Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deilbh
briathar; ainm briathartha
nuair is briathar é, bíonn an dá réimniú aige — réimniú óf .i. deilbheoidh mé, deilbhfidh mé /d′el′əf′ə/
1.
 rud áirid a dhéanamh le snáth mar atá mínithe fút thíos.
+
An Crann Deilbh: "de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaití a dtomhais le riail le fad áirid a bheith iontu agus leithead áirid sna maidí trasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide trasna. Rinne P. M. Mh. ceann acu dhúinne anseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht i chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé chomh maith dhúinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go brách aríst. Ní bheadh na gearrchailí sin in ann aon deilbh a dhéanamh …" Cur síos an tsnátha ar an gcrann deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige) "an dá chuaille a chur ina seasamh ansin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim is ag giall an dorais. Ní bheidís chomh hard leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide trasna a chur suas orthu: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach iontu in eangaí mar a bheadh leaba. Bíonn rungaí ar nós dréimire sa dá mhaide a bhíos ina seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuí ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht is nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tí ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tointe fada na hóinsí a bheith agat! Ansin tosóidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéad uair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) den tsnáth — an méid banlámh a bheas le dul san uige (/ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcrann agus beidh siad dhá chur sin síos choíchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tabharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orthu ar fiar — ach gan snaidhm ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dté siad go barr. Anonn trasna ansin agus anuas ar an deis chéanna ar an taobh eile ó runga go runga go dteaga siad go talamh. Anall trasna go dtí an áit ar thosaigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéanna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar airde na maidí. Scaití bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adúirt sé) mar a fheilfeas dóibh. Tugtar céadta sa deilbh den uige léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad hocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mura mbeadh ann ach seacht gcéad, ní bheadh aon leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag hocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sreangáinín ar an méid sin. Céad a bheadh ansin. Beidh farasbarr leithid san éadach léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thograíonn tú. Chonaic mé chaon chineál acu. Bíonn chúig chlannaí fichead i chuile chéad. Ní foláir fios a bheith agat cé mhéad céad ann shula bhaineas tú den chrann deilbh é. Nach in é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach ina gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siúl i gcónaí i gcónaí. Ní fheilfeadh dhuit aon bhuille marbh a ligint in do chuid oibre dhá mbeifeá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. Sa ngeimhreadh bheifeá an lá leis ar fad. … Nuair a thógtar anuas den chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaidhm nó crios ar chaon chloigeann dhe ansin, agus déanfaidh tú suas ina throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an uige. Tá sé faoi réir ansin le dhul ag an bhfíodóir … Gan amhras is aon tsnáth amháin a bheas ann. Dhá mbriseadh an snáth sa deilbh, ghreamódh sí ar an bpointe den chuid eile den tsnáth é. Chuirfeadh sí snaidhm air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
