Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
driopásach
aidiacht as driopás
a bheith ag imeacht le deifir; le furú srl.
+
Nach driopásach an mhaise dhuit é agus an ghrian i dtalamh. Déanadh tusa do rogha rud, ach tá a fhios agamsa céard a dhéanfas mé féin: scoireadh
Is beag an tsomhaoine a bheith driopásach mar sin. Is mó a bheadh déanta ag an té a ghlacfadh an saol go réidh ná é. Bíonn sé ag iarraidh dhá obair nó trí a dhéanamh in éindí
TUILLEADH (3) ▼
Is maith driopásach a d'ól sé a phionta. Shílfeá gurb í an taoille a bhí ag teacht air leis an deifir a bhí amach aríst air. Faitíos a bhí air go gcasfaí aon duine isteach agus go mbeadh air seasamh
Is driopásaí é ná P. R. a bhí anseo fadó. Ní ligeadh an driopás do Ph. R. a bhróga a dhúnadh nó go mbeadh portach móna gróigthe aige. In am dinnéir a dhúnadh sé iad: leathláimh ag ithe agus leathláimh ag dúnadh. Sin é a fhearacht aigesean anois é
Is driopásaí é ná seanfhear ag teacht abhaile ag cailín óg a mbeadh sé pósta léithe. Bíonn imní ar an seanfhear i gcónaí go n-imeoidh an cailín óg le fear eicínt eile!

Féach freisin