Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deoir
ainmfhocal, baineann
iolra: deora, deorachaí
fuaim: bíonn r caol ann go hiondúil, cé is moite den tuiseal ginideach iolra i ráití áiride ar nós ag sileadh na ndeor, ag folcadh na ndeor agus a leithidí. Ach r leathan atá i deora, deorachaí
1.
 mónóg; braon; sreabh; súmóg nó iarracht de lacht ar bith; striog.
a.
+
Deoir bhainne, deoir uisce, deoir fuisce, deoir bhláthaí, deoir bháistí, deoir sháile, deoir ola, deoir phetrol, deoir fhola srl. — mónóg de na rudaí sin
Níl deoir bhainne aici
TUILLEADH (5) ▼
Má mhaireann an triomach i bhfad eile, ní bheidh deoir uisce sa tír
Níor chaith sé aon deoir bháistí anois le mí
Níor chaith sé aon deoir bhiotáille anois le coicís
Níl deoir ola ag gabháil linn
Níor ól sé aon deoir phoitín le gabháil chun bliana
+
Níl deoir fhola ann. Is furasta a aithinte é agus an dreach atá air
Fhóbair a bhfanfadh deoir ar bith fhola ann nár chuir sé
TUILLEADH (3) ▼
Shílfeá nach bhféadfadh deoir ar bith fhola a bheith fanta ann, leis an gcaoi a bhí air ag cur fuil sróine ar feadh an tráthnóna
Níor thug mé deoir fhola théis an leagan a fuair mé
Dá dtugadh sé deoir ar bith fhola dúirt an dochtúr go mba é a mhaith é — ach níor thug
+
Ní thabharfainn deoir fhola le náire — bhí an-náire orm
Nuair a thosaigh sí ag géaraíocht orm, ní thabharfainn deoir fhola le náire
TUILLEADH (3) ▼
Chuir mé mo láimh in mo phóca agus dheamhan an sciúrtóg a bhí agam ach an scilling. Bhí an deoch ar an gcuntar, agus gan a luach agam. Dheamhan a dtabharfainn deoir fhola le náire
D'ionsaigh sé mé os comhair an phobail uileag. Níl ainm thoir ná thiar nár thug sé orm. Dheamhan deoir fhola a thabharfainn le náire
Anall leis go dtí mé os comhair a raibh ann. 'Tá tú agam,' arsa seisean. 'Thusa a dhíol an bhodóig liom a bhí tolgtha.' Fhóbair dhom titim i mbun mo chos. Ní thabharfainn deoir fhola le náire.
b.
+
Níor ól mé deoir ná blogam
Níl aithne deoir air, bíodh sé caite aige nó ná bíodh
TUILLEADH (5) ▼
Níor ól sé deoir ná blogam ariamh
Ara céard atá tú ag rá! Níl deoir ná striog ólta aige sin, más in é do scéal. Uair annamh a mblaiseann sé sin d'aon deoir
Oiread agus an deoir ní fhaca ar mo bhéal ó d'fhága mé seo go deireanach
An bhfuil aon deoir caite aige anocht. Má tá, aire dhaoibh a bhuachaillí. Beidh sé ag croitheadh na nguailní
Má tá sé siúd ag caitheamh aon deoir, ní foláir do na daoine a bheith ar a son féin. Déanfaidh sé mísc
c.
+
Ní bheidh aon deoir le déanamh aige théis na hoíche anocht — tá sé ag báisteach chomh trom agus go gcaithfidh sé uilig í anocht
Shíl mé nach mbeadh deoir ar bith le déanamh aige agus a bhfuil curtha aige le mí. Ach is cosúil nach bhfuil a dhíol aige fós di
TUILLEADH (5) ▼
Beannacht Dé dhuit! Ag tuaradh tuilleadh báistí atá tú! Dheamhan deoir ann nach bhfuil caite cheana aige, míle buíochas le Dia!
Ná caintigh ar bháisteach aríst go bhfeice tú ráithe ó inniu. Tá chuile dheoir san aer caite cheana aige, tá sin
Ná bac le bróga! Agamsa atá na bróga agus na bróga gan rath! Níl deoir amuigh nach bhfuil istigh acu. Níl díon an deoir féin iontu
Tá ainm tí aige. Ach go deimhin is ainm é. Níl an deoir féin amuigh nach bhfuil istigh aige
B'fhéidir go raibh cótaí díonmhara ann roimhe seo, ach ní ó tháinig an cogadh é. Tá ceann agamsa, agus ní fhágann sé deoir amuigh nach ligeann sé isteach
d.
+
Tá sé ag silt na ndeor — tá sé ag sileadh na ndeor
Tá sé ag folcadh na ndeor — ag gol go trom
TUILLEADH (7) ▼
Cén chiall an páiste seo a bheith ag silt na ndeor
"Mo dheaide bocht bocht agus maide faoina ucht agus é ag silt na ndeor" (Tomhais: an buntsop)
An deoir féin níor shil sí, théis go raibh a máthair os cionn cláir
Níor shil mé deoir beag ná mór
Tá na deora leis; tá deorachaí leis — tá sé ag gol
Is gearr uaibh anois a bhuachaillí! Tá na deora leis
