Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deoladh
ainm-fhocal, fireann
iolraidh = deolaidheachaí.
Fuaim — D tosaigh go h-iondamhail ach cuirtear g ann scaithtí go h-áirid ins an gcéill gaoth. D a bhíos i gCois Fhairrge go h-iondamhail is gach uile leagan de'n fhocal, ach bíonn g ag daoine i gConamara agus go h-áirid faoi Dhúithche Sheoigeach
Níl ciall Fhoclóir an Duinnínigh annseo leis — "saine bídh"
1.
lón beag, roisín, béilí beag bídh, an biadh a gheobhadh othar, gan mórán foghlach a dhéanamh ar an mbiadh.
a.
+
Fuair mé deoladh len ithe ann agus thug sin abhaile mé = roisín
Má fhaghann muid corr-dheoladh mar sin beidh muid indon an oíche a bharruidheacht
TUILLEADH (15) ▼
Is beag an deoladh é mo dhíol, ach ní fhaghaim sin féin
Maidir le na deolaidheachaí beaga sin a itheas duine agus é ag obair ar bhóithrí, ní sugh salmhain i mbéal buláin iad. Is gearr le dhul ar fhear oibre iad ar chaoi ar bith
Bíodh ciall agad agus caith rud eicínt. Is maith buan an píosa bóthair atá rómhat go mbí tú ins an mbaile. Níl annseo ach deoladh beag. Ní taobh leis an teirgéis seo a chuirfinn thú marach gur shíl mé go bhfanóchthá go maidin
Tabhair deoladh beag len ithe do'n ghasúr sin agus scaoil in a bhealach é. Cé'n mhaith a bheith ag coinneál moille air, má tá siad ag súil leis ins an mbaile
Is beag é mo dhíol — deoladh beag dhá cheann de ló. Ní iarrfainn aon-ghreim choidhchin i lár an lae. Nach bhfuil a fhios agad féin annsin gur deacair dhomsa aon-rath a bheith orm, agus gan mé ag caitheamh aon-cheo ach mar sin.
Ní itheann sé ach deoladh ins an "turn", ach d'íosfadh sé é sin 'chuile uair dá mbaineadh clog ná "watch". 'Sé an droch-pheata é, mara mbeidh a chuid in a mhíainis (fiadhnuis) i gcomhnuí ar a theacht isteach dó.
Caith síos rud eicínt dó sin. Nach bhfuil a fhios agad go maith gur fadó ariamh indiu ó d'ith sé aon-ghreim, agus an uair sin féin céard a bhí ann ach deoladh
Níl tada le tógáil ar ghasúir faoin a ngoile. D'íosfaidís deoladh 'chuile ré soluis. Sin é faisean aos óg. Ach shílfeá fir mhóra go n-íosfaidís a ndóthain — nó an oiread agus go dtiocfaidís leis — go dtí am béilí aríst. Dar príosta is mó an ghoin atá ar na buachaillí óga seo aghamsa anois, bail ó Dhia orra, ná an uair a bhí siad in a ngasúir
'Bhfuil sé ag caitheamh aon-deoladh … Dar fiadh muise is olc an chosamhlacht é sin d'fhear a bhí cho mór-thráthach leis, bail ó Dhia air. Facthas dhom an uair deireadh a raibh mé ag breathnú air, go raibh sé an-tsnuighte. Ní raibh ann ach go raibh sé indiaidh a chéile.
Cho uain agus a bhéas sé ag caitheamh corr-dheoladh, dheamhan stró air. Ach an té a ndúinfidh a ghoile ná bac leis
D'orduigh an dochtúr gan a thabhairt dó ach deoladh trí huaire ins an ló, agus dá mbeadh sé ag strócadh ag iarraidh tuilleadh, gan aon-áird a thabhairt air.
Siúd é an áit dheireadh a mhic ó — an t-aspuicil. Ní bhfuighidh an fear is folláine ar bith ann ach an deoladh céadna a gheobhas an té a bheadh ag saothrú báis
"Bíodh an catmara ag an dochtúr" adeir sé. "Is fhearr a fhios agamsa céard a bhaineas dom féin, ná ag dochtúr ar bith. Ar son Dé torm (tabhair dhom) deoladh — dá mbadh é lún (lón) mo bháis é."
Deir siad gurb é an rud a thug eitinn di sin in áit nach gcaithfeadh sí ach deolaidheachaí beaga le í féin a shnuigheachan: mar dhóigh dhe go raibh sí ro-bheathuighthe. Is iomdha díthcéille atá ins an saoghal anois nach raibh caint ar bith air fadó
Bhí an ghearradh-ghíonnach in mo phutóig, agus mar sin féin an uair a leagadh agam é, níor ith mé ach deoladh. Ní fhéadfainn. Ní raibh aon-tothlú agam leis. Is cosamhail go raibh mo ghoile dúinte
b.
snáth faoi'n bhfiacail; congnamh maireachtála; cuidiú.
+
Dhá mbeadh an inghean siúd aige amuigh in a máistreás, choinneochadh sí corr-dheoladh leis. Níl slí ó neamh aige thairti = choinneochadh sí snáth faoi'n bhfiacail leis; thiubharfadh sí cuideachan beag dó ó am go h-am a choinneochadh beo é
