Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dris
ainm-fhocal; buineann
iolraidh = driseachaí; driseannaí
1.
fás deilgneach, coiligneach a imigheas le talamh go h-iondamhail nó in a crígheannaí. (Briar, bramble).
a.
+
Tá driseachaí as éadan ann
Tá sé faoi dhriseachaí uiliog
TUILLEADH (9) ▼
Tá an tsáinn siúd ar fad faoi dhriseachaí. Chairthigh siad amach ann le blianta beaga anuas, cheal a mbainte
Níl aon-gharrdha ag gabhail linn nach bhfuil lom-lán le driseacha
Níl rud ar bith dhá bhfuil ag fás nar chuir Dia maith eicínt innte. Má's í an dris féin í, déanfaidh sí ursachaí agus gádrachaí agus simléir agus bonn cruaiche. Diabhal mé gurb iomdha rud a dhéanfadh sí dhá gcomhairtheá suas anois é
Tá sé ag baint driseachaí le h-aghaidh bonn cruach choirce
Dhá bhfaighteá crígh a mbeadh driseachaí stalcánta innte 'siad a d'fheilfeadh duit faoi chomhair an tsimléir.
Bhí mo shean-athair ag teacht abhaile oíche Shamhna fadó. Tháinic an púca faoi annsin thiar i nG. Bh. D'árduigh sé leis é agus níor chomhnuigh sé gur chaith sé isteach i gcrígh driseachaí é thiar faoi'n bP. (féach crích)
Tá an garrdha gleannach anois in aon-charra amháin driseacha. Chonnaic mise an t-am nach raibh aon-dris ag gabhail leis, ach a mbíodh sé saothruighthe 'chaon tríomhadh bliain. Ach leig an fear seo atá ann anois i léig é. Is maith an stócáil nar mhór a dhéanamh ann anois, le go bhféadfaí a chur
Níl aon-ghna aghad an t-aistreán sin a thabhairt ort féin. Má bheireann na driseachaí siúd ort, ní thiubharfaidh tú falach de do cheirteachaí slán as choidhchin. Má's cam díreach an ród 'sé an bóthar mór an t-aithgiorra, a mhic ó.
Níl liobar leathair fágtha orm ag driseachaí ó maidin. Bhí muid ag fiadhach indiaidh coiníní soir annsin
+
Bhí sé cho maith dhuit a bheith ag caint le dris le bheith ag caint leis = ní thiubharfadh sé aon-áird nó aon-toradh ort; is duine do-chomhairleach é
Ara ab é sin riu. Bhí sé cho maith dhuit a bheith ag caint le dris len a bheith ag caint leis sin. Níl sé gabhthach le comhairle ar bith. Oibrigheadh sé leis. Múinfidh an saoghal é.
TUILLEADH (4) ▼
Tá paicle amhlóirí annsin thíos agam, agus bheadh sé cho maith dhuit a bheith ag caint le dris len a bheith ag caint leo. Níl ann ach a scaoileadh isteach i gcluais agus amach ins an gcluais eile. Chaith mé eadarshuth indé ag iarraidh a gcoinneál anoir ó'n S. ach mo chreach. Is beag an áird a thiubharfas siad sin ar mo ráidhte-sa
Go dtugaidh Dia ciall duit! Níl tú ach ag cur do chuid cainte amú leis siúd. Tiubharfaidh sé toradh ort go deimhin. Bhí sé cho maith dhuit go díreach glan a bheith ag caint le dris len a bheith ag caint leis siúd.
