cháitheadh an ghráinne coirce sin nuair a d'éirigh an bruíos (breeze), bheadh sé dhaoibh anois agaibh, ach tá sibh an-tsiléigeach