Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
déidín
ainmfhocal, fireann
iolra: déidíní
1.
 crapadh a theagas sa ngiall agus siar sa mbéal. Glasálann an giall agus ní féidir a oscailt le spúnóga féin scaití; lockjaw.
+
Tá déidín tite aige (baintear leas as an mbriathar tit leis i gcónaí)
Thit déidín aige
TUILLEADH (12) ▼
Is olc an rud déidín titim ag duine
Ní fhaca mé déidín tite ag duine ariamh, ach chonaic mé tite ag capall é. Bhí sí ansin thuas againn — capall a raibh sé tite aici. Tugadh as í — le tiaráil
Is déidín a thit ag P. Á. Ghortaigh bullán ar an aonach é. Tugadh isteach san easpaicil (hospital) é ach dheamhan maith a bhí siad in ann a dhéanamh dhó. Bhásaigh sé ann
Dhá bhfágtaí capall rófhada gan rud le n-ithe, thitfeadh déidín aici. Thit déidín ag capall le N. Th. fadó an lá. 'Sé mo ghéarchuimhne iad a fheiceáil thuas ina héadan sa gcró. Bhí chuile dheis acu léithe, ach chinn orthu ina dhiaidh sin. Bhí an giall craptha ar fad, agus as sin ní fhágfadh sé. Leagha na bhFiann ní dhéanfadh aon mhaith di … is cosúil gur fágadh rófhada ina troscadh í, ainneoin go mba set (dream) iad a thugadh an-ghiollaíocht don rud a bhíodh acu. Ach rinneadh éagóir uirthi ar chuma eicínt — rinneadh sin
Titeann déidín le gortú freisin. An bhfeiceann tú mac Th. G. ansin thiar ar bhuail capall de chic é isteach ar an ngiall. Níor chorraigh sé an giall go ceann fada. Bhí sé tugtha suas don bhás agus gan súil ar bith lena theacht. Chaith dochtúirí seachtain dhá láimhseáil; dar diagaí, shrian sé as faoi dheireadh. Sílim nach dteagann sé roimhe ná a dhath
Is diabhaltaí nach dtitfeadh déidín ag lucht na bocsála sin agus na hiarrantaí dalba a fhaigheas siad ar na géill. Chonaic mise fear dhá bhualadh i Sasana, agus dar brí an leabhair duit, thiocfadh sí thrí ghiall chruaiche. Shín sé ar shlatrachaí a dhroma é agus shílfeá dheamhan a bhéal a bhí sé i riocht a oscal. 'Tá do phosóid agat a bhuachaill,' adeirimse liom féin, 'Mura bhfuil déidín tite agatsa, ní chreidfidh mise go deo go raibh sé tite ag C. nuair a bhuail asal an tincéara é'
An té a mbeidh déidín tite aige ná bac thusa leis. Má bhíonn sé tite ceart aige, is fear réidh é. Dochtúirí na cruinne ní leigheasfadh é. Má ghníonn an giall crapadh tá sé craptha, agus ná bac thusa lena thabhairt ar ais, mar níl aon ndán ar ais dó. Déarfaidh do rogha dochtúr leat é cuirfidh mise geall
Deirimse leatsa gur beag dochtúr atá sásta a dhul ag dréim le déidín. Fuadóidh siad ag an easpaicil (ospidéal) ar an bpointe é (an té a bhfuil déidín tite aige) agus sin ní fhágfaidh sé go dté sé ar thaobh eicínt. Maidir le go dtiocfaidh dochtúr amach anseo ag méirínteacht leis, is beag an baol a mhic ó
I leabhar a léigh mé é gurb iad féitheachaí an ghéill a strompas má chuireann rud eicínt as a riocht iad. Ansin ní bhíonn siad in ann an giall a oibriú síos na suas. Sin é an déidín … 'Sé más é. Breá nach mbíonn sé amhlaidh le fuacht. Is minic ariamh a stromp fear a chodlódh amuigh. Bheadh sé craptha ar fad, ach dá mb'fhéidir a bhéal a oscailt, bheadh leis. Is mór an t-ionadh, más iad na féitheachaí a strompas, mar adeir tusa, nach dtitfeadh déidín ag a leithide sin. Scéal agus a thóin leis atá in do chuid leabhra
