Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
donaigh
briathar
ainm briathartha: donú
 drochghortú nó drochlotadh a thabhairt do dhuine nó do bheathach; duine a mhartrú nó éalang a fhágáil air; ceirín a chur ar dhuine; duine a bhascadh (tá sé coitianta i gcaint).
+
Donóidh sé thú má fhaigheann sé ligean ar bith ort. Mar sin bí ar t'airdeall féin. Ní hiúd é an ribín réidh agat chor ar bith
Tá sé donaithe de bharr cic ó chapall. Bhuail sí ansin é slán an tsamhail, agus deir siad go bhfuil a chuid bolgeasnachaí briste
TUILLEADH (9) ▼
Tá mise donaithe críochnaithe ag bróig atá agam. Níl a fhios cé na léasrachaí atá tógtha ar mo sháil aici. Níl aon ghair agam coisméig shiúil a dhéanamh léithe
Donóidh sé sin duine eicínt sula n-éirí sé as. Is furasta a aithinte nach í bara a leasa a bhí faoi an lá ar thosaigh sé ag tabhairt chomhluadair don bhithiúnach seo thoir. An bhfuil a fhios agat céard a rinne siad an oíche cheana: a dhul isteach go dtí seanN. bhocht agus an cúpla tosaigh dhá phlioncadh eatarthu. Murach T. Sh. a casadh isteach, dheamhan deoir a d'fhágfaidís ann
Fhóbair tú mé a dhonú a scabhaitéirín. Nach bhfuil a fhios agat mura scoire tú de chaitheamh na gcloch go mbainfidh tú an tsúil as duine eicínt. Cén bhail a bheas ort ansin?
Ag iarraidh duine eicínt a dhonú atá tú leis an maide sin? Leag uait as do láimh ar fad é. Tá an breathas ar do láimh, tá sin. Is diachta ghéar nach mbeadh ciall duit feasta choíchin
An lá ar baineadh an treascairt as an gcapall sna breaclachaí sin thiar, donaíodh í an uair sin. Tá umhlú chun tosaigh inti chuile lá ó shin
Donór (donófar) na Gearmánaigh bochta anois má tá an chonairt sin uileag ina n-éadan. Is diabhlaí an seasamh acu é
Dhonódh sé daoine an oíche sin meireach gur baineadh an revolver dhó (dhe). Tá sé de bheith air sin go maróidh sé duine eicínt as a dheireadh
Tá buile chatha eicínt air seo thíos ag uallfairt ar an mbóithrín. I ndiaidh asail atá sé! Sea mo choinsias! Donóidh sé asail anois. Tá cleith aige atá chomh fada le crann loinge
Dar fia bhí mise donaithe aige murach an fear maith a rinne an tarrtháil. Bhí mé sáinnithe in éadan an sconsa agus chaon tsnaidhm aige orm!

donaigh in iontrálacha eile (1)

 
Dheamhan a fhios agamsa cé a bheadh donaithe i ndeireadh na rúcála, murach an ghrifisc sin thiar a theacht ann