Is dóch' go bhfuil an mac siúd atá in a shagart aca ag coinneál deoladh leo anois agus aríst, má tá aon-cheo de bhrabach air féin. Ní mór dóib rud eicínt anois ó dhuine eicínt ar a son féin. Diabhal mé nach bhfuil tada le cois na trócaire aca
TUILLEADH (6) ▼
Coinnigheann an dream atá i Meiriocá corr-dheoladh léithe ach má choinnigheann féin, tá sí ag fáil fuighleach le déanamh ó'n saoghal. M'anam daoine a bhfuil talamh agus deis féin aca anois, gur sáthach righte a theigheas sé leo, ní áirighim ise nach bhfuil nidh dhár dhealbh an ghrian aice, ach an "trifle" beag sin a fhaghas na daill
Tá an dream atá i Sasana ag coinneál deoladh linn, ach shílfeá go mbadh cheart dóib cruthú níos fhearr an uair a d'fheicfeá daoine eile. Tá mac annsin thiar ag T. Ph. agus níl sé ann ach cheithre mhí …
Dá mbeadh rud ar bith againn a choinneochadh deoladh le na muca go dteagadh na fataí isteach, níor chás duinn é
Is fadó an lá a bhí sí básuighthe marach ar choinnigh J. de dheoladh as an siopa léithe. Agus bheadh sí ag caitheamh agus ag cáineadh air in a dheidh sin. Níor chumaoin di muis
Sin é an deoladh fánach atá sé sin a choinneál linne. Is gearr ar a scóig féin é má tá sé aige, ach is mór m'aimhreas nach bhfuil. Chuala mé gur tugadh anuas ins an bpáighe go mór le goirid é
Marach an deoladh a choinnigheas an sagart leis, is fadó an lá a bhí sé de dhruim tighe. Th'éis nach n-ólann sé, tá sé drabhlásach. Chuirfeadh an bhean atá aige freisin airgead na h-airí thrín a lámha
2.
braoisín gaoithe, gaoth lag, smeámh, nó dionnóid ghaoithe.
+
Tá deoladh gaoithe ann anois. Bhí sé an-mharbhthánta críochnuighthe ó mhaidin
Tá fionnórtas beag anois ann ó d'eirigh an deoladh gaoithe sin. Déarfainn gurb é an lá is meirbhe a tháinig i mbliana é, ná b'fhéidir anuiridh
TUILLEADH (8) ▼
Oscluighidh na fuinneoga sin agus leigidh deoladh gaoithe oraibh féin. Nach bhfuil sib plúchtha mar atá sib. Is mór an mí-fhollántas an tráth seo 'bhliain 'chuile fhuinneog agus 'chuile dhorus a bheith dúinte
B'fhoghainteach a tháinic an deoladh sin féin th'éis an lagair. D'fhéad muid beagán siúil a chur uirre isteach. Bhí muid amuigh leath cuain agus é in a chalm críochnuighthe orainn. Dheamhan flaim as aer a bhí ins an seol
Th'éis an ghrian atá ann, ní bheidh aon-tiormach ar an nglaicín fhéir sin. Bhí sé ro-fhliuch agus níl deoladh gaoithe ar bith ann le dhul thríd. Sin é an chuid is measa dhó
Tá deoladh breagh ag an móin indiu. Tiubharfaidh sé seo faoi na creatlaigh di é. Ach dá mbeadh sí in a guigíní francacha nó an gróigeadh fada a bheith uirre, b'amhlaidh ab fhearr a ghabhfadh sé thríthe. Tá sí ro-chruinnighthe mar atá sí
Má airigheann tú ag teacht in t'aghaidh é gabh amach go bhfaghaidh tú deoladh gaoithe. 'Sé do mhaith é
Chaith mé trí h-uaire istigh ann aréir agus is beag bídeach nar plúchadh mé le deatach, agus len a raibh istigh ann. B'éigin dom a theacht amach uair nó dhó go bhfaghainn deoladh gaoithe. Ní raibh a sheasamh agam
Dún na doirse sin. Tá deoladh gaoithe ag teacht as áit eicínt faoi'n gcaol-druim agam
Is mór is fiú an deoladh sin féin eirghe, thar agus an téigle a bhí ann. 'Thiocfadh di go mbeadh sí teann soir againn.
+
Níl mórán gaoithe ann, ach an geoladh beag sin féin is fhearr dhuit leat ná in t'aghaidh é. Deirimse leat gur fánach an geoladh a bhéas in t'aghaidh ar "bhicycle" agus go n-aireochaidh tú é
Tá geoladh deas aniar-ndeas anois ann. Tá sé in a chlaochmú. Ní móide go bhfeicfeá aon-deoir anocht, ach feicfidh tú í shul a gcaithtear an lá ambáireach. Ba bhreagh é an sioc. Aimsir theann fholláin í aimsir an tseaca. Tá an tír tolgtha ag an mbáistigh ó a tháinic an bhliain
TUILLEADH (1) ▼
Má árduigheann geoladh beag ar bith caithfidh mé an gráinnín coirce. Níl gna ar bith aige annsin níos fuide ins an mbealach ar na daoine. Go deimhin ní fiú an tairbhe an trioblóid. Níl ann ach síoghbhuisín beag

