Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dreancán
/d′r′ænkān/
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: dreancáin
níl a fhios agam go háirid céard é an rud ó cheart, ach de réir mar atá sí i gcaint, ciallaíonn sé dris de dhuine, cantalóir, duine coilgneach, duine olc, nó duine a bheadh ag cur a chosa uaidh, go háirid ar a mheisce.
+
Nach é an dreancán é
Níl neart aige dhá ghloine phórtair a ól nach bhfuil sé ina dhreancán mar sin. Nár nuacha Dia dhó nach gcaitheann in aer ar fad é mar ól ó chuireas sé an bhail sin air
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé seo thíos ann, agus go deimhin má bhí féin, bhí sé mar is minic leis a bheith, ina dhreancán bhradach. Séard a bhí a dhéanamh leis, a smut a bhriseadh. Is mór an úis é nuair a bhíos aon deoir caite aige
Nach maith a chaithfeadh sé a bheith ina dhreancán thar aon duine. Séard a bhí a dhéanamh leis sin, é a fhágáil ina sheasamh suas ansiúd agus gan an striog féin a thabhairt dó ó tharla nach bhfuil sé in ann é féin a iompar
Nach bhfeiceann tú ina dhreancán é sin agus gan deoir ina bholg. Tá an drocháisc istigh; tá sin. Sin é atá dhá dhéanamh air
Thosaigh P. ag séideadh faoi agus ba ghearr a dheartháir mo chroí thú go raibh sé ina dhreancán. Ach níor cuireadh aon chaidéis air ina dhiaidh sin
+
Go deimhin ní drisín ná dreancán é, ní hé t'fhearacht féin sin (fc. dris. Cuirtear drisín agus dreancán le chéile mar sin)
Dhá mba drisín ná dreancán a bheadh inti is mór adéarfadh duine, ach níorbh ea muis ach an bhean is geanúla a shiúil talamh ná féar ariamh. Ar ndóigh is ar a leithide a bhuailfí an drochfhear!
TUILLEADH (3) ▼
Is beag an baol orm a mh'anam. Má shíleann tú go rachaidh mise ag tarraingt drisín ná dreancán ar bith mar é sin isteach faoi chaolachaí mo thí, tá tú ag dul amú. Fuair muid a (ár) ndóthain cheana dhíobh sin agus ní i ngan fios dúinn féin é, ní ag ceasacht ar Dhia é
Tá mé ag ceapadh dhá gcuirtheá slat ar an bpobal nach bhfaightheá drisín ná dreancán ar an bhfad sin is mó ná is cantalaí ná é
Má théimse ag tabhairt cuiríochaí uaim, ní do dhrisín ná de dhreancán mar é sin é; nach mbeadh ball in mo theach nach mbeadh briste aige dhá bhfaigheadh sé cupla gloine fuisce

Féach freisin

dris

dreancán in iontrálacha eile (1)

 
Níl drochmhúineadh ná oilbhéas ann agus go deimhin sin é atá i ndán is i ndúchas aige freisin. Níor tháinig drisín ná dreancán ar a chine ariamh