Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
blogam, bolgam, blogaimín
1.
a.
lán do bhéil; an oiread de lacht agus a thógfá in do bhéal d'aon iarraidh amháin.
+
Chaith siar an blogam seo — ag tairgeachtáil gloine fuisce nó óil do dhuine
Ná déan an darna blogam dó. Chaith siar in éindí é.
TUILLEADH (11) ▼
Ól an blogaimín seo agus go ndéana sé maith agus sláinte dhuit!
An n-ólfaidh tú blogam tae.
Suigh isteach agus ól dhá bhlogam tae.
Tá sé in am acub blogam fuisce a roinnt.
Tabharfaidh sé aire don teach sin an fhad is aireos sé aon bhlogam fuisce ina dtimpeall.
Níl dhá bhlogam bainne ag an mbó le seachtain.
Tá bainne dhá cheann sa gcanna sin anois agus feiceann tú fhéin nach bhfuil dhá bhlogam ann. Ní fiú í a bhleán chor ar bith níos mó.
D'ól sé a raibh ann d'aon bhlogam amháin.
Dhá bhféadainn an blogaimín porter a choinneáil liom fhéin, ní bheinn basctha chor ar bith - dhá mbeadh luach an porter agam, ní bheadh cailleadh ar bith orm
Má fhaigheann tú blogam dhe sin i dteas na pluide beidh tú i do bhrín óg ar maidin.
Is fearr blogam easpach ná blogam iomarcach dhe sin (d'ól)
+
Fuair muid blogaimín de bhainne na heasóige agus chuir sé cuimhne an tsaoil as a (ár) gceann — fuair muid riar de bhainne dhubh na féile (poitín), agus ní raibh cúrsaí an tsaoil ag déanamh aon imní dhúinn uaidh sin amach.
Ar éirigh aon bhlogam de bhainne dubh na féile leat inniu.
TUILLEADH (1) ▼
D'ól mé blogam de shú na heorna (de shú an ghráinne eorna) inniu — d'ól mé roinnt nó riar dhe
·
Níor ól mé deoir ná blogam inniu (téann deoir agus blogam le chéile).
Dheamhan thiomanta deoir ná blogam a chuaigh ar mo bhéal ó mhaidin.
b.
·
Tá blogaimín ar bord aige — tá ól déanta aige; tá blogam caite aige
2.
 (faoi chaint) focal nó caint neamhchoitianta nó gairéideach, nó focal nó caint a mbeadh meáchan inti.
+
Tá blogamachaí móra Béarla aige — tá focla agus ráití deacra dothuigse Béarla aige
Ar chuala tú na blogamachaí Béarla a bhí aige?
TUILLEADH (4) ▼
Is mór an blogam Béarla é sin
Éirigh as na blogamachaí móra anois, i riocht is go dtuigfidh na daoine thú.
Ní thuigfidh muintir na tíre seo na blogamachaí móra sin chor ar bith
Dúirt sé blogam Béarla eicínt, agus ní raibh a fhios agam ó Dhia anuas céard é fhéin, ach tháinig mé leis, mar dhóigh dhe gur thuig mé é.
+
Is breá an blogam cainte é sin — caint shnoite shlachtmhar agus meáchan inti
Cár chuala tú an blogam cainte sin nó an tú fhéin a chuimhnigh air as t'údarás fhéin.
TUILLEADH (3) ▼
Is diabhaltach an blogam é sin, muran ag duine eicínt eile a chuala tú é.
Is dhó is fusa blogamachaí cainte a bheith aige mar is beag í a mhaith na mhaoin, cé is moite dhá léann sé.
Óna athair a thóg sé na blogamachaí móra uileag.

Féach freisin

blogam in iontrálacha eile (12)

 
Má bhí an oiread sin boige shíne ann inniu, i nDomhnach b'annamh leis. Ní fhaca Dia ná duine ag seasamh deoch ná blogam ariamh cheana é, ach dhó fhéin.
 
Ar ndóigh, bhí sé an damhadh réag san oíche an uair sin. Bhí an chéad eadra glaoite ag an gcoileach ar aon nós. Nárbh aisteach an tráth d'aon duine a theacht ar a chuairt é. Ach chreidim murach go raibh blogam caite aige nach rachadh sé ag cur teach ar bith ina shuí an tráth sin
 
daor 3
Ach a bhfaighe mise greim ar an droinníneach asail sin aríst, tabharfaidh mise luach a chuid bóithreoireachta dó. Coinneoidh mé seachtain ar stábla é gan greim, deoch ná blogam, agus ansin tabharfaidh mé amach é sa ngarraí is crinnte ag gabháil liom, agus gheobhaidh mé rópa rua, agus cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air go gcoinneoidh a smut seanchas leis an gcréafóig. M'anam gur leis an gcréafóig a choinneos sé é, mar go gcuirfidh mise i ngarraí é nach mbeidh aon fhoithnín féir de bhia na talúna ann
 
deifir
D'fhéadfá fanacht le blogam tae. Cá'il do dheifir ag dul, ach an oiread leis siúd?
 
Mura mbeadh ann ach an blogam, thabharfadh sé an blogam deiridh dhuit
+
deoir
Níor ól mé deoir ná blogam
TUILLEADH (1) ▼
Níor ól sé deoir ná blogam ariamh
 
diúg
Is agat atá an diúgadh air. Ní chaillfidh sé thú. Caith siar í as láimh, go lige mé thart an blogam seo shula thiocfas aon duine isteach. Níl cuid an roinnte ann
 
Deir sé nach gcuirfeadh sé a chois chlí ná dheas isteach thar an tairsigh aríst go deo acu leis an doicheall a bhí acu roimhe Dé Domhnaigh seo caite. Is beag nár dhúirt siad leis go mb'fhearr leo go bhfanfadh sé uathu. Ní dhearna sé dhá mhionóid moille ann gur ghlan sé leis gan greim gan blogam
 
Ní raibh comhairleachan ina chionn. Phós sé í. Phós ar na drochóirí dhó féin. Níor fhága sí bonn bán air. 'Sé an chaoi a mbíodh na páistí a bhí acu amuigh i chuile theach ar an mbaile ag forcamhás — na créatúir — go réitítí blogam tae. Iad leathchaillte sa mbaile. Dhá mbeadh breith ar a aiféala aige ní phósfadh sé an uair sin í, ach ina dhiaidh a feictear don Éireannach a leas
 
droim
Tá mo bholg thiar in mo dhroim agam ag imeacht ar phutógaí folmha ó mhaidin inniu. Dheamhan thiomanta greim deoch ná blogam a chuaigh ar mo bhéal ó d'imigh mé as seo ar maidin. Nach bhfuil ceart agam ocras féin a bheith orm
 
Bhí mé ann cheana agus ba dona a chuaigh sé dhom, más dhá inseacht do charaid é. Ní bhfuair mé greim deoch ná blogam ann. Briseadh mo bhicycle ag teacht abhaile agus bhí mé thar bharr mo chéille ag iarraidh é a dheasú le solas na gealaí. Sheas mé tigh Ph. le buidéal pórtair a ól agus goideadh mo chloigín. Nach in é do dhíol!