Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dris
ainmfhocal, baineann
1.
fás deilgneach coilgneach a imíos le talamh go hiondúil nó ina crígheannaí (briar, bramble).
a.
+
Tá driseachaí as éadan ann
Tá sé faoi dhriseachaí uileag
TUILLEADH (9) ▼
Tá an tsáinn siúd ar fad faoi dhriseachaí. Chaithrigh siad amach ann le blianta beaga anuas cheal a mbainte
Níl aon gharraí ag gabháil linn nach bhfuil lomlán le driseacha
Níl rud ar bith dhá bhfuil ag fás nár chuir Dia maith eicínt inti. Más í an dris féin í, déanfaidh sí ursachaí agus gadrachaí agus simléir agus bonn cruaiche. Diabhal mé gurb iomaí rud a dhéanfadh sí dhá gcomhairtheá suas anois é
Tá sé ag baint driseachaí le haghaidh bonn cruach choirce
Dhá bhfaighteá crígh a mbeadh driseachaí stalcánta inti 'siad a d'fheilfeadh duit faoi chomhair an tsimléir
Bhí mo sheanathair ag teacht abhaile Oíche Shamhna fadó. Tháinig an púca faoi ansin thiar i nG. Bh. D'ardaigh sé leis é agus níor chónaigh sé gur chaith sé isteach i gcrígh driseachaí é thiar faoin bP. (fc. crígh)
Tá an garraí gleannach anois in aon chora amháin driseacha. Chonaic mise an t-am nach raibh aon dris ag gabháil leis, ach a mbíodh sé saothraithe chaon tríú bliain. Ach lig an fear seo atá ann anois i léig é. Is maith an stócáil nár mhór a dhéanamh ann anois le go bhféadfaí a chur
Níl aon ghnaithe agat an t-aistreán sin a thabhairt ort féin. Má bheireann na driseachaí siúd ort, ní thabharfaidh tú folach de do cheirteachaí slán as choíchin. Más cam díreach an ród, 'sé an bóthar mór an t-aicearra, a mhic ó.
Níl liobar leathair fágtha orm ag driseachaí ó maidin. Bhí muid ag fiach i ndiaidh coiníní soir ansin
+
Bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag caint le dris le bheith ag caint leis — ní thabharfadh sé aon aird nó aon toradh ort; is duine dochomhairleach é
Ara ab é sin riu. Bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag caint le dris lena bheith ag caint leis sin. Níl sé gafach le comhairle ar bith. Oibríodh sé leis. Múinfidh an saol é
TUILLEADH (4) ▼
Tá paicle abhlóirí ansin thíos agam agus bheadh sé chomh maith dhuit a bheith ag caint le dris lena bheith ag caint leo. Níl ann ach a scaoileadh isteach i gcluais agus amach sa gcluais eile. Chaith mé eadarshuth inné ag iarraidh a gcoinneáil anoir ón S. ach mo chreach. Is beag an aird a thabharfas siad sin ar mo ráitese
Go dtuga Dia ciall duit! Níl tú ach ag cur do chuid cainte amú leis siúd. Tabharfaidh sé toradh ort go deimhin. Bhí sé chomh maith dhuit go díreach glan a bheith ag caint le dris lena bheith ag caint leis siúd
An bhfaca tú aon diabhlánach ariamh is neamhairdiúla ná P. siúd. Bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag caint le dris le bheith ag caint leis. Chaithfeá uair ag cur caoi ar rud eicínt dó, agus nuair a bheadh sé ceartaithe ar fad agat, sin é an uair adéarfadh sé: 'céard adeir tú'
Thug sé soiscéal don inín faoina bheith ag dul chuig na céilíochaí, ach mo léan géar, b'fhearr dó a bheith ag caint le dris ná a dhul ag bacadh leis an ainle bhradach siúd. Baol uirthi siúd fanacht ó chéilíochaí
+
Nár thuga tú do láimh glan ó do thóin leat ná do thóin ó na driseachaí! — déarfaí le duine é a gcuirfeá mámh faoi agus a bhuailfeadh ort é, go háirid dá mbeadh sé tráthúil i gcónaí ag bualadh mámh ar fónamh ort
Nach tráthúil go gcaithfeá mo dhó beag a chniogadh. Chuile uair dhá gcuirim mámh ar bith anonn agat, 'sé an díol céanna a thabharfas tú air. Nár thuga tú do láimh glan ó do thóin leat ná do thóin ó na driseacha!
