Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
domlas
/dumlus/
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: domlais
sórt rud a bhíos ar aobha beithígh; galra beithíoch.
a.
+
"Domlas mór. Má bhíonn an giolla duilleach chomh crua leis an gcloich, agus buinneach taobh amuigh dó. Ní leánn an giolla duilleach é chor ar bith. Bhainfeadh neart purgóideacha as é. Bíonn na haobha agus na scamhógaí ag imeacht lofa mar a bheadh gruth buí. Tá a fhios ag búistéaraí paiteanta chuile shórt faoi" (ó Mháirtín Ó Cadhain, Cnocán Glas, Spidéal, Gaillimh)
"An domlas mór: bíonn beithígh agus caoirigh agus capaill lofa leis" (ó m'athair)
TUILLEADH (8) ▼
"Tá domlas i chuile shórt: i nduine agus i mbeithíoch. An domlas mór: atann cnapáinín atá istigh sa méadail" (ó Mhícheál Ó Ceannaigh — An Carn Mór, Baile Chláir)
"Ar ndóigh, sea! Tá domlas uirthi: buinneach a bheadh ar bhó agus nach n-éireodh sí léithe. Bheadh sí tolgtha taobh istigh" (ó Bheairtle Ó Flaithearta, Camus, Casla, Conamara)
"Tá domlas istigh ar aobha na bó. Cheal nach bhfaca tú ariamh é! Atann sé sin, agus déanann sé domlas mór. An bhó a dtiocfaidh sé uirthi, mura gcuire purgóideachaí aisti é, drochsheans atá aici a theacht uaidh. Bhuail sé bó liomsa ansin an bhliain cheana agus chaith mé an tsíoraíocht léithe, ag tabhairt chuile shórt di, ach dheamhan maith a bhí ann. Thug mé an vet go dtí í, agus théis lán laidhre a thabhairt dó, dheamhan maith a rinne sé dhi" (ó Bheairtle Ó Flaithearta, Camus, Casla).
Tá sé ag séideadh ina dhomlas mhór uirthi. Más in é atá uirthi muis, dheamhan a fhios agam céard adéarfainn léithe. Is deacair leo a theacht as sin
Ag iarraidh purgóide atá mé ag dul, le aghaidh bó atá agam a bhfuil an domlas mór uirthi
Ní hé an domlas mór a thug aon bhás di. Nuair a d'oscail muid í, bhí boiric ar na haobha. Bhí an domlas ata orthu, ach ba bheag é. Bhí rud eicínt eile uirthi freisin. Ach chreidim gurb é an cás céanna é. Nuair nach mbíonn siad ag dul do dhuine, tá rud ar bith in ann bás a thabhairt dhóibh
Bhí capall agamsa anseo uair: Ceannfhinn a bhí uirthi. Cailleadh í leis an domlas mór. B'fhada a bhí sí idir chamánaí agus gan fios ar theacht nó imeacht di. Ach níor dhúirt an luí fada bréag ariamh. D'imigh sí sa deireadh
Ní fhaigheann an oiread acu bás leis an domlas mór anois agus a d'fhaigheadh fadó. Tá purgóideacha níos fhearr ar an saol seo
b.
rud an-searbh.
+
Domlas a thug siad do Mhac Dé nuair a bhí sé ar an gcrois acu. Bhí na Ghiúdaigh go holc a dheartháir mo chroí thú
Ní fuisce a thabharfadh sé le n-ól do Ph. ach domlas dá bhféadadh sé, ach caithfidh sé é a choinneáil leis anois nó go mbeidh an tuairt seo thairis
TUILLEADH (2) ▼
Meas tú nár tháinig sé isteach inné ag iarraidh deoch uisce, ach ní uisce a gheobhadh sé uaimse ach domlas, dá mbeinn istigh roimhe. Ba bheag an lua a bheadh aige a theacht isteach nuair a d'fhéadfadh sé fairnéis eicínt a thabhairt dúinn faoin gcúirt. Baol air. Tá sé sin sách imeartha agus fios maith aige faoina bhealach féin
Dhá mba domlas anois é, gheobhaidh sí le n-ól é! Dheamhan baol orm a dhul ag cur aistear orm féin go dtí an tobar, ná cuid de bhaol
c.
 brón, buaireamh; fuath; searbhadas; seirfean; olc; faltanas; gangaide.
