Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dreancaideach
aidiacht as dreancaid
ite le dreancaidí; faoi dhreancaidí; dreancaidí nó treaghdáin a bheith ann.
a.
+
Mharódh sé thú le onóir agus suimiúlacht, ach b'fhéidir gur maith dreancaideach í a leaba ina dhiaidh sin
Ar chuala tú céard adúirt N. Ph. faoi Mh. Sh. Sh.?: "níl fata ina gharraí; níl gráinne mine ina chomhra; níl caorán ina chlúid; leaba dhreancaideach í a leaba; agus tá an t-airleacan caite ó chuaigh sé i gcionn tí." Ní raibh léamh ná inseacht scéil ag N. ag díbliú ar dhuine ar bith nach mbeadh aon ghnaoi aige air
TUILLEADH (1) ▼
Sin é, ar chaoi ar bith, nach bhfuil an scríobadh ag coinneáil leis an tochas aige. Rud an-dreancaideach é
b.
salach, brocach, suarach, gágach, dona.
+
Scread mhaidne ar a cúl dreancaideach mura leitheadach í!
Ruidín míolach dreancaideach é
TUILLEADH (4) ▼
Ab é an ruidín dreancaideach sin a dhul ag pósadh! Is dona na gnaithí a bheadh ar bhean ar bith a ghabhfadh dhá phósadh
Teach fuar folamh dreancaideach atá aige
Níl na gabhair féin in ann maireachtáil ar an mbaile dreancaideach sin thiar
Díol an t-asal dreancaideach sin as an mbealach. Is mór an úis é

Féach freisin

dreancaideach in iontrálacha eile (9)

 
déan 1
Tá an madadh sin ag déanamh dreancaidí — dreancaidí ag cruthú ina chuid fíonnaigh
 
draoi
An bhfeiceann tú na míola sin a bhíos sa snáth mara. Sin iad na dreancaidí mara. Bhí an draoi breacach acu thíos ansin thíos i mbliana ar an gcunús feamainn tirim a d'fhan d'fhuílleach ormsa
+
"Bhí mé i dteach aréir agus bhí clampar ann; Bhí cearca agus géabha agus lachain ann; Bhí an bháisteach anuas thrí mhullach an tí; Agus níor chodail mé néal ag dreancaidí." (Rann a rinne fear nár thaitnigh an t-óstachas leis a fuair sé i dteach eicínt. Leagtar ar Raiftearaí é amantaí)
TUILLEADH (6) ▼
Níor chleacht sé tada ariamh ach míola agus dreancaidí agus sneá
Tugadh soir anseo iad nuair a bhí an aicíd sin in ainm is a bheith san áit, nó gur baineadh na dreancaidí astu. Ní fhéadfaidís siúd gan a bheith ite leo agus chomh salach brocach agus a mbíonn chuile shnáth dhá mbíonn orthu. Mhaithfeá do Dhia gan an léine atá air anois a fheiceáil. 'Sí an rud is sailí í dhá bhfaca mo shúil ariamh
Chas sé dreancaidí liomsa. Chreidim gurb é an chéad rud a tháinig ina bhéal é. Níor thug mé féin aird ar bith air, ach a rá nach maith an tsamhail a théas i bhfad. Chuile shórt ach dreancaidí; agus gurb aige fhéin sa bprochóigín de theach siúd atá máithreach na ndreancaidí. Sea i nDomhnach
Teann anuas as an sprémhóin sin nó beidh siad ag imeacht in do chrioslaigh agat. Dreancaidí. Sin í máithreach na ndreancaidí a mhic ó!
Beithígh ar an gC.! Bíodh unsa céille agat! Dreancaidí an t-eallach is fairsinge atá ansin, murar athraigh sé ó bhínnse ag tarraingt ann
Tá an cosamar feamainne siúd ionann is lofa. Ní tada atá go fairsing inti ach dreancaidí mara. Tá sí druidte leo