Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deois
/d′ōš/; /ɡ′ōš/ scaití
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: na deoise
uimhir iolra: na deoiseannaí, na geoiseannaí
 stiúir chainte a chur ort fhéin; do chloigeann a ligean amach de bheagán nuair a bheifeá ag caint nó ag éisteacht le duine.
+
Tá sé ag cur deoise air fhéin. Gheobhaidh sibh caint anois mo choinsias
Bíonn geois mar sin i gcónaí air. Is geall le cat é
TUILLEADH (2) ▼
An bhfeiceann tú an deois atá ar an mbithiúnach. Ní bheidh a dhath ariamh dhár dúradh anois nach mbeidh craobhscaoilte gan mórán achair. Ní cóir tada a rá os a choinne sin ar chaoi ar bith
Sheas sé abhus ag ceann an bhóithrín agus chuir sé deois air fhéin féint an gcluinfeadh sé leide ar bith. Ach coinníodh beophianta é deirimse leat. Sin é an deasú air sin. Piteoig bhradach. Sháraigh sé seanchailleach

Féach freisin

deois in iontrálacha eile (2)

+
deoise
Bhí sagairt na deoise uileag ann
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an t-easpag atá ar an deoise seo anois. Is áibhéil an bleitheach fir é … Ní theastaíonn "bail ó Dhia" ar bith óna leithide sin! Níl aon ghair ag aon duine drochshúil a dhéanamh dhe (dhó)! Nach bhfuil an tír ag guí dhó!