Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Drisíneach
aidiacht as drisín.
focal cuingir le cantalach nó ar a aghaidh féin
cantalach, coilgneach, oilbhéasach, crosta, olc.
+
Tá sí cantalach drisíneach
Tá clann aige agus clann atá cantalach drisíneach. 'Séard a bhí le déanamh leo na scairteachaí a bhaint asta len a mbuailfí orra. Ní shuaimhneochaidh tada eile iad
TUILLEADH (3) ▼
Is iad is drisínighe chantalaighe dhá bhfaca mise ariamh. Níl aon-mhaith a bheith dhá mbualadh. Tá an oiread buailte orra agus a mharbhóchadh múille ach cé'n mhaith sin. Níl aon-tsuaímniú indán dóib ach suaímniú amháin: 'chaon nduine aca a chur in ísle-bhrigh le droch-iarraidh
Ní bheadh aon-ghoir agad é sin a thabhairt in áit ar bith tá sé cho cantalach drisíneach sin. B'fhéidir gur tosuighe ag gol agus ag gárthaighil a dhéanfadh sé agus thú a náiriú. Ní bheadh sásamh ná séanadh air mara dtugainn chuig an Aifreann é Domhnach annseo imbliana, agus ní cheideonainn ar a bhfaca mé ariamh é an uair a bhí sé déanta agam. D'áitigh air ag blaodhach agus ag blaidhriúch, gur thug sé aghaidh an tséipéil orm. Ní thiubhrainn deoir fhola le náire
Is beag an dochar dhóib a bheith thar bharr a gcéille féin má bhíonn an t-ál siúd atá aca cho cantalach drisíneach i gcomhnuí agus a chonnaic mise. Ba "show" iad an oíche a bhfaca mise iad. Bhí siad i gcruth an teach a thógáil dá lúdrachaí 'chuile phuinte. Mo choinsias bhí faitíos orm ins an deire fanacht istigh chor ar bith.
+
Nach diabhaltaí drisíneach atá sí anois, a bheith ar an gceird sin ar feadh na h-oíche. Shílfeá go mbagróchadh duine eicínt uirre, ach chreidim gur beag an mhaith bagairt uirre. Dhá ndéanthá ní bheitheá ach ag borradh léithe. Is aoibhinn do'n té a gheobhas í dar fiadh
Marach cho drisíneach agus atá M. is iomdha fear a thiubharfadh amach ag damhsa í, ach níor dhóighide cleas di dhá dtugtaí, ná tosuighe ag léigheamh ar an té a thiubharfadh amach í. Sin nó pus cho fada le ráithe an earraigh a chur uirre féin ar lár an urláir. Dar príosta ní thiubharfaidh fear ar bith amach í ar chuntar de'n tsórt sin
TUILLEADH (3) ▼
Beidh sé in a árd-cheann amach annseo agus cho drisíneach agus atá sé cheana féin. Bhí muid thíos ann an oíche cheana agus bhí sé ag ealadhain le slat-mhaide a bhí aige agus fhobair ná gur bhain sé an tsúil as M. B. leis, hébrí cé'n sórt sníomh a bhí aige air. Rug an mháthair ar an maide len a bhaint dhe, agus ba é an droch-pheata é. Thosuigh sé ag gabhail ingeallta a mhic ó, agus ar éigin a cuireadh foighid ar bith ann an uair nach bhfuigheadh sé cead a chomhairle féin. Nach gceapfá go bhfuil sé sin drisíneach!
Nach drisíneach an mhaise dhuit é riu. Fear buile gan bríste! Is mó go mór an bhrath atá agam liúradh buailte a thabhairt duit leis an taghdghail sin a bhaint asad. Gheobhaidh tú é dhá fhada go dtí é, agus má fhaghann féin ní bheidh leath an chirt leat
Duine drisíneach mar sin, níl agad ach é a bhualadh d'aon-iarraidh. Sin nó leigeann dó ar fad. Maidir le bheith ag cothuigheacht achrainn leis, ní bheidh tú ach dhá spreogadh tuilleadh. Nach bhfeicim annsin thíos é 'chuile lá ins an tseachtain …

Féach freisin

Drisíneach in iontrálacha eile (3)

 
Tá an oiread grúscáin agus drantáin agad le seanduine a mbeadh míola air. Shílfeá nach mbeitheá cho cantalach drisíneach sin
+
Ní scarfaidh an drisínteacht léithe siúd go scarfaidh an ball dubh leis an bhfeadóig. Ghreamuigh di a bheith drisíneach. Ní raibh mórán gaisce ar a h-athair féin go ndéanaidh Dia grásta air
TUILLEADH (1) ▼
Má's cúrsaí drisíneacht' é, níl duine ar bith cho drisíneach leis an amhalóir de ghasúr atá aice féin. Chloisfeá thiar adtuaidh ag screadach amanntaí é. Amanntaí eile, tosuigheann sé ag diabhlóireacht, agus do pháiste cho h-óg, dar príosta 'sé atá deas air.