Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Doicheallach
aidiacht as doicheall agus an chiall chéadna leis.
1.
+
"Má tá muid cumhang níl muid doicheallach" = má tá an teach beag, is cuma sin; tá fáilte againn roimh an té a thiocfas; má tá muid taobh le beagán bidh, airgid, nó córach, ní bheidh muid go dona faoin a bhfuil againn. Roinnfidh muid go fial flaitheamhail é
Má tá muid cumhang níl muid doicheallach. Is beag an áit a síleann an carthannas arsa tusa = bhí teach cumhang aige, ach b'áil leis a chur i gcéill nach raibh croidhe cumhang aca, agus ó thárla nach raibh, ba bheag an áit a dhéanfadh cáirdí
TUILLEADH (5) ▼
Deasuigh anuas annseo agus déan do ghoradh. Gheobhaidh tú annseo é, cho maith agus atá sé againn féin. Má tá muid cumhang, níl muid doicheallach
Gheobhaidh tú lóistín na h-oíche uainn, dá gcaitheadh duine againn féin fanacht in a shuidhe. Níor chuir m'athair aonduine amach ariamh, agus dheamhan an ndéanfaidh mise anois é. Má tá muid cumhang féin níl muid doicheallach.
Ar chuala tú céard adeireadh T. Mh. fadó. Ní raibh aige ach pruchóg de theach. Dheamhan a bhféadfá casadh istigh ann. Theigheadh scata againn féin suas chuile oíche ar cuairt ann. An uair a theagadh muid faoi'n dorus i gcomhnuí, sé'n leathrann a bhíodh ag T. "Doirtigidh anuas a scurachaí. Má tá mé cumhang níl mé doicheallach." Is minic a chonnaic mé an teach sin lán go drad. Ní thuillfeadh duine eile ann. Is iomdha siamsa a bhíodh ann. Ní bhíodh d'fhaitíos ar T. i gcomhnuí ach go mbainfeadh duine eicínt an maide mullaigh, agus go dtuitfeadh an teach anuas orainn. Leagfá do láimh mar sin ar an maide mullaigh. Bhí an teach cho h-íseal sin
Má tá muid cumhang, níl muid doicheallach. Sin é a bhí J. Ph. A. a rádh an oíche ar pósadh é. "Brughaigidh isteach 'fhearaibh. Má tá muid cumhang níl muid doicheallach". Bhí an teach sáthach cumhang gan dabht, ach m'anam go raibh a dhóthain fairsingeacht' ann freisin dhá mbeadh aon-cheo le cur ann. Fliuchadh a' (ar) mbéil féin níor eirigh linn i gcaitheamh na h-oíche. Ó dheamhan an sdriog!
Teagaidís isteach má tá rud len iarraidh aca, agus ná bídís ag coduidheacht amuigh annsin. Má thugann siad iad fhéin le teasbánadh, beidh fáilte rómpa. Má tá muid cumhang féin níl muid doicheallach
·
Is doicheallaighe go mór é roimh a mhuintir fhéin ná roimh an strainséara. Diabhal mé go mbíonn an-chúntanás aige do'n strainséara; ach duine ar bith a theagas ag brughadh aon-smearachán gaoil air, bíodh sé sin ar a shon féin. Níl aige ach a rádh chor ar bith go bhfuil an gaol ann, agus gheobhaidh sé an bóthar amach. An cuimneach leat anuiridh an t-am ar tháinic mac J. Sh. Bh. ann …
Hébrí céard a dhéanfas tú ná bí doicheallach leis. Cuir fáilte roimhe agus iarr isteach é, agus tairg cupán tae dhó. Annsin innis dó a bhfuil le rádh agad, go mín mánla gan focal arannta ar bith. Ar a bhfaca tú ariamh ná teirigh 'un droch-mhúineadha leis mara gcinnidh ort. 'Sé'n buille réidh an buille is fhearr
+
Is doicheallach an diabhal é le dhul isteach aige. Dubhairt mé "Dia ann" agus is beag le gur fhreagair sé mé. Rath na raithnighe air le caoi a bheith air