Ní déidín ar bith a bhí tite aige sin ach sine siain. Is mór atá eatarthu a mhic ó. Is furasta an tsine siain a leigheas, ach ní hé sin don déidín é. Drochéadáil ceart é sin. Bíonn an tseamair Mhuire ag an té a theagas uaidh. Buaileann sé caiple agus beithígh chomh maith leis an duine agus níl a fhios agam nach measa a bhíos sé orthu ná ar an duine. Tabhair faoi deara nach measa freisin
Thabharfainn an leabhar go raibh déidín tite ag an luán cait seo agam an oíche faoi dheireadh. Bhí plaic ina bhéal agus gan í ag dul siar ná aniar, agus é ag cinnt air a caitheamh amach ná a bhéal a oscailt lena caitheamh amach. Bhí sé ag sníomh agus ag lúbadh agus a dhrioball ina bhior aige, gan mothú ar bith. Hé brí cén sórt ualach a bhí air chuir sé dhó (dhe) sa deireadh é. Dhá n-imíodh sé féin, is beag an chaitheamh ina dhiaidh a bheadh againn: is beag é a mhaith ná a mhaoin. Má tá eallach ar bith fairsing timpeall an tí seo, is cait iad. Bhainfidís an greim amach as do bhéal
Go sábhála Dia sinn: déidín tite aige. Má tá muise, is fear réidh é. Céard a d'éirigh dhó? Ar ndóigh ní hí an spalla a buaileadh air thoir anseo is ciontaí. Chaithfeadh sé go raibh tsiocair (siocair) eicínt aige thairis sin. Is deacair le déidín titim. Chuala mise cheana gur buaileadh iarraidh d'ord ceardchan ar an gC. a bhí thuas anseo agus é sínte ar an mbóthar. Cuireadh cnáimh a ghéill as áit agus ina dhiaidh sin féin dheamhan déidín a thit aige. Murab in í a dhóthain de shiocair castar leis é, ach bhí giall cruaiche aige siúd, deir siad
2.
+
Tá déidín tite agam leis an bhfuacht, leis an ocras, le codladh; ag fanacht le duine eicínt, cheal tobac, go dtéiteá ag damhsa, ag obair srl. — ní bheadh an déidín tite dháiríre, ach go mbeifeá thart, nó scrúdaithe cheal an rud áirid sin; nó go mbeifeá in ainriocht de bharr rud áirid a bheadh ag gabháil duit. Ach ní foláir a thabhairt faoi deara nach gcuirfí an luí seo air, le tinneas ná le péin, nó le rud a bhfuil an duine ag saothrú an tsaoil leis, ionann is chomh mór agus dá mbeadh déidín tite aige, nó é tugtha uaidh go mór. Ní abrófaí cuirim i gcás: "tá déidín tite aici le tinneas clainne", nó "tá déidín tite aige le tinneas droma", nó "tá déidín tite ag an seanduine bocht le scoilteachaí", nó "tá déidín tite ag an duine bocht ag iarraidh greim a mbéil a shaothrú dá chlainn". Ach déarfaí "tá déidín tite ag an gcirc sin go mbeire sí an ubh". Nuair is cúrsaí tinnis shealadaigh é nach mbíonn rómhór, is féidir a rá
Tá déidín tite agam leis an ocras agus gan aon chosúlacht aon ghreim anseo
TUILLEADH (3) ▼
Bhí déidín tite agam d'uireasa gráinne tobac agus gan aon ghráinne ag gabháil leis an D. Chuir mé fios tigh Bh. N. air le S. seo thuas, ach sin é teachtaire an fhiaigh ón Áirc. Beidh déidín tite agam faoi dhó ach a mbeidh sé sin ar ais
