Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
doirnín
/dəurɴīn′/; /dorɴīn′/ (Achréidh). Freisin /sdəurɴīn′/; /sdorɴīn′/ i gciall a 2 /sdəurɴīn′ī/, /sɡəurɴīn′ī/; /sɡorɴīn′ī/, /sɡorōɡī/
ainmfhocal, fireann
uimhir iolra: doirníní
1.
 pionna a bhíos i gcrann speile le go mbéarfaidh an spealadóir air agus é ag spealadh.
+
Níl doirnín ar bith sa speil aige, ach é i ngreim sa gcrann
Tá an doirnín briste. Ní fhéadfainn a dhath a dhéanamh léithe go gcuirtear doirnín nua inti
TUILLEADH (1) ▼
Is deas an doirnín speile a dhéanfadh an pionna sin dhá snoífí amach é. Fónfaidh sé sin domsa anois
2.
 dhá phionna a bhíos i gcoirb srathra leis an dá chliabh a chrochadh orthu; scorógaí.
+
Caithfidh mé scoirníní (stoirníní freisin) a chur sa tsrathair sin. Tá leathscoirnín briste inti
Diabhal easna de leathstoirnín na srathrach nár bhris, agus seo anuas an tsrathar agus na cléibh agus a raibh ann. Bhí mé ite le cantal théis a bhfuair mé d'easonóir uaidh
TUILLEADH (2) ▼
Ná téirigh 'na phortaigh leis an tsrathair sin, nó go gcuire tú scoirnín inti. Nuair a bhí mallach feamainne agam uirthi an lá faoi dheireadh, bhí mé i bhfaitíos chuile phointe go dtabharfadh sé uaidh. Tá sé scoilte thíos ag an gcoirb
Faigh máilléad agus tiomáil (tiomáin) an stoirnín sin. Tá sé ar bogadh. Tiocfaidh sé amach ort i lár do chruóige mura dtiomála

Féach freisin

doirnín in iontrálacha eile (1)

 
dorn
Is beag an teacht aniar atá ina dhoirnín dona