Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drithleach
/d′r′iʟ′əx/
aidiacht
geitiúil, giongach, scéiniúil, faiteach, scáfar, tucarach dhá bheith ag preabadh agus ag geiteadh, agus a bheith priaclach. Nervous sna ciallanna atá anseo den fhocal.
+
Tá an capall sin an-drithleach ar an mbóthar ón uair úd ar theangmhaigh an mótar léithe. Dheamhan uair dhá dtéann sí thar an ngeadán sin ó shin, nach mian léithe baint as. Amantaí ní féidir a béal a bhaint di chor ar bith
Tá an madadh sin drithleach ar fad ó thosaigh an cuthach sin — na fits — ag teacht air. Is gearr uaidh ruaig eile dhíobh muise. Aithneoidh tú air é, nuair a bheas siad ar bheidhil a theacht air. Bíonn sé ag imeacht drithleach ar fud na sráide gan cónaí a dhéanamh in áit ar bith. Bíonn na súile an-ghlórach aige freisin
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé an-drithleach anois má chloiseann sé torann binn ar bith. Is maith a chuaigh an ceaintín dó a chur ar a dhrioball. Thug M. Sh. G. ceaintín amach an lá faoi dheireadh agus thosaigh sé dhá 'speáint dó, mar dhóigh dhe, go raibh sé ag dul dá chur ar a dhrioball aríst. Well scuab sé mar a bheadh glasmhíol Márta ann!
+
Shílfeá gur duine an-drithleach í. Diabhal mé go raibh gacha le geit agus léim aici ansin ar an gcathaoir, agus go sílfeá go ngabhfadh sí d'abhóig thríd an bhfuinneoig pointe ar bith
Nach drithleach an mhaise di é. Níl ort ach do láimh a chur ina gaire agus éireoidh sí de chothrom talúna ar an toirt. Diabhal an dinglis é ach an oiread. Is iomaí duine a bheadh dingliseach nach mbeadh ar an gcaoi siúd
TUILLEADH (2) ▼
Is mise a bhí drithleach an t-am a raibh an chóisir bhainseachaí anseo ar an mbaile againn. D'ól mé ionlaos phocaide. Ní le linn na mbainseachaí féin is mó a d'ól mé é, ach bhíodh searrachaí beaga eile ann nuair a bhíodh na ráigeannaí móra thart. An lá théis bhainis T. Sh. chaith mé féin agus é féin agus M. B. an lá thuas sa teach aige ag críochnú an tsearróigín a d'fhan d'fhuílleach ón oíche roimhe sin. Chuaigh mé síos tráthnóna deireanach le gráinne tobac a fháil. Bhí sé ina oíche dhubh orm ag Airdín an Fh. Diabhal mé gur thosaigh na claíochaí ag teacht amach romham ar an mbóthar, agus go raibh chuile shonda dhá raibh mé a fheiceáil ag baint geit asam. Tabhair fear drithleach orm! Bhí mé tuilleadh agus mí shula bhí mé agam féin ceart
Tá mé an-drithleach anois le tamall hé brí céard atá ag dul dom. Níl mé in ann cónaí a dhéanamh in áit ar bith. Tá mé chomh priaclach lena bhfaca tú ariamh agus ní luar liom an saol mór ná a dhul a chodladh san oíche. D'fhanfainn in mo shuí go maidin, murach leisce a bheith orm daoine a choinneáil ó chodladh. Bíonn scáth orm roimh an dorchadas