TUILLEADH (3) ▼
Nár thuga tú do láimh glan ó do thóin leat ná do thóin ó na driseachaí le caoi a chur ar mo mhámh breá! Caithfidh mé athrú le mo pháirtí go mbeidh mé romhat ansin, agus gheobhaidh tú cothramacan síne na huaire uaimse ansin. Ní ligfidh mé an mámh féin thar mo dhoras gan snaidhm a thabhairt dó
An bhfaca tú an iarraidh a thug an bithiúnach do mo chuileata. Nár thuga tú do láimh glan ó do thóin ná do thóin ó na driseacha leat, muran tú atá tráthúil le do ghadhar i gcónaí. Cén bhrí ach mé taobh léithe. Chaithfeá, mo léan, a dhul ag fiachadh orm
Nach mé atá sáiteach ab ea? Ní dheachaigh mé fút fós anocht nár thug tú an buille feill dom. Nár thuga tú do láimh glan ó do thóin leat ná do thóin ó na driseachaí, gan dochar gan díobháil do mo chuid cártaíse!
·
Tá an lá sa gclaí agus an claí sna driseachaí (fc. claí) — drochlá báistí
b.
dris fhireann: dris mhór ramhar agus deilgne móra uirthi. Bíonn bláth uirthi ach ní fhásann tada uirthi. Bia uilig a bhíos istigh inti. Níl aon mhaith inti le haghaidh gadrachaí ná ursachaí (iriseachaí). Críonann go leor acu ach a mbíonn siad cupla bliain ann. Is furasta leo a dhul ar gcúl.
·
Dhá bhfaightheá dris righin fhireann, 'sí a dhéanfadh ceart é. B'fhearr í ná maide. Le driseachaí a thugadh muid amach na broic uileag fadó
c.
dris bhaineann: an dris chaol agus gan deilgne chomh mór uirthi leis an gceann fireann. Is uirthi a bhíos na sméara. Is cineálta í ná an dris fhireann.
d.
dris choille: (fc. driseachán).
·
Deir siad go bhfuil driseoga na caorach ar an bhfás bliana is mó le fáil ach dris na coille (fc. driseachán, driseog)
e.
dris chosáin: dris ar bith agus a dhá cheann sa talamh.
