Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drisíneach
aidiacht as drisín
focal cuingir le cantalach nó ar a aghaidh féin
cantalach, coilgneach, oilbhéasach, crosta, olc.
+
Tá sí cantalach drisíneach
Tá clann aige agus clann atá cantalach drisíneach. Séard a bhí le déanamh leo, na scairteachaí a bhaint astu lena mbuailfí orthu. Ní shuaimhneoidh tada eile iad
TUILLEADH (3) ▼
Is iad is drisíní chantalaí dhá bhfaca mise ariamh. Níl aon mhaith a bheith dhá mbualadh. Tá an oiread buailte orthu agus a mharódh múille ach cén mhaith sin. Níl aon tsuaimhniú i ndán dóibh ach suaimhniú amháin: chaon nduine acu a chur in ísle bhrí le drochiarraidh
Ní bheadh aon ghair agat é sin a thabhairt in áit ar bith tá sé chomh cantalach drisíneach sin. B'fhéidir gur tosaí ag gol agus ag gárthaíl a dhéanfadh sé agus thú a náiriú. Ní bheadh sásamh ná séanadh air mura dtugainn chuig an aifreann é Domhnach anseo i mbliana, agus ní cheideonainn ar a bhfaca mé ariamh é nuair a bhí sé déanta agam. D'áitigh air ag blaoch agus ag blaidhriúch, gur thug sé aghaidh an tséipéil orm. Ní thabharfainn deoir fhola le náire
Is beag an dochar dhóibh a bheith thar bharr a gcéille féin má bhíonn an t-ál siúd atá acu chomh cantalach drisíneach i gcónaí agus a chonaic mise. Ba show iad an oíche a bhfaca mise iad. Bhí siad i gcruth an teach a thógáil dá lúdrachaí chuile phointe. Mo choinsias, bhí faitíos orm sa deireadh fanacht istigh chor ar bith
+
Nach diabhaltaí drisíneach atá sí anois, a bheith ar an gceird sin ar feadh na hoíche. Shílfeá go mbagródh duine eicínt uirthi, ach chreidim gur beag an mhaith bagairt uirthi. Dhá ndéanthá, ní bheifeá ach ag borradh léithe. Is aoibhinn don té a gheobhas í dar fia
Murach chomh drisíneach agus atá M., is iomaí fear a thabharfadh amach ag damhsa í, ach níor dhóichíde cleas di dhá dtugtaí, ná tosaí ag léamh ar an té a thabharfadh amach í. Sin nó pus chomh fada le ráithe an earraigh a chur uirthi féin ar lár an urláir. Dar príosta ní thabharfaidh fear ar bith amach í ar chuntar den tsórt sin
TUILLEADH (3) ▼
Beidh sé ina ardcheann amach anseo agus chomh drisíneach agus atá sé cheana féin. Bhí muid thíos ann an oíche cheana agus bhí sé ag ealaín le slatmhaide a bhí aige agus fhóbair ná gur bhain sé an tsúil as M. B. leis, hé brí cén sórt sníomh a bhí aige air. Rug an mháthair ar an maide lena bhaint dhe, agus ba é an drochpheata é. Thosaigh sé ag gabháil i ngeallta a mhic ó, agus ar éigean a cuireadh foighid ar bith ann nuair nach bhfaigheadh sé cead a chomhairle féin. Nach gceapfá go bhfuil sé sin drisíneach!
Nach drisíneach an mhaise dhuit é riu. Fear buile gan bríste! Is mó go mór an bhrath atá agam liúradh buailte a thabhairt duit leis an taghdaíl sin a bhaint asat. Gheobhaidh tú é dhá fhada go dtí é, agus má fhaigheann féin ní bheidh leath an chirt leat
Duine drisíneach mar sin, níl agat ach é a bhualadh d'aon iarraidh. Sin nó ligean dó ar fad. Maidir le bheith ag cothaíocht achrainn leis, ní bheidh tú ach dhá spreagadh tuilleadh. Nach bhfeicim ansin thíos é chuile lá sa tseachtain …

Féach freisin

drisíneach in iontrálacha eile (3)

 
Tá an oiread grúscáin agus drantáin agat le seanduine a mbeadh míola air. Shílfeá nach mbeifeá chomh cantalach drisíneach sin
+
Ní scarfaidh an drisínteacht léithe siúd go scarfaidh an ball dubh leis an bhfeadóig. Ghreamaigh di a bheith drisíneach. Ní raibh mórán gaisce ar a hathair féin go ndéana Dia grásta air
TUILLEADH (1) ▼
Más cúrsaí drisíneachta é, níl duine ar bith chomh drisíneach leis an abhlóir de ghasúr atá aici féin. Chloisfeá thiar aduaidh ag screadach amantaí é. Amantaí eile, tosaíonn sé ag diabhlóireacht, agus do pháiste chomh hóg, dar príosta 'sé atá deas air