Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Blogam (bolgam) bloigimín
1.
a.
lán do bhéil; an oiread de lacht a's thóigfeá in do bhéal d'aon-iarraidh amháin.
+
Chaith siar an blogam seo = a' tairgeachtáil gloine fuisce nó óil do dhuine
Ná déan an dárna blogam dó. Chaith siar in éindigh é.
TUILLEADH (11) ▼
Ól a' bloigimín seo, a's go ndéana sé maith a's slainte dhuit!
A' n-ólfa tú blogam tae.
Suidh isteach a's ól dhá bhlogam tae.
Tá sé in am aca(b) blogam fuisce a roinnt.
Tiubhra sé aire do'n teach sin, an fhad's aireochas sé aon-bhlogam fuisce in a dtimcheall.
Níl dhá bhlogam bainne ag a' mbó le seachtmhain.
Tá bainne dhá cheann sa gcanna sin anois, a's feiceann tú fhéin nach bhfuil dhá bhlogam ann. Ní fiú í 'bhleághan chor a' bith níos mó.
D'ól sé 'raibh ann d'aon bhlogam amháin.
Dhá bhféadainn a' bloigimín 'porter' a choinneál liom fhéin, ní bheinn basctha chor a' bith = dhá mbeadh luach a' 'porter' agam, ní bheadh cailleadh 'bith orm.
Má fhaghann tú blogam dhe sin i dteas na pluide beidh tú 'do bhriain óg ar maidin.
Is fearr blogam easbadhach ná blogam iomarcach dhe sin (d'ól)
+
Fuair muid bloigimín de 'bhainne na h-easóige' a's chuir sé cuímne an tsaoghail as a' (ar) gceann = fuair muid riar de bhainne dhubh na féile' (poitín), a's ní raibh cúrsaí an tsaoghail a' déanamh aon-imnidhe dhuinn, uaidh sin amach.
Ar eirigh aon-bhlogam de 'bhainne dubh na féile' leat indiu.
TUILLEADH (1) ▼
D'ól mé blogam de shugh na h-eorna ("de shugh an ghráinne eorna") indiu = d'ól mé roinnt nó riar dhe.
·
Níor ól mé deor ná blogam indiu (teigheann "deoir" a's "blogam" le chéile).
Dheamhan thiomanta deoir ná blogam a chuaidh ar mo bhéal ó mhaidin.
b.
·
Tá bloigimín ar bord aige = tá ól déanta aige; tá blogam caithte aige
2.
faoi chainnt — focal nó cainnt neamh-choitchiannta nó gairéideach, nó focal nó cainnt a mbeadh meadhchan innte.
+
Tá blogamachaí móra Béarla aige = tá focla a's ráidhtí deacra, do-thuigse Béarla aige.
Ar chuala tú na blogamachaí Béarla a bhí aige?
TUILLEADH (4) ▼
Is mór a' blogam Béarla é sin.
Eirigh as na blogamachaí móra anois, i riocht's go dtuigfe na daoine thú.
Ní thuigfe muinntear na tíre seo, na blogamachaí móra sin chor a' bith.
Dubhairt sé blogam Béarla eicínt, a's ní rabh fhios agam ó Dhia anuas céard é fhéin, ach tháinig mé leis, mar dhóigh dhe gur thuig mé é.
+
Is breagh an blogam cainnte é sin = cainnt shnuighte shlachtmhar a's meadhchan innte.
Cá'r chuala tú an blogam cainnte sin, nó'n tú fhéin a chuímnigh air, as t'ughdarás fhéin.
TUILLEADH (3) ▼
Is diabhaltach a' blogam é sin, maran ag duine eicínt eile a chuala tú é.
Is dhó is fusa blogamachaí cainnte 'bheith aige, mar is beag í 'mhaith na mhaoin, cé's moite dhá léigheann sé.
Ó'n 'athair a thóig sé na blogamachaí móra uiliog.

Féach freisin

Blogam in iontrálacha eile (12)

 
Má bhí an oiread sin buig-shíne ann, indiu, indomhnach b'anna(mh) leis. Ní fhaca dia ná duine a' seasa(mh) deoch ná blogam ariamh cheana é, ach dhó fhéin.
 
'Ar ndú', bhí sé an damhadh réag ins an oíche an uair sin. Bhí an chéad-eadradh glaoidhte ag an gcoileach ar aon-nós. Nacharb' aisteach an tráth d'aonduine a theacht ar a chuairt é. Ach chreidim marach go raibh blogam caithte aige nach rachadh sé ag cur teach ar bith in a shuidhe an tráth sin
 
daor 3
Ach a bhfaghaidh mise greim ar an druinníneach asail sin aríst tiubharfaidh mise luach a chuid bóithreoireacht' dó. Coinneochaidh mé seachtain ar stábla é gan greím, deoch ná blogam, agus annsin tiubharfaidh mé amach é ins an ngarrdha is creínnte ag gabhail liom, agus gheobhaidh mé rópa ruadh, agus cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air, go gcoinneochaidh a smut seanchus leis an gcréafóig. M'anam gur leis an gcréafóig a choinneochas sé é, mar go gcuirfidh mise ingarrdha é nach mbeidh aon-fhuínín (fhoinín) féir de bhiadh na talmhan' ann
 
deifir
D'fhéadfá fanacht le blogam tae. Cá'il do dheifir ag dul, ach an oiread leis siúd?
 
Mara mbeadh ann ach an blogam, thiubharfadh sé an blogam deireadh dhuit
+
deoir
Níor ól mé deoir ná blogam
TUILLEADH (1) ▼
Níor ól sé deoir ná blogam ariamh
 
diúg
Is agad atá an diúgadh air. Ní chaillfidh sé thú. Caith siar í as láimh, go leigidh mé thart an blogam seo shul a thiocfas aon-duine isteach. Níl cuid an rointe ann
 
Deir sé nach gcuirfeadh sé a chois chlí ná dheas isteach thar an tairsigh aríst go deo aca leis an doicheall a bhí aca roimhe Dé Domhnaigh seo caithte. Is beag nar dhubhairt siad leis go mb'fhearr leo go bhfanfadh sé uatha. Ní dhearna sé dhá mhionnóid moille ann gur ghlan sé leis gan greim gan blogam
 
Ní raibh comhairleachan in a chionn. Phós sé í. Phós ar na drochóirí dhó féin. Níor fhága sí bonn bán air. 'Sé an chaoi a mbíodh na páistí a bhí aca amuigh is 'chuile theach ar an mbaile ag forcabhás — na créatúir — go réidhtighthí blogam tae. Iad leath-chaillte ins an mbaile. Dhá mbeadh breith ar a aithmhéala aige ní phósfadh sé an uair sin í ach in a dhiaidh a feicthear do'n Éireannach a leas
 
droim
Tá mo bholg thiar in mo dhruim agam ag imeacht ar phutógaí falamha ó mhaidin indiu. Dheamhan thiomanta greim deoch, ná blogam a chuaidh ar mo bhéal ó d'imigh mé as seo ar maidin. Nach bhfuil ceart agam ocras féin a bheith orm
 
Bhí mé ann cheana agus ba dona a chuaidh sé dhom, má's dhá innseacht do charaid é. Ní bhfuair mé greim deoch ná blogam ann. Briseadh mo "bhicycle" ag teacht abhaile agus bhí mé thar bharr mo chéille ag iarraidh é a dheasú le solas na gealaighe. Sheas mé tigh Ph. le buidéal pórtair a ól agus goideadh mo chluigín. Nach shin é do dhíol!