Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dreoigh
briathar
dreo /d′r′ō/, ach deirtear greo /ɡ′r′ō/ amantaí freisin. dreo, dreochan srl. leis an d atá ar fad i gCois Fharraige, ach go rí-annamh
 rodadh, éirí támáilte, tosaí ag lobhadh nó blas a theacht ar rud, go háirid ar fhéar, ar arbhar agus a leithidí eile. breoite, dreoite: chomh fada agus a bhaineas sé le féar agus arbhar, tá an dá fhocal ar aon chéill amháin anois ag cuid mhaith daoine. Ach tá idirdhealú ann ag cainteoirí barainneacha fós. Is measa a bheith breoite ná dreoite. Nuair a bheas féar, cuir i gcás, breoite, beidh boladh air, agus é ag lobhadh go tréan. Ní íosfadh tada é. Ach le bheith dreoite dhó, ní bheadh sé baol air chomh dona sin. Bheadh beagán boladh ag teacht air, agus é ag tabhairt uaidh. Ach ní bheadh aon chol an-mhór mar sin ag beithígh leis mura mbeidís ag fáil fuílleach le n-ithe. Téann sé as an dreochan sa mbreochan, agus bíonn sé ó mhaith ansin.
a.
+
Má fhágann tú an ghlaicín choirce sin thoir sa tseidín sin, dreofaidh sé. Dreofaidh agus go maith. Teagann faoi chuile rud ansin, hé brí cén t-údar atá leis. Ní gnaithe tada a fhágáil ann aon achar
Diabhal a leagfadh sí smut air! Deirimse leatsa dhá mbeadh a díol ocrais ar an gcailín sin (capall) gur beag an locht a gheobhadh sí air, má tá sé buille dreoite féin. Mise i mbannaí gur gearr a bheadh a chapall seo thíos ina éadan. Caith amach ag na hasail é, agus ní bheidh siad i bhfad leis
TUILLEADH (9) ▼
Tá plaicín ghabhair déanta agaibh den choca sin, a fhiosacht daoibh go bhfuil an coca eile dreoite. Meas tú cá bhfaighidh sibh beatha beithíoch amach anseo ar dhubhluachair na bliana. Gheobhaidh sibh í ar mo shonsa
Fuair sé an iomarca amlua. Sin é an rud a dhreoigh é. T'anam ón diabhal nach raibh an ghail bhruite ann ag dul sa gcoca. Théinn suas chuile lá thairis agus mé ag ceapadh go bhfeicinn púir as, ach dheamhan téamh a rinne dhó ina dhiaidh sin. Ba mhór an t-ionadh muis
An gceapann tusa nach bhfuil an coca sin dreoite? Bíodh unsa céille agat! Bhí sé thrí lasadh le téamh, an lá théis a chur isteach. Ní dhrannfaidh aon bhó leis sin, ach go mb'fhéidir dhá mbeadh slám d'fhéar ar fónamh agat le cur thríd go mbréagfadh sé iad
Cén áit a bhfaightheá síol. As an síobhaisín coirce sin atá dreoite as éadan. B'fhearr dhuit an ithir a fhágáil ina cónaí ná a dhul dhá chur ann
Níl aon chruach choirce istigh ar an mbaile — ná sa tír sa gcás sin — nach bhfuil ag dreo anocht. Rug an múr sin ar chuile dhuine dhá tharlú isteach. Diabhal a bhféadfadh a bheith folláin dó agus an t-uisce a fuair sé. Scaoiltear amach aríst amárach é; sin é a bhfuil le déanamh leis
Dreoite! Níor cás dó a bheith dreoite, ach tá faitíos orm go bhfuil sé breoite féin
An bhfeiceann tú an féar sin? Rinne sé dreochan riar orm. Bhí an-aimsir ann nuair a bhain mé é, ach bhí deabhadh orm go dtéinn in éadan móna, agus bhuail mé ar a chéile é chomh héasca in Éirinn agus a d'fhéad mé. Diabhal mé gur shíl mé go bhfuair sé neart gréine agus fuair, ach ní foláir dó an t-ionú a fháil ina dhiaidh sin
Níl milleán agam ar dhuine ar bith ach mé féin. Coirce beag a chuir mé sa ngarraí sin thoir, agus dhreoigh sé i ngráinne orm. Ar ndóigh bhí a fhios agam sin agus a dhul dhá chur ann. Ní fhaca mé aon tairbhe ariamh ar an gcoirce beag sin. Dheamhan an tuí féin a bhíos dhá bharr
Is gearr an t-achar é as seo go B. Chuaigh mé síos leis an gcarr ann. Cheannaigh mé trí folaigh coirce le aghaidh síl. Thabharfá an leabhar go mba é an chéad scoth é, agus ba é freisin. Ach lá dubhfhliuch a bhí ann agus mé ag teacht abhaile leis sa gcarr. Faoi cheann trí nó ceathair de laethantaí, bhreathnaigh mé air agus gan fios rúin ná soiscéil agam. Nár fhága mé seo mura raibh sé ag tosaí ag dreochan. Fhóbair go gcaillfí mé leis an gcantal
b.
·
Is fada an lá dreoite sa gcréafóig é — lofa, imithe. (duine a bheadh curtha. Ach ní abraítear mar seo é ach go hannamh. Tá sé an-choitianta faoi choirce, féar agus eile)

Féach freisin

dreoigh in iontrálacha eile (2)

 
díon 1
An-tuíodóir é. Chonaic mise díon curtha aige ansin thiar nár lig aon deoir isteach ariamh gur dhreoigh sí anuas den teach le aois. Tá mé ag ceapadh go raibh scór blianta air ar chaoi ar bith shular theastaigh brat uaidh aríst. Bhí bua eicínt aige leis an tuí. D'fhuadh sé ar chaoi eicínt í nach ligfeadh sí an sileadh thríthi go brách
 
Nár dhúirt mé leat go mbeadh dreoiteacht air, agus ní chuirfeadh fear agus píce iallach ort a ligint amach aríst ina dhiaidh sin. Oibrigh ort anois! A chomhairle fhéin do mhac dhanra agus ní bhfuair sé ariamh níos measa. Ara diabhal dreochan ná dreochan ar an bhféar sin. Céard a bhéarfadh dreoite dhó, scáth an dá bhraoinín báistí sin a buaileadh air. M'anam dhá mbeadh dreoiteacht air, gurbh fhurasta a aithinte é