Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
caoldroim
caol an dromaan caoldroim: an áit chaol den droim os cionn na gcorróg. Is ceann de chúig chaoil na colainne é.
+
Deir siad nach raibh aon bhean a chuir aghaidh le aer ariamh ba bhreátha na í, agus ina dhiaidh sin féin, thiocfadh a caoldroim thríd chró snáthaide
Sa gcaoldroim a airím é. Ní bheadh gair agam mé féin a lúbadh mar sin anois chor ar bith nach mbéarfadh an phian orm isteach faoin gcroí. Deir siad sin gur arraing é, ach measaim nach ea
TUILLEADH (1) ▼
Níl neart agam cor ar bith a bhaint asam féin nach dteagann pian chráite isteach faoi mo chaoldroim. Brath mhór atá agam a dhul chuig an dochtúr léithe, ach dheamhan is móide meabhair a bhainfeadh sé sin aisti ach an oiread liom féin. Is minic nach mbaineann
+
Tá caol an droma an-lag aige. Ar chuala tú ariamh é: "Is minic fear fada lag as a lár"
Chuir sé barróig orm faoi chaol an droma, agus mo cheann fine ní scarfadh uaidh. Ba gheall le iarainn na bunríochaí a bhí air
TUILLEADH (2) ▼
Ansin, slán an tsamhail, i gcaol an droma a sádh é. Dhá dtéadh sé ionga eile isteach, bhí sé thrína chuid aobha agus leagha na bhFiann ní leigheasfadh é. Is maith a chuaigh sé as
Is diabhlaí ligthe atá sí as caol an droma. Ba mhaith í ag baint choirlí. Bheadh an síneadh fada aici

Féach freisin

caoldroim in iontrálacha eile (4)

 
Dún na doirse sin. Tá deoladh gaoithe ag teacht as áit eicínt faoin gcaoldroim agam
 
dochar
An bhfaca tusa an dochtúr dubh? Thug S. Sh. amach é lena chuid tinneas droma a leigheas. Níor fhága sé snáth air, agus chuir sé ar a bhéal faoi sa leaba é. D'inis S. Sh. dó cá raibh an dochar. 'Anseo,' arsa seisean, agus bhuail sé a sheandorna anuas ar an gcaoldroim air agus chuir sé snadhmannaí sa leaba air. Ach chomh luath agus a fuair S. a anáil leis, d'éirigh sé de léim choscartha agus fuair sé an píce. Bhí an dochtúr dubh ligthe leis féin agus níor mhór dó féin go raibh. Ní changlódh sé aon fhata go brách aríst!
 
driog
Is beag nár phréach mé thiar leis an doras dúnta. Bhí an seoide isteach ann: gaoth thollta freisin. D'airigh mé drioganna ag rith síos le mo chaoldroim, agus bhí mo chroí ag eitealla leis an bhfuacht
 
Measaim nach bhfuil an cóta mór sin ag dul go maith dhom chor ar bith. Tá sé róchúng dhom sna guailní agus tá plucaí ann sa gcaoldroim. Is sladmhargadh é, nó tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile, ach cén mhaith sin nuair nach bhfeileann sé mé