"Chuirfidís an t-íorna timpeall ar an gcrann tochrais, agus bheadh an crann tochrais ansin ag teacht thar timpeall — an líon dhá thochras agus ag teacht leo ar cheirtlíní. É a dheilbh ar chrann ar nós flainín ansin. Chuirfí ag an bhfíodóir é agus dhéanfadh sé píosa dhó … " (Sliocht as cuntas faoin líon ó m'athair)
TUILLEADH (1) ▼
D'fuagair sé easnamh orm: an té a bheadh ag deilbh, agus dhá dteagadh duine isteach, d'fhuagródh an duine istigh 'mo chuid easnamh ort.' Dá mbeadh gan a dóthain snátha a bheith aici, bheadh easnamh uirthi
+
"Deilbh an saol agus gheobhaidh tú inneach dhó" (seanfhocal) — 'sé an dlúth a dheilbhítear ar an gcrann deilbh, ach ní mór inneach a bheith ann freisin le cur air sa bhfíochán, nó ní féidir aon éadach a dhéanamh dhe (fc. dlúth). Is minic a bhíos easnamh ar bhean abhrais (fc. dlúth agus fc. easnamh thuas), ach gheobhaidh sí an oiread innigh agus a theastós uaithi i gcónaí, i gcomhair a mbeidh deilbhthe aici ; is minic a bhíos duine ag déanamh ruda eicínt agus gan aon chosúlacht air go mbuachfaidh sé tada go deo air, ach fónfaidh an rud sin uair eicínt. Cuirim i gcás fear a mbeadh neart údar leasaithe aige le haghaidh talúna ach nach mbeadh mórán síl aige, dearfaí leis: deilbh an saol agus gheobhaidh tú inneach air: mar dhóigh dhe, dhá leasaíodh sé leis, nach mbeadh aon easpa síl air: go bhfaigheadh sé an síol ar chuma eicínt
Má tá an aimsir go dona fhéin — agus thar a bheith go dona — dheamhan le déanamh againn, ach an oiread móna agus a fhéadfas muid a bhaint. Deilbh an saol, adeir siad, agus gheobhaidh tú inneach air. Tiocfaidh uair bhreá a thriomós í am eicínt
TUILLEADH (4) ▼
Cén mhaith a bheith dhá gcur an ea, agus gan gamhain ná bó ann lena n-ithe. Feicfidh tú má chuireann tú iad go bhfaighidh tú gnaithe dhóibh. Deilbh an saol agus gheobhaidh tú inneach air
Tóg a bhfaighidh tú. Ní stró duit fear a gcaite a fháil anois, agus chomh gann agus atá feaigs. Deilbh an saol, adeir siad, agus gheobhaidh tú inneach dó
Ar ndóigh más cúrsaí mar sin é, níor cheart d'aon duine buille ar bith a dhéanamh. Tá an aimsir mar is toil le Dia í, agus níl aon neart againne uirthi. Bain amach do chuid féir, agus lig de do chuid bundúin. Beidh grian fós ann lena thriomú. Deilbh an saol agus gheobhaidh tú inneach dó
Tá mé ag déanamh croithe agus gan tada le dhul iontu, ní ag ceasacht ar Dhia é. Níl againn ina dhiaidh sin ach ag súil le Dia chreidim. Nár dhúirt siad: "deilbh an saol agus gheobhaidh tú inneach dhó"
2.
a.
+
Tá sé deilbhthe amach agat — rud a bheadh déanta nó réitithe (giota oibre, bróig deasaithe, coca féir déanta srl.). Tá barúil agam nach deilbhthe é seo ó cheart ach deilthe (fc. deil), nó go bhfuil an dá fhocal measctha ar a chéile. Baineann an scéal céanna le tuilleadh de na samplaí seo síos, ach deilbhthe adeirtear
Cheannaigh sé feac deilbhthe inniu (deilthe; deilithe?) — feac a bheadh snoite amach, réidh le cur sa láí
TUILLEADH (7) ▼
Tá an feac seo deilbhthe anois le cur sa láí. Faigh an t-iarann. Ní fhágfaidh muid leithscéal ar bith agat gan a dhul ag réabadh craicinn amárach
Caithfidh mé an feac a dheilbhiú beagán shula fhéadfas mé a chur sa láí. Tá an bhróigín buille rófhairsing
