Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dólámhach
1.
+
Chinn sé dólámhach orm é a dhéanamh (Ros Muc) — amach is amach; thar éis mo dhíchill; chinn sé dólámh orm (Spidéal)
Chinn sé críochnaithe dólámhach orm é a thógáil, té (cé) go ndeachaigh mé fhoisceacht rud ar bith dhó. Ach ní fhéadfainn a chur ar bruach théise sin, dhá naomhtaí mé
TUILLEADH (4) ▼
Tá sé ag cinniúint críochnaithe dólámhach orainn ceart ar bith a bhaint dhe. Má chuirtear comhairle ar bith air, is mian leis a dhul ar achrann. Níl a fhios agam ó neamh na néal céard a dhéanfas muid leis
D'fhéach sé mé dólámhach a chur in aer, léis (tar éis) nach cheal a shaothraithe é. Ach tá an-scráibneart ann. Agamsa atá a fhios é
Chinn sé críochnaithe dólámhach ar J. an bullán a chur amach as an ngarraí, théis chomh danra agus a bhí sé ina éadan. Leag sé trí bhearna dhó, ach ní ghabhfadh sé amach i gceachtar acu ach soir agus siar an garraí, nó go raibh J. sáraithe ceart aige. Ansin bhí athobair air, ag ardú na mbearnaíochaí aríst. D'imigh leis go nglaofadh sé ar chúnamh. Ach ní raibh sé bailithe anuas lúbainn an bhóithrín nuair seo anoir an bullán, agus leagann sé brúisc den chlaí agus amach leis gan iarraidh gan achainí!
Chinn sé críochnaithe dólámhach ar J. Bh. lorry a thabhairt sa mbóithrín sin cheana agus ó tharla nach dtug sé sin ann é, tá sé fánach ag aon duine eile a thabhairt ann. Ghabhfadh J. le lorry ar dhroichead spioróide. Tá an bonn uilig ag croitheadh faoi, ach ar ndóigh is furasta a aithinte agus é déanta ar thonn phrochóig
2.
+
Tá sé dólámhach dhá dhéanamh — tuineanta, díocasach, díbhirceach, dícheallach, ar a shean-neart, go dúshlánach
Is togha fear oibre é. Coinneoidh sé leis go dólámhach
TUILLEADH (5) ▼
Is diabhaltaí dólámhach a chaith sé in éadan na gclochar sin suas, nó gur réitigh sé amach i dtigh diabhail iad. Dar fia, 'sé atá i riocht bail ó Dhia air. Tá mé ag ceapadh nach n-iarrfadh sé aon scíth dhá lá a shaoil ach ag orlaíocht (/əurʟīxd/)
Tá sé dólámhach ag scrathadh portaigh inniu. Bainfidh sé móin anois mar adéarfá leis é go ceann seachtaine, agus fágfaidh sé caite ina cora ansiúd í gan aon scaradh choíchin. Sin é an rud a ghníos sé chuile bhliain beo
Ghléas sé an capall agus amach leis dólámhach lena cur faoin gcarr: capall nach raibh faoi aon charr ariamh. Ní raibh aon mhaith é a bhacadh. Dar príosta, bhain sé a ceann di ina dhiaidh sin, agus gan duine na deoraí aige ach é féin
Tá sé ag foghlaim dólámhach. Dhá bhfeictheá ansiúd é agus a chual leabhar aige in éadan an bhoird agus ní bhreathnódh sé ort dhá mbeifeá ag marú mairt, ach ag foghlaim leis
Shílfeá go bhfuil sé thíos ag saothrú sléibhe dólámhach. Dar fia muise féachfaidh an mhoing siúd leis é freisin. 'Sí atá deas air
+
Tháinig sé isteach an oíche faoi dheireadh agus bhí na gearrbhodaigh seo thíos istigh ar cuairt. Ní raibh sé mórán leis an naoi a chlog. Spréach sé. D'fhuagair sé go raibh sé thar am codlata. Shílfeá go dtabharfadh sé na diabhail den Chruaich ag stróiceadh ag iarraidh an phaidrín a rá. Chuaigh na gasúir ar a nglúine. Shíl siad gur paidrín dólámhach a bhí sé le rá … — go raibh sé lena rá as dúshlán, agus go n-abródh sé é, ba chuma cén treampán a chuirfí air
An claí dólámhach atá tú ag brath air a dhéanamh ansin? Cén tsomhaoine dhuit thú féin a mharú leis. Nach bhfuil a fhios agat gur gearr go mbainfidh tú stangadh asat féin le na clocha móra sin, mura nglaca tú t'ionú nó go bhfaighe tú cúnamh. M'anam nach ceird do dhuine a bheith ina scanrachán mar sin
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag déanamh bóthair dólámhach isteach sna garrantaí thoir. Má tá féin, ní gan í gan ó é. Tá clocha i dtalamh ansiúd agus ní bhainfidh a cheann fine iad. Ach beidh sé siúd ag tuineadh leo nó go gcuire sé as ar uain nó ar éigean iad. Tá sé an-dúshlánach nuair a chaitheas sé rud ina chloigeann

dólámhach in iontrálacha eile (1)

 
Bhí an mhuintir suas an-mholtanach air sin nó gur phós sé an bhean seo. Sílim go bhfuil sí seo doghrainneach go leor. Measaim é. Níl gair ag gamhain ná ag caora a dhul ar a gcuid sléibhe nach bhfuil madraí saighdte iontu agus iad ruaigthe i dtigh deamhain. Agus bíonn sí dólámhach ag iarraidh ar an bhfear an sliabh a chosaint. Roimhe seo, ní chuirfeadh sé aon araoid go deo ar bheithíoch a chasfaí ann, ach m'anam nach é sin dó anois. Tá an-lear sléibhe acu ansiúd freisin: an domhan brách. Is beag a d'aireoidís corrbhearradh a ligean le muintir L., nach bhfuil acu ach dhá spreab ar easca