domhain
—/dəu:ɴ′/
—ainmfhocal, baineann
—doimhneacht: mar a chéile é agus domhain ach gur cinnte é doimhneacht agus gurb as is mó a baintear leas le na réamhfhocla. Tá idirdhealú eatarthu ar bhealaí áiride freisin .i. doimhneacht na farraige (depth of the sea), domhain na farraige (the deep seas). Deirtear cén domhain é agus cén doimhneacht é chomh maith le chéile, ach chítear dhom, nuair adéarfaí cén domhain é, nach bhféadfaí a thabhairt faoi ach buille faoi thuairim, cuirim i gcás, an fharraige, criathrach, talamh nó a leithidí. Cén doimhneacht é: is féidir a bheith níos barainní faoi, nó d'fhéadfaí a thomhais .i. bonn tí, portach, uaigh, bairille srl. Baineann domhain go háirid le rudaí atá síos faoi dhromchla an domhain. Baineann doimhneacht le rud ar bith, soithigh, scéal, intinn duine, caint srl. Ní bhainfeadh domhain mar ainmfhocal leo sin. Níl acu ach an t-aon aidiacht. Chomh fada agus is léir dom, is mar sin atá sé thríd is thríd i gcaint na Gaillimhe, ainneoin gur beag idirdhealú is léir do chuid mhaith cainteoirí ach de réir mar a theagas an chaint leo
1.
an fad óna bhéal go dtí n-a thóin atá rud, nó óna uachtar go dtí n-a íochtar (claise, talamh, farraige, bairille, tobar, intinn duine srl.).
+–
Cá'il an domhain atá san easca! An bhfeiceann tú é sin chor ar bith? — tá an easca an-domhain
Shílfeá nach bhféadfadh fear Achréidh an domhain sin (de phortach) a bhaint as ucht. Mura mbaineann sé a leath an chéad uair, agus a dhul síos agus an leath eile a bhaint ansin
TUILLEADH (11) ▼
Níl domhain ar bith sna portaigh atá againne. Bhainfeá an tríú barr iontu ar éigin. Dheamhan ceo leis
Ná bac le domhain sa talamh sin! Tá tú go leic ar an bpointe
Is beag an domhain chor ar bith atá sa ngarraí thiar. Tá an chloch leis i chuile áit ann
Leacachaí uileag atá in íochtar an bhaile. Níl a ndóthain de dhoimhne (domhain freisin) iontu le cur
Ní mórán domhain chréafóige atá ansin chor ar bith. Beidh tú go gaineamh rua ann le dhá spreab
Má fhaigheann tusa an domhain ann, sin é a bhfuil uait
Níl a fhios cén domhain atá sna portaigh sin. Portaigh easca. Chuaigh mise naoi mbarr cheana sa gcloigeann abhus de mo phortach féin, agus ní raibh tús ná deireadh leis
Níl ort a dhul ann ach domhain na láí nuair atá tú ar an mbonn dubh sin: bonn móna. Is dóigh gur talamh móna a bhí ann roimhe seo.
Cén domhain a chuaigh sibh ann? (nó cén doimhneacht a chuaigh sibh ann)
Is olc an áit reilige é sin, dar fia. Níl domhain ar bith sa talamh sin
Caithfidh tú domhain (doimhneacht) a chur ann thairis sin
deireanas.
·
Ní shásaíonn uair ar bith é a bheith amuigh ach ar dhomhain na hoíche — amach deireanach nó i lár na hoíche
Céard a bhíos sé a dhéanamh ag ruatharúch mar sin ar dhomhain na hoíche. Shílfeá go mba chóra dhó a bheith ina chodladh
2.
i lár áite.
a.
+–
Bhí mé amuigh i ndomhain an criathraigh uileag nuair a ghoin m'aire mé. Ach bhí sé mall agam an uair sin a theacht ar ais — amuigh i lár an chriathraigh; i bhfad amach ar an gcriathrach
Déanann siad amach ar dhomhain an chriathraigh uileag é, amach taobh amuigh de chlochar É.
TUILLEADH (2) ▼
Má théann tú isteach i ndomhain na heasca sin, tá an tseamair Mhuire agat má fhéadann tú a theacht amach. Tá sí sin chomh bog le gruth fút
An té a ghabhfadh amú ar dhomhain na gcriathraigh sin ar cheo, ghabhfadh sé rite leis a theacht slán as
b.
ar an meath mhóir; i bhfad amach sa bhfarraige; ar chaoláire na Gaillimhe, bheifeá ionann is leath cuain (leath bealaigh trasna idir Gaillimh agus Contae an Chláir sula mbeifeá ar an domhain).
+–
Bhí muid amuigh ar an domhain, ach, má bhí féin níor éirigh faice linn
Ní bheadh sí in ann a bharraíocht ar an domhain ina dhiaidh sin. Bíonn brachlainneachaí móra farraige ann leithide an lae inniu
TUILLEADH (3) ▼
Má tá fút a dhul ar an domhain, níor mór dhuit cuid is mó ná sin de dhorú. Cúig nó sé d'fheánna eile
Dhá n-éiríodh sé dhuit ar an domhain, dheamhan cladach a d'fheicfeá go ndéanfadh Dia Diarmaid díot. Ná baol a bheadh ort!