An bhfaca tú aon-diabhlánach ariamh is neamh-áirdeamhla ná P. siúd. Bhí sé cho maith dhuit a bheith ag caint le dris le bheith ag caint leis. Chaithfeá uair ag cur caoi ar rud eicínt dó, agus an uair a bheadh sé ceartuighthe ar fad agad, sin é an uair adéarfadh sé: "céard deir tú"
Thug sé soiscéal do'n inghin faoin a bheith ag dul chuig na céilidheachaí, ach mo léan géar, b'fhearr dó a bheith ag caint le dris ná a dhul ag bacadh leis an ainnle bhradach siúd. Baoghal uirre siúd fanacht ó chéilidheachaí
+
Nar thugaidh tú do láimh glan ó do thóin leat ná do thóin ó na driseachaí! = déarfaí le duine é a gcuirfeá mámh faoi agus a bhuailfeadh ort é, go h-áirid dá mbeadh sé tráthamhail i gcomhnuí ag bualadh mámh ar foghnamh ort
Nach tráthamhail go gcaithfeá mo dhó beag a chriogadh. 'Chuile uair dhá gcuirim mámh ar bith anonn agad, 'sé an díol céadna a thiubharfas tú air. Nar thugaidh tú do láimh glan ó do thóin leat ná do thóin ó na driseacha!
TUILLEADH (3) ▼
Nar thugaidh tú do láimh glan ó do thóin leat ná do thóin ó na driseachaí le caoi a chur ar mo mhámh breagh! Caithfidh mé athrú le mo pháirtidhe go mbeidh mé romhat annsin, agus gheobhaidh tú cothramacan síne na h-uaire uaimse annsin. Ní leigfidh mé an mámh féin thar mo dhorus gan snaoidhm a thabhairt dó
'Bhfaca tú an iarraidh a thug an bitheamhnach do mo chuileata. Nar thugaidh tú do láimh glan ó do thóin ná do thóin ó na driseacha leat, maran tú atá tráthamhail le do ghadhar i gcomhnuí. Cé'n bhrigh ach mé taobh léithe. Chaithfeá, mo léan, a dhul ag fiachadh orm.
Nach mé atá sáithteach ab eadh? Ní dheachaidh mé fút fós anocht nar thug tú an buille feill dom. Nar thugaidh tú do láimh glan ó do thóin leat ná do thóin ó na driseachaí gan dochar gan díoghbháil do mo chuid cártaí-sa!
·
Tá an lá ins an gclaidhe agus an claidhe ins na driseachaí (fc. claidhe) = droch-lá báistighe
b.
Dris-fhireann: dris mhór reamhar agus deilgne móra uirre. Bíonn bláth uirre ach ní fhásann tada uirre. "Biadh" uilig a bhíos istigh innte. Níl aon-mhaith innte le h-aghaidh gadrachaí ná ursachaí (iriseachaí). Críonann go leor aca ach a mbíonn siad cupla bliain ann. Is furasta leo a dhul ar gcúl.
·
Dhá bhfaightheá dris roighin fhireann, 'sí a dhéanfadh ceart é. B'fhearr í ná maide. Le driseachaí a thugadh muid amach na bruic uiliog fadó
c.
Dris bhuineann — an dris chaol agus gan deilgne cho mór uirre leis an gceann fireann. Is uirre a bhíos na sméara. Is cineálta í ná an dris fhireann.
d.
Dris choille (cf. driseachán).
·
Deir siad go bhfuil driseoga na caorach ar an bhfás bliana is mó le fáil ach dris na coille (fc. driseachán, driseoga)
e.
Dris-chasáin: dris ar bith agus a dhá cheann ins an talamh.
·
An dá rud nach gcodluigheann chor ar bith: dris-chosáin agus eascon. Is cuma cé'n t-am d'oíche ná de ló a ngabhfaidh tú thart, bíonn an dris-chasáin in a dúiseacht: truisleálfaidh sí thú.
