Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
driopás
ainmfhocal, fireann
tuiseal ginideach uatha: driopáis
an-deifir, furú, uafás, scanradh, súnás. Ní baileach gur deifir é. Bíonn imní nó faitíos i gceist chomh maith le deifir. Níl sé mórán i gCois Fharraige chor ar bith, ach tá sé an taobh siar, isteach Bun na gCnoc tórainneach le Carna agus le Dúiche Sheoigheach. Chuala mé go minic é agus an t-aidiacht chomh maith (fc. driopásach).
+
Tá driopás air
Tá driopás an tsaoil anois air faitíos nach mbeidh sé in am ag an siamsa
TUILLEADH (4) ▼
Ní fhaca mé an ceann céanna ariamh nach mbeadh bun a anama amuigh le driopás. Mura bhfaighe sé an bhean sa móinéar roimhe in éadan an fhéir, cuirfidh sé na diabhail den Chruaich
D'fhéadfá a rá go raibh driopás ormsa, arae bhí faitíos orm nach mbéarfadh an sagart uirthi beo. Mo chreach mhaidne ghéar tú, is uirthi nach raibh an mhairg roimhe: ina suí suas ag ithe bruithneoige di féin as an ngríosaigh. Cuirfidh sí fód orainn uileag fós. Ach má mhaireann di le na hualaí siúd, ní bheidh deoir ar bith ola ag an sagart nuair a theastós an ola a dhul orainne
Bhí driopás air ag imeacht, agus níor mhór dhó fhéin go raibh. Dhá mbeireadh sé siúd air agus é spadhartha, ní changlódh sé aon fhata lena mharthain, agus diabhal leath an chirt a bheadh aige leis mura gcanglaíodh fhéin
Cén sórt driopás atá ort. Mhall Dia an deifir, adeir siad. Glac go réidh thú féin. Beidh móin ann i ndiaidh ár mbáis!
·
Is mór an t-ionadh go n-itheann sé greim ar bith le driopás. Shílfeá nach mbíonn breith bonn báis aige nó go mbeidh sé ag obair. Dheamhan mórán dhá shlacht air, ní dhá roinnt leis é!

Féach freisin

driopás in iontrálacha eile (1)

 
Is driopásaí é ná P. R. a bhí anseo fadó. Ní ligeadh an driopás do Ph. R. a bhróga a dhúnadh nó go mbeadh portach móna gróigthe aige. In am dinnéir a dhúnadh sé iad: leathláimh ag ithe agus leathláimh ag dúnadh. Sin é a fhearacht aigesean anois é