Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deifir
/d′ef′ir′/
ainm-fhocal; buineann
tuiseal geineamhnach uathaidh: deifire: deifre, ach is focal é nach dteagann claochmú tuisil air go minic, ach an t-alt a athrú go dtí "na".
bruid, deabhadh; driopás, anbháthadh, forrú, antlás, beodhas.
a.
+
Tá an-deifir ort.
Bhí dubh-dheifir air
TUILLEADH (7) ▼
Bhí deifir mhór (dhiabhalta, dhalba agus rl.) air
Bíonn deifir an domhain (an tsaoghail, deifir a bhfaca tú ariamh agus rl.) air
Bhí an oiread deifir' air agus a bheadh ar fhear a bheadh ag dul ag iarraidh cailleach do bhean a bheadh air a céad-pháiste
Tá deifir orm
Ná bac le deifir! Is air siúd a bhí an deifir
Deifir ag an deamhan ort! (deifir as ort! agus rl.). Breagh nach ndéanann tú deifir mar sin agus gan a bheith ag caint fúithe
Is beag an deifir atá ar siúd mo léan amach in a ghnatha
+
Tá deifir cladaigh (Aifrinn, sochraide, portaigh, féir, bóthair, scoile agus rl.) orm
Is beag de'n deifir chladaigh seo atá ar Mh. Sh. Gh. Níl an rabharta ag cur mórán imní air, agus b'fhéidir gur b'aige atá an ceart
TUILLEADH (9) ▼
Shílfeá go bhfuil an-deifir scoile ar na gasúir seo indiu, hébrí céard a bhain dóibh
Ní deifir portaigh atá air, mo léan, mar atá ar dhaoine eile. Dheamhan eirghe a ghníos sé go dtí an h-aondéag 'chuile lá
Is mór de dheifir garrdha agus guirt a bhí air ariamh, agus céard atá dhá bharr aige indiu ach an oiread linne. Dheamhan a dheatach!
Ní fhaca mé aon-deifir faoistin ariamh ort thar aonduine sa teach. Marach gur tapuigheadh tú anuiridh, bheadh faoistean na Cásca leigthe thart agad
Nach mór an deifir damhsa atá oraibh! Dhá mbadh é an garrdha nó an portach é, ní bheadh a leath-oiread deifir oraibh
Brugh agus ding oraibh mara beag an deifir eirghe atá oraibh
Mo léan, tá an deifir amach oraibh. Dhá mbeadh an deifir isteach oraibh cho maith sin, dhéanfadh sib cúis = daoine agus fonn orra dul chuig damhsaí agus eile
Tá deifir 'un bídh air
Tá deifir go Gaillimh air
+
D'imigh sé agus deifir air deirimse leat! = bhí deifir air ag imeacht agus níor mhór dhó mar cuireadh faitíos air
Imeochaidh sé sin agus deifir air, má theagann sé anocht
TUILLEADH (10) ▼
'Sé a d'imigh agus an deifir air
Cuirfidh mise deifir ort ag imeacht mara n-imighidh tú uait féin
D'imeochadh sé agus deifir air, dhá mbeinnse istigh!
Cuirfidh mise amach é agus deifir air!
Tiubharfaidh sé aníos é agus deifir air, má chasaimse leis!
Mara dteighidh tú 'chodladh as réidhteach, gabhfaidh tú chodladh agus deifir ort ar ball
Má chuirimse an póilí in a dhiaidh, déanfaidh sé é agus deifir air
Dar fiadh dhá bhfeicinnse é, d'fhágfadh sé annsin é agus deifir air
A dhailtín bhradaigh mara dteighidh tú amach ag an scoil, gabhfaidh tú amach agus deifir ort!
Árdóchaidh sé é agus deifir air, ach feadh 's mise é a fheiceál. Sé'n rud is lugha dhó an bhearna a thógáil lá agus go dtug muid casán dó ann
+
D'imigh sé faoi dheifir = bhí deifir air ag imeacht
Rinneadh é sin faoi dheifir agus tá a shliocht air: tá sé maoilscríobach
TUILLEADH (7) ▼
B'éigin duithe (//) imeacht faoi dheifir
Chonnaic mé ag dul siar é le an-deifir. Diabhal a leithide de dheifir
Rinne mé é sin le an-deifir
Ghabhfá G. in imeacht trí ceathramhnaí uaire ach badh le an-deifir é
Dhá gcuirtheá lá é, badh le an-deifir é
Cheannuigh mé é as deifir, agus tá a shliocht air: níor bhreathnuigh mé chor ar bith ceart air, ach a chrochadh liom
Is minic le duine siléig a dhéanamh mar sin as deifir
+
Cá'il do dheifir ag dul? = cé'n áit a bhfuil an oiread sin deifre ort; céard atá le déanamh agad le go mbeadh an oiread sin deifir ort?
Leig do scíth. Cá'il do dheifir ag dul
TUILLEADH (4) ▼
Ara suidh fút go fóilleach agus déan do chuairt. Cá'il do dheifir ag dul?