Bíodh a fhios agad gurb shin fírinne muis. Ní rug aon-duine ariamh in a codladh ar eascon: i lár an mheán-oíche beidh sí in a dúiseacht. Agus 'ar ndú mo léan, leagfaidh an dris-chasáin thú uair ar bith d'oíche ná de ló a dtiocfaidh tú thairti. Tuige nach leagfadh, agus a dhá cheann ins an talamh
+
Bhí tú faoi dhris anocht = duine a mbeadh rith sonais air i gcártaí nó a mbeadh buadh imeartha aige, déarfaí seo leis. Deirtear nach mór a dhul isteach agus amach fúithe — faoi dhris chasáin — in do chraiceann faoi thrí, agus roimh ghréin. Ní bheadh cinneamhaint ar bith ort ag imirt chártaí an uair sin
"Dhá dteightheá amach faoi dhris chasáin in do chraiceann in ainm an deamhain agus an diabhail bheadh buannaíocht agad ag imirt chártaí. Trí Aoine a dhul faoi dhris shul d'eireódh grian. A dhul trí h-uaire fúithe agus gan tangachtáil léithe, in ainm an deamhain agus an diabhail, bheitheá díolta leis an diabhal" (m'athair)
TUILLEADH (8) ▼
Diabhal an féidir go bhfuil siad cluiche aríst. Chuaidh sibh faoi dhris uair eicínt roimh a theacht isteach daoib
Is leo aríst — is leo a mh'anam. Chuir sib an nathair talmhana ionnta; sin nó chuaidh duine eicínt agaibh faoi dhris trathnóna. Ach dhá dtapuighinnse mo ghna, bhí sé fánach agaibh an cluiche sin a ghnúchtáil (gnothachtáil). Bhí mise ro-roighin ins an tabhairt. Sin é a d'fhága mo chosa nighte
Tá buadh imeartha againn anocht ach d'eireochadh dhuinn. Chuaidh mo pháirtidhe — P. annseo — faoi dhris annsin thíos, i Logán an Fh. shul dhá tháinig muid isteach. Ní bheidh aon-oíche beo feasta nach ndéanfaidh duine againn an rud céadna. Is maith sportha a bhéas sib faoi Fhéil Pádraig seo chugainn ach a gcaithtear suas na cártaí
Ní chinnfeadh Cearrbhach na Súgán orra seo anocht. Tá siad ag dul cluichí fútha agus tharta. Faoi dhris a chuaidh na h-ealadhantóirí sin
Ní raibh mórán call do dhuine a bheith faoi dhris le gnothachtáil annsin anocht. 'Ar ndú' na h-imreoirí a bhí istigh níorbh fhiú cnaipe gan chos iad. Dheamhan cúig ná cárta a gheobhaidís dá mbeidís ag an gclár go ceann míosa. Ag caitheamh mámh ar bith a fhaghas siad idtraipisí. Sin é a ndeis ó a tháinig oíche
Mara ndeacha tú faoi dhris tá easarluigheacht eicínt agad le na cártaí. Cé'n t-ádh atá ort go dteagann cóisir mhámhasaí agad i gcomhnuí agus 'chuile dhuine eile feidheartha. Bí ins an áirdeall air annsin a Sh. faitíos a gcuirfeadh sé scailp ionnta. Puc amach iad
Deir siad idir shugradh agus dháiríre go ndeacha M. faoi dhris. Chonnaic cuid dhíob sin soir é dhá dhéanamh — siar ins na taltaí gleannacha siúd ar chúla an tighe. Hébrí céard a rinne sé nó nach rinne (ndearna), níor bhuach aon-duine ariamh air. An uair a shuidhfeadh M. isteach ag clár na h-imeartha, b'fhearr do 'chuile dhuine eile an uair sin eirghe uaidh. Ghnothóchadh sé ar Rí na Méaracán. Is minic a chonnaic mise é
Tá muide ar an mbun chreidim. Ach mara dteigheamuid fhéin an cluiche ní leigfeamuid an bun amach, agus beidh geábh eile air. Bainfeamuid deatach asaibh annsin. Is muid atá deas air! Chuaidh muid faoi'n dris anocht. Tá ádh imeartha orainn
2.
a.