Go dtuga an diabhal coirce dhuit, crosaim aríst thú. Dhá dtiteadh déidín agat muis d'fhuireasa tae, dheamhan thiomanta deoir a chuirfeas tú ar do bhéal dhe go mbeidh sé in am agat é a chur air. Ní bhíonn sé ólta agaibh dhá mhionóid nuair a bhíos sibh ag sclamhaireacht dhá iarraidh aríst. Ní sheasfadh stór mór an tae libh leis an gcaoi atá oraibh
Bhí déidín tite againn leis an ocras nuair a fuair muid aon ghreim, agus an uair sin féin, ba gann gortach uathu é a thabhairt dúinn. Stiallóigín bheag aráin a bhfeicfeá dealg in do mhéir thríd, agus scodalach tae ar baineadh an t-anam as — má bhí sé ariamh ann — le neart bruithe. Méaracáinín beag fuisce ansin nach n-aireofá a bhlas ar do theanga. Tugaimse mo mhallacht ar chuma ar bith do bhainseachaí Bh.
·
Ara a dheartháir mo chroí tú, tá déidín tite ag a bhfuil sa teach seo cheal fags, agus é ag cinnt orthu aon cheann a fháil. Ní cheal a shaothraithe é muis. Chuaigh duine acu soir chomh fada le tigh Bh. N. an oíche cheana, ach dheamhan ceann a d'éirigh leis ach an oiread. Reicfidís istigh sa teach thú nuair a bhíos siad dhá bhfuireasa. Ní mian leo buille maitheasa a dhéanamh. Tháinig mé isteach an lá cheana agus ubh agam a fuair mé beirthe. Hé brí cén chaoi ar sciorr an focal uaim féin gurb eo é seascach na gcearc — leathfhocal é atá agam — 'm'anam nach é,' adeir sé 'nach (ach) seascach na bhfags agus an tobac.' Tá a fhios ag mo chroí go mbeadh trua agat dóibh scaití nuair a bhíos siad lá nó dhó dhá bhfuireasa
Titfidh déidín aige cheal mná shul má phósfas sí siúd é. Diabhal mise muis gurb aige atá an mheas air fhéin — a leithide de sheanchuaille — ag tnúthán go bpósfaidh gearrchaile é nach bhfuil an scór sáraithe fós aici. Ach 'siad na crannfhir sin is measa a bhíos nuair a bhuaileas an rachmall iad
+
Tá déidín tite agam ag fanacht leis agus dheamhan a chos atá ag teacht. Beidh a shliocht air: beidh moill aríst air shula fhanfas mise leis — beidh sin
Tá déidín tite aige ag fanacht go n-imí an deirfiúr agus go bhféada sé pósadh, agus gan cuimhne ar bith féin ag an deirfiúr aon chois a chorraí as siúd. Tá an iomarca aoise aici anois le go n-iarrfadh duine ar bith le pósadh í, mura mbeadh seansúmaire go díreach ann a chaith a shaol i réigiún coimhthíoch eicínt agus a thiocfadh abhaile lofa le airgead. Ní chuirfeadh seanraicleach ar bith aon éiseal ar a leithide sin
TUILLEADH (3) ▼
… Ach creid mise dhuit ann go raibh déidín tite aige ag iarraidh imeacht nuair a lig mise uaim é. Ní thiocfainn sa gceann sin leis chor ar bith, murach chomh dúlaí agus a bhí sé le fanacht i dtús oíche. Feicfidh tú féin air nach é an chéad bhall a chasfar in mo theachsa aríst é — nach é sin
Bhí déidín tite aici ag súil le geampa den fheoil, ach is túisce a chaithfinn amach san aoileach í ná a thabharfainn aon cheo di. Mharaigh siad féin dhá chaora le dhá bhliain agus b'olc fúithi iad. Ní fhaca muid mórán dá mbarr ar aon nós. Dheamhan ruainne ná sprúille muis!