·
An dá rud nach gcodlaíonn chor ar bith: dris chosáin agus eascann. Is cuma cén t-am d'oíche ná de ló a ngabhfaidh tú thart, bíonn an dris chosáin ina dúiseacht: truisleálfaidh sí thú
Bíodh a fhios agat gurb in fírinne muis. Ní rug aon duine ariamh ina codladh ar eascann: i lár an mheán oíche beidh sí ina dúiseacht. Agus ar ndóigh mo léan, leagfaidh an dris chosáin thú uair ar bith d'oíche ná de ló a dtiocfaidh tú thairti. Tuige nach leagfadh agus a dhá cheann sa talamh
+
Bhí tú faoi dhris anocht — duine a mbeadh rith sonais air i gcártaí nó a mbeadh bua imeartha aige, déarfaí seo leis. Deirtear nach mór a dhul isteach is amach fúithi — faoi dhris chosáin — in do chraiceann faoi thrí, agus roimh ghréin. Ní bheadh cinniúint ar bith ort ag imirt chártaí an uair sin
"Dhá dtéiteá amach faoi dhris chosáin in do chraiceann in ainm an deamhain agus an diabhail, bheadh buannaíocht agat ag imirt chártaí. Trí Aoine a dhul faoi dhris shul d'éireodh grian. A dhul trí huaire fúithi agus gan teangachtáil léithe, in ainm an deamhain agus an diabhail, bheifeá díolta leis an diabhal" (m'athair)
TUILLEADH (8) ▼
Diabhal an féidir go bhfuil siad cluiche aríst. Chuaigh sibh faoi dhris uair eicínt roimh a theacht isteach daoibh
Is leo aríst — is leo a mh'anam. Chuir sibh an nathair talúna iontu; sin nó chuaigh duine eicínt agaibh faoi dhris tráthnóna. Ach dhá dtapaínnse mo ghnaithe, bhí sé fánach agaibh an cluiche sin a gnóthachtáil. Bhí mise rórighin sa tabhairt. Sin é a d'fhága mo chosa nite
Tá bua imeartha againn anocht ach d'éireodh dhúinn. Chuaigh mo pháirtí — P. anseo — faoi dhris ansin thíos i Logán an Fh. shula tháinig muid isteach. Ní bheidh aon oíche beo feasta nach ndéanfaidh duine againn an rud céanna. Is maith sportha a bheas sibh faoi Fhéil Pádraig seo chugainn ach a gcaitear suas na cártaí
Ní chinnfeadh Cearrbhach na Súgán orthu seo anocht. Tá siad ag dul cluichí fúthu agus thartu. Faoi dhris a chuaigh na healaíontóirí sin
Ní raibh mórán call do dhuine a bheith faoi dhris le gnóthachtáil ansin anocht. Ar ndóigh na himreoirí a bhí istigh níorbh fhiú cnaipe gan chos iad. Dheamhan cúig ná cárta a gheobhaidís dá mbeidís ag an gclár go ceann míosa. Ag caitheamh mámh ar bith a fhaigheas siad i dtraipisí. Sin é a ndeis ó tháinig oíche
Mura ndeachaigh tú faoi dhris tá asarlaíocht eicínt agat le na cártaí. Cén t-ádh atá ort go dteagann cóisir mhámhasaí agat i gcónaí agus chuile dhuine eile feidheartha. Bí san airdeall air ansin a Sh. faitíos a gcuirfeadh sé scailp iontu. Poc amach iad
Deir siad idir shúgradh agus dháiríre go ndeachaigh M. faoi dhris. Chonaic cuid dhíobh sin soir é dhá dhéanamh — siar sna taltaí gleannacha siúd ar chúla an tí. Hé brí céard a rinne sé nó nach rinne (ndearna), níor bhuach aon duine ariamh air. Nuair a shuífeadh M. isteach ag clár na himeartha, b'fhearr do chuile dhuine eile an uair sin éirí uaidh. Ghnóthódh sé ar Rí na Méaracán. Is minic a chonaic mise é
Tá muide ar an mbun chreidim. Ach mura dté muid fhéin an cluiche, ní ligfidh muid an bun amach agus beidh geábh eile air. Bainfidh muid deatach asaibh ansin. Is muid atá deas air! Chuaigh muid faoin dris anocht. Tá ádh imeartha orainn
2.
a.