+
Tá tú in do dhris = páiste nó duine cantalach; amhlóir de dhuine; duine a mbíonn údar fuasaoide i gcomhnuí aige, nó a bhíos ag cothú achrainn; déarfaí go h-áirid le páistí go mbíonn siad "cho cantalach le dris", ach duine ar bith atá coilgneach, agus deacair baint nó teangmhachtáil leis, bíonn sé in a dhris (nó in a dhrischasáin scaithtí)
Nach hí an dris i gcomhnuí í = cantalach; cho luath agus a bhainfeá léithe nó a dtiocfá salach ar a cúrsaí nó ar a bealach féin, d'eireochadh sí chugad in a coileaichín
TUILLEADH (5) ▼
'Sí an dris de ghearrchaile is measa a chonnaic mé ariamh í. Níl ort ach méirín fhliuch a leagan uirre agus beidh sí eirighthe agad in a stuithneachán
Ná bain léithe sin chor ar bith. Dris cheart í sin, le araoid ar bith a chur uirre. Chonnaic mé thíos ins an teach an oíche cheana í, agus dheamhan bean ní ba mheasa ná í, an uair a d'iarr a máthair uirre a dhul i gcoinne aistir uisce. "Breagh nach n-iarrfadh sib é sin" adeir sí shul (dh)ár shuidh mé síos. Nach mé an truagh-Mhuire agaibh, maidin agus trathnóna." B'fhearr [léi] suidhe síos chois na teine ag breacadh a luirgne ná eirghe suas ag déanamh a gna
'Sé an dris chéadna ag amhlóireacht i gcomhnuí é. Ní raibh ann an trathnóna faoi dheire ach gur thug budóg le P. Mh. sracadh thar claidhe in a chuid coirce, agus thosuigh sé ag gabhail le buile. Cé'n bhrigh dhá mbeadh foghail déanta aice, ach ní raibh
Diabhal bréag nach dona an áit a bhfuil a chosa dhá thabhairt. Ní dhéanfaidh sé morán tigheachais leis an dris sin. Ach ní fiú biorán í le h-ais na máthar. Ach a dtosuighidh an bheirt aca ag gabhail dó, is fear réidh é … Ní phósfainn í, dhá bhfaghainn dúithche an C. bronnta orm léithe.
Ara dris de chantalóir a bhí ann 'chuile lá ó rugadh é! Deile. 'Ar ndú an uair a bhí muid in a (ar) mbrighthín (bithin) óg fadó, agus muid ag caitheamh dairteachaí le chéile ar na portaigh th'éis an dinnéir, mo chroidhe ná raibh ag an diabhal go spréachfadh sé dhá mbuailtí scrath air.
+
Sheas mé oíche ar a cois thiar ag céilidhe tigh T. Ph. agus dhá bhfeictheá an strainc ghangaideach a tháinic uirre. Is mó dhá fhonn a bhí uirre shílfeá, mé a ionnsuidhe. Siúd í an dris chantalach. Is aoibhinn do'n té a dtiocfaidh brat pósta air léithe.
Bhí an dris chantalach sin thiar ag an S. ann, agus gan neart ag duine breathnú cam air nach mbuailfeadh grúaim é. Siúd é an diabhal a dteastóchadh an druimeáil uaidh go géar. Gheobhaidh sé é muis má choinnigheann sé na tighthe ósta taithighthe as seo go Nodlaig. Tá dream a bhí i Sasana ag dul tímcheall anois agus goin orra ag tóruigheacht achrainn
TUILLEADH (2) ▼
'Ar ndú, ní fhéadfadh aonduine aon-cheo a iarraidh ar an dris bhradach sin. B'fhéidir go bhfuightheá leat é ar sheol na braiche ach níor dhóighide sin, ná é a dhul in do phíobán, dhá n-eirigheadh leis múisiam ar bith a bheith air ach a ngabhthá aige
Tá tú in do dhris chantalach annsin ar leic an teallaigh ó mhaidin agus gan goir ag aon-duine eile an teine a thaobhachtáil agad. Is óg atá tú ag tabhairt droch-fhaisean faoi deara duit féin. Má leanann duit, caithfear an teach a fhágáil ar fad fút féin. Ní bheidh aon-ghoir ag aon duine eile seasamh leat. Diabhal goir muise
+
Tá sé cho cantalach le dris = tá sé an-chantalach, an-chrosta ar fad. Ní féidir ceart a bhaint dó ach ag gol agus ag gárthaighil agus ag dul le cuthach
An uair nach mbíonn sé ag ámhuilleacht bíonn sé cho cantalach le dris. Tá naonbhar aca oilte anois agam, ach is mó an t-anró atá faighte agam uaidh seo ná ó'n gcuid eile ar fad, bail ó Dhia orra fré chéile. Ní theagann iabh air ach ag amhlóireacht ó mhaidin go faoithin agus ó oíche go maidin
TUILLEADH (6) ▼
Chinnfeadh ar chailleach éisc aon-cheart a bhaint di siúd. Bheadh sé fánach aice. Tá sí cho cantalach le dris.