Dar brí an leabhair bhí deorachaí leis agus meacan an ghoil ina ghlór. Chuirfeadh pionta amháin sa gcruth sin é chomh maith le scór
+
Bhí an deoir faoina shúil — bhí an deoir ag briseadh faoina shúil
B'fhurasta a aithinte air go raibh sé diomdhach dhuit nach bhfuair sé cead a choise. Bhí an deoir faoina shúil
TUILLEADH (1) ▼
Is gearr an caoineadh uaithi anois. Tá an deoir cheana faoina súil, agus í chomh mór le fata beag
+
Tá sé ag caoineadh agus gan deoir óna ghrua — in ainm is a bheith ag caoineadh; ach gan é a bheith ag caoineadh dháiríre
Níl gortú ar bith air sin. Is beag dhá chuid cluanaíocht é. Nach bhfeiceann tú ag caoineadh é agus gan deoir óna ghrua
TUILLEADH (1) ▼
Má théimse in t'éadan beidh scéal agat air. Tabharfaidh mise ábhar caointe duit feicfidh tú féin air. Ní ag caoineadh a bheas tú agus gan deoir ó do ghrua mar atá tú anois
+
Bhí chuile dheoir dhár shil sí chomh mór le deoir aille — bhí sí ag gol go frasach, agus na deora san an-mhéid
Bhris an deoir faoina súil: deoir a bhí chomh mór le deoir aille
TUILLEADH (2) ▼
Thosaigh an créatúr ag smutaireacht chaoineacháin, agus níl aon deoir dá raibh uaithi nach raibh chomh mór le deoir aille. Scrúdfadh sí thú
Is mór an t-ionadh nach n-iarrfadh duine eicínt air éirí as an ngol. Tá chuile dheoir leis chomh mór le deora aille
+
Sin deora aithrí atá leis — deora aiféala, nó deora a silfí de bharr peacaí
Tháinig sé amach ón misinéara agus deoir aithrí leis. Ach tá faitíos orm nach seasfaidh an aithrí i bhfad, ach a bhfeice sé aon deoir den fhear dhubh (an leann dubh)
TUILLEADH (2) ▼
Caitheann sí an lá ag bualadh a huchta agus deora aithrí léithe más fíor di féin, ach sin í an t-uisce faoi thalamh. Is breá uaithi geábh cúlchainte a dhéanamh má chastar léithe an té a éistfeas léithe taobh amuigh
"Trí mhí a mhair Oisín beo: trí bhrat a d'fhliuchfadh sé sa ló le deoir aithrí as a shúile, ó chuaigh sé ar aoibheantas agus ar staid na ngrást" (as Argóinteacht Oisín agus Phádraig)
2.
a.
+
Diabhal deoir a d'fhan ann ar an toirt — fuair sé bás tobann
Ar an dá luath is ar chuala sé an scéal, dheamhan deoir a d'fhan ann le briseadh croí
TUILLEADH (9) ▼
Fuair sé bás. Dheamhan deoir a d'fhan sa duine bocht
Dheamhan deoir a d'fhan inti. Tá a sraith ar lár
Mura ndúna tú do chaiseal, dheamhan deoir a fhágfas mé ionat
Bí ar do shon féin ar T. Sh. Dheamhan deoir a fhágfas sé in do chluais, ná cuid de dheoir
Bail ó Dhia ort. Ní fhágfadh sé siúd deoir i M. Mh. Is láidre é ná triúr mar é
Ní fhágfaidh sé deoir ann mura mbeidh sé ar a airdeall féin. 'Sé atá deas air
Níl deoir ina chluais. Is breá an pháin é, dar príosta
Tháinig mé aníos an bóithrín agus fuair mé sínte ar an móinín bán é agus gan deoir ann
Bhí sé ina luí ó chluais go rioball thiar sa seomra, agus gan deoir ann i gcosúlacht. Nach gránna an cleas d'aon duine é féin a chur sa gcruth sin lena sheanbholg tútach
b.
+
Níor fhága tú deoir ann — chniog tú in éineacht é — cárta a buailfí
Thug tú an-tsnaidhm do mo chuileata. Níor fhága tú deoir inti
TUILLEADH (2) ▼
Ní fhágfainnse deoir in do haon a hairt murach nár éirigh liom a bheith ar an taobh ceart díot
Chuaigh sé fhoisceacht mbeannaí Dia do do rí gan deoir a bheith ina chluais
3.
+
Tá na deora dubha ag teacht ar na fataí — na chéad spotaí dubha a theagas ar dhasachaí fataí sula gcaithríonn an dúchan (Achréidh)
Is gearr ó na fataí anois. Tá na deora dubha ar fáil. Dar príosta is maith luath atá sé ag teacht i mbliana le hais blianta eile
TUILLEADH (2) ▼
An bhfuil aon chuimhne agat a dhul ag sprayáil. Tá na deora dubha ar mo chuidse le cupla lá. Ba deacair dóibh gan a bheith ar aon nós. Nach bhfuil an uair ina moirt uilig
Tapaigh na deora dubha más leat fataí a bheith agat. Is mór an cam srón birín ar dhuine a dhul thar ghort agus a bhfeiscint isteach uaidh. Mo choinsias is dar m'anam, chuir siad le gaoth na gcnoc mé ansin thuas ar maidin inné