Cá'il mo dheifir ag dul ab eadh? Nach bhfuil aoirde crann luinge d'fheamainn dearg sa gCaladh!
D'fhéadfá fanacht le blogam tae. Cá'il do dheifir ag dul, ach an oiread leis siúd?
Níor mharbhuigh do dheifir ariamh tú ag eirghe (fc. mharbhuigh)
+
Níl aon-deifir leis. Féadfaidh tú a thabhairt aniar uair ar bith a gcasfar an bealach thú
Bhí an-deifir agam leis an gculaith éadaigh, ag ceapadh go mbeadh sí agam faoi'n Nodlaig, ach bhí baoghal orm
TUILLEADH (5) ▼
Níl aon-deifir mhór mar sin leis, ach cho luath agus a chasfar agad é, b'fhearr dhuit a íoc, b'fhearr sin. Tá sé amuigh le fada
Shílfeá go raibh an-deifir aige leis an gceap. Ní mian leis tada a fhágáil ar iasacht an-fhada
Ara níl deifir mhór ar bith mar sin leis an gcíos. Glacfaidh siad é uair ar bith a gheobhas siad é
Dhá mbeadh deifir abhaile leis, mo léan is fada a chaithfí ag fanacht leis
Níl deifir ar bith ar an bportach leat. Déan an rud atá tú a dhéanamh idtosach
+
Dhá mbeitheá ag marbhú mairt ní leigfeadh an deifir dó breathnú ort
Leig an deifir thart = suidh síos agus leig do scíth
TUILLEADH (6) ▼
Imeochaidh an deifir díot fós ach a mbeidh tú cho sean liomsa
"Mhall Dia an deifir" (sean-fhocal fc. mall)
Tá sé ar bheagán deifir' 'ar ndú', mar a bhí sé ariamh]
Tá sé gan deifir ar bith dá bhfaca tú ariamh
Bhí bís air le deifir imeacht
Bhí sé ag siubhal anonn agus anall ar fud an tighe le deifir imeacht
b.
+
Is mó an deifir a rinne tusa ná mé ag imeacht as an mbaile mór, agus bhí mé sa mbaile romhat in a dheidh sin
Rinne mé (déanfaidh mé agus rl.) deifir mhaith abhaile
TUILLEADH (5) ▼
Is maith an deifir a rinne tú agus a bheith sa mbaile cho luath seo
Ní mó ná dá gcuirtí splanc in a phóca go ndéanfadh an roighineadóir sin deifir
Rinne sé cuid mhaith deifir' agus é a bheith annseo ó ló
Breagh nach ndéanann tú rud eicínt deifire thairis sin. Meastú an bhfanfaidh an taoille leat?
Is maith an deifir a rinne sí — bail ó Dhia uirre — agus í a dháir in aois a ráithe = bó.
+
Déan deifir a chur leis = cuir deifir leis; cuir faoi ndeara dhó deifir a dhéanamh
Nachar dhubhairt sé go raibh sé ag teacht. Gabh síos agus déan deifir a chur leis
TUILLEADH (4) ▼
Gabh siar roimh an sagart agus déan deifir a chur leis. Mara gcuiridh ní bhéarfaidh sé beo air
Nachar fhéad tú deifir a chur leis abhaile? Ní thiocfaidh sé anocht anois
Déan deifir a chur leis an mbéilí sin. Caithfidh mise a dhul amach
Teirigh síos go dtí é anocht agus déan deifir a chur leis, nó ní dheasóchaidh sé an bhróig sin i mbliana. Duine an-tsiléigeach é mara mbeidh tú dhá bhrosnú (bhrostú) igcomhnaí
+
Mara gcuiridh sibh deifir leis an táilliúr sin thoir ní chuirfidh sé aon-ghreim in aon-tsnáth éadaigh lib i mbliana. Tá siad mí aige cheana
Dá gcuirtheá deifir leis an gcapall bheitheá sa mbaile ó ló mhór, ach b'fhearr leat ag snámhaidheacht. Fágfaidh sin do mhaistín de "shummons" agad
TUILLEADH (6) ▼
Breagh nach gcuireann sib deifir leis an bpota sin. Níl cosamhlacht ar bith fiuchta air
Ní chuirfidh sé siúd mórán deifir leis fhéin (nó air fhéin) ag tabhairt rud ar bith dhá bhfuighidh sé ar ais
Marach gur chuir mé deifir leo, ní bheadh an teach déanta go ceann bliana fós aca. Is cuma sa diabhal leo sin é ach cupla cúrsa a bhualadh air agus é a fhágáil annsin
Tá sé cho maith dhaoib imeacht anois agus ní ag cur deifir lib é, ach má leigeann sib an deireannas oraib féin, beidh tús na h-oíche an-dorcha
Ní ag cur deifir lib é, ach sílim go mb'fhearr dhaoib a bheith ag baint coisméig as puinte ar bith feasta. Tá aistir fada rómhaib
Níor tháinic aon-éiliú ar airgead acraí fós, ní ag cur deifir leis, ná ag tabhairt gutha air é!
·
Má's leat deifir a bhaint as sin cuir francach in a phóca
Bain deifir as an diabhal d'asal sin, nó beidh sé ina oíche dhubh orainn

Féach freisin

Deifir in iontrálacha eile (30)

 
daba
Tá daba eicínt aige seo suas sa maingín muis agus an deifir atá abhaile air = leota nó spóla feola
 
 Daidhean an mór duit deifir a dhéanamh (níl mé ro-chinnte gur an .i. "daidhean an", is cóir a scríobhadh i gcásannaí den tsórt seo. fuaim /ə/ atá ann)
 
Bíonn siad ag obair i Sasana anois Domhnach agus Dálach. Tá an t-an-deifir orra nó go gcriogaidh siad an Gearmánach
 
dána
Ba é a labhair go dána drochmhúinte freisin. Dubhairt sé mara dteigheadh T. amach dhá dheoin féin, go gcuirfeadh seisean ag imeacht é agus deifir air!
+
déan 1
Déan deifir (deabhadh) = deifrigh
TUILLEADH (6) ▼
B'fhearr dó deifir a dhéanamh
Déan deifir leis an bpláta sin agus tabhair dhom é
Déan deifir a chur leis sin amuigh, nó ní bheidh sé imighthe de'n tsráid go faoithin
Breagh nach ndéanfá deifir a chur leis, agus gan é a bheith ag fálróid thart mar sin i gcaitheamh an lae
Tuige nach ndéanann tú deifir a chur leis sin thuas. Mara ndéanaidh dheamhan a chos ná a chnáimh a bhéas amach as an ngarrdha sin go Lá Fhéil' San Seáin seo chugainn
Tá seol déanta ach í a phíceáil. Cheal nach bhfuil sí píceáilte annsin fós agad. Beidh I. Mh. Ch. scoithte againn shul a mbeidh sí trótáilte, píceáilte tacáilte agad. Níl a fhios agam nach mbeadh sé in am a dhul ag stríocadh aríst shul a mbeidh sí faoi réir agad. Breagh nach ndéanann tú deifir? Diabhal bréag nach maith an bádóir thusa!
 
deara
Síleann tusa gurb é S. a rinne é. Tabhair faoi deara ab é. Má sé muise, ba diabhlaí an deifir a rinne sé, má tá indán agus gur buaileadh an ceann eile ag an h-aon dhéag. Arae sé sin an fáth, bhí sé ag ól tigh Th. an oíche sin nó gur cuireadh amach muid ag leath-uair th'éis an deich, i gcruthamhnas duit nachar mhór dhó bealadh a chur faoin a ioscadaí le bheith i nD. L. ag an h-aon dhéag: fear nach raibh "bicycle" ná deis marcaigheacht' ar bith aige ach na buinn
 
