Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dristiúirí, drisiúirí
/d′r′išt′ūr′ī/, /d′r′išūr′ī/
ainmfhocal, fireann
seisreach chapall le haghaidh treafa. Tá dreasadóir — a ploughman, a ploughteam driver i bhFoclóir Uí Dhuinnín, ach mar seo a chuala mise é ag talmhaithe.
·
"Péire dristiúirí (nó drisiúirí) faoin uaim agus faoi chéachta; Spagall sciúrtha agus crannóg ard" (As amhrán ó Sheán Ó Cadhain, Baile Bán, Caisleán Gearr, Gaillimh)
Deir tusa gur talmhaí thú. Fóill ort anois. Céard iad dristiúirí … uaim … béim … hanlaí … dromacán … An bhfuil a fhios agat céard í céachta chor ar bith. Dheamhan pioc atá a fhios agat faoi thalmhaíocht!

Féach freisin