+
Tá tú in do dhris — páiste nó duine cantalach; abhlóir de dhuine; duine a mbíonn údar fuasaoide i gcónaí aige, nó a bhíos ag cothú achrainn; déarfaí go háirid le páistí go mbíonn siad chomh cantalach le dris, ach duine ar bith atá coilgneach, agus deacair baint nó teangmhachtáil leis, bíonn sé ina dhris (nó ina dhris chosáin scaití)
Nach í an dris i gcónaí í — cantalach; chomh luath agus a bhainfeá léithe, nó a dtiocfá salach ar a cúrsaí nó ar a bealach féin, d'éireodh sí chugat ina coileachín
TUILLEADH (5) ▼
'Sí an dris de ghearrchaile is measa a chonaic mé ariamh í. Níl ort ach méirín fhliuch a leagan uirthi agus beidh sí éirithe agat ina stoithneachán
Ná bain léithe sin chor ar bith. Dris cheart í sin le araoid ar bith a chur uirthi. Chonaic mé thíos sa teach an oíche cheana í, agus dheamhan bean ní ba mheasa ná í nuair a d'iarr a máthair uirthi a dhul i gcoinne aistir uisce. 'Breá nach n-iarrfadh sibh é sin,' adeir sí shular shuigh mé síos. 'Nach mé an trua Mhuire agaibh, maidin is tráthnóna.' B'fhearr léi suí síos chois an tine ag breacadh a loirgne ná éirí suas ag déanamh a gnaithe
'Sé an dris chéanna ag abhlóireacht i gcónaí é. Ní raibh ann an tráthnóna faoi dheireadh ach gur thug bodóg le P. Mh. sracadh thar claí ina chuid coirce, agus thosaigh sé ag gabháil le buile. Cén bhrí dhá mbeadh foghail déanta aici, ach ní raibh
Diabhal bréag nach dona an áit a bhfuil a chosa dhá thabhairt. Ní dhéanfaidh sé mórán tíochais leis an dris sin. Ach ní fiú biorán í le hais na máthar. Ach a dtosaí an bheirt acu ag gabháil dó, is fear réidh é … Ní phósfainn í, dhá bhfaighinn dúiche an C. bronnta orm léithe
Ara dris de chantalóir a bhí ann chuile lá ó rugadh é! Deile. Ar ndóigh nuair a bhí muid ina (ár) mbríthin (bíthin) óg fadó, agus muid ag caitheamh dairteachaí le chéile ar na portaigh théis an dinnéir, mo chroí ná raibh ag an diabhal go spréachfadh sé dhá mbuailtí scraith air
+
Sheas mé oíche ar a cois thiar ag céilí tigh T. Ph. agus dhá bhfeictheá an strainc ghangaideach a tháinig uirthi. Is mó dhá fhonn a bhí uirthi shílfeá, mé a ionsaí. Siúd í an dris chantalach. Is aoibhinn don té a dtiocfaidh brat pósta air léithe
Bhí an dris chantalach sin thiar ag an S. ann, agus gan neart ag duine breathnú cam air nach mbuailfeadh gruaim é. Siúd é an diabhal a dteastódh an droimeáil uaidh go géar. Gheobhaidh sé é muis, má choinníonn sé na tithe ósta taithithe as seo go Nollaig. Tá dream a bhí i Sasana ag dul timpeall anois agus goin orthu ag tóraíocht achrainn
TUILLEADH (2) ▼
Ar ndóigh, ní fhéadfadh aon duine aon cheo a iarraidh ar an dris bhradach sin. B'fhéidir go bhfaightheá leat é ar sheol na braiche ach níor dhóichíde sin ná é a dhul in do phíobán, dhá n-éiríodh leis múisiam ar bith a bheith air ach a ngabhfá aige
Tá tú in do dhris chantalach ansin ar leic an teallaigh ó mhaidin agus gan gair ag aon duine eile an tine a thaobhachtáil agat. Is óg atá tú ag tabhairt drochfhaisean faoi deara duit féin. Má leanann duit, caithfear an teach a fhágáil ar fad fút féin. Ní bheidh aon ghair ag aon duine eile seasamh leat. Diabhal gair muise
+