Ní dheasóchadh sé isteach ins an "sate" (seat) le áit a thabhairt d'aon-duine eile dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Bhí sé in aon-ghillín amháin annsiúd agus sean-mhná dhá dtreascairt faoi agus thairis, agus ní chorróchadh sé. Tháinic "conductor" an bhus faoi dheireadh agus chuir sé faoi ndeara dhó deasú isteach, agus deifir air
 
deis
Shín sé amach páipéar deich bpunt agam. "Seo anois a bhean chóir" adeir sé. "Íoc do chuid dlighteanais leis sin, agus ná bíodh deifir ar bith ort dhá íoc liomsa, nó go dteagaidh sé ar do dheis go maith. Níl dlúthas ar bith agamsa le airgead". Caraid a dhéanfadh é, nach h-eadh
 
diaidh
Bhí dhá mhíle de thosach agam air, ar a laghad ar bith, agus cé a d'fheicfinn in mo dhiaidh aniar ag dul isteach ag ceann Bhóthar na T. ach é. Ba mhaith an deifir a rinne sé sin
 
Níl drugal ar bith aige áirleacan a thabhairt uaidh, an té a dhéanfas díolaidheacht leis mar is ceart, ach dar fiaguidhe ní milleán ar bith air a bheith géar leis an duine a thóigfeas foracún mór ann, agus nach mbeidh deifir ar bith air faoin a íoc
 
dlús
Tá an t-athair ag cur dlúthas leis an bpósadh. Deifir atá air go bpósaidh sé an mac siúd as an mbealach, faitíos go dtosóchadh sé ag strócadh ag iarraidh a dhul Sasana aríst
 
Fáilte an doichill a cuireadh roimhe = fáilte nacharbh fháilte chor ar bith í, doicheall a bheith romhat i leabaidh fáilte, agus in áit b'fhéidir a mbeitheá ag tnuthán le fáilte. Seo í fáilte an doichill nó fáilte an duine dhoichealla' (doicheallaigh): "Fáilte romhat agus nar badh eadh; Suidh síos — mara bhfuil deifir ort —; Agus 'ar ndú tá; Fan go lá —; Tá na fataí seo do-nighte, do-bhruithte, do-churtha síos; Tá an tincéara i gCorcaigh; tá an pota ag leigean thríd (Tá an pota i mBaile Átha Cliath); Agus níl fataí ar bith is goire dhuit ná do chuid fataí féin"
 
dóigh 2
Thiocfadh dhó a bheith annseo ó ló. Níor dhóighide dhó sin, ná fuirtheacht go maidin. Níor mharbhuigh a dheifir ariamh é ag teacht
 
dreas 1
Nach bhféadfá dreas de'n teine a thabhairt duit féin. Cá'il do dheifir ag dul. Déan do ghoradh
 
Cé'n sórt driopás atá ort. Mhall Dia an deifir, adeir siad. Glac go réidh thú féin. Beidh móin ann in diaidh ar mbáis!
 
Is maith driopásach a d'ól sé a phionta. Shílfeá gurb í an taoille a bhí ag teacht air, leis an deifir a bhí amach aríst air. Faitíos a bhí air go gcasfaí aonduine isteach agus go mbeadh air seasamh
 
droim
Dar fiadh muis, níl sé cho réidh sin C. a chur dhá dhruím má chaitheann sé rud in a chloigeann ceart. An bhfaca tú an uair ar shíl an sagart a bhacadh faoi'n talamh. Dar príosta níl a fhios agam cé aca is mó a raibh deifir ag imeacht an lá sin air — ar an sagart, nó air féin. Duine an-intinneamhail é C.
 
dubh- 5
Ní fuláir dhuit dubh-dheifir a dhéanamh le breith istigh air anois. Bíonn sé greadtha ar an dá luath agus a mbíonn a chuid tae ólta aige.
+
téigh
Cá'il do dheifir (do chruadhóg) ag dul
TUILLEADH (3) ▼
Fan liom. Cá'il do dheifir ag dul? = cá rachaidh tú le go bhfuil an oiread sin deifir ort?
Cá'il do dheifir ag dul? Bíodh foighid agad. B'éigin fanacht leat nó gur rugadh thú
Shílfeá go bhfuil an t-an-fhorú ort bail ó Dhia ort. Cá'il do dheifir ag dul? Breagh nach suidhfeá síos agus do reasta a leigean mar a dhéanfadh fear
 
Chuaidh mé deich bpighne in a scilling annsin ar ball, ach cuireadh aisti aríst mé agus deifir orm = imirt chártaí; dhá leagadh duine de na cearrbhachaí scilling amach, agus an scilling a bheith gnóithte ag duine eile cé's moite de dhá phighinn
 
Má bhí sé romham, ní dheachaidh mé thairis. Chaithfeadh sé go ndearna sé an dubh-dheifir