Mura ndeilbhe tú an feac sin roinnt ní ghabhfaidh sé sa sleán. Dar fia, is feac breá teangmháilte é
Tá sí deilbhithe amach agat, baile ó Dhia ort. Féadfaidh tú do scíth a ligean anois, agus an fómhar craptha
Is gearr a bheas siad leis an teach anois nó go mbeidh sé deilbhthe amach acu. Rinne siad an-éascaíocht leis le mí. Beidh sé in araíocht a dhul ina chónaí ann faoi cheann míosa eile
Tá tú deilbhithe amach anois, glanbhearrtha agus gafa gléasta le dhul in do rogha áit
Tá péire cléibh deilbhithe amach inniu aige, agus dar fia is fiú cuid mhaith iad agus chomh daor agus atá cléibh anois
+
Níl aon cheo deilbhithe nach bhfuil sé in ann a dhéanamh — níl aon cheo ón deil amach nach bhfuil sé in ann a dhéanamh; tá sé in ann gach uile rud a dhéanamh, tá sé chomh stuama sin
Níl aon cheo deilbhithe nach bhfuil déanta ansin thíos aige. Sin é an buachaill! Is mór an stuaim a gheall Dia dhó thar dhuine ar bith ar an mbaile
TUILLEADH (3) ▼
An-fhear ceirde é. Níl aon ní deilbhithe nach bhfuil sé i riocht a dhéanamh
Tá chuile shórt dhár deilbhíodh ariamh thíos sa teach sin aige, ach do dhúshlán faigh tada uaidh. Dhá mbeadh an chruóig ba mhó ort a bhí ar aon duine ariamh, ní thabharfadh sé aon bhall den oirnis sin duit
Dheamhan ball oirnise deilbhithe nach bhfuil aige, agus gan é in ann tada a dhéanamh leo. Dheamhan ceo muis. Sin í an choigealach i láimh na hóinsí, ball oirnise a chur ina láimh sin.
b.
+
Tá an garraí deilbhthe amach anois aige le cur — leasaithe, socraithe, agus chuile théisclim eile déanta faoi chomhair an chuir
Ní hé an t-achar is faide nó go mbeidh chuile shórt deilbhthe amach anois agam le tosaí ag fódú. Ach dar príosta, tá sé ag síneadh suas leis an am. Nach bhfuil an Fhéil Pádraic ar ghort an bhaile!
TUILLEADH (1) ▼
Tá muid deilbhithe amach anois le dhul ag réabadh portaigh, agus arsa tusa, tá sé in am sin againn
+
Is furasta an t-earrach a chur dhá mbeadh an deilbh (deilbhiú freisin) déanta — leasú, socrú agus gach téisclim mar sin déanta. Dá mbeadh an stócáil déanta, níor bhrí an churaíocht féin a dhéanamh
Dá mbeinn réidh le chuile dheilbh eile go dtí an churaíocht, ní leathanró í sin a dhéanamh. Ach bíonn duine meata ag dul i dtrá, agus ag tógáil clascannaí, agus ag biorú claíochaí, agus ag déanamh crúbáin
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mbeadh chuile dheilbh eile réidh, ní bheifí i bhfad leis an teach, ach cí Dia go mearódh an téisclim duine. Tá mise thar bharr mo chéille ag na faileannaí beaga sin atá le déanamh
Bhí chuile dheilbh eile déanta aige san oíche Dia Domhnaigh ach an pota a leagan síos, agus bhí sé le sin a dhéanamh an oíche sin. Ba cheart dó a bheith réidh faoi seo. Mura dtapaí tú é mar sin féin, dheamhan an striog a bheas aige. Ní túisce réidh anois é ná bhíos an iarraidh fuadaithe cruinn baileach. Mura bhfaighe tú aon deoir aigesean, tá tú réidh lena fháil in aon áit eile
+
"Bearradh Luain nó deilbh Chéadaoin, níor dearnadh ariamh gan osna nó éagaoin" (pisreog faoi gheis oibre atá ar laethantaí áiride den tseachtain)
Ní dheilbheoidh muid é Dé Céadaoin. Tá geis ar an gCéadaoin a dheirfiúr mo chroí. "Bearradh Luain nó deilbh Chéadaoin, ní raibh ariamh gan osna nó éagaoin"
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal a ndéanfaidís aon deilbh Dé Céadaoin fadó, dhá bhfaighidís Éire bronnta orthu. Bhídís ag ceapadh dhá ndéanadh, nach mbeadh aon lá den ádh orthu. Bearradh Luain nó deilbh Chéadaoin adeiridís
c.