deoir in iontrálacha eile (100+)

 
Chuaigh do sheanathair — go ndéana Dia trócaire air! — sna céadéaga. Bhí siad ar hob a leagan amach nuair a tháinig mothú ann in athuair, agus ghlaoigh sé ar do sheanmháthair agus ar t'athair. Chaith sé caint eicínt leo. 'Gheobhaidh mé bás suaimhneach anois,' adeir sé. Thit sé siar agus níor fhan deoir ann níos mó
 
Rug siad (na póilíos) ar dhabhach agus ar chupla pota suas ansin an lá cheana. Ach ní bhfuair siad aon deoir den bhraon
 
Má théann tú di ar an mbealach sin ní chuirfidh tú uirthi ach daidhce, agus beidh muid gan Murchadh gan Mánas ansin. Abair mar seo léithe gur tháinig muid fiche míle bealaigh chuig sochraide agus go bhfuil fiche míle eile le dhul ar ais againn agus go bhfuil bicycle briste orainn. Tosaigh ag dilleoireacht. Maistín maith í. Tá na seacht n-aithne agamsa uirthi, agus sin é an fáth go mb'fhearr dhuitse a dhul chun cainte léithe. Ní móide go n-eiteodh sí thusa faoi dheoch, ach má chaitheann sí ina ceann é, ní thabharfadh sí deoir do Dhia shúlach
+
Tá an bhó seo imithe amach, nó mura bhfuil, níl aon deoir bhainne ag teacht thrí na dalláin. Muran dodaíl atá uirthi. Más ea féin is minic minic léithe
TUILLEADH (2) ▼
Chonaic mise bó thiar anseo ag N. Mh. Bhí an úth calctha aici. Chinn orthu aon deoir bhainne a fháil uaithi théis a ndíchill. Bhí fear beag ag obair anseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cinnte ar C. agus ar chuile dhuine. Fuair sé ruainnín den wire beag sin a d'fheicfeá ar scloig na mbuidéil lemonade. Dhírigh sé amach é nó go raibh sé chomh díreach le dorú. Sháigh sé suas i chaon dallán den úth é i ndiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé lena láimh ach é a shá leis suas. B'iontas an chaoi a raibh sé in ann é a dhéanamh ach níorbh é a chéad uair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleán ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rá leis. Bhí bleánach dhó (dhe) ar an talamh shular féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diumar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?
 
Gheobhaidh tú luach do chuid dánachta as a dheireadh. Má spadhrann sé siúd agat lá eicínt, agus spadharfaidh, ní fhágfaidh sé deoir ionat
 
Ní dea-bhróga iad seo atá ormsa anois. Níl díon deoir iontu.
 
Ar chuala tú faoi Sh. Tá sé dealaithe leis agus fiacha fágtha ina dhiaidh aige i chuile áit ar fud an D. Chuile dheoir óil dár thóg sé, níor íoc sé sciúrtóg dhó (dhe). Nach diabhaltaí tútach an mhaise dhó lascadh leis mar sin agus ualach den tsórt sin a fhágáil ina dhiaidh
 
dealg
Chonaic mise í sin nuair a bhí sí ina cailín óg agus bhainfeá fuil aisti le dealg spíonáin, bhí sí chomh craosach dearg sin. Ach ó phós sí, tá sí an-drochbhreathnaitheach. Shílfeá scaití nach mbeadh deoir fhola ar bith inti
 
déan 1
Ní féidir dhó gur ól atá déanta aríst aige, agus a laghad achair ó thóg sé an pledge ón misinéara. Thug sé na mionnaí agus na móide nach dtiocfadh aon deoir ar a bhéal lena ló aríst. Nach gearr an chuimhne a bhíos ag cuid de na daoine!
+
Níl múr ar bith is deannachtaí ná an múirín gréine ar ndóigh. "An múirín gréine an múirín is déine" adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leatromach amach sa samhradh. Bheadh ráig dheannachtach anseo, agus dheamhan is móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fána Cnoc Bh. lá. Tháinig sé ina bháistigh orm. Tabhair báisteach uirthi: ní ligfeadh sí luch as poll ná diabhal as ifreann. Chuaigh mé ag tóraíocht foscadh. Mo chreach an foscadh ansiúd. Ach mar sin féin, shúigh mé mé féin isteach in áit eicínt go liginn tharam é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh i nG. na B. Leathnaigh m'amharc orm. Nuair ba déine a bhí sé ag cur san áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach ina scaladh gréine, théis gur gearr óna chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaol sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaí ná a chonaic mé an lá sin
TUILLEADH (1) ▼
Ní chaitheann sé snig bháistí amach sna réigiúin sin ó bhliain go bliain ach nuair a dhéanas sé í, déanann sé go deannachtach í. Chuala mé mac Ph. Sh. a bhí in Australia ag rá go bhfuil áiteacha ansin nár facthas aon deoir bháistí ariamh. Tagann daoine ar an saol agus faigheann siad bás — agus b'fhéidir saol maith féin a fháil — gan aon mhúr báistí a fheiceáil. Is aisteach an chaoi a bhfuil cuid de na tíorthachaí bíodh a fhios agat
 
dearc
Bhí sé ag dearcadh idir an dá shúil orm ag ceapadh go dtairgfinn deoch dhó, ach dhá dtiteadh déidín aige dhá uireasa, dheamhan deoir de mo chuidse a gheobhadh sé le n-ól
 
dearg 1
Bhí a leiceann chomh dearg leis an gcaor. Ní thabharfadh sé deoir fhola le náire
 
Duine deaslámhach é M. An bhfeiceann tú an chuinneoig sin? Bhí sí faoi scáiniúchaí ar fad, agus thóg sé láimh os a cionn agus dheamhan an deoir fhéin atá sí a ligean thríthi anois
+
Go dtuga an diabhal coirce dhuit, crosaim aríst thú. Dhá dtiteadh déidín agat muis d'fhuireasa tae, dheamhan thiomanta deoir a chuirfeas tú ar do bhéal dhe go mbeidh sé in am agat é a chur air. Ní bhíonn sé ólta agaibh dhá mhionóid nuair a bhíos sibh ag sclamhaireacht dhá iarraidh aríst. Ní sheasfadh stór mór an tae libh leis an gcaoi atá oraibh
TUILLEADH (1) ▼
Ní thabharfainnse aon deoir óil dó dhá dtiteadh déidín aige. Bhí sé ina sheasamh thiar ag an gcuntar an-tsuáilceach go deo, agus é ag forcamhás ar chuile dhuine a thiocfadh ag glaoch deoch. Bhain sé féin an lá as an bpionta ag súil le chuile dhuine eile
 
deil 1
Deir tusa go bhfuil an bhróig sin ar deil, ach deirimse go bhfuil sí ar a dhonacht. An bhfeiceann tú an lasca sin? Ní bheidh díon deoir inti ach a dtaga an chéad chith bháistí
 
deilbh 1
Bhí chuile dheilbh eile déanta aige san oíche Dia Domhnaigh ach an pota a leagan síos, agus bhí sé le sin a dhéanamh an oíche sin. Ba cheart dó a bheith réidh faoi seo. Mura dtapaí tú é mar sin féin, dheamhan an striog a bheas aige. Ní túisce réidh anois é ná bhíos an iarraidh fuadaithe cruinn baileach. Mura bhfaighe tú aon deoir aigesean, tá tú réidh lena fháil in aon áit eile
 