Is maith an chiall agamsa é má sin é do scéal. Cúigear aca agam agus 'chaon duine aca ag baint fearr a's barr de'n cheann eile. Tá siad cho cantalach le dris. Tá fhios ag mo chroidhe go bhfaghann siad an tslat scaithtí, ach má fhaghann féin is beag an mhaith sin. Bíonn siad cho dona ar an toirt aríst agus a bhí siad ariamh
Má tá siad cho cantalach le dris muis ní fhaca muide mórán dá gcuid cantail, agus bhídís isteach agus amach againn 'chuile oíche le bliain. Feicthear domsa nach bhfuil cor ná car ionnta.
Ní sheadóchaidh cailín ar bith ins an teach sin. Cé an chaoi a bhféadfaidís: paicle pháistí ann atá cho cantalach le dris. Nach bhfuil an mháthair féin thar bharr a céille aca, ní áirighim cailíní. I leabaidh a bheith dhá ngriosáil an fhad agus a gheobhthaí teas in a gcraiceann
Ní raibh mac an aoin bheo istigh ar an mbaile sin ariamh nach raibh cho cantalach le dris. Is agamsa atá a fhios sin ó'n am a mbínn in mo bhuachaill ag M. S. Marach cho maith agus a bhí mé ar mo mhaidí, is minic a gheobhainn daithte é. Faltanas ar bith dhá mbíodh aca do Mh. S. ormsa a d'ídighidís é, ingeall go mbadh mé ba mhinicí a chastaí in a mbealach.
Dá mbeadh sí cho cantalach le dris, bainfear ceart di annsiúd deirimse leat. Tá an phrioc de mháthair atá annsiúd indon coc achrainn a choinneál len a rogha duine. Agus deir siad nach gcoinneochadh sí coinneal do'n inghin. Caile cheart í sin. Agus 'ar ndú an splíota de mhac siúd ann, chuirfeadh sé dhá chrích Mhuire thrín a chéile. Meas tusa nar mhór do bhean a chasfaí isteach in a lár sin a bheith in a h-amhus críochnuighthe leis an gceann is fhearr a fháil orra sin
b.
·
Diabhal cailleadh ar bith ar an bhfear ach maidir léithe féin dris fhireann í. Ní bhainfeadh Éire bheag ná Éire mhór aon-cheart di … Tá sí spleádhach go leor mar sin ag dul an bóthar, ach féach léithe é go bhfeicidh tú. Sin é an uair a gheobhas tú le léigheamh é.
Is geall le dris fhireann é tá sé cho coilgneach sin. Is deacair é siúd a bhearradh aon-uair. Sceannadóir ceart é. Rud ar bith nach bhfeilfidh dhá bhealach féin, níl aon-ghoir agad a shamhlú leis. Má shamhluigheann beidh rud ar a shon agad
·
An dris fhireann fhéin níl sí cho crosta leis, an uair a bhuaileas an óinseamhlacht é, agus buailfidh sí sin é 'chuile uair a gcuirfear triompán ar bith air féin … Nach bhfaca tú anuiridh an uair a chuaidh an baile ag baint na feamuinne duibhe ar an Oileán. Bhí sí faoin a mhullóig aige-san le ceathair nó cúig de bhlianta roimhe sin, ach ní raibh aon-bhaint aige di ach an oiread leis an té nar rugadh, ach nach raibh aonduine ag dul in a barr air. Ach ar an dá luath agus a ndeacha an baile fré chéile dhá baint, bhí sé i gcruth a cheangail a mhic ó.
c.
