Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dreóghadh, dreóghchan
Briathar, Ainm-Bhriathar.
dreóighte agus rl.
Dreoghadh = /d′r′ō/. Ach deirtear greobhadh (/ɡ′r′ō/) amanntaí freisin. Dreoghadh, dreoghchan agus rl. leis an "d" atá ar fad i gCois Fhairrge, ach go rí-annamh)
rodadh, eirghe támáilte, tosaighe ag lobhadh nó blas a theacht ar rud, go h-áirid ar fhéar, ar arbhar agus a leithidí eile. (Breoidhte, dreoighte: cho fada agus a bhaineas sé le féar agus arbhar tá an dá fhocal ar aon-chéill amháin anois ag cuid mhaith daoine. Ach tá idirdhealú ann ag cainteoirí barainneacha fós. Is measa a bheith breoidhte ná dreoighte. Nuair a bhéas féar cuirigcás breoidhte, beidh baladh air, agus é ag lobhadh go tréan. Ní íosfadh tada é. Ach le bheith dreoighte dhó, ní bheadh sé baoghal air cho dona sin. Bheadh beagán baladh ag teacht air, agus é ag tabhairt uaidh. Ach ní bheadh aon-chol an-mhór mar sin ag beithidhigh leis mara mbeidís ag fáil fuighleach len ithe. Teigheann sé as an dreoghchan issan mbreodhchan, agus bíonn sé ó mhaith annsin)
a.
+
Má fhágann tú an ghlaicín choirce sin thoir 'san tseidín sin, dreoghfaidh sé. Dreoghfaidh agus go maith. Teagann faoi 'chuile rud annsin, hé brí cé'n t-údar atá leis. Ní gnatha tada a fhágáil ann aon-achar
Diabhal a leagfadh sí smut air! Deirimse leatsa dhá mbeadh a díol ocrais ar an gcailín sin (capall) gur beag an locht a gheobhfadh sí air, má tá sé buille dreoighte féin. Mise i mbannaí gur gearr a bheadh a chapall seo thíos in a éadan. Caith amach ag na h-asail é, agus ní bheidh siad i bhfad leis
TUILLEADH (9) ▼
Tá plaicín ghabhair déanta agaibh de'n choca sin, a fhiosacht daoib go bhfuil an coca eile dreoighte. Meastú cá bhfuighidh sib beatha beithidheach amach annseo ar dhubhluachair na bliana. Gheobhaidh sib í ar mo shonsa
Fuair sé an iomarca amluadha. Sin é an rud a dhreoigh é. T'anam ó'n Diabhal nach raibh an ghail bhruithte ann ag dul 'sa gcoca. Theighinn suas 'chuile lá thairis, agus mé ag ceapadh go bhfeicinn púir as, ach dheamhan téigheadh a rinne dhó in a dheidh sin. Ba mhór an t-iongnadh muis
An gceapann tusa nach bhfuil an coca sin dreoighte? Bíodh unsa céille agad! Bhí sé thrídh lasadh le téigheamh, an lá th'éis a chur isteach. Ní dhranfaidh aon-bhó leis sin, ach go mb'fhéidir dhá mbeadh slam d'fhéar ar foghnamh agad le cur thríd, go mbréagfadh sé iad
Cé'n áit a bhfuightheá síol. As an síomhaisín coirce sin atá dreoighte as éadan. B'fhearr dhuit an ithir a fhágáil in a comhnaí ná a dhul dhá chur ann
Níl aon-chruach choirce istigh ar an mbaile — ná 'sa tír 'sa gcás sin — nach bhfuil ag dreoghadh anocht. Rug an múr sin ar 'chuile dhuine dhá thárlú isteach. Diabhal an bhféadfadh a bheith folláin dó agus an t-uisce a fuair sé. Scaoiltear amach aríst ambáireach é; sin é a bhfuil le déanamh leis
Dreoighte! Níor cás dó a bheith dreoighte, ach tá faitíos orm go bhfuil sé breoidhte féin
'Bhfeiceann tú an féar sin? Rinne sé dreoghchan riar orm. Bhí an-aimsir ann nuair a bhain mé é, ach bhí deabhadh orm go dteighinn in éadan móna, agus bhuail mé ar a chéile é cho h-éascaidh in Éirinn agus a d'fhéad mé. Diabhal mé gur shíl mé go bhfuair sé neart gréine agus fuair, ach ní fuláir dó an t-ionbhadh a fháil in a dheidh sin
Níl milleán agam ar dhuine ar bith ach mé féin. Coirce beag a chuir mé 'san ngarrdha sin thoir, agus dhreogh sé ingráinne orm. 'Ar ndú' bhí a fhios agam sin agus a dhul dhá chur ann. Ní fhaca mé aon-tairbhe ariamh ar an gcoirce beag sin. Dheamhan an tuighe féin a bhíos dhá bharr.
Is gearr an t-achar é as seo go B. Chuaidh mé síos leis an gcarr ann. Cheannuigh mé trí folaigh coirce le' aghaidh síl. Thiubharfá an leabhar go mbadh é an chéad-scoth é, agus badh é freisin. Ach lá dubh-fhliuch a bhí ann agus mé ag teacht abhaile leis 'sa gcarr. Faoi cheann trí nó ceathair de laetheantaí, bhreathnuigh mé air agus gan fios rúin ná soiscéil agam. Nár fhágaidh mé seo mara raibh sé 'tosuighe ag dreoghchan. Fhobair go gcaillfí mé leis an gcantal
b.
·
Is fada an lá dreoighte 'sa gcreafóig é = lobhtha, imighthe (duine a bheadh curtha. Ach ní abruightear mar seo é ach go h-annamh. Tá sé an-choitiannta faoi choirce, féar agus eile)

Féach freisin