Féach freisin

deoladh in iontrálacha eile (5)

 
abair
Anois adubhairt tú é gan bhréig gan mhagadh! Ní bheadh aon-duine aca beo fadó an lá marach gur choinnigh sí deoladh leo
 
daba
Tuilleadh diabhail aca anois. Coinnigheadh dabaí sáthach fada leo, ach beidh siad gan daba gan deoladh feasta. Sin é an gléas orra
 
Tá chúig bhliana fós uirre sin shul a bhéas sí in a máistreás. Is fada an fanacht é, ach dhá mbeadh sí amuigh, choinneochadh sí deoladh leis. Is fhearr go deireannach ná go bráth, ach deir siad freisin go bhfaghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás
 
ding
Neartuigh sé é féin thar cíonn ó a chuaidh sé isteach an chéad-uair. Ní féidir feanc a bhaint as anois. Do cheann-finne ní chuirfeadh amach é. Tá geanntrachaí aige ins 'chuile áit — siar agus soir. Is gínn leis 'chuile dhuine de na bossannaí bóthair agus de na dearcadóirí eile seo a chuir sé isteach. Cuirfidh mé mo rogha geall leat nach bhfuil aon-bhaile dhá gcuimhneochaidh tú air d'uireasbhaidh duine atá ag fáil deoladh eicínt uaidh
 
droim
Teagann sé abhaile 'chuile phuínte agus a bholg thiar in a dhruim aige leis an ocras. Chaithfeadh sé go bhfuil an ghearradh-ghíonnach air, nó rud eicínt. D'íosfadh sé deoladh 'chuile ré soluis