Tá sé chomh cantalach le dris — tá sé an-chantalach, an-chrosta ar fad. Ní féidir ceart a bhaint dó ach ag gol agus ag gárthaíl agus ag dul le cuthach
Nuair nach mbíonn sé ag ábhailleacht, bíonn sé chomh cantalach le dris. Tá naonúr acu oilte anois agam, ach is mó an t-anró atá faighte agam uaidh seo ná ón gcuid eile ar fad, bail ó Dhia orthu fré chéile. Ní theagann iamh air ach ag abhlóireacht ó mhaidin go faoithin agus ó oíche go maidin
TUILLEADH (6) ▼
Chinnfeadh ar chailleach éisc aon cheart a bhaint di siúd. Bheadh sé fánach aici. Tá sí chomh cantalach le dris
Is maith an chiall agamsa é más in é do scéal. Cúigear acu agam agus chaon duine acu ag baint farasbarr den cheann eile. Tá siad chomh cantalach le dris. Tá a fhios ag mo chroí go bhfaigheann siad an tslat scaití, ach má fhaigheann féin is beag an mhaith sin. Bíonn siad chomh dona ar an toirt aríst agus a bhí siad ariamh
Má tá siad chomh cantalach le dris muis, ní fhaca muide mórán dá gcuid cantail, agus bhídís isteach is amach againn chuile oíche le bliain. Feictear domsa nach bhfuil cor ná car iontu
Ní sheadóidh cailín ar bith sa teach sin. Cén chaoi a bhféadfaidís: paicle pháistí ann atá chomh cantalach le dris. Nach bhfuil an mháthair féin thar bharr a céille acu, ní áirím cailíní. I leaba a bheith dhá ngreasáil an fhad is a gheofaí teas ina gcraiceann
Ní raibh mac an aoin bheo istigh ar an mbaile sin ariamh nach raibh chomh cantalach le dris. Is agamsa atá a fhios sin ón am a mbínn in mo bhuachaill ag M. S. Murach chomh maith agus a bhí mé ar mo mhaidí, is minic a gheobhainn daite é. Faltanas ar bith dhá mbíodh acu do Mh. S. ormsa a d'ídídís é, i ngeall go mba mé ba mhinicí a chastaí ina mbealach
Dá mbeadh sí chomh cantalach le dris, bainfear ceart di ansiúd deirimse leat. Tá an phrioc de mháthair atá ansiúd in ann coc achrainn a choinneáil lena rogha duine. Agus deir siad nach gcoinneodh sí coinneal don inín. Caile cheart í sin. Agus ar ndóigh an spliota de mhac siúd ann, chuirfeadh sé dhá chrígh Mhuire thrína chéile. Meas tusa nár mhór do bhean a chasfaí isteach ina lár sin a bheith ina hamhas críochnaithe leis an gceann is fhearr a fháil orthu sin
b.
·
Diabhal cailleadh ar bith ar an bhfear ach maidir léithe féin, dris fhireann í. Ní bhainfeadh Éire bheag ná Éire mhór aon cheart di … Tá sí spleách go leor mar sin ag dul an bóthar, ach féach léithe é go bhfeice tú. Sin é an uair a gheobhas tú le léamh é
Is geall le dris fhireann é tá sé chomh coilgneach sin. Is deacair é siúd a bhearradh aon uair. Sceanadóir ceart é. Rud ar bith nach bhfeilfidh dhá bhealach féin, níl aon ghair agat a shamhlú leis. Má shamhlaíonn, beidh rud ar a shon agat
·
An dris fhireann fhéin níl sí chomh crosta leis, nuair a bhuaileas an óinsiúlacht é, agus buailfidh sí sin é chuile uair a gcuirfear treampán ar bith air féin … Nach bhfaca tú anuraidh nuair a chuaigh an baile ag baint na feamainne duibhe ar an Oileán. Bhí sí faoina mhullóig aigesean le ceathair nó cúig de bhlianta roimhe sin, ach ní raibh aon bhaint aige di ach an oiread leis an té nár rugadh, ach nach raibh aon duine ag dul ina barr air. Ach ar an dá luath is a ndeachaigh an baile fré chéile dhá baint, bhí sé i gcruth a cheangal a mhic ó
c.
