Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deifir
/d′ef′ir′/
ainmfhocal, baineann
tuiseal ginideach uatha: deifre, ach is focal é nach dteagann claochmú tuisil air go minic, ach an t-alt a athrú go dtí na
broid, deabhadh; driopás, anbhá, furú, antlás, beos.
a.
+
Tá an-deifir ort
Bhí dubhdheifir air
TUILLEADH (7) ▼
Bhí deifir mhór (dhiabhalta, dhalba srl.) air
Bíonn deifir an domhain (an tsaoil, deifir a bhfaca tú ariamh srl.) air
Bhí an oiread deifir air agus a bheadh ar fhear a bheadh ag dul ag iarraidh cailleach do bhean a bheadh ar a céadpháiste
Tá deifir orm
Ná bac le deifir! Is air siúd a bhí an deifir
Deifir ag an deamhan ort! (deifir as ort! srl.). Breá nach ndéanann tú deifir mar sin agus gan a bheith ag caint fúithi
Is beag an deifir atá ar siúd mo léan, amach ina ghnaithe
+
Tá deifir cladaigh (aifrinn, sochraide, portaigh, féir, bóthair, scoile srl.) orm
Is beag den deifir chladaigh seo atá ar Mh. Sh. Gh. Níl an rabharta ag cur mórán imní air, agus b'fhéidir gurb aige atá an ceart
TUILLEADH (9) ▼
Shílfeá go bhfuil an-deifir scoile ar na gasúir seo inniu, hé brí céard a bhain dóibh
Ní deifir portaigh atá air, mo léan, mar atá ar dhaoine eile. Dheamhan éirí a ghníos sé go dtí an haon déag chuile lá
Is mór de dheifir garraí agus goirt a bhí air ariamh, agus céard atá dhá bharr aige inniu ach an oiread linne. Dheamhan a dheatach!
Ní fhaca mé aon deifir faoistin ariamh ort thar aon duine sa teach. Murach gur tapaíodh tú anuraidh, bheadh faoistin na Cásca ligthe thart agat
Nach mór an deifir damhsa atá oraibh! Dhá mba é an garraí nó an portach é, ní bheadh a leathoiread deifir oraibh
Brú agus ding oraibh mura beag an deifir éirí atá oraibh
Mo léan, tá an deifir amach oraibh. Dhá mbeadh an deifir isteach oraibh chomh maith sin, dhéanfadh sibh cúis — daoine agus fonn orthu dul chuig damhsaí agus eile
Tá deifir chun bídh air
Tá deifir go Gaillimh air
+
D'imigh sé agus deifir air deirimse leat! — bhí deifir air ag imeacht agus níor mhór dhó, mar cuireadh faitíos air
Imeoidh sé sin agus deifir air má theagann sé anocht
TUILLEADH (10) ▼
'Sé a d'imigh agus an deifir air
Cuirfidh mise deifir ort ag imeacht mura n-imí tú uait féin
D'imeodh sé agus deifir air dhá mbeinnse istigh!
Cuirfidh mise amach é agus deifir air!
Tabharfaidh sé aníos é agus deifir air má chasaimse leis!
Mura dté tú a chodladh as réiteach, gabhfaidh tú a chodladh agus deifir ort ar ball
Má chuirimse an póilí ina dhiaidh, déanfaidh sé é agus deifir air
Dar fia dhá bhfeicinnse é, d'fhágfadh sé ansin é agus deifir air
A dhailtín bhradaigh, mura dté tú amach ag an scoil, gabhfaidh tú amach agus deifir ort!
Ardóidh sé é agus deifir air ach feadh is mise é a fheiceáil. 'Sé an rud is lú dhó an bhearna a thógáil lá is go dtug muid cosán dó ann
+
D'imigh sé faoi dheifir — bhí deifir air ag imeacht
Rinneadh é sin faoi dheifir agus tá a shliocht air: tá sé maolscríobach
TUILLEADH (7) ▼
B'éigean daoithe (//) imeacht faoi dheifir
Chonaic mé ag dul siar é le an-deifir. Diabhal a leithide de dheifir
Rinne mé é sin le an-deifir
Ghabhfá G. in imeacht trí ceathrúnaí uaire ach ba le an-deifir é
Dhá gcuirtheá lá é, ba le an-deifir é
Cheannaigh mé é as deifir agus tá a shliocht air: níor bhreathnaigh mé chor ar bith ceart air ach a chrochadh liom
Is minic le duine siléig a dhéanamh mar sin as deifir
+
Cá'il do dheifir ag dul? — cén áit a bhfuil an oiread sin deifre ort; céard atá le déanamh agat le go mbeadh an oiread sin deifir ort?
Lig do scíth. Cá'il do dheifir ag dul
TUILLEADH (4) ▼
Ara suigh fút go fóilleach agus déan do chuairt. Cá'il do dheifir ag dul?
