Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Driopásach
aidiacht as driopás
a bheith ag imeacht le deifir; le forú agus rl.
+
Nach driopásach an mhaise dhuit é agus an ghrian idtalamh. Déanadh tusa do rogha rud, ach tá a fhios agamsa céard a dhéanfas mé féin: scuireadh
Is beag an tsamhaoine a bheith driopásach mar sin. Is mó a bheadh déanta ag an té a ghlacfadh an saoghal go réidh ná é. Bíonn sé ag iarraidh dhá obair nó trí a dhéanamh in éindigh.
TUILLEADH (3) ▼
Is maith driopásach a d'ól sé a phionta. Shílfeá gurb í an taoille a bhí ag teacht air, leis an deifir a bhí amach aríst air. Faitíos a bhí air go gcasfaí aonduine isteach agus go mbeadh air seasamh
Is driopásaighe é ná P. R. a bhí annseo fadó. Ní leigeadh an driopás do Ph. R. a bhróga a dhúnadh nó go mbeadh portach móna gróigthe aige. In am dinnéir a dhúineadh sé iad: leath-láimh ag ithe agus leath-láimh ag dúnadh. Sin é a fhearacht aige-san anois é
Is driopásaighe é ná sean-fhear ag teacht abhaile ag cailín óg a mbeadh sé pósta léithe. Bíonn imní ar an sean-fhear i gcomhnaí go n-imeochaidh an cailín óg le fear eicínt eile!

Féach freisin