Má bhíonn deoir ar bith caite aige feicfidh tú an deimheas sin air. Níl ag duine ach é a sheachaint an uair sin
 
Shíl sé deireadh a chur leat d'aon iarraidh. Dhá bhfaighteá an chloch, ní fhágfadh sí deoir in do chluais
+
deis
Is beag an deis atá acu anois aon deoir a dhéanamh ó cuireadh an droichead ar an abhainn. Níl a fhios acu, cén pointe a mbuailfidh póilí isteach acu idir chlár is chuinneoig
TUILLEADH (1) ▼
Cé a chuir an deis siúd ar an dúchán móna? D'fhága duine eicínt béal in airde é, agus níl deoir as aer nach bhfuil ólta aige. Is cuma le cuid de na daoine é, ach an t-ualach sin a thabhairt as agus é a fhágáil faoi thoil deona Dé ansin. Ní gan uí gan ó móin a fháil anois
+
deo
Ní fheicfidh tú é go deo aríst; go deo na díle; go deo dearg na díle; go deo na ndeor; go deo na ndreancaidí!; go deo ná go brách
TUILLEADH (1) ▼
Go deo aríst, ní bhfaighidh sí aon deoir bhainne anseo, ní dhá mhaíochtáil uirthi é. Dheamhan é, dhá dtiteadh an drandal aisti dhá uireasa
 
Tá geoladh deas aniar aneas anois ann. Tá sé ina chlaochmú. Ní móide go bhfeicfeá aon deoir anocht, ach feicfidh tú í shula gcaitear an lá amárach. Ba bhreá é an sioc. Aimsir theann fholláin í aimsir an tseaca. Tá an tír tolgtha ag an mbáistigh ó tháinig an bhliain
+
diaidh
Tá leathchoróin agamsa. Cuir thú féin ina diaidh, agus faigh leathghalún. Déanfaidh sin muid. Imeoidh muid ar an dá luath is a mbeidh an deoir deiridh dhe sin ólta
TUILLEADH (2) ▼
Cén meanmna a chas aníos chugainn é! Cheal nach bhfuil a fhios agat. I ndiaidh óil. Deile. Shíl sé go mbeadh aon bhrabach orainn. Bailíodh leis anois. Dhá dtiteadh déidín aige ag súil leis, dheamhan deoir a gheobhadh sé anseo
Bíonn caitheamh mór i ndiaidh an óil agam an uair a mbím in áit nach mbíonn an cóineas agam ar a fháil, ach dá mbeadh, ní iarrfainn aon deoir go héag
+
Ní thabharfadh sé deoir do Dhia shúlach ná dheamhan deoir — ní thabharfadh sé striog uaidh d'aon duine faoin saol; níl sé cóir ná flaithiúil faoina chuid óil; is deargphéisteánach é faoina chuid óil
TUILLEADH (2) ▼
Bhí tusa ag tnúthán le ól uaidh sin. Fuair tú amach é muis: fear nár thug deoir do Dhia shúlach ariamh
Cuirfidh sé seo soir anois pórtar ar an smaois ag Jóín ó chuaigh sé ar chomaoin a chaitheamh chor ar bith leis … Go bhfóire Dia ar do cheann a mhic ó. Deirimse comaoin leat. Tá tusa ag ceapadh go bhfuil sé ag tabhairt Jóín soir go dtí teach an ósta. Tá muis. Soir leat anois ag an tsáil acu go bhfeice tú an dtabharfaidh, agus cuirfidh mé mo rogha geall leat go siúlfaidh sé féin isteach i dteach an ósta agus go dtabharfaidh sé cead an bhealaigh do Jóín, mura dté sé isteach agus a chuid féin a sheasamh. Bíodh a fhios agat anois go seasfadh sé istigh ar an dradaireacht sin leis in aghaidh an chuntair, gan fiafraí dó (de) an raibh béal air. Sin é an cineál tútacháin é féin. Ní bhfaigheadh Dia shúlach an deoir uaidh
 
Tá sé gan dídean muis más i dtuilleamaí an tí siúd atá sé. Teach mo léan! Ní hea ná ainm tí. Nach bhfuil chuile dheoir dhá bhfuil amuigh istigh aige!
 
Tá dífhoscadh ann faoin seanmhóta siúd, ach ní bheadh deoir as aer nach mbuailfí ort ann ina dhiaidh sin.
+
díle 1
Go deo dearg na Díle aríst mar adeir S. T., ní ólfaidh mise aon deoir phórtair san áit ar ól mé aréir é. Ba gheall le blas gallaoireach a bhí air. Cén bhrí ach an phóit ó mhaidin! Tá snaidhm ar mo phutógaí, agus mo phíobán ina fhoirnís. Deargnimh atá aige
TUILLEADH (1) ▼
Tá an díle uisce in mo bhróga. Níl díon deor iontu théis mo dhá ghine bhuí a shíneadh orthu tá dhá mhí ó shin
+
díol 1
Tá sé sin ina chreagaire chomh mór agus atá as seo go Breatain. Dhá mbeadh sé in éindí leat go Lá Philip an Chleite, ní thairgfeadh sé aon deoir a ghlaoch, ach d'ólfadh sé go súite é. Is mór leis atá amhlaidh. Ach chreidim gurb iomaí duine a bheadh ar meisce mura mbeadh aon díol air
TUILLEADH (1) ▼
Bhí daoine ar meisce aréir, agus ag troid agus ag bruíon, nach bhfaca aon duine aon deoir ag dul ar a mbéal ariamh cheana. B'fhurasta sin dóibh ar ndóigh: is mór a bhíos ar meisce nuair nach mbíonn aon díol air. Fuair siad in aisce é
 