Cá'il mo dheifir ag dul ab ea? Nach bhfuil airde crann loinge d'fheamainn dearg sa gcaladh!
D'fhéadfá fanacht le blogam tae. Cá'il do dheifir ag dul, ach an oiread leis siúd?
Níor mharaigh do dheifir ariamh tú ag éirí (fc. maraigh)
+
Níl aon deifir leis. Féadfaidh tú a thabhairt aniar uair ar bith a gcasfar an bealach thú
Bhí an-deifir agam leis an gculaith éadaigh, ag ceapadh go mbeadh sí agam faoin Nollaig, ach bhí baol orm
TUILLEADH (5) ▼
Níl aon deifir mhór mar sin leis, ach chomh luath agus a chasfar agat é, b'fhearr dhuit a íoc, b'fhearr sin. Tá sé amuigh le fada
Shílfeá go raibh an-deifir aige leis an gceap. Ní mian leis tada a fhágáil ar iasacht an-fhada
Ara níl deifir mhór ar bith mar sin leis an gcíos. Glacfaidh siad é uair ar bith a gheobhas siad é
Dhá mbeadh deifir abhaile leis, mo léan is fada a chaithfí ag fanacht leis
Níl deifir ar bith ar an bportach leat. Déan an rud atá tú a dhéanamh i dtosach
+
Dhá mbeifeá ag marú mairt, ní ligfeadh an deifir dó breathnú ort
Lig an deifir thart — suigh síos agus lig do scíth
TUILLEADH (6) ▼
Imeoidh an deifir díot fós ach a mbeidh tú chomh sean liomsa
"Mhall Dia an deifir" (seanfhocal, fc. mall)
Tá sé ar bheagán deifir ar ndóigh, mar a bhí sé ariamh
Tá sé gan deifir ar bith dá bhfaca tú ariamh
Bhí bís air le deifir imeacht
Bhí sé ag siúl anonn is anall ar fud an tí le deifir imeacht
b.
+
Is mó an deifir a rinne tusa ná mé ag imeacht as an mbaile mór, agus bhí mé sa mbaile romhat ina dhiaidh sin
Rinne mé (déanfaidh mé srl.) deifir mhaith abhaile
TUILLEADH (5) ▼
Is maith an deifir a rinne tú agus a bheith sa mbaile chomh luath seo
Ní mó ná dá gcuirtí splanc ina phóca go ndéanfadh an righneadóir sin deifir
Rinne sé cuid mhaith deifir agus é a bheith anseo ó ló
Breá nach ndéanann tú rud eicínt deifre thairis sin. Meas tú an bhfanfaidh an taoille leat?
Is maith an deifir a rinne sí — bail ó Dhia uirthi — agus í a dháir in aois a ráithe — bó
+
Déan deifir a chur leis — cuir deifir leis; cuir faoi ndeara dhó deifir a dhéanamh
Nár dhúirt sé go raibh sé ag teacht. Gabh síos agus déan deifir a chur leis
TUILLEADH (4) ▼
Gabh siar roimh an sagart agus déan deifir a chur leis. Mura gcuire, ní bhéarfaidh sé beo air
Nár fhéad tú deifir a chur leis abhaile? Ní thiocfaidh sé anocht anois
Déan deifir a chur leis an mbéilí sin. Caithfidh mise a dhul amach
Téirigh síos go dtí é anocht agus déan deifir a chur leis, nó ní dheasóidh sé an bhróig sin i mbliana. Duine an-tsiléigeach é mura mbeidh tú dhá bhrosnú (bhrostú) i gcónaí
+
Mura gcuire sibh deifir leis an táilliúr sin thoir, ní chuirfidh sé aon ghreim in aon tsnáth éadaigh libh i mbliana. Tá siad mí aige cheana
Dá gcuirtheá deifir leis an gcapall bheifeá sa mbaile ó ló mhór, ach b'fhearr leat ag snámhaíocht. Fágfaidh sin do mhaistín de shummons agat
TUILLEADH (6) ▼
Breá nach gcuireann sibh deifir leis an bpota sin. Níl cosúlacht ar bith fiuchta air
Ní chuirfidh sé siúd mórán deifir leis fhéin (nó air fhéin) ag tabhairt rud ar bith dhá bhfaighidh sé ar ais
Murach gur chuir mé deifir leo, ní bheadh an teach déanta go ceann bliana fós acu. Is cuma sa diabhal leo sin é ach cupla cúrsa a bhualadh air agus é a fhágáil ansin
Tá sé chomh maith dhaoibh imeacht anois agus ní ag cur deifir libh é, ach má ligeann sibh an deireanas oraibh féin, beidh tús na hoíche an-dorcha
Ní ag cur deifir libh é, ach sílim go mb'fhearr dhaoibh a bheith ag baint coisméig as pointe ar bith feasta. Tá aistir fada romhaibh
Níor tháinig aon éileamh ar airgead acraí fós, ní ag cur deifir leis, ná ag tabhairt gutha air é!
·
Más leat deifir a bhaint as sin, cuir francach ina phóca
Bain deifir as an diabhal d'asal sin, nó beidh sé ina oíche dhubh orainn