+
Tá sé in a dhris-chasáin = duine cantalach crosta drisíneach; amhlóir de dhuine; duine a bhíos i gcomhnuí ag déanamh triompáin nó obstaic duit, nó ag cur bacainne ort
Nach hí an dris-chasáin i gcomhnuí í = nach hí atá cantalach. Tá sé i gceist annseo go bhfuil a cuid cantail ag cur triompáin ort agus do do bhacadh faoi do chúis a chur i gcrích
TUILLEADH (8) ▼
'Siúd í an dris-chasáin i gcomhnuí. Ar an toirt agus a n-iarrfaidh tú tada uirre buailfidh cantal ar an toirt í, agus tá sé cho maith dhuit eirghe as annsin
Ag an diabhal go raibh sé marab é an dris-chasáin i gcomhnuí é. Cantalóir bradach a eireochas 'un droch-mhúineadha leat ar an bpuínte. Níl aon-ghoir ag aonduine tada a dhéanamh in a thímcheall sin. Nach mbainfidh sé an mhaith as 'chuile shórt dá mbeidh fút a dhéanamh, lena chuid glamhóide
Ní fhaca muid ariamh í nach in a dris-chosáin a bheadh sí an uair a thiocfadh an crudh ar an tairnge. Bhí sí thoir annsin an oíche sin — oíche chleamhnais — agus ní raibh sí sásta leis an bpósadh, agus ní raibh sí sásta an cleamhnas a chaitheamh in aer; agus ní bheadh a fhios ag aon-duine faoi na bruit céard ba chor di, nó céard a dhéanfadh sí
Sin é an dris-chasáin má fhéadann sé tada a chur as daoib le amhlóireacht agus glaodhmaireacht. Ach ná tugaighidh áird ar bith air. Beidh sé ar an gceird sin le sib a chur dhá (bhur) mbuille. 'Sé a mbeadh uaidh, dhá bhféadadh sé sib a chur ar gcúl
Níor shíl muid tada a dhéanamh ar an mbaile ariamh nach mbeadh sé sin in a dhris chasáin i gcomhnuí romhainn. An uair a d'fhéach muid le na dá ghabhaltas a thabhairt d'aonduine amháin annseo, ba mhór leis go mbeadh an méid sin maitheasa orainn, agus chuaidh sé d'aon-úaim ag cur suas le P. a chuid féin a choinneál. Anois aríst an uair a bhí an tsean-bhean ag teacht againn, ba mhór leis na deich scilleacha duinn agus chuaidh sé siar do mhaol a mhainge le droch-cháil a thabhairt orainn di. Nar agruighidh Dia air é. Ní fhéadfadh muide a bheith buidheach dó ar chaoi ar bith.
'Sí Sasana an dris-chosáin. 'Deile. Go mbuailtear Sasana, ní fheicfidh tusa aon-lá suaímnis ar fud an domhain. An bhfaca tú aon-lá ariamh nach ag ollmhuchan scléipe a bheadh sí. Agus gheobhaidh sí na h-amadáin annsin ar fud an domhain len a tárrtháil an uair a bhéas sí i dteannta. Níl agad ach breathnú uirre. Cé na fir fabhairne atá aice indiu …
Nach maith a chaithfeadh M. a bheith in a dhris-chasáin. Ní fhéadfadh sé a theacht le comhar cho maith le duine. 'Chuile lá ariamh ba shin é a bhealach. An uair a bheadh 'chuile dhuine sásta a theacht suas ar aon-fhocal amháin, chaithfeadh seisean a scéal féin a bheith aige. Ar chuala tú ariamh é: fear i mbaile nó baile i bparáiste
Bhí an cine céadna — Cloinn Mhac C. — in a ndris-chasáin ar mhuintir an bhaile seo ariamh. Ní raibh goir aca a dhul siar nach mbeidís eirighthe rómpa le dual na druinne a bhualadh orra, agus ar an gcóir chéadna dá dteighidís soir idir ord agus inneoin

Dris in iontrálacha eile (15)

 
Tá na dalláin ag cur amach ar na crainnte. Má's í an t-aidhbheirseoir de dhris féin [í] tá sí ag beochan suas. An bhfeiceann tú annsin í, ag cairthiughadh amach i lár an bhealaigh orm
+
danra
Bail ó dhia ort féin agus ar do chuid feamainne! Chaith mé dhá eadarshuth ag tuineadh leis ó mhaidin, ag iarraidh é a thiomáilt (thiomáint) síos 'na chladaigh thar agus a chuid feamuinne a bheith sciobtha ag an tír. Ach bhí sé cho maith dhuit a bheith ag caint le dris le bheith ag caint leis. Ní chorróchadh geanntrachaí (uathaidh — ding) as siúd é.
