Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deifrigh
briathar as deifir
ainm briathartha: deifriú
deifir, dlús, broid, deabhadh a chur le rud; rud a bhrostú; rud a dhéanamh sciobtha.
+
Deifrigh leat!
Deifrigh amach!
TUILLEADH (5) ▼
Deifreoidh tú má théimse i do dhiaidh!
Dheifrigh sé go maith. Murach gur dheifrigh, ní bheadh sé anseo anois
Deifríonn sé abhaile leis an íocaíocht i gcónaí agá n-a bhean
Tá sí ag deifriú anocht agus b'annamh léithe, b'annamh sin
Ní mór dhuit deifriú anois, nó beidh sé ina dhórtadh ort

Féach freisin