+
Tá an domlas ina croí sin — tá sí olc, gangaideach, fealltach, nó buartha
Chuaigh an domlas in mo chroí an lá a raibh siad ina gciontsiocair le mo mhac a mharú
TUILLEADH (6) ▼
Sin í an ceann a bhfuil an domlas inti. 'Faraor,' adeir sí, 'nach bhfuil chuile dhuine ar an bhfeadhain acu ag dul san áit a bhfuil sé sin ag dul,' agus í ag breathnú ar an gcorp ag casadh ceann an bhóithrín
Is beag an dochar den chréatúr an domlas a bheith inti. Fuair sí a ábhar: a fear agus a triúr mac a chur in aon bhliain amháin. Ar ndóigh, 'sí is fhearr ar bith nach bhfuil sí thíos sa talamh fadó
Tá a díol domlais inti dhá bhféadfadh sí aon cheo a dhéanamh, ach ní fhéadann
Dheamhan maith dhuit ag caint mar sin. Tá an oiread aithne agamsa uirthi agus atá agatsa, agus níor chuala mé aon fhocal domlais ar a teanga ariamh. Chítear dhomsa go bhfuil sí chomh feiliúnach le aon bhean dhár casadh orm ariamh
Is furasta a aithinte go bhfuil an domlas sa gcroí aige. Murach go bhfuil, ní hin í an chaint a bheadh air. Tuige nár chuir duine eicínt agaibh ina thost é … muise go lige Dia a shláinte do Pheadar. Sin í an chaint chéanna le rá leis
Duine a chonaic an oiread den tsaol leis sin, agus ar cuireadh an oiread sin treampáin air, is suarach an t-ionadh go bhfuil sé doscúch, agus go bhfuil an domlas sa gcroí aige. Dhá bhfaighinnse ná thusa a leathoiread údair, ba sheacht measa a bheadh muid
d.
 ceas
+
Chuir sé é féin chun domlais leis — chaith sé an iomarca dhe (beatha, ól, earra ar bith, damhsa, spraoi srl.); tháinig ceas air dhá bharr
Beannacht Dé dhuit! Chuir muid muid fhéin chun domlais le ar ól muid. Beidh a shliocht air: is fada aríst go dtaobhaí cuid againn aon teach ósta
TUILLEADH (7) ▼
Chuir sé é féin chun domlais le ar ith sé de ronnachaí úra. Luigh sé ar an leaba ansin gur chodail sé smaillic. D'éirigh sé taca an seacht a chlog agus fuair sé gabhair Sh. sa tsail. Bhuel chuirfeadh sé na diabhail den Chruaich ag eascainí, agus air fhéin is mó a bhí sé dhá dhéanamh agus ar na ronnachaí
'Sé an fáth domsa gan aon deoir a ól: bhí mé Domhnach anseo, tá naoi nó deich de bhlianta ó shin, agus casadh ag stillhouse ar an Mh. M. mé. Bhí an iarraidh críochnaithe go díreach acu: muintir Mh. Á. D'ól mé an oiread dhó agus gur chuir mé chun domlais mé féin leis shular fhága mé an stillhouse. Anoir tigh Mh. Á. linn ansin, agus d'fhan mé ann an lá sin agus an lá ina dhiaidh, agus mé tite dallta i gcaitheamh an achair. Ní raibh mé agam féin ceart go ceann míosa. Dúirt mé liom fhéin, hé brí céard a dhéanfadh Dia liom, nach mblaisfinn d'aon deoir phoitín aríst go brách
Ara ná bac leis sin! Chuir sé é féin chun domlais le mná, le ól, le spóirt agus chuile chineál drabhláis as tús a óige, agus níl sé a iarraidh anois ach suaimhneas
Éiríodh muid as an damhsa anois go ceann míosa nó cupla mí, nó cuirfidh muid muid féin chun domlais leis.
Chuir mé mé fhéin chun domlais leo anseo an bhliain cheana. Níl aon oíche san aer nach mbínn ag cochallóireacht, ach d'éirigh mé astu ar fad ó phós mé. Is deas blasta an béilí í eascann muise scaití
Ní chaithfidh mé níos mó. Chuir mé mé fhéin chun domlais leo mar fags aréir. Is leath meisce ar dhuine iad agus é ag ól
Cuirfidh tú thú fhéin chun domlais le na mná mura dtuga tú scíth dhuit féin. Nach ndéanfadh cupla oíche sa tseachtain thú, agus gan a bheith sáite in éindí léithe chuile oíche

domlas in iontrálacha eile (1)

 
daigh
Chuir mé mé fhéin chun domlais le poitín inné — poitín dóite Sh. Dh. — agus tá a shliocht orm inniu, tá dó ghoile orm ó mhaidin