Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

cantalach (25)

 
dearg 2
'Sé an deargadh a bhí air a choinnigh ó chodladh ar feadh na hoíche aréir é. Tá sé chomh cantalach le dris ó tháinig sé air — tógáil nó scóladh i mbléin agus ar mhásaí páiste (fc. dearg)
 
Is maith an dícheall di a gcumhdach ar fad — cheithre dhuine dhéag acu. Cén bhrí ach tá an chuid is sine acu chomh hábhailleach lena bhfaca tú ariamh, agus an chuid is óige an-chantalach
 
do 1
'Sé a bhí cantalach ag éirí dhó
 
Dodaire d'fhear é sin anois atá ar an mbus. Mura mbeidh do chuid airgid i gcúl do ghlaice agat dó, agus a shíneadh chuige ar an bpointe boise, 'sé a bhíos cantalach. Bhí sé ag dul ag cur S. Sh. Sh. bog te amach as an mbus an lá cheana an áit a raibh sé ag cinniúint dubh is dubh air a láimh a chur ina phóca ag an mbrú. Thug S. Sh. Sh. a dhúshlán. 'Is córa dhuit go mór a gcoinneáil dó,' adeir sé, 'agus gan muid a bheith anseo mar a bheadh matcheannaí i mboiscín'
 
Tá an oiread grúscáin agus drantáin agat le seanduine a mbeadh míola air. Shílfeá nach mbeifeá chomh cantalach drisíneach sin
 
Tá mé ag ceapadh dhá gcuirtheá slat ar an bpobal nach bhfaightheá drisín ná dreancán ar an bhfad sin is mó ná is cantalaí ná é
+
dris
Sheas mé oíche ar a cois thiar ag céilí tigh T. Ph. agus dhá bhfeictheá an strainc ghangaideach a tháinig uirthi. Is mó dhá fhonn a bhí uirthi shílfeá, mé a ionsaí. Siúd í an dris chantalach. Is aoibhinn don té a dtiocfaidh brat pósta air léithe
TUILLEADH (10) ▼
Bhí an dris chantalach sin thiar ag an S. ann, agus gan neart ag duine breathnú cam air nach mbuailfeadh gruaim é. Siúd é an diabhal a dteastódh an droimeáil uaidh go géar. Gheobhaidh sé é muis, má choinníonn sé na tithe ósta taithithe as seo go Nollaig. Tá dream a bhí i Sasana ag dul timpeall anois agus goin orthu ag tóraíocht achrainn
Tá tú in do dhris chantalach ansin ar leic an teallaigh ó mhaidin agus gan gair ag aon duine eile an tine a thaobhachtáil agat. Is óg atá tú ag tabhairt drochfhaisean faoi deara duit féin. Má leanann duit, caithfear an teach a fhágáil ar fad fút féin. Ní bheidh aon ghair ag aon duine eile seasamh leat. Diabhal gair muise
Tá sé chomh cantalach le dris — tá sé an-chantalach, an-chrosta ar fad. Ní féidir ceart a bhaint dó ach ag gol agus ag gárthaíl agus ag dul le cuthach
Nuair nach mbíonn sé ag ábhailleacht, bíonn sé chomh cantalach le dris. Tá naonúr acu oilte anois agam, ach is mó an t-anró atá faighte agam uaidh seo ná ón gcuid eile ar fad, bail ó Dhia orthu fré chéile. Ní theagann iamh air ach ag abhlóireacht ó mhaidin go faoithin agus ó oíche go maidin
Chinnfeadh ar chailleach éisc aon cheart a bhaint di siúd. Bheadh sé fánach aici. Tá sí chomh cantalach le dris
Is maith an chiall agamsa é más in é do scéal. Cúigear acu agam agus chaon duine acu ag baint farasbarr den cheann eile. Tá siad chomh cantalach le dris. Tá a fhios ag mo chroí go bhfaigheann siad an tslat scaití, ach má fhaigheann féin is beag an mhaith sin. Bíonn siad chomh dona ar an toirt aríst agus a bhí siad ariamh
Má tá siad chomh cantalach le dris muis, ní fhaca muide mórán dá gcuid cantail, agus bhídís isteach is amach againn chuile oíche le bliain. Feictear domsa nach bhfuil cor ná car iontu
Ní sheadóidh cailín ar bith sa teach sin. Cén chaoi a bhféadfaidís: paicle pháistí ann atá chomh cantalach le dris. Nach bhfuil an mháthair féin thar bharr a céille acu, ní áirím cailíní. I leaba a bheith dhá ngreasáil an fhad is a gheofaí teas ina gcraiceann
Ní raibh mac an aoin bheo istigh ar an mbaile sin ariamh nach raibh chomh cantalach le dris. Is agamsa atá a fhios sin ón am a mbínn in mo bhuachaill ag M. S. Murach chomh maith agus a bhí mé ar mo mhaidí, is minic a gheobhainn daite é. Faltanas ar bith dhá mbíodh acu do Mh. S. ormsa a d'ídídís é, i ngeall go mba mé ba mhinicí a chastaí ina mbealach
Dá mbeadh sí chomh cantalach le dris, bainfear ceart di ansiúd deirimse leat. Tá an phrioc de mháthair atá ansiúd in ann coc achrainn a choinneáil lena rogha duine. Agus deir siad nach gcoinneodh sí coinneal don inín. Caile cheart í sin. Agus ar ndóigh an spliota de mhac siúd ann, chuirfeadh sé dhá chrígh Mhuire thrína chéile. Meas tusa nár mhór do bhean a chasfaí isteach ina lár sin a bheith ina hamhas críochnaithe leis an gceann is fhearr a fháil orthu sin
+
Tá sí cantalach drisíneach
TUILLEADH (4) ▼
Tá clann aige agus clann atá cantalach drisíneach. Séard a bhí le déanamh leo, na scairteachaí a bhaint astu lena mbuailfí orthu. Ní shuaimhneoidh tada eile iad
Is iad is drisíní chantalaí dhá bhfaca mise ariamh. Níl aon mhaith a bheith dhá mbualadh. Tá an oiread buailte orthu agus a mharódh múille ach cén mhaith sin. Níl aon tsuaimhniú i ndán dóibh ach suaimhniú amháin: chaon nduine acu a chur in ísle bhrí le drochiarraidh
Ní bheadh aon ghair agat é sin a thabhairt in áit ar bith tá sé chomh cantalach drisíneach sin. B'fhéidir gur tosaí ag gol agus ag gárthaíl a dhéanfadh sé agus thú a náiriú. Ní bheadh sásamh ná séanadh air mura dtugainn chuig an aifreann é Domhnach anseo i mbliana, agus ní cheideonainn ar a bhfaca mé ariamh é nuair a bhí sé déanta agam. D'áitigh air ag blaoch agus ag blaidhriúch, gur thug sé aghaidh an tséipéil orm. Ní thabharfainn deoir fhola le náire
Is beag an dochar dhóibh a bheith thar bharr a gcéille féin má bhíonn an t-ál siúd atá acu chomh cantalach drisíneach i gcónaí agus a chonaic mise. Ba show iad an oíche a bhfaca mise iad. Bhí siad i gcruth an teach a thógáil dá lúdrachaí chuile phointe. Mo choinsias, bhí faitíos orm sa deireadh fanacht istigh chor ar bith
 
Mura bhfaighe sé a chuid airgid agus a chuid dualgais, is cantalach an éadáil é. Tá an breathas air mar shagart — tuarastal; íocaíocht Nollag, Cásca, coirce agus eile (Achréidh)
 
duine
Nach cantalach an duine thú!
 
Is cantalach an éadáil é le dúiseacht.