Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deoladh
ainmfhocal, fireann
iolra: deolaíochaí
fuaim: d tosaigh go hiondúil ach cuirtear g ann scaití go háirid sa gcéill gaoth. d a bhíos i gCois Fharraige go hiondúil i ngach uile leagan den fhocal, ach bíonn g ag daoine i gConamara agus go háirid faoi Dhúiche Sheoigheach
níl ciall Fhoclóir an Duinnínigh anseo leis — "saine bídh"
1.
lón beag, raisín, béilí beag bídh, an bia a gheobhadh othar, gan mórán foghlach a dhéanamh ar an mbia.
a.
+
Fuair mé deoladh le n-ithe ann agus thug sin abhaile mé — raisín
Má fhaigheann muid corrdheoladh mar sin beidh muid in ann an oíche a bharraíocht
TUILLEADH (15) ▼
Is beag an deoladh é mo dhíol, ach ní fhaighim sin féin
Maidir le na deolaíochaí beaga sin a itheas duine agus é ag obair ar bhóithrí, ní sú salúin i mbéal bulláin iad. Is gearr le dhul ar fhear oibre iad ar chaoi ar bith
Bíodh ciall agat agus caith rud eicínt. Is maith buan an píosa bóthair atá romhat go mbí tú sa mbaile. Níl anseo ach deoladh beag. Ní taobh leis an teirgéis seo a chuirfinn thú murach gur shíl mé go bhfanófá go maidin
Tabhair deoladh beag le n-ithe don ghasúr sin agus scaoil ina bhealach é. Cén mhaith a bheith ag coinneáil moille air má tá siad ag súil leis sa mbaile
Is beag é mo dhíol — deoladh beag dhá cheann de ló. Ní iarrfainn aon ghreim choíchin i lár an lae. Nach bhfuil a fhios agat féin ansin gur deacair dhomsa aon rath a bheith orm, agus gan mé ag caitheamh aon cheo ach mar sin
Ní itheann sé ach deoladh sa turn, ach d'íosfadh sé é sin chuile uair dá mbaineadh clog ná watch. 'Sé an drochpheata é mura mbeidh a chuid ina mhínis (fianais) i gcónaí ar a theacht isteach dó
Caith síos rud eicínt dó sin. Nach bhfuil a fhios agat go maith gur fadó ariamh inniu ó d'ith sé aon ghreim, agus an uair sin féin céard a bhí ann ach deoladh
Níl tada le tógáil ar ghasúir faoina ngoile. D'íosfaidís deoladh chuile ré solais. Sin é faisean aos óg. Ach shílfeá fir mhóra go n-íosfaidís a ndóthain — nó an oiread is go dtiocfaidís leis — go dtí am béilí aríst. Dar príosta is mó an ghoin atá ar na buachaillí óga seo agamsa anois, bail ó Dhia orthu, ná nuair a bhí siad ina ngasúir
An bhfuil sé ag caitheamh aon deoladh … Dar fia muise is olc an chosúlacht é sin d'fhear a bhí chomh mórthráthach leis, bail ó Dhia air. Facthas dhom an uair deiridh a raibh mé ag breathnú air, go raibh sé an-tsnoite. Ní raibh ann ach go raibh sé i ndiaidh a chéile
Chomh uain is a bheas sé ag caitheamh corrdheoladh, dheamhan stró air. Ach an té a ndúnfaidh a ghoile ná bac leis
D'ordaigh an dochtúr gan a thabhairt dó ach deoladh trí huaire sa ló, agus dá mbeadh sé ag stróiceadh ag iarraidh tuillidh, gan aon aird a thabhairt air
Siúd é an áit dheiridh a mhic ó — an t-easpaicil. Ní bhfaighidh an fear is folláine ar bith ann ach an deoladh céanna a gheobhas an té a bheadh ag saothrú báis
'Bíodh an cat mara ag an dochtúr,' adeir sé. 'Is fhearr a fhios agamsa céard a bhaineas dom féin, ná ag dochtúr ar bith. Ar son Dé tabhair dhom deoladh — dá mba é lón mo bháis é'
Deir siad gurb é an rud a thug eitinn di sin an áit nach gcaithfeadh sí ach deolaíochaí beaga le í féin a shnoíchan: mar dhóigh dhe go raibh sí róbheathaithe. Is iomaí díth céille atá sa saol anois nach raibh caint ar bith air fadó
Bhí an ghearradh ghionach in mo phutóig, agus mar sin féin nuair a leagadh agam é, níor ith mé ach deoladh. Ní fhéadfainn. Ní raibh aon tothlú agam leis. Is cosúil go raibh mo ghoile dúnta
b.
 snáth faoin bhfiacail; cúnamh maireachtála; cuidiú.
+
Dhá mbeadh an iníon siúd aige amuigh ina máistreás, choinneodh sí corrdheoladh leis. Níl slí ó neamh aige thairti — choinneodh sí snáth faoin bhfiacail leis; thabharfadh sí cuideachan beag dó ó am go ham a choinneodh beo é