TUILLEADH (1) ▼
Siúd é an féar atá danra ar a bhaint. Tá sé sínte as éadan agus driseacha cairthighthe amach ann, agus maidir le faobhar, caithim é chur suas is' chaon dara sracadh; arae tá sé bratthuighthe le clocha. Is mé a bheadh sásta dá mbeinn dealuighthe amach as. Diabhal mórán féir a bhéas dhá bharr siúd
+
dealg
Dealg sceiche, dealg spíonáin, dealg drise, dealg droighin, dealg bóthair, dealg láibe (dealg múnlaigh), dealg gráinneoige, dealg cluan mara, dealg éisc agus rl. = cineálachaí dealg atá ann
TUILLEADH (3) ▼
Dealg drise a d'fhuiligh orm. Dhá bhfeictheá an scáird fhola a tháinic as mo mhéir aice
Níl rud ar bith is géire deilgne ná an ghráinneoig agus an dris agus an cluan mara. An bhfaca tú cluan mara ariamh. Is geall le gráinneoig na deilgne atá air. D'fheicfeá go minic thíos ins an gcladach sin thíos é
Chuaidh dealg drise faoin a shúil, agus chaith sí an-fhada gan spré ar bith aige, ach é ag imeacht agus maistín de phláta aige uirre. Tá sí cneasuighthe anois aríst
 
dearg 2
Sén deargadh a bhí air a choinnigh ó chodladh ar feadh na h-oíche aréir é. Tá sé cho cantalach le dris ó a tháinic sé air = tógáil nó scólladh i mbléin agus ar mhásaí páiste (fc. dearg)
 
deasú
Gearr an dris fhireann sin. Is olc an éadáil ag cosa í sin — is olc sin! Sin é anois an deasú uirre! Ní stróicfidh sí aon-duine níos mó
 
díle 1
Tá an roillig sin ann ó'n Díle. Bhí na naoimh innte sin. Tá cuid aca curtha innte. Thoir ins an áit a bhfuil na driseacha agus na neanntógaí anois, tá sean-leacrachaí. Annsin atá siad curtha
 
Ná leig an díolaidheacht choidhchin i bhfad-scéil. B'fhearr liom a bheith faoi chumaoin ag aonduine beo ná ag fear siopa. Má bhíonn aon cheo aige ort, feicfidh tú pus cho fada le dris fhireann air 'chuile uair dhá ngabhfaidh tú isteach aige
 
Tá an leath-bhaile a bhfus réasúnta, agus is réasúnta é; ach maidir leis an leath-bhaile thiar níl fód istigh ar a fhuaid, ach breaclachaí agus diomlachaí agus brocachaí sionnaigh. An crann féin ní fhásfadh ann, mar mbeadh an caor caorthann sin ann, nó driseacha
 
Is doicheallach an mhaise dhuit anocht é. Tá tú in do dhris cheart. Nach breagh nach mbeadh éisteacht eicínt agad le na daoine. Tá an cheird sin ceart go leor, ach náireochthá muid dhá gcastaí aon-strainséara an bealach
 
Sin é an áit a bhfuil tabhairt-amach na mbroc ins na clochair dhriseacha sin siar. Rinne muid an-sladadh orra anuiridh ach tá an áit beo leo aríst. Ní féidir a gcoinneál ídighthe
 
Tá dris dhubhshlánach annseo, agus nó go gcuirtear in aer í níl aon-ghoir againn a dhul in éadan béal na brocaighe