Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
domhnaíocht
ainmfhocal, baineann
uatha amháin
 go leor; a lán; iomadúlacht; an domhan agus a mháthair; an t-uafás; tír is talamh (más daoine atá i gceist); an-lear go deo; dalladh; neart; foracún mór.
+
Bhí an domhnaíocht daoine ann — go leor leor
Beidh an domhnaíocht sagairt agus daoine móra ar a shochraide sin. Airíonn siad rud aige. Is beag an baol go dtaobhódh siad C. Ph. Mh. (fear bocht) dhá mbeadh sé os cionn cláir, ní ag tabhairt gutha ar a bhás é an fear croí. Ach cá bhfios don té sin. B'fhéidir do Ch. Ph. Mh. a bheith ag imeacht ina chóiste cinn chomh maith leis an duine is fhearr acu shul má gheobhas sé féin bás. Agus go dtuga Dia dhó!
TUILLEADH (4) ▼
Bhí — an domhnaíocht. An domhnaíocht tincéaraí atá mé a rá: ní hé a malrait a bhí ann. Bhí snaidhm de mhaide buailte ort ag chuile choirnéal. Is maith a chuaigh mé as nár maraíodh mé. Deirimse cruinneáil (cruinniú) leat: cruinneáil tincéaraí!
Bhí an domhnaíocht anseo sa Local (L.S.F.) nuair a thosaigh siad i dtosach. Cuid acu splanctha go dtéidís ann faitíos a gcaillfidís an dole. Ach shílfeá nach mó ná sin a thaitnigh leo théis tamaill. D'fhuaraigh siad as aríst. Bhí sé ann ariamh sa saol — fear an dá chroí
Tá an domhnaíocht de na Curraoinigh ar an mbaile sin. Fir bheaga staiceáilte agus muisteaisín rua ar chuile dhuine acu agus meanaí as a súile (coinneal le olc sna súile acu)
Tá an domhnaíocht saighdiúir siar faoi Chonamara ag baint mhóna, adeir fear aniar liom a casadh liom i nGaillimh inniu. Thar tír isteach uileag iad. Deir sé freisin nach bhfuil an chuid is mó acu ag tabhairt cuma bainte ar bith uirthi, ach ar ndóigh déanfaidh sí má shásaíonn sí a gcuid comhairleachaí fhéin, agus sásóidh, mar 'sé cuid an bheagáin atá a fhios acu sin faoi mhóin ach an oiread
+
Tá an domhnaíocht airgid aige — an-lear
Tá an domhnaíocht leabhar aige sin. Má tá a bhfuil iontu ina chloigeann, níl ríochan go deo leis le foghlaim, ach sílim gur mó atá sna leabhra dhi ná ina chloigeann. Ar ndóigh, arsa tusa, ní thoillfeadh tada ina mhullach scine siúd — tá sé chomh caol sin
TUILLEADH (4) ▼
Bhí an domhnaíocht bheithíoch aige chomh uain is a bhí sé ar an gC. G. Bhí sruth is gaoth leis an uair sin, ach ní go maith a chuaigh an imirce dhó, ní dhá roinnt leis é. Le neart sainte agus grá don airgead a d'imigh sé as — ag tnúthán le tuilleadh a dhéanamh — ach sin é an chaoi a mbíonn sé. Ní bheadh a fhios agat, ar nós mar adeir an fear fadó, cé is sonaí taobh den chlaí ná an taobh eile
Deir siad go bhfuil an domhnaíocht bheatha ag teacht go Sasana anois — go bhfuil sé ag cinnt ar an German soitheach ar bith a chur síos. Is furasta a aithinte scáth a bhfuil d'imeacht ar na beithígh
Leagadh an domhnaíocht mhór de thithe i mBelfast an t-am údaí ar chaith na Gearmánaigh anuas air. Bhí sé sa bpáipéar an lá cheana, ach i nDomhnach anois, ní chuimhnímse cé mhéad. Ba seó (show) shaolta é ar chaoi ar bith
Tháinig an domhnaíocht raic (wrack) anseo ar thús an chogaidh, ach 'sé cuid an bheagáin atá ag teacht anois. Ara cén mhaith a bheadh do dhuine a dhul dhá tóraíocht dhá mbeadh sé taobh lena dtugann na póilíos de cheathrú shábhála uirthi. Ceo ar bith ach dhá bhféadainn a coinneáil dom fhéin fhéin go mb'fhiú dhom a dhul ag cur aistear an chladaigh orm féin deireadh oíche. Ach i nDomhnach chreidim gur fíor dhuit é: ní fhaigheann duine ar bith breith a bhéil féin
·
Tá an domhnaíocht le déanamh agam agus gan agam ach mé féin. Meas tú an bhfuil fear aonraic in ann freastal do phortach, do chladach agus do gharraí. Mo choinsias níl!

domhnaíocht in iontrálacha eile (2)

 
Is diabhlaí an pháí atá dhó, murach a bhfuil de dheachmaíocht ann. An té atá ag traibhléaracht mar sin i gcónaí, caitheann sé an domhnaíocht airgid, mar bíonn daoine ag castáil dó i chuile áit
 
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé síúil. Deir chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceáil ann. Ach ní raibh géilliúint ar bith aigesean do chúrsaí den tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé ina cheann teach nua a dhéanamh. Ní bheadh aon shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, théis go raibh chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Más é an tAthair M. féin é — 'sé a bhí anseo an uair sin — chuala mé gur dhúirt sé leis go mbeadh sé in aiféala mura bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann lena n-anó féin. Ach ní raibh aon chomhairleachan ina chionn ó chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé chomh dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar folamh ansin ó shin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chónaigh ariamh ann sílim. Maraíodh an mac shul má bhí sé déanta. Sách fánach a maraíodh é freisin. Ord a thit den scafall air. Buaileadh síos an iníon agus chaill sé an domhnaíocht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon mhaith ariamh. Thit binn an tí go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mba in é a dhóthain de thaispeánadh, ach chuaigh sé ina éadan as dúshlán in athuair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh créafóige. Ón lá ar thosaigh sé ag orlaíocht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nár tháinig an díleá air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go crua — d'imigh sé ina ghlae ghlas. B'éigean don bhean agus don chuid eile den chlainn lascadh leo as ar fad sa deireadh. Bhí an díleá ar a gcuid os comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread acu agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht inniu; i gcruthúnas nach ceart d'aon duine a dhul ag cur araoid ar an slua sí — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu!