Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deatach
ainmfhocal
fireann agus baineann? Ní shéimhíonn sé aidiacht ina dhiaidh, ach glacann sé na sa tuiseal ginideach uatha go minic .i. boladh na deataí, ag cur na deataí amach. Sa tuiseal ginideach uatha bíonn an fhuaim ídeataí — ina dheireadh. Cruthú é sin gur í atá ann, arae dá mba -ighdeataigh — a bheadh ann, fuaim ideatai — a bheadh ann mar a bhíos sa tuiseal ginideach uatha d'fhocla fireanna i gcónaí .i. coili(gh), mairnéala(igh), a fhleasca(igh) srl.
toit, gail, gail bhruite, rosamh, púir.
a.
+
Tá sé ag cur deataí in aer — ag diúgadh píopa go santach
Níor chaith mé aon ghail thobac ariamh. Cén somhaoine dhomsa a dhul ag ligean deataí le gaoithe
TUILLEADH (7) ▼
Diabhal bréag nach bhfuil tú ag ligean deataí le gaoith, bail ó Dhia ort, agus chomh daor agus atá tobac
Sin é a bhuac sin a bheith ag ligean deataí le gaoith. Is dona uaidh a luach a shaothrú muis
Ní dhearna siad faice ó mhaidin inniu ach istigh i lúbainn an chlaí ag ligean deataí le gaoith. Sin iad an chuingir agat.
B'fhurasta deatach a ligean le gaoith roimhe seo, ach ó dhaoirsigh an tobac, ní fheicfeá an oiread sin dhe
Ba bhreá uaidh deatach a ligean le gaoith anuraidh chomh uain is a bhí sé ag saothrú pínneachaí, ach caithfidh sé déanamh dá uireasa anois. An té nach bhfuil tine aige féin, déanadh sé a ghoradh le gréin, mar adeir an ceann eile
Ní feasach dom cén fáth a gcaithfinn tobac. Ag ligean deatach le gaoith ab ea? Is suarach an cheird a bheadh orm muis
Dar príosta, níl aon deatach agamsa le scaoileadh le gaoith ach an oiread le duine ar bith eile. An síleann tú go bhfaighimse mo chuid tobac in aisce. An té nach bhfuil tobac aige anois, cuireadh sé giolcach ina phíopa
+
Tá deatach aige seo thíos — deatach as an simléar
Sílim go mbeidh sibh ar bheagán deataí i mbliana ar shon a bhfuil de mhóin tirim againn. Nuair a bhí í a thapú fuair sí cead lobhadh ar na portaigh
TUILLEADH (5) ▼
Is maith luath atá deatach aige — is maith luath atá sé ina shuí
Níl dé na deatach ann (fc. )
Níl an simléar atá sa teach nua ag tarraingt na deataí chor ar bith, ach ag puthaíl chuile phointe. Níor léir dhuit do láimh sa gcisteanach scaití
Bhraith na póilíos an deatach. Ní féidir an deatach a chur i bhfolach. Sin é an buille. 'Sé an deatach i gcónaí a ghníos spíodóireacht ar fhear an phoitín
Tá súile na deataí aige — súile agus iad ag silt, nó cosúlacht orthu go mbíonn siad faoin deatach
+
Ní raibh puth deataí againn cheana le coicís, ach tosaíonn sé (an simléar) ag caitheamh anuas i gcónaí ar an ngaoith seo
Níl an puth féin deataí againn anois ó thóg J. Dh. láimh os cionn an tsimléir. Tharraingeodh sé páiste den teallach anois. Roimhe sin, bhíodh púir dheataí ar fud an tí i gcónaí. Bhí muid in ainriocht aige
TUILLEADH (3) ▼
Baineadh sé móin nó ná baineadh, bíonn púir dheataí aige i gcónaí
Aiteann atá dhá dhó ann. Is uaidh an phúir dheataí sin
Níor léir dhuit troigh den bhóthar ann ag púireannaí deataí go ceann trí lá théis na bombála
·
Tá roilléire deataí aige seo thíos féin sách moch ar maidin. Chaithfeadh sé go bhfuil sé ag dul sa trá inniu
Tá brionglán deataí (dlaíóig dheataí, streachlán deataí srl.) as an simléar
+
Ní bhíonn deatach ar bith gan tine — má bhíonn cosúlacht ann, ní bhíonn sí gan údar
Ní bhíonn deatach ar bith gan tine. Marach go raibh aicíd eicínt ann, tuige a raibh siad ar fad ina luí, agus gur chuir an dochtúr aithne ar dhaoine gan a dhul isteach ann
TUILLEADH (2) ▼
Murach go ndearna sé gadaíocht eicínt, cá bhfaigheadh sé a raibh d'airgead aige. Ní bhíonn deatach ar bith gan tine
Breá ar chuir sé caoi ar an teach agus ar chuir sé foireann nua isteach murach go raibh rún pósta aige. B'fhurasta a aithinte é. Ní bhíonn deatach ar bith gan tine bíodh a fhios agat. Is beag an mhaith dhó a bheith dhá shéanadh anois. Ní phósfadh aon bhean é: sin é a bhí air
+
Deatach le spóirt é — fear a raibh a theach dhá dhó adúirt é seo: mar dhóigh dhe, nach raibh an dream a bhí i láthair ann ach ag fáil spóirte ar an dóiteán
Is deatach le spóirt é mo chuid aitinn ó mhaidin — dhóigh gasúir é
TUILLEADH (2) ▼
Más deatach le spóirt acu sin é, ní deatach le spóirt ag daoine eile é. A dtabhairt chun cúirte a bhí a dhéanamh, 'sé sin. Ní spóirt ar bith loscadh sléibhe den tsórt sin
Deatach le spóirt é agus is mairg nár dódh é, mar adeir P. Sh. fadó agus an teach thrí lasadh
b.
+
Ní hé boladh na deataí atá ort bail ó Dhia ort, pé ar bith cár éirigh sé leat — ní hé boladh na pluide atá ort; tá boladh óil ort; bhí tú ag ól
Mo léan géar, ní hé m'fhearacht féin é, ní hé boladh na deataí a bhí uirthi théis an S. Meas tú cá'il sí ag fáil a luach i gcónaí. M'anam gurb ait atá sí ag cruthachtáil, gurb ait sin
TUILLEADH (3) ▼
Coinnigh i leith. Ní hé boladh na deataí atá ort ar maidin. Go gcuire Dia an t-ádh ort! Gheofaí boladh fuisce uait thíos ag ceann an bhóithrín
Ní hé boladh na deataí a bhí air maidin Dé Luain … bhuel ní móide gurb é. B'fhéidir gur boladh airgead luachra nó boladh eicínt eile mar sin a bhí air
Ná teara isteach anseo agamsa anois ag teacht ar ais duit agus boladh na deataí ort mar a bhíos i gcónaí. Is beag a aireos do sparán cúig nó sé de ghloiniúchaí maith fuisce
c.
+
Mo dheatach ort! (eascainí gan mórán goimhe) — díol cam ort; droch-chríoch ort srl.
Mo dheatach ort le caoi a bheith ort!
TUILLEADH (8) ▼
Mo dheatach air mura deas an cheird atá air, ag imeacht as a chranna cumhachta mar sin le postúlacht
Mo dheatach ort a stór, mura beag a theastaíos hata uait! Ní raibh hata ar aon duine de do chine ariamh, agus rinne siad gnaithe maith dhá uireasa freisin. Ach níl a fhios ag mná na beagmhaitheasa cá suífidh siad ná cá seasfaidh siad le teann suimiúlachta
Mo dheatach uirthi le cleas a dhéanamh! Shílfeá mura bhfuil cuibhiúlacht inti, go mbeadh suim aici sa bposta atá aici. Mura bhfaighe sí bóthar anois, tá an t-ádh uirthi!
Mo dheatach air agat nach ndúnann suas é. Tá na daoine sáraithe ag éisteacht leis ó tháinig oíche. Is olc an rud an iomarca d'aon earra
Mo dheatach orthu féin agus ar a gcuid cathaoireachaí boga. Ba bheag na cathaoireachaí boga a bheadh acu dhá gcaillidís mórán leo!
Mo dheatach orthu féin agus ar a gcuid páipéir. Tá an oiread dintiúirí ar an dole céanna, scáth leathchoróinín ghágach, agus nach fiú an tairbhe an trioblóid
Mo dheatach ar an seanchlog céanna. Tá sé stoptha chuile ré solais
Mo bheannacht do Sheán ach mo dheatach ar Shéamas, arae is eisean féin nach bhféadfadh an slacht a dhéanamh
d.
+
Tá deatach as an aoileach sin amuigh
Tá deatach as an gcarn aoiligh le neart an triomaigh atá ann. Ní fhágfaidh an stolladh sin rud ar bith gan spalpadh
TUILLEADH (5) ▼
Tá an chruach choirce sin téite. An bhfeiceann tú an deatach atá aisti. Coirce breoite a bheas againn i mbliana
Chaithfeadh sé go bhfuil an coca feamainne siúd ag lobhadh. Tá púir dheataí as
Deatach sa ngleannach agus gan aon splanc ann (tomhais) — bualtrach chapaill
Sin bualtrach úr. Nach bhfeiceann tú an deatach aisti fós
Bhí deatach as mo chuid éadaigh chomh luath agus a ligeadh an tine chucu. Báitheadh go craiceann mé
·
Ní simléar atá ann ach poll deataí (fc. poll)
e.
·
An bhfeiceann tú an deatach sin thiar idir thú agus léas. Níl ansin ach gail thriomaigh. An-uair ag móin í ar chuma ar bith.
f.
deannach.
·
Tá deatach astu inniu le dúchan (as goirt fhataí)
g.
rúscadh.
+
Bhain sé deatach as an gcapall abhaile — thug sé neart bóthair di; bhain sé an-tsiúl aisti
Chuaigh sé suas an bóithrín inniu, ag baint deatach as an asal. Níl aon tsnaidhm dá raibh sé a thabhairt dó nach gcloisfeá thiar dtuaidh
TUILLEADH (1) ▼
Gabh amach, go gcuire Dia an t-ádh ort, agus bain deatach as an mbullán sin amuigh. Nach é eallach an diabhail anois é go gcaithfeadh sé imeacht as an áit a raibh sé go bolg i bhféar ann. Beidh a shliocht air: ní go maith a ghabhfas an imirce uabhair sin dó muis
+
Bainfidh mé deatach asat mura dtuga tú mo phump ar ais agam
Má leagann tú méirín fhliuch air, bainfidh mise deatach asat. Diabhal bréag nach mbainfidh
TUILLEADH (8) ▼
Bainfidh siad deatach as na Gearmánaigh anois má tá siad cuibhrithe mar sin acu. B'fhéidir nach miste beirthe é. Dhá mbeadh máistreacht acu féin, ní móide go mbeadh aon ghaisce orthu, ach an oiread le na Sasanaigh
Má fhaigheann T. ligean ar bith ar Ph., bainfidh sé deatach as de bharr an chleas a rinne sé féin air
Bíodh sé ar a shon féin nó bainfidh mise deatach as na másaí aige
Tá triúr acu ag baint deatach as coirce thíos sa gcró. Sin iad na buachaillí agat nach mbeidh i gcleithiúnas meaisín ar bith, ach a bhuailfeas a gcuid coirce féin go gaelach mar a rinne na daoine ariamh é. Ach tá an iomarca den spreallaireacht anois ar thuilleadh le dornán a thógáil ina láimh agus bualadh na cloiche a thabhairt air. Chuile shórt dhá chur ar éascaíocht ar an saol seo. Sea i nDomhnach!
Baineann an máistir seo thoir deatach astu scaití muis, ach ar ndóigh, má bhaineann féin, ní milleán sin air. Chuirfidís aon duine faoin ngréin ghil le báiní
Bhain mise deatach as a[...] ar maidin. Cheangail mé don ursain é, agus chuir mé taobhach air le ar bhuail mé air le feac láí. Feicfidh tú féin air go gcomhairleoidh mise é gan a dhéanamh aríst
Theastódh ó dhuine eicínt deatach a bhaint as ar scáth a bhfuil d'fhaitíos aige roimh an mbaile seo. Airíonn sé na daoine go dona: sin é atá air. Tá an strabhsachán sin thiar ag M. T. chomh dona leis chuile orlach
Tá deatach dhá bhaint as na sionnaigh ó tháinig fear an ghunna ar an mbaile. Is géar a theastaigh sin uathu. Bhí an áit bánaithe acu. Sin é an gléas anois orthu: neart gráin a chur iontu
·
Tá an máistir beag ag baint deatach as an máistreás fhada ar an saol seo (ag suirí léithe as éadan). Is diabhlaí an mac é, do thulóig chomh beag leis. Ach mura bhfuil gabháil na gaoithe ann, tá déanamh na ngnaithí ann, mar adeir an ceann eile. Dar fia tá!

deatach in iontrálacha eile (20)

 
dall 3
Tá mé dallta ag an deatach sin. Osclaidh doras na gaoithe agus b'fhéidir dhó a thabhairt leis
+
2
Ní fhaca mé ó shin dé ná deatach air — ní fhaca mé amharc air ó shin
TUILLEADH (2) ▼
Níl dé ná deatach air ar an saol seo hé brí cá'il sé sáite. Bí siúráilte nach bhfuil sé ag dul amú ar chaoi ar bith
Ní féidir dé ná deatach a fheiceáil uirthi le seachtain murar bhailigh sí léithe aríst. Thiocfadh di
 
Tá sé ina dheargán anois agat le cuimilt. Is diabhlaí an lear súí a bhí air. Shílfeá nach mbeadh an oiread sin súí ná deataigh ar lampa a bhfuil gloine air
 
deifir
Is mór de dheifir garraí agus goirt a bhí air ariamh, agus céard atá dhá bharr aige inniu ach an oiread linne. Dheamhan a dheatach!
 
deis
Níl aon ghair aige chaon tsórt a dhéanamh in éindí. Tabhair ionú dhó. Bainfidh sé deatach as Sasana nuair a thiocfas sé ar a dheis. Siúd é an buachaill aice
 
Chaith mé trí huaire istigh ann aréir agus is beag bídeach nár plúchadh mé le deatach, agus lena raibh istigh ann. B'éigean dom a theacht amach uair nó dhó go bhfaighinn deoladh gaoithe. Ní raibh a sheasamh agam
 
Ní raibh an deoraí féin istigh romham. Ná dheamhan dé ná deatach a bhí ann. D'fhan mé ansin cosamar uaire nó go dtáinig T.
+
diaidh
Chuaigh sé i ndiaidh a mhullaigh ann agus tuilleadh ghéar den diabhal aige! Ní raibh sé gafach le comhairle, agus tá a shliocht air anois. Bainfidh sí siúd deatach as. Ní raibh breith bonn báis aige nó go bpósfadh sé í sin. Spéir na gréine a bhí inti a mhic ó, má b'fhíor dó féin. Déanfaidh sí siúd spéir na gréine dhó (dhe) shula bheas sí réidh leis
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé thíos ansiúd ag cur deatach amach as an seandúda i ndiaidh a leicinn, agus ag inseacht faoi 'bhliain anseo a raibh garraí an tS. curtha agam, agus nach raibh aon fhata ann ní ba mhó ná cúrláin Lá Fhéile San Seáin, agus go raibh siad chomh mór le tornapaí Domhnach Chrom Dubh.' Má tá an scéal sin cloiste agam uair, tá sé cloiste agam míle uair
 
M'anam go bhfuil an díomhaointeas caite in aer aige ó phós sé. Bainfidh sí siúd deatach as. 'Sí atá deas air
 
dóigh 1
Má fhaighimse an dóigh, bainfidh mé deatach as, ach is mór m'fhaitíos nach bhfaighead. Tá sé an-airdeallach le gairid, agus lig sé faoi go mór sa nglaomaireacht thar is mar a bhí sé. Measaim go mbraitheann sé nach bhfuil aon iarracht fanta ag na daoine air, agus nach mór dó a bheith ar a shon féin feasta
 
Bheadh dóiteán ann agus dóiteán dháiríre murach an chaoi ar tapaíodh é. Bhraith duine eicínt an deatach, as an mbuntsop. Suas leis. Bhí an buntsop thrí lasadh. D'fhuagair sé ar chúnamh. Bhí an lasair déanta siar leis an mbuntsop ar fad, ach is gearr a bhí siad dhá mhúchadh ina dhiaidh sin, go lige Dia slán an cúnamh. Dhá gcaithríodh sí amach sa díon chor ar bith, loiscfeadh sí an dá theach agus an iothlainn
 
Anois céard adeir tú leis a thosaigh ag dornáil na mná os comhair a raibh istigh. Bhainfeadh sé deatach aisti murach gur coinníodh uaithi é
 
dris
Tá muide ar an mbun chreidim. Ach mura dté muid fhéin an cluiche, ní ligfidh muid an bun amach agus beidh geábh eile air. Bainfidh muid deatach asaibh ansin. Is muid atá deas air! Chuaigh muid faoin dris anocht. Tá ádh imeartha orainn
 
dubh 2
A dhubh ná a dhath féin níor thug sé dhom. Dheamhan a dheatach! Ná bac le gortach! Siúd é atá gortach!
 
dún
Dhúnamar simléar N. M. le cláistéar mór de scraith agus is beag nár plúchadh istigh iad le deatach shular bhraith aon duine é
 
Tá deatach ag dul go haer as — chomh fada leis an aer
 
Ní thugaimse cluais do leath a gcloisim ag dul tharam, ach is cosúil ina dhiaidh sin go raibh údar eicínt leis an luaidreán sin. Ní bhíonn deatach ar bith gan tine, arsa tusa