díol 2
Tá díol paróiste de ghleo aige ach a mbíonn aon deoir ólta aige
 
Tá an díolúnach de lao sin thoir i ndáil le caillte. Mura ndéana sibh teálta eicínt dhó, ní dhéanfaidh sé seasamh ar bith. Tá sé ina ghoróir thoir ansin i lúbainn an chlaí, agus chuile dheoir den bháistigh dhá bualadh air, agus gan é de ghus ann a theacht anoir faoin gclaí eile ar foscadh
 
Bhí cladach móna thuas ansin ar na portaigh againn murach a bhfuair sí de dhiomalú ó na gasúir bhradacha sin. 'Siad a chuirtí ag iarraidh aistireachaí i gcónaí, agus ba chuma leo sin ach a tógáil caoi ar bith ba túisce acu. Tá sí thuas ansiúd anois ina bhrachlainneacha amach ó bhéal na gcruacha, agus gan deoir as aer nach bhfuil ólta aici. Tá cion dhá lorry móna ann. Is mór an carghas breathnú uirthi
+
díon 1
An-tuíodóir é. Chonaic mise díon curtha aige ansin thiar nár lig aon deoir isteach ariamh gur dhreoigh sí anuas den teach le aois. Tá mé ag ceapadh go raibh scór blianta air ar chaoi ar bith shular theastaigh brat uaidh aríst. Bhí bua eicínt aige leis an tuí. D'fhuadh sé ar chaoi eicínt í nach ligfeadh sí an sileadh thríthi go brách
TUILLEADH (13) ▼
Níl díon ar bith ar do chraiceann leis an éadach tanaí sin. Ar ndóigh níl aon deoir amuigh nach mbeidh istigh aige sin. Loinnir a bhí tusa a iarraidh agus ní teacht aniar
Níl díon ar bith sa talamh aoil sin. Súnn sé chuile dheoir a theagas as aer. Nár slogadh abhainn taobh thoir de Ghaillimh cupla bliain ó shin, agus dheamhan amharc a facthas uirthi níos mó. Chuaigh sí síos go dtí an Tír Fó Thoinn san áit a raibh an Ridire Leathchaoch Leathrua is dóigh
Níl díon deor sna bróga seo — tá siad ag déanamh uisce as éadan. Níl deoir amuigh nach bhfuil ligthe isteach acu
"Tá mo chóta mór stróicthe agus níl i mo bhróga díon deor" (líne as amhrán)
Níl díon deor sna héadaigh seo — ligeann siad an bháisteach isteach; níl siad in ann tada a choinneáil amach
Sílim an teach atá aige anois nach bhfuil díon deor ann. Is beag an dochar dhó. Tá sé na cianta cairbreacha ó cuireadh aon stráca tuí air. Chuala mé an set sin a théas ag cuartaíocht ann ag rá go bhfeicfeá réalta an aeir amach thríd anois
Cró concrete é agus hé brí cén sórt suaitheadh a thug sé don choncrete nó cén bealach a ndearna sé é, níl díon an deoir féin sna ballaí. Shoraidh dhó nach ndearna cró cloiche. B'fhearr balla fuar go fada ná é siúd. B'fhéidir go mbeadh sé buille fuar, ach bheadh sé tirim. Dheamhan fuar a bheadh dó ach an oiread dhá mbuailtí le bualtraigh bó é mar a ghníodh na daoine ariamh. Tá chuile intreacht ag teacht amach anois, ach níl ina leath ach ealaín le dallamullóg a chur ar dhaoine. Sin é an méid
Meánn tusa anois an mbeidh díon deoir sa bpoll fataí sin ach a dteaga tuile bháistí. Bíodh a fhios agat nach mbeidh, scáth an scráib chréafóige sin atá taobh amuigh orthu. Ní bheidh fata ag gabháil leis an bpoll sin nach mbeidh ina aoileach má fhágann tú mar sin iad
Ara bail ó Dhia ort! Níl díon deoir sna bráicíní sin nuair a bhíos drochoíche ann. Nach maith a shaothraíos na maortha agus na báirseoirí é, scáth a bhfuil dóibh: sé phunt sa mbliain. Nach gcaithfeadh fear drabhlásach aon oíche amháin é. Agus caithfidh siad a dhul amach ar an abhainn dhá mbeadh sé ag cur sceana gréasaí. Sin é a bhfuil de theálta acu — na bráicíní sin
Siad bróga an fhear oibre iad mo léan! Dheamhan an deoir féin a bheadh ort ó na glúine anuas dhá mbeadh péire acu sin agat. Is mór eatarthu féin agus na clogs bhradacha sin nach bhfuil díon deor iontu dhá mbeifeá gan a dhéanamh ach an t-urlár a shiúl. Ná bac le tada ach leis an gcois fhliuch! Tá sí in ann fear a tholgadh gan achar ar bith
Níl díon deor sa gcaipín seo ach sin é an chuma a chuir mé orm féin agus mé dhá ceannacht. Bhí mé lá báistí i nG. agus mé in mo mhaoil. Is gearr go raibh mo chloigeann ina líbín. 'Ceannóidh mé caipín,' arsa mise liom féin. Isteach liom de mhaoil mo mhainge sa gcéad tsiopa ba túisce agam. 'Leag anuas caipín agam,' adeirimse. Leag. 'Cé mhéad.' 'Trí scilleacha.' Shín mé amach aici iad. Sin é a raibh de Bhéarla ná de Ghaeilge ann, ach ní raibh mé féin anoir ar A. Dh. L. nuair a bhí mo cheann ina líbín in athuair
M'anam go bhfuil fear an bhóthair sách dona freisin: gurb é atá. Amuigh ansin ar lom an bhóthair agus a shluasad aige, agus dhá dteagadh sé ina dhíle, gan díon deor aige ná gair aige corraí. Ach níl siad chomh géar anois agus a bhídís roimhe seo. D'fhéadfá ráig a ligean thart anois, ach mo choinsias má bheireann siad fós féin ort, is beag is aite leo é. Chonaic mé fear acu ag teacht amach ansin thiar anuraidh …
Níl díon deor aige aon lá sa mbliain thuas ar an sliabh úd. Shílfeá sa mí-ádh go ndéanfadh sé sórt teálta eicínt dó féin le múr a ligean thairis. Tá an áit siúd chomh sceirdiúil agus go bhfeannfadh sé an fia. Ach is fearr leis seasamh ar aghaidh na riteachta ná anró ar bith a chur air fhéin. 'Sé an leadaí is mó ar a dhá chois é. Ní bhainfeadh sé aon cheart d'obair ar bith eile ach an obair atá air, agus is mór mór an t-ionadh go bhfuil sé ag seasamh léithe sin féin
 