Féach freisin

deifir in iontrálacha eile (28)

 
daba
Tá daba eicínt aige seo suas sa maingín muis agus an deifir atá abhaile air — leota nó spóla feola
 
Daighean an mór duit deifir a dhéanamh (níl mé róchinnte gur an .i. daighean an is cóir a scríobh i gcásannaí den tsórt seo. Fuaim /ə/ atá ann)
 
Bíonn siad ag obair i Sasana anois Domhnach is dálach. Tá an t-an-deifir orthu nó go gcnioga siad an Gearmánach
 
dána
Ba é a labhair go dána drochmhúinte freisin. Dúirt sé mura dtéadh T. amach dhá dheoin féin, go gcuirfeadh seisean ag imeacht é agus deifir air!
+
déan 1
Déan deifir (deabhadh) — deifrigh
TUILLEADH (6) ▼
B'fhearr dó deifir a dhéanamh
Déan deifir leis an bpláta sin agus tabhair dhom é
Déan deifir a chur leis sin amuigh, nó ní bheidh sé imithe den tsráid go faoithin
Breá nach ndéanfá deifir a chur leis, agus gan é a bheith ag fálróid thart mar sin i gcaitheamh an lae
Tuige nach ndéanann tú deifir a chur leis sin thuas. Mura ndéana, dheamhan a chos ná a chnáimh a bheas amach as an ngarraí sin go Lá Fhéil San Seáin seo chugainn
Tá seol déanta ach í a phíceáil. Cheal nach bhfuil sí píceáilte ansin fós agat. Beidh I. Mh. Ch. scoite againn shula mbeidh sí trótáilte píceáilte tacáilte agat. Níl a fhios agam nach mbeadh sé in am a dhul ag stríocadh aríst shula mbeidh sí faoi réir agat. Breá nach ndéanann tú deifir? Diabhal bréag nach maith an bádóir thusa!
 
deara
Síleann tusa gurb é S. a rinne é. Tabhair faoi deara ab é. Más é muise, ba diabhlaí an deifir a rinne sé, má tá i ndán is gur buaileadh an ceann eile ag an haon dhéag. Arae sé sin an fáth, bhí sé ag ól tigh Th. an oíche sin nó gur cuireadh amach muid ag leathuair théis an deich, i gcruthúnas duit nár mhór dhó bealadh a chur faoina ioscadaí le bheith i nD. L. ag an haon dhéag: fear nach raibh bicycle ná deis marcaíochta ar bith aige ach na boinn
 