Feicim dhá churach amuigh ar an domhain. Cé hiad féin meas tú?
·
Is deas é mo churachóir muis! Dheamhan a chos sin a thabharfadh an domhain amach air féin dhá bhfaigheadh sé Éire bronnta air
Thug sé an domhain amach air féin sa mbáidín iomramha ar maidin. Ní fheicim anois chor ar bith é
·
Chaithfeá a dhul amach ar an domhain mhóir (amach an-fhada) le iasc mór mar sin a mharú. Ní thaobhaíonn na cnúdáin ná na colmóirí ná na brain an cladach chor ar bith
Thosaigh an bheirt ag iomramh in aghaidh a chéile: duine acu dhá cur go Contae an Chláir, agus an duine eile isteach. Sílim gurb é M. B. a bhí ag iarraidh a dhul go Contae an Chláir. D'éireodh dhó: bhí bara na himirce ariamh faoi … Céard sin ort? Nach raibh siad amuigh ar an domhain mhóir — cuid is mó ná leath cuain
·
Ní ligfeadh an faitíos dó a dhul amach ar dhomhain an chuain sin, ní áirím a dhul ar dhomhain seanfharraige (domhain na seanfharraige) — amach uile go léireach ón talamh is faide siar in Éirinn .i. ó Leitir Mealláin, nó Árainn nó Iorras Aithneach nó Iorras Mhór
Tháinig sé ina lom gaoithe aduaidh orthu, agus cuireadh amach ar dhomhain na seiscinne iad. Lig siad don churach imeacht sa bhfeacht faoi thoil deona Dé
domhain in iontrálacha eile (50+)
→
fearacht
Ní call duit a bheith ródhiomúch dhó chor ar bith. Níl sé fearacht mo phortachsa nach bhfuil tada ann ach an leic liath. B'fhearr liom ina bhogeimhin fhéin é ná é a bheith gan aon domhain ar nós na bportaigh atá againn anois
Ba diabhlaí an fothramán a rinne an seanteach ag titim. Shílfeá gurb iad dhá chlár an domhain a bhuailfí faoi chéile
→
carcair
Chreidfinn go raibh coill le bruach na farraige fadó. Is minic a d'fheicfeá mioncharcaireacha agus maidí giúsaí i mbarr na trá, ach a dhul síos buille domhain.
→
cinceach
Tá na heanaigh atá anseo bog báite seachas eanaigh na háite sin agaibhse. Má théann tú domhain ar bith anseo, dheamhan pioc atá ann ach cinceach gan aon mhaith.
+
→
baile
Ní ceird ar bith í sin do dhuine i bhfad ó bhaile, agus gan fhios aige faoi thalamh an domhain, cá mbíonn sé ag caint nó cé a bheadh ag éisteacht leis
TUILLEADH (1) ▼
Ba í an oíche í, thar oícheantaí an domhain, ar fhága muid M. Ph. Mh. sa mbaile — ar cuireadh é.
→
coigéal
Níl an coigéal atá ann trí bhuille iomramha trasna, agus bháfaí man of war ann ina dhiaidh sin, tá sé chomh domhain sin.
+
→
beo 1
A bhfuil beo ar thalamh an domhain agus ní chuirfeadh chuig an scoil é.
TUILLEADH (2) ▼
Dhá dtéiteá sách domhain leis an bhfód beo, mise i mbannaí, nach mórán láin a d'iarrfaidís, ach níor chuir tú isteach an chlaise sách maith chor ar bith.
Ní théann Críostaí an bhéil bheo amach sna bólaí siúd mura dtéadh lucht caorach go díreach, agus tá mé ag ceapadh gur annamh a théanns siad sin fhéin chomh domhain sin faoi shliabh.
→
binse
Faigh an láí agus glan amach an scraith mharbh sin den bhinse. Ní dheachaigh tú sách domhain leis dhá scrathadh.
Tá cráin aige agus 'sí an mhuic is aibéisí faoi cheithre ranna an domhain í — níl cinneadh ar bith lena cuid millteanais agus mínóis
→
ailp
'Furasta a aithinte a bhoic bháin gurb é grá na hailpe thug tú; Nuair a phós tú an bhean ghránna agus a d'fhag tú mise i do dhiaidh; Níor dhoimhne an sáile ar báitheadh ann an deichniúr agus céad; Ná mo ghrá fó do lár, agus scéal cráite ort, mura dtuigeann tú mé" (ceathrú den Bhoc Bán)
→
aire
'Sé is lú soilíos de dhaoine an domhain. Ní thabharfadh sé aire don chapall dom an fhad is bheinn ag ceannacht máilín plúir — ní duine garúil é mar ní fhanódh sé san airdeall ar an gcapall dom an fhad is bheinn ag ceannacht máilín plúir.
→
airiúil
D'éireodh dó (do thalamh áirid a bhí i gceist) barr maith a bheith air: tá sé airiúil agus domhain, agus fuair sé bliain mhaith.
+
→
amach
Tá sí amach go maith