Níl aon cheo aige siúd nach bhfuil díonmhar. Tá na sciobóil agus na háirgí atá timpeall an tí chomh díonmhar leis an teach cónaí. Dhá mba é bosca an mhadadh féin é, tá líonán aige taobh istigh leis — píosa de chóta mór oláilte — ar fhaitíos go dteangmhódh deoir ar bith leis. D'éireodh sé amach agat as an mbosca sin ar maidin chomh tirim le fear as leaba chlúmhaigh
 
diúg
Gheobhadh sé sin cárt fuisce ag an seacht a chlog tráthnóna agus ní bheadh deoir ann ag an deich nach mbeadh diúgtha aige, agus deirimse leat nach bhfeicfeadh aon duine eile tada dhá bhrabach. Shílfeá muis, lena fheiceáil ag ól, nach mbeadh gloine go tóin aige faoi cheann seachtaine
 
diúl
Tá laoidín diúil againn, agus is deacair leis aon deoir bhainne a ól chor ar bith, théis gur chaith muid an tsíoraíocht ag tabhairt méire dó. Níl aon mhaith aige ann mura bhfaighe sé cead diúil ar an máthair
+
Ní hé an mac amháin a mhic ó, ach phógfadh sé agus dhiurnfadh sé a raibh istigh dhá dtugtaí cead dó. Bhí an deoir faoina shúil! 'Cén chaoi a bhfuil do cholainn uasal,' adeir sé liomsa
TUILLEADH (1) ▼
Rug sí orm i lár na sráide agus phóg sí agus dhiurn sí mé os comhair na tíre. Ní thabharfainn deoir fhola le náire. Cén bhrí nó gur thosaigh sí ag caint: 'a mhac mo chol ceathar, a mhac mo chol ceathar nach bhfaca mé leis an fhad seo …' Mo choinsias is dar m'anam, níor tháinig aon lá ariamh mar é ar shlata an bhaile mhóir, agus cáir ar chuile fhear
 
dlí
Tá sé ag teacht amach ina dhlí anois nach mbeidh cead deoir ar bith a ól ach dhá lá sa tseachtain
 
docht 1
Ní ól ar bith é an lemonade bradach sin. Bhí mé thoir ansin lá in éindí le M. B. agus le S. Ó. C. agus J. N. Chaith mé an lá ag ól an lemonade: buidéal ar an bpionta leosan. Chuir sé docht orm faoi dheireadh. Dheamhan deoir a bhí mé in ann a dhéanamh thríom síos aige. Shíl mé go raibh mé réidh. Dúirt D. liom a dhul amach agus an t-uisce a fhágáil ag scairdeadh as an tap go ceann scaithimh. Sin é an uair a tháinig sé
 
docht 2
Ní bhainfidh tú é, gan turnscrew. Tá sé ródhocht. Ach d'éireodh dhó: ní raibh deoir as aer le dhá bhliain nár buaileadh air sin
 
dod
Thosaigh an bhó ag gabháil le dod, agus ní bhlífinn deoir bhainne uaithi murach gur fháisc mé buarach uirthi
 
dóigh 1
Ní holc an dóigh poitín chor ar bith é tigh S. Mh. B'annamh leis a bheith folamh pé ar bith céard is cor dó ar an saol seo. Mura n-éirí aon bhraon leat ann, déarfainn leat do shúil a bhaint dhe. Gabhfaidh sé rite leat aon deoir a fháil ar a mhalrait
 
dóigh 2
Dheamhan an dóichíde rud dá ndéanfadh sé siúd ná T. Sh. a ionsaí má bhíonn deoir ar bith caite aige
 