Dheamhan duine muise as an teach a thiocfas a (do) chúnamh dó dhá dtiteadh déidín aige ag forcamhás orthu. Nach réidh a gheobhadh sé daoine ag dul dhá marú féin dósan agus gan é ach ag magadh fúthu aríst ar fud an bhaile. Chuaigh beirt as an teach dhá lá le coirce aige anuraidh agus 'sé an seamsán a bhí aige soir faoi na bóithrí aríst go mb'fhearr dóibh a bheith ag déanamh rud eicínt ó tharla nach raibh aon choirce acu féin. Ag ceapadh go dtabharfadh muide lá don fhear sin aríst!
+
Tá déidín tite aige go gcailltear an tseanlánúin agus go n-éirí an áit leis féin. Ach dheamhan is móide fód dó a chomhairfeadh sé go brách, théis an forcamhás atá aige air. Tá an tseanbheirt siúd sách aigeanta freisin, agus tá daoine is gaire dóibh ná eisean lena gcuid a thabhairt dóibh
Fear oibre mo chreach! Bíonn déidín tite aige go mbuaile sé an cúig a chlog. Ní dhéanfadh sé mogall ina dhiaidh dá mbeadh do chailleadh go deo leis
TUILLEADH (2) ▼
Shíl mé go dtitfeadh déidín aige nó go gcloiseadh sé céard a bhí iníon an Mh. a dhéanamh abhus againn an Domhnach seo caite, ach dheamhan fairnéis a fuair sé air uaimse. Ní labhróinn amach as mo bhéal air leis dhá mba rud é a choinneodh i bpiolóid é. Agus bí siúráilte muis gob (gurb) ea
Titfidh déidín aige siod mura dtuga sibh cupla scilling dó le dhul ag an gcéilí. B'fhearr dhaoibh, má tá aon phínneachaí beaga ann, a gcaitheamh aige. Nach bhfuil an duine bocht ag saothrú an tsaoil sách dona agus gan é a choinneáil istigh san oíche Dé Domhnaigh. Dheamhan a n-éilíonn sé imeacht aon oíche eile
+
Dheamhan gráinne tobac a gheobhadh sé uaithi siúd dhá dtiteadh déidín aige — dheamhan gráinne sin. Tá sí siúd crua coinneálach agus gar di féin. Ná bac thusa leis an té a fheiceas tú ag comhaireamh na stiallógaí aráin a thabharfas sí duit. Droch-cheann ceart í sin
Ní thabharfainnse aon deoir óil dó dhá dtiteadh déidín aige. Bhí sé ina sheasamh thiar ag an gcuntar an-tsuáilceach go deo, agus é ag forcamhás ar chuile dhuine a thiocfadh ag glaoch deoch. Bhain sé féin an lá as an bpionta ag súil le chuile dhuine eile
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé anseo anuraidh agus dheamhan lá beo ach an Domhnach féin nach mbíodh sé thíos ag ceann an bhóthair roimhe fhear an phosta. Ag fanacht le scéala faoin dole a bhíodh sé, agus bhí an-mhoill air ag teacht. Shíl mé go dtitfeadh déidín aige faoi dheireadh thál (ó tharla) nach raibh sé ag teacht
Tá sé ina mhaide seaca thoir ansin ag an mbinn ó mhaidin ag faire uirthi a theacht amach. Mura dteaga sí amach muise roimhe an oíche, titfidh déidín aige. Tuilleadh ghéar den diabhal aige. Breá nach bhfanann sé thiar sa mbaile, muran fada aniar atá a chosa dhá thabhairt anseo
D'fhanfadh sé ina sheasamh ansin gan é a iarraidh go dtiteadh déidín aige. D'fhanfadh. Ní fhaca mé aon duine ariamh is lú treallúis ná é. Níl aon ghnaithe aige a dhul rith coirce ó bhaile choíchin nó is fear é a gheobhas ocras