+
Tá sé ina dhris chosáin — duine cantalach crosta drisíneach; abhlóir de dhuine; duine a bhíos i gcónaí ag déanamh treampáin nó obstaic duit, nó ag cur bacainne ort
Nach í an dris chosáin i gcónaí í — nach í atá cantalach. Tá sé i gceist anseo go bhfuil a cuid cantail ag cur treampáin ort agus do do bhacadh faoi do chúis a chur i gcrích
TUILLEADH (8) ▼
Siúd í an dris chosáin i gcónaí. Ar an toirt agus a n-iarrfaidh tú tada uirthi buailfidh cantal ar an toirt í, agus tá sé chomh maith dhuit éirí as ansin
Ag an diabhal go raibh sé murab é an dris chosáin i gcónaí é. Cantalóir bradach a éireos chun drochmhúineadh leat ar an bpointe. Níl aon ghair ag aon duine tada a dhéanamh ina thimpeall sin. Nach mbainfidh sé an mhaith as chuile shórt dá mbeidh fút a dhéanamh lena chuid glámhóide
Ní fhaca muid ariamh í nach ina dris chosáin a bheadh sí nuair a thiocfadh an crú ar an tairne. Bhí sí thoir ansin an oíche sin — oíche chleamhnais — agus ní raibh sí sásta leis an bpósadh, agus ní raibh sí sásta an cleamhnas a chaitheamh in aer; agus ní bheadh a fhios ag aon duine faoi na brait céard ba chor di, nó céard a dhéanfadh sí
Sin é an dris chosáin má fhéadann sé tada a chur as daoibh le abhlóireacht agus glaomaireacht. Ach ná tugaidh aird ar bith air. Beidh sé ar an gceird sin le sibh a chur dhá (bhur) mbuille. 'Sé a mbeadh uaidh, dhá bhféadadh sé sibh a chur ar gcúl
Níor shíl muid tada a dhéanamh ar an mbaile ariamh nach mbeadh sé sin ina dhris chosáin i gcónaí romhainn. Nuair a d'fhéach muid le na dá ghabháltas a thabhairt d'aon duine amháin anseo, ba mhór leis go mbeadh an méid sin maitheasa orainn, agus chuaigh sé d'aon uaim ag cur suas le P. a chuid féin a choinneáil. Anois aríst nuair a bhí an tseanbhean ag teacht againn, ba mhór leis na deich scilleacha dúinn agus chuaigh sé siar de mhaoil a mhainge le droch-cháil a thabhairt orainn di. Nár agraí Dia air é. Ní fhéadfadh muide a bheith buíoch dó ar chaoi ar bith
'Sí Sasana an dris chosáin. Deile. Go mbuailtear Sasana, ní fheicfidh tusa aon lá suaimhnis ar fud an domhain. An bhfaca tú aon lá ariamh nach ag ullmhúchan scléipe a bheadh sí. Agus gheobhaidh sí na hamadáin ansin ar fud an domhain lena tarrtháil nuair a bheas sí i dteannta. Níl agat ach breathnú uirthi. Cé na fir fobhairne atá aici inniu …
Nach maith a chaithfeadh M. a bheith ina dhris chosáin. Ní fhéadfadh sé a theacht le comhar chomh maith le duine. Chuile lá ariamh ba in é a bhealach. Nuair a bheadh chuile dhuine sásta a theacht suas ar aon fhocal amháin, chaithfeadh seisean a scéal féin a bheith aige. Ar chuala tú ariamh é: fear i mbaile nó baile i bparóiste
Bhí an cine céanna — Clainn Mhac C. — ina ndris chosáin ar mhuintir an bhaile seo ariamh. Ní raibh gair acu a dhul siar nach mbeidís éirithe rompu le dual na droinne a bhualadh orthu, agus ar an gcóir chéanna dá dtéidís soir idir ord agus inneoin

dris in iontrálacha eile (15)

 
Tá na dalláin ag cur amach ar na crainnte. Más í an t-áibhirseoir de dhris féin í, tá sí ag beochan suas. An bhfeiceann tú ansin í, ag caithriú amach i lár an bhealaigh orm