dóigh 3
Tá seanchur réasúnta, ach ná bac le cur óg. Tá sé sin dóite ar chuma ar bith. Is beag an dochar dhó agus gan deoir (bháistí) a bhualadh air ón aonach beag
+
dóirt
Go lige Dia slán a mháithreach! Tá chuile dheoir go tóin den cheaintín bainne dóirte ag an raibiléara. D'imigh an diabhal ar a cuid dodaíola
TUILLEADH (4) ▼
Dóirtfidh mé chuile dheoir fhola in do chorp a spreasáinín bhradaigh mura lige tú de do chuid sceaimhínteachta. Is mór an tseanmóir thú i dteach ar bith
Ní ag ligean thríd atá sé ach ag dórtadh. Ní choinneoidh an soitheach seo aon deoir uisce dhaoibh níos mó. Tá sé réidh leis, mura dté an-stoipéad ann. Ar an gcaoi sin féin tá sé réidh. Tá an iomarca méide sa bpoll atá air
Beannacht Dé dhuit! Ná samhlaigh a chuid bróg sin liom, muran leat corraí intinne a chur orm. Cheannaigh mé péire an lá cheana uaidh ar dheich is dhá fhichead. Ní raibh siad seachtain ar mo chois nuair a bhí an dórtadh isteach thríothu. Dheamhan focal bréige atá mé a dhéanamh leat. Luach mo dheich is dá fhichead, níl díon deor iontu. Nach in é an scrios i dtír!
Lá an-bhróllach (brothallach) a bhí ann agus bhí mé ag dórtadh allais. Ní raibh luach an phionta fhéin agam. 'Iarrfaidh mé trust ar Sh. J.,' arsa mise liom féin. Ar ndóigh bhí agam fios a bheith agam nach dtabharfadh an ceann céanna aon deoir do dhia shúlach gan a luach a shíneadh amach ar an gcuntar i dtosach aige
 
domlas
'Sé an fáth domsa gan aon deoir a ól: bhí mé Domhnach anseo, tá naoi nó deich de bhlianta ó shin, agus casadh ag stillhouse ar an Mh. M. mé. Bhí an iarraidh críochnaithe go díreach acu: muintir Mh. Á. D'ól mé an oiread dhó agus gur chuir mé chun domlais mé féin leis shular fhága mé an stillhouse. Anoir tigh Mh. Á. linn ansin, agus d'fhan mé ann an lá sin agus an lá ina dhiaidh, agus mé tite dallta i gcaitheamh an achair. Ní raibh mé agam féin ceart go ceann míosa. Dúirt mé liom fhéin, hé brí céard a dhéanfadh Dia liom, nach mblaisfinn d'aon deoir phoitín aríst go brách
 
Donóidh sé sin duine eicínt sula n-éirí sé as. Is furasta a aithinte nach í bara a leasa a bhí faoi an lá ar thosaigh sé ag tabhairt chomhluadair don bhithiúnach seo thoir. An bhfuil a fhios agat céard a rinne siad an oíche cheana: a dhul isteach go dtí seanN. bhocht agus an cúpla tosaigh dhá phlioncadh eatarthu. Murach T. Sh. a casadh isteach, dheamhan deoir a d'fhágfaidís ann
 
Bhí uan meirbh againn anseo an bhliain cheana, agus níor ól sé aon deoir dhá lacht ariamh ach léar (de réir) mar a choinníodh muid bainne leis istigh ar an teallach. Dar príosta d'itheadh, agus sweets agus siúcra agus chaon tsórt as cúl do ghlaice. Bhí sé ina dhónaillín dhona go ceann fada. Ach rinne sé a bhiseach uileag d'aon iarraidh amháin sa deireadh. Dhá laghad meas dá raibh againn air, ba é an chaora ab fhearr ag gabháil liom é an t-am ar dhíol mé é
 
Donn réidh uilig a cuireadh d'adhmad ar an teach seo. Níl aon taobhán giúsaí ag gabháil leis. Cuirfidh mé geall leat nach bhfuil. Tá a shliocht air: chomh luath agus a tháinig aon deoir den bháisteach anuas ann, thug na rataí uathu. An bhfeiceann tú an dhá chúpla sin ansin. Dheamhan a fhios agam cén pointe a dtiocfaidh siad anuas faoin mullach orainn
 
drad
An bhfeiceann tú an deis atá ar an diabhlánach de chat anois. Tá drad air théis chuile dheoir den bhainne a ól
 
draoi
D'ól sé an draoi fuisce. Nach aige atá an acmhainn air! Dá n-ólainnse ná thusa ar chuma ar bith a leathoiread, is iomaí tradhall a bainfí asainn go mbeadh muid sa mbaile. Ach dheamhan aithne deoir a bhí air
+
Bhí sé seo thíos ann, agus go deimhin má bhí féin, bhí sé mar is minic leis a bheith, ina dhreancán bhradach. Séard a bhí a dhéanamh leis, a smut a bhriseadh. Is mór an úis é nuair a bhíos aon deoir caite aige
TUILLEADH (1) ▼
Nach bhfeiceann tú ina dhreancán é sin agus gan deoir ina bholg. Tá an drocháisc istigh; tá sin. Sin é atá dhá dhéanamh air
 
driog
Rug sé ansin orm in aice an ailt. 'Sé a raibh ann go bhfeicfeá lorg ann agus níor tháinig deoir fhola. Ach mura dtáinig, bhí pian ann. Timpeall is leathuair ina dhiaidh sin d'airigh mé na driogannaí cráite ag snámh suas thrí mo láimh — suas go gualainn, agus níor fhan mothú ná arann i gcrobh mo láimhe. Chuir mé fios ar an dochtúr de léim. Níor mhór dhom féin gur chuir. Dhá bhfágainn leathuair eile í adeir sé, bhí mo chnaipe déanta. Chaithfí an láimh a bhaint anuas ón ngualainn díom
 
D'fhéadfá a rá go raibh driopás ormsa, arae bhí faitíos orm nach mbéarfadh an sagart uirthi beo. Mo chreach mhaidne ghéar tú, is uirthi nach raibh an mhairg roimhe: ina suí suas ag ithe bruithneoige di féin as an ngríosaigh. Cuirfidh sí fód orainn uileag fós. Ach má mhaireann di le na hualaí siúd, ní bheidh deoir ar bith ola ag an sagart nuair a theastós an ola a dhul orainne
 