déidín in iontrálacha eile (11)

 
Níl na ceanna cruacháin ná na malraigh Cháit sin le n-ithe chor ar bith. Má bhuaileann siad go deo an duán agat, caith ag an deachma iad. A mhalrait níl le déanamh leo. Nach cloigeann ar fad é an ceann cruacháin. Bhí mé lá i mbliana ansin thíos ar an starráinín, agus bhí siad do mo bhualadh chomh tréan in Éirinn agus a bhí mé dhá gcaitheamh i bhfarraige. Ach dhá mbeinn ann go dtiteadh déidín agam, ní bhfaighinn priocadh ó thada eile. Ghliondáil mé suas mo dhorú faoi dheireadh le cantal, agus aníos liom. Ná bac thusa le lá ar bith a mbeidh bualadh ar a leithidí sin. Tá tú réidh le iasc an lá sin
 
Thitfeadh déidín aige an oíche sin, mura dtéadh sé ag an damhsa. Ba é sin fhéin an damhsa deacrach don chréatúr. Bhris sé a chois i bhfad uainn an anachain, ag teacht abhaile. Níor éirigh sé de chúl a chinn ó shin, ach sínte istigh ansiúd
 
Deallraíodh é muise ar an mbóthar aréir ag fanacht léithe. Tháinig sí faoi dheireadh thiar thall, ach b'fhada é. Bhí déidín tite aigesean ag fanacht léithe ar aon chor
 
dearc
Bhí sé ag dearcadh idir an dá shúil orm ag ceapadh go dtairgfinn deoch dhó, ach dhá dtiteadh déidín aige dhá uireasa, dheamhan deoir de mo chuidse a gheobhadh sé le n-ól
 
deoch 1
Creagaire ceart é: ní sheasfadh sé aon deoch dhuit dhá dtiteadh déidín agat dhá uireasa
 
diaidh
Cén meanmna a chas aníos chugainn é! Cheal nach bhfuil a fhios agat. I ndiaidh óil. Deile. Shíl sé go mbeadh aon bhrabach orainn. Bailíodh leis anois. Dhá dtiteadh déidín aige ag súil leis, dheamhan deoir a gheobhadh sé anseo
 
Bhí sé ag cur tuairisc Bh. liom an lá cheana. 'Is fadó an lá nach bhfaca mé isteach í,' adeir sé. Is cosúil nár thug sí aon díolaíocht dó le fada. Ní mórán maitheasa dhó muise, guth a bheith aige uirthi siúd. Beidh déidín tite aige ag fuiríocht leis shula dhéanfas sí siúd díolaíocht leis
 
dligh
Mo chreach mhaidne muise, níor dhligh an diabhlánach sin tae ná arán a fháil sa teach seo, agus níor chomaoin daoibh a dtabhairt dó ach an oiread, dhá mbeadh aon fhuil ionaibh. Níl cuimhne ar bith agaibh ar an uair a raibh sibh fhéin thíos aigesean agus ar lig sé amach sibh agus déidín tite agaibh leis an ocras. Ach sin é. Murach a bheith gan náire dhó is fada amach ón teach seo a d'fhanadh sé. Ach is fear gan náire é ar aon chor
 
dóigh 1
Céard adeir tú? … Mar dhóigh de nach raibh spéis ar bith agatsa a dhul in éindí léithe, ach gurb ise a chuir an chluain ort. Inis é sin anois d'fhear adhartha. Bhí déidín tite agat ar feadh na hoíche go mbeifeá in éindí léithe
 
Cuirfidh sé sin duifean muis ar dhaoine má chloiseann siad é sin. Na ridirí airgid seo, bhí déidín tite acu faitíos go mbuailfí Sasana sa gcogadh, ach mura mbeidh aon mhaith le airgead Shasana anois, béarfaidh siad searrach nó rud eicínt!
 
dúil
Bhí mo chuid fiacal ag déanamh uisce le dúil sa bpíopa, ach dhá dtiteadh déidín agam, dheamhan thiomanta gail a thabharfadh sé dhom