+
Tá sé deilbhthe amach le aghaidh an bháis — duine a bhí go dona, suaite, cloíte agus a raibh déanta lena bhás
Chreidim go bhfuil an bhean bhocht deilbhthe amach le aghaidh an bháis. Is maith atá sí ag saothrú an bháis ar aon nós. Diabhal bréag nach maith
TUILLEADH (5) ▼
Ní fhaca mise leis an tsíoraíocht cheana é, agus go deimhin mura bhfaca féin, tá sé deilbhithe amach faoi chomhair an bháis anois. Tabharfaidh dhá lá dhéag na Nollag rud le déanamh dhó
Bhí mé ag breathnú air os cionn cláir agus séard adúirt mé le Jude gurb é an tinneas a dheilbh amach le haghaidh an bháis é — bhí sé snoite suaite
Tá sé deilbhthe amach anois le haghaidh an bháis ceart. Is furasta a aithinte air é. Nár ba buil le Dia go mbeadh liostachas chomh fada orm leis ar chaoi ar bith
Níl chuile lá dhá bhfuil sé a chaitheamh anois ach dhá dheilbh amach le aghaidh an bháis. Tá sé fánach aige a theacht as. Is beag an baol air a mh'anam. Tá a chuid maitheasa ar iarraidh
Dia dhá réiteach nach é atá cloíte caite. Dheilbh an tinneas sin amach le aghaidh an bháis go maith é. Nach teann a bhíos duine ina dhiaidh sin. Ní bhfaightheá fear chomh hurrúnta leis sin dhá gcuirtheá slat ar pharóiste tá dhá bhliain ó shin. Agus féacha inniu é agus gan ann ach na cheithre eite

Féach freisin

deilbh in iontrálacha eile (7)

 
Bhí an crann deilbhe deisithe aici ar m'aghaidh isteach inniu agus mé ag dul ag an bportach. Is mór an saothraí í, go dtéann sí ag deilbh fós
+
dia 2
Lomadh Luain agus deilbh Chéadaoin agus marú salach Sathairn ─ tá geis ar na ceann oibreachaí sin na laethantaí sin
TUILLEADH (1) ▼
"Lomadh Luain agus deilbh Chéadaoin: ní raibh ariamh gan osna nó éagaoin"
+
dlúth 1
"'Sé an dlúth a dheilbhítear ar an gcrann deilbh. Cuirtear an dlúth ina uige chuig an bhfíodóir. Téann an t-inneach ina cheirtlín aige (chuige). Cuirfidh sé an dlúth isteach sa seol ansin. Cuireann sé an dlúth ar fhad an bhréidín sa bhfíochán. Caitear é a chur thríd an tslinn agus thrí na huamachaí. Bíonn an dlúth ansin leis an éadach ar a fhad ag dul ó gharmain go dtí an gharmain eile. Casann sé suas an dlúth ar gharmain an tsnátha. Nuair a bheas sé ag fíochán ansin, déanfaidh sé próistí beaga den inneach. 'Sé an t-ainm atá orthu eiteáin, agus beidh sé ag caitheamh na n-eiteáin thríd an dlúth léar (de réir) mar a bheas sé ag fíochán. Nár chuala tú M. Mh. Ph. ag caint ar chaitheamh an smóil. Sin é é. Bíonn sé ag cur tointí air, nó ag tointeáil. Ní mór an t-inneach a chaitheamh i chuile áit ar an dlúth i gcruth is go bhféadfaidh an tslinn é a fháscadh isteach. Tá clár ar an seol — an lámhchlár — agus bíonn a láimh ag an bhfíodóir air, dhá dhoirtim isteach is amach leis an inneach a chur ar an dlúth agus lena chruadhú. Istigh sa gclár sin atá an tslinn. Rudaí iarainn atá sa tslinn. Fáisceann sí an t-inneach isteach ar an dlúth. Bíonn cláirín ar chiumhais an éadaigh, agus