Ní bheadh aon ghair agat é sin a thabhairt in áit ar bith tá sé chomh cantalach drisíneach sin. B'fhéidir gur tosaí ag gol agus ag gárthaíl a dhéanfadh sé agus thú a náiriú. Ní bheadh sásamh ná séanadh air mura dtugainn chuig an aifreann é Domhnach anseo i mbliana, agus ní cheideonainn ar a bhfaca mé ariamh é nuair a bhí sé déanta agam. D'áitigh air ag blaoch agus ag blaidhriúch, gur thug sé aghaidh an tséipéil orm. Ní thabharfainn deoir fhola le náire
 
Chuaigh sé tharam féin agus rinne sé droichead díom. Dheamhan deoir den phórtar a thairg sé dhom, théis go raibh sé ag cur muigín dhe ar J. Th. a bhí le mo thaobh. Cosa fuara a bhí siad a thabhairt orm féin faoi rá is go ndeachaigh mé ann gan chuireadh
+
droim
An dtomhaisfeá cén áit atá leagtha amach aige leis an teach a dhéanamh: thíos ar dhroim na leice siúd ar cholbha an bhóithrín. Ní thiocfaidh aon deoir faoi go sleibhe ar chaoi ar bith
TUILLEADH (4) ▼
D'fheicfeá an rosamh ag caithriú anuas ar dhroim agus ar ghualainn an chnoic sin agus gan deoir as aer anseo. Ach is túisce go mór a ghníos sé báisteach thuas ar an gcnoc ná anuas anseo sna hísleáin
D'ólfainn bairille pórtair dhá dhroim an pointe seo de ló, tá an oiread sin íota orm ó na faoitíní sin. Bhí agam fulaingt leis i dtosach agus gan deoir ar bith a ól. Dhá ndéanainn sin, bhí agam. Ach ó ólfas tú deoch ar bith, tá sé chomh maith dhuit gan an soitheach a bhaint de do bhéal uaidh sin amach
Fear an-airdeallach a bhí ansin ag tiomáilt mótair. Ní óladh sé deoir ná snig. Agus féacha ina dhiaidh sin gur cuireadh de dhroim seoil é. Cuireadh agus i lár an lae ghléigil freisin. Dheamhan carr a chuaigh ariamh cheana san áit ar cuireadh é. Deir siad nach leithne an t-aer ná an timpiste. Is minic amhlaidh é, i nDomhnach
Is diabhlaí nach bhfuil deoir phoitín ar bith sa tír anois. Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid póilíos! Bhí sé fánach ag na póilíos an ceann is fhearr a fháil air, ach 'siad na misinéaraí a chuir droim díbeartha air. 'Siad a bhí deas air. Nuair a thosaigh sé siúd ag scamhailéireacht agus ag loscadh mionnaí mhóra, níor lig an faitíos d'aon duine gan a chomhairle a dhéanamh mura mbeadh bairillín bréan — poll fataí d'fhear — mar é sin thíos ann go díreach. Ach duine ar an deascán é sin … Tá a fhios ag an lá gur imigh an tsuáilce as an tír an lá ar imigh an poitín. Ba é "Bainne Dubh na Féile" é dháiríre
 
dronn
Is deas uaidh cruach choirce a dhéanamh go deimhin! Ní raibh é a ligean suas ar chruach ar bith. Breathnaigh ar an gcruach sin amuigh agus an dronn a d'fhága sé uirthi. Níl díon deoir inti
 
dúch
Níl deoir dúigh sa teach
 
Bíonn sé sin ina mhadadh dúchais ag imeacht chomh luath agus a bhlaiseas sé d'aon deoir phoitín. B'éigean a chur soir cheana (go dtí an gealtlann i mBéal Átha na Sluaighe)
 
Is dóigh gur fadó cheana nár ól sé aon deoir tae agus chomh dúlaí ann agus a bhí sé. Líon mé an muigín dó go buinne bruach ach má líon féin ní raibh aon fhuílleach ina dhiaidh … Tá an náire caite i gcártaí ar an saol seo
 
dún
Tá sé dúnta go maith, déanadh sé aon deoir nó ná déanadh
+
Tháinig urlacan air ab ea! Chuir sé aníos an dúradán dubh dá phutóig. Níl acmhainn aige deoir ar bith a ól nach mbíonn sé ar an gcaoi chéanna — níl sin
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal neart ag an duine bocht air. Mar sin atá sé i gcónaí, ach blaiseadh d'aon deoir óil. Ní fhanfaidh a dhath ar a ghoile ar an bpointe. An dúradán dubh atá ina bholg, cuireann sé aníos é. Ach is deacair a chomhairleachan ina dhiaidh sin. Ní beo é gan a dhul ina ghaire agus a dhul ag blaismínteacht dó
 
Diabhal dúrúch go héag mar atá air! Dúrúch óil! Dhá gcloiseadh sé go mbeadh iarraidh fuisce déanta i mB. na gC., dheamhan méir a bhainfeadh sé dhá shrón go seasfadh sé thuas ann. Nach bhfeiceann tú an chaoi a bhfuil sé má chloiseann sé go mbíonn aon deoir phoitín i dteach ar bith, go mbíonn sé ar siúl go bhfaighe sé leithscéal eicínt a dhul isteach ann. Nach in é do dhóthain.
 
Thosaigh ceathrar againne cheana Lá Nollag ar ghalún fuisce poitín — mé féin agus P. agus S. Sh. Ph. agus L. Sh. Ph. – agus ní raibh deoir ann ag an dó dhéag a chlog an oíche i ndiaidh Lá Fhéil Stiofáin. Nach muid a chuaigh ina éadan go dúshlánach!
 
Ní dheachaigh deoir óil ar a bhéal ó shin