+
danra
Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid feamainne! Chaith mé dhá eadarshuth ag tuineadh leis ó mhaidin ag iarraidh é a thiomáilt (thiomáint) síos 'na chladaigh thar is a chuid feamainne a bheith sciobtha ag an tír. Ach bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag caint le dris le bheith ag caint leis. Ní chorródh geanntrachaí (uatha — ding) as siúd é
TUILLEADH (1) ▼
Siúd é an féar atá danra ar a bhaint. Tá sé sínte as éadan agus driseacha caithrithe amach ann, agus maidir le faobhar, caithim é chur suas i chaon dara sracadh; arae tá sé brataithe le clocha. Is mé a bheadh sásta dá mbeinn dealaithe amach as. Diabhal mórán féir a bheas dhá bharr siúd
+
dealg
Dealg sceiche, dealg spíonáin, dealg drise, dealg draighin, dealg bóthair, dealg láibe (dealg múnlaigh), dealg gráinneoige, dealg cluan mara, dealg éisc srl. — cineálachaí dealg atá ann
TUILLEADH (3) ▼
Dealg drise a d'fhuiligh orm. Dhá bhfeictheá an scaird fhola a tháinig as mo mhéir aice
Níl rud ar bith is géire deilgne ná an ghráinneoig agus an dris agus an cluan mara. An bhfaca tú cluan mara ariamh. Is geall le gráinneoig na deilgne atá air. D'fheicfeá go minic thíos sa gcladach sin thíos é
Chuaigh dealg drise faoina shúil, agus chaith sí an-fhada gan spré ar bith aige, ach é ag imeacht agus maistín de phláta aige uirthi. Tá sí cneasaithe anois aríst
 
dearg 2
'Sé an deargadh a bhí air a choinnigh ó chodladh ar feadh na hoíche aréir é. Tá sé chomh cantalach le dris ó tháinig sé air — tógáil nó scóladh i mbléin agus ar mhásaí páiste (fc. dearg)
 
deasú
Gearr an dris fhireann sin. Is olc an éadáil ag cosa í sin — is olc sin! Sin é anois an deasú uirthi! Ní stróicfidh sí aon duine níos mó
 
díle 1
Tá an reilig sin ann ón Díle. Bhí na naoimh inti sin. Tá cuid acu curtha inti. Thoir san áit a bhfuil na driseacha agus na neantógaí anois, tá seanleacrachaí. Ansin atá siad curtha
 
Ná lig an díolaíocht choíchin i bhfad scéil. B'fhearr liom a bheith faoi chomaoin ag aon duine beo ná ag fear siopa. Má bhíonn aon cheo aige ort, feicfidh tú pus chomh fada le dris fhireann air chuile uair dhá ngabhfaidh tú isteach aige
 
Tá an leathbhaile abhus réasúnta, agus is réasúnta é; ach maidir leis an leathbhaile thiar, níl fód istigh ar a fhuaid ach breaclachaí agus diomlachaí agus brocachaí sionnaigh. An crann féin ní fhásfadh ann, mura mbeadh an caor caorthann sin ann, nó driseacha
 
Is doicheallach an mhaise dhuit anocht é. Tá tú in do dhris cheart. Nach breá nach mbeadh éisteacht eicínt agat le na daoine. Tá an cheird sin ceart go leor, ach náireofá muid dhá gcastaí aon strainséara an bealach
 
Sin é an áit a bhfuil tabhairt amach na mbroc sna clochair dhriseacha sin siar. Rinne muid an-sladadh orthu anuraidh ach tá an áit beo leo aríst. Ní féidir a gcoinneáil ídithe
 
Tá dris dhúshlánach anseo, agus nó go gcuirtear in aer í, níl aon ghair againn a dhul in éadan béal na brocaí