teannann sé isteach é sa tslinn. Is éascaíocht dó é sin freisin leis an inneach a chur ar an dlúth. Tá sé ag tarraingt an tointe, adéarfas sé, nó chaith sé an toint: sin é léar (de réir) mar a bheas sé dhá fhíochán, beidh sé dhá tharraingt air den gharmna. Tá an dhá gharmna ann: garmna an tsnátha agus garmna an abhrais. Is mó an t-inneach nach foláir don dlúth caol ná de dhlúth atá sníofa ramhar. Bíonn cuid den bhréidín a mbíonn leithead ann thar a chéile léar (de réir) mar a bheas an tslinn … Sa deilbh a bhíos na clannaí. Sin an dá snáth a chur le chéile — dhá snáth dlútha — nuair a bheas tú dhá dheilbh. Bíonn easnamh agus lán stéige ann scaití freisin." (Sliocht as cuntas faoi éadach a fuair mé ó m'athair)
TUILLEADH (2) ▼
"Cosamar an lín: barrach. Sin é an rud a bhaineas an tlú gairmit as an líon. Shníomhtaí an bharrach le tuirne olla, agus dhéantaí snáth di. Inneach a ghnídís den bharrach, agus ansin dlúth olla a chur air, agus é a dheilbh, agus uige a dhéanamh dhó (dhe) agus a thabhairt chuig an bhfíodóir lena fhíochan. Dhéanfaí píosaí dhó ar nós flainín. Nuair a bhíodh fite dhó, ghnítí súsaí dhó le caitheamh os do chionn sa leaba. 'Sé an t-ainm a bhíodh ar na súsaí sin "líon agus olann". B'fhearr ceann acu ná trí phluid. Bhídís buille garbh, ach má bhíodh fhéin, dhá mbeadh ceann acu ar an leaba, thiocfá le pluid amháin agus é." (giota as cuntas faoin líon ó m'athair)
"Ina uige — ina throisleáin — a bhíos an snáth théis an crann deilbh a fhágáil. Ina cheirtlíní a bhíos an t-inneach. Chuirfeadh an fíodóir an uige sa seol agus thosódh sé ag caitheamh an innigh air, nó go mbeadh na ceirtlíní ídithe. Mura mbeadh a dhóthain innigh ag an bhfíodóir, bheadh easnamh (/æsɴə/) ort, agus chaithfeá tuilleadh a fháil, hé brí cá bhfaightheá é. É a thógáil ó bhean eicínt … Inneach bán a chaitheamh ar dhlúth dubh, sin é an ceann easna. Dhá mbeadh dlúth agus inneach bán ann, sin é an flainín bán — ábhar drárannaí agus báiníní agus pluideannaí. Bíonn an t-inneach agus an dlúth dubh le dhá ghlas chaorach. Nó d'fhéadfá olann daite a chur ar bhán, le aghaidh treabhsair agus bheist. Daitear an dlúth agus an t-inneach le aghaidh seaicéid nó chasógaí. Chuiridís láib ar an dath leis an mbréidín dhubh a bhíos sna seaicéid thíre a dhathú. Dhá ndaiteá inneach le scraith chloch, agus oiread na fríde glas chaorach a chaitheamh thríd an dlúth, dhéanfadh sé éadach breá. Rinne mo mháthair culaith dhó dhom anseo uair. Bhainfeadh sé an solas as do shúile. Ní raibh aon bhean óg sa tír nach in mo dhiaidh a bhí nó go raibh sí caite! Ach caitheadh in aer an obair sin. Níl triúr ban istigh in do thír inniu atá in ann olann a dhathú. Níl a fhios acu céard a bhaineas dó" (Sliocht as cuntas faoi éadach ó Mháirtín Ó Cadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
dlúth 2
Ní raibh aon deilbh air. Sin é an fáth nár fhéad sé a fhíochan dlúth