Is doicheallach an duine é siúd le marcuidheacht a iarraidh air. 'Sé an fear is measa ar bóthar é faoin a "lorry". Is beag nacharbh fhearr liom a dhul G. de shiubhal mo chos ná a bheith in a chleitheamhnas faoi mharcuidheacht
TUILLEADH (3) ▼
Is doicheallach an stiúir a bheadh uirre siúd ins an leabaidh maidin sheaca. Nach hí an séacla caillte í. Ní phósfainn í go díreach glan nó go bpósainn an bhornóg mhór sin thiar ag P., agus is fada a bheinn ag cuimhniú air sin
Diabhal fear faoi'n mbogha bán is doicheallaighe ná é, le tarraingt air. Doicheall uiliog é. Teirigh isteach aige moch nó deireannach agus is é an cás céadna é. Bíonn gruaim air i gcomhnuí, i gcomhnuí
Is doicheallach an mhaise dhuit anocht é. Tá tú in do dhris cheart. Nach breagh nach mbeadh éisteacht eicínt agad le na daoine. Tá an cheird sin ceart go leor, ach náireochthá muid dhá gcastaí aon-strainséara an bealach
+
Má theigheann tú siar chuig P. B. agus taoscán breagh fuisce agad, ní hí fáilte an duine dhoichealla' a chuirfeas sé romhat mise i mbannaí. Cá bhfuighidh sé cliamhain is fhearr ná thú, agus thú ag saothrú trí phunt ins an tseachtain ar "scím" na móna
Tháinig sé isteach lá thiar i S. B. "An bhfuil fáilte romham" adeir sé. Sin leath-fhocal a bhí aige. "Tá" adeir bean an tighe "fáilte an duine dhoichealla'". Níl a fhios agam ar dhubhairt sí in aon-turas í nó nachar dhubhairt, ach thóig seisean suas é, agus d'ionntuigh sé amach aríst. Ba mhaith an aghaidh an méid sin é. Bhí an iomarca nathuidheacht' agus cóirí catha ar fad aige
TUILLEADH (1) ▼
Má's leat fáilte an duine dhoichealla' a chur rómhat ann muis, abair go bhfuil mac Sh. Ph. ag dul chun cinn thar cíonn i bhfus annseo. Is maith gasta deirimse leat adéarfas sé go dtug tú h-éitheach. Ní lughar leis an diabhal ná mac Sh. Ph. ó a phós sé. Nach raibh sé ag iarraidh an mac se'aige féin a chur ann, agus chinn air. Sin é an faltanas atá aige do'n fhear eile, agus is neascóid ar a chroidhe a chloisteáil go bhfuil rath ar bith air
2.
+
Is doicheallach an gothadh atá ar an bhfairrge indiu. An bhfeiceann tú an bláth bán atá uirre. Ní mórán dá fhonn a bheadh orm indiu m'aghaidh a thabhairt amach uirre. Tá sí buille callóideach
Dar mo choinsias is maith doicheallach an spéir í sin thiar. 'Bhfeiceann tú na mótaí dubha sin. Ní éadáil mhór ar bith iad. Feicfidh tusa in a dhórtadh fós indiu é. Ach má bhíonn fhéin is cuma linn. Tá muid as cionn ar gcuid oibre buidheachas le Dia
TUILLEADH (2) ▼
Is doicheallach an chuma atá ar an sliabh sin suas, le dhul suas ag iarraidh móna ann. Ní fheicfidh tú ar a mhalrait aríst é go dtí lá buidhe Bealtaine seo chugainn
Dhá mbeadh an bóthar cho doicheallach anois agus atá na clag-fhairrgí atá thart faoi'n gCeann ní fhéadfaidh muid loiceadh anois. Seó linn anois! Dhá dheannachtaighe dhá bhfuil an bealach, bainfeamuid ceart dó (dhe) le congnamh Dé. Rinne mise é oícheannta níos measa

Féach freisin

Doicheallach in iontrálacha eile (1)

 
Dhá dhonacht dhá raibh an botháinín a bhí aca ní raibh siad doicheallach. Gheobhfadh sé dídean na h-oíche ann, agus thairg siad sin dó. Ach bhí sé ro-mhór ann féin le fanacht imbráicín mar sin. Is dona a chuaidh an leithead dó muis, ní dhá roint leis é