Ní dheasódh sé isteach sa sate(seat) le áit a thabhairt d'aon duine eile dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Bhí sé in aon ghillín amháin ansiúd agus seanmhná dhá dtreascairt faoi is thairis, agus ní chorródh sé. Tháinig conductor an bhus faoi dheireadh agus chuir sé faoi ndeara dhó deasú isteach, agus deifir air
 
deis
Shín sé amach páipéar deich bpunt agam. 'Seo anois a bhean chóir,' adeir sé. 'Íoc do chuid dliteanais leis sin, agus ná bíodh deifir ar bith ort dhá íoc liomsa, nó go dteaga sé ar do dheis go maith. Níl dlús ar bith agamsa le airgead.' Caraid a dhéanfadh é, nach ea
 
diaidh
Bhí dhá mhíle de thosach agam air, ar a laghad ar bith, agus cé a d'fheicfinn in mo dhiaidh aniar ag dul isteach ag ceann Bhóthar na T. ach é. Ba mhaith an deifir a rinne sé sin
 
Níl drogall ar bith aige airleacan a thabhairt uaidh, an té a dhéanfas díolaíocht leis mar is ceart, ach dar fiagaí, ní milleán ar bith air a bheith géar leis an duine a thógfas foracún mór ann agus nach mbeidh deifir ar bith air faoina íoc
 
dlús
Tá an t-athair ag cur dlús leis an bpósadh. Deifir atá air go bpósa sé an mac siúd as an mbealach, faitíos go dtosódh sé ag stróiceadh ag iarraidh a dhul Sasana aríst
 
Fáilte an doichill a cuireadh roimhe — fáilte nárbh fháilte chor ar bith í, doicheall a bheith romhat i leaba fáilte, agus in áit b'fhéidir a mbeifeá ag tnúthán le fáilte. Seo í Fáilte an DoichillFáilte an Duine Dhoichealla (doicheallaigh): "Fáilte romhat agus nár ba ea; Suigh síos — mura bhfuil deifir ort —; Agus ar ndóigh tá; Fan go lá —; Tá na fataí seo donite, dobhruite, dochurtha síos; Tá an tincéara i gCorcaigh; tá an pota ag ligean thríd (tá an pota i mBaile Átha Cliath); Agus níl fataí ar bith is gaire dhuit ná do chuid fataí féin"
 
dóigh 2
Thiocfadh dhó a bheith anseo ó ló. Níor dhóichíde dhó sin, ná fuireacht go maidin. Níor mharaigh a dheifir ariamh é ag teacht
 
dreas 1
Nach bhféadfá dreas den tine a thabhairt duit féin. Cá'il do dheifir ag dul. Déan do ghoradh
 
Cén sórt driopás atá ort. Mhall Dia an deifir, adeir siad. Glac go réidh thú féin. Beidh móin ann i ndiaidh ár mbáis!
 
Is maith driopásach a d'ól sé a phionta. Shílfeá gurb í an taoille a bhí ag teacht air leis an deifir a bhí amach aríst air. Faitíos a bhí air go gcasfaí aon duine isteach agus go mbeadh air seasamh
 
droim
Dar fia muis, níl sé chomh réidh sin C. a chur dhá dhroim má chaitheann sé rud ina chloigeann ceart. An bhfaca tú nuair ar shíl an sagart a bhacadh faoin talamh. Dar príosta, níl a fhios agam cé acu is mó a raibh deifir ag imeacht an lá sin air — ar an sagart, nó air féin. Duine an-intinniúil é C.
+
téigh
Cá'il do dheifir (do chruóg) ag dul
TUILLEADH (3) ▼
Fan liom. Cá'il do dheifir ag dul? — cá rachaidh tú le go bhfuil an oiread sin deifir ort?
Cá'il do dheifir ag dul? Bíodh foighid agat. B'éigean fanacht leat nó gur rugadh thú
Shílfeá go bhfuil an t-an-fhurú ort bail ó Dhia ort. Cá'il do dheifir ag dul? Breá nach suífeá síos agus do reasta a ligean mar a dhéanfadh fear
 
Chuaigh mé deich bpínne ina scilling ansin ar ball, ach cuireadh aisti aríst mé agus deifir orm — imirt chártaí; dhá leagadh duine de na cearrbhachaí scilling amach, agus an scilling a bheith gnóite ag duine eile cé is moite de dhá phínn