Is dócha go bhfuil an mac siúd atá ina shagart acu ag coinneáil deoladh leo anois agus aríst, má tá aon cheo de bhrabach air féin. Ní mór dóibh rud eicínt anois ó dhuine eicínt ar a son féin. Diabhal mé nach bhfuil tada le cois na trócaire acu
TUILLEADH (6) ▼
Coinníonn an dream atá i Meiriceá corrdheoladh léithe ach má choinníonn féin, tá sí ag fáil fuílleach le déanamh ón saol. M'anam daoine a bhfuil talamh agus deis féin acu anois gur sách rite a théas sé leo, ní áirím ise nach bhfuil ní dhár dhealbh an ghrian aici ach an trifle beag sin a fhaigheas na daill
Tá an dream atá i Sasana ag coinneáil deoladh linn, ach shílfeá go mba cheart dóibh cruthú níos fhearr nuair a d'fheicfeá daoine eile. Tá mac ansin thiar ag T. Ph. agus níl sé ann ach cheithre mhí …
Dá mbeadh rud ar bith againn a choinneodh deoladh le na muca go dteagadh na fataí isteach, níor chás dúinn é
Is fadó an lá a bhí sí básaithe murach ar choinnigh J. de dheoladh as an siopa léithe. Agus bheadh sí ag caitheamh agus ag cáineadh air ina dhiaidh sin. Níor chomaoin di muis
Sin é an deoladh fánach atá sé sin a choinneáil linne. Is gearr ar a scóig féin é má tá sé aige, ach is mór m'amhras nach bhfuil. Chuala mé gur tugadh anuas sa bpáí go mór le gairid é
Murach an deoladh a choinníos an sagart leis, is fadó an lá a bhí sé de dhroim tí. Théis nach n-ólann sé, tá sé drabhlásach. Chuirfeadh an bhean atá aige freisin airgead na hairí thrína lámha
2.
 bruísín gaoithe, gaoth lag, smeámh, nó deannóid ghaoithe.
+
Tá deoladh gaoithe ann anois. Bhí sé an-mharbhánta críochnaithe ó mhaidin
Tá fionnórtas beag anois ann ó d'éirigh an deoladh gaoithe sin. Déarfainn gurb é an lá is meirbhe a tháinig i mbliana é, ná b'fhéidir anuraidh
TUILLEADH (8) ▼
Osclaidh na fuinneoga sin agus ligidh deoladh gaoithe oraibh féin. Nach bhfuil sibh plúchta mar atá sibh. Is mór an mífhollántas an tráth seo bhliain chuile fhuinneog agus chuile dhoras a bheith dúnta
B'fhóinteach a tháinig an deoladh sin féin théis an lagair. D'fhéad muid beagán siúil a chur uirthi isteach. Bhí muid amuigh leath cuain agus é ina chalm críochnaithe orainn. Dheamhan fleaim as aer a bhí sa seol
Théis an ghrian atá ann, ní bheidh aon triomach ar an nglaicín fhéir sin. Bhí sé rófhliuch agus níl deoladh gaoithe ar bith ann le dhul thríd. Sin é an chuid is measa dhó
Tá deoladh breá ag an móin inniu. Tabharfaidh sé seo faoi na creatlaigh di é. Ach dá mbeadh sí ina goigíní francacha nó an gróigeadh fada a bheith uirthi, b'amhlaidh ab fhearr a ghabhfadh sé thríthi. Tá sí róchruinnithe mar atá sí
Má airíonn tú ag teacht in t'aghaidh é gabh amach go bhfaighe tú deoladh gaoithe. 'Sé do mhaith é
Chaith mé trí huaire istigh ann aréir agus is beag bídeach nár plúchadh mé le deatach, agus lena raibh istigh ann. B'éigean dom a theacht amach uair nó dhó go bhfaighinn deoladh gaoithe. Ní raibh a sheasamh agam
Dún na doirse sin. Tá deoladh gaoithe ag teacht as áit eicínt faoin gcaoldroim agam
Is mór is fiú an deoladh sin féin éirí, thar is an téigle a bhí ann. Thiocfadh di go mbeadh sí teann soir againn
+
Níl mórán gaoithe ann, ach an geoladh beag sin féin is fhearr dhuit leat ná in t'aghaidh é. Deirimse leat gur fánach an geoladh a bheas in t'aghaidh ar bhicycle agus go n-aireoidh tú é
Tá geoladh deas aniar aneas anois ann. Tá sé ina chlaochmú. Ní móide go bhfeicfeá aon deoir anocht, ach feicfidh tú í shula gcaitear an lá amárach. Ba bhreá é an sioc. Aimsir theann fholláin í aimsir an tseaca. Tá an tír tolgtha ag an mbáistigh ó tháinig an bhliain
TUILLEADH (1) ▼
Má ardaíonn geoladh beag ar bith caithfidh mé an gráinnín coirce. Níl gnaithe ar bith aige ansin níos faide sa mbealach ar na daoine. Go deimhin ní fiú an tairbhe an trioblóid. Níl ann ach síobhaisín beag

Féach freisin

deoladh in iontrálacha eile (5)

 
abair
Anois adúirt tú é gan bhréig gan mhagadh! Ní bheadh aon duine acu beo fadó an lá murach gur choinnigh sí deoladh leo
 
daba
Tuilleadh diabhail acu anois. Coinníodh dabaí sách fada leo, ach beidh siad gan daba gan deoladh feasta. Sin é an gléas orthu
 
Tá chúig bhliana fós uirthi sin shula bheas sí ina máistreás. Is fada an fanacht é, ach dhá mbeadh sí amuigh, choinneodh sí deoladh leis. Is fhearr go deireanach ná go brách, ach deir siad freisin go bhfaigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás
 
ding
Neartaigh sé é féin thar cionn ó chuaigh sé isteach an chéad uair. Ní féidir feanc a bhaint as anois. Do cheann fine ní chuirfeadh amach é. Tá geanntrachaí aige ins chuile áit — siar agus soir. Is ginn leis chuile dhuine de na bossannaí bóthair agus de na dearcadóirí eile seo a chuir sé isteach. Cuirfidh mé mo rogha geall leat nach bhfuil aon bhaile dhá gcuimhneoidh tú air d'uireasa duine atá ag fáil deoladh eicínt uaidh
 
droim
Teagann sé abhaile chuile phointe agus a bholg thiar ina dhroim aige leis an ocras. Chaithfeadh sé go bhfuil an ghearradh ghionach air nó rud eicínt. D'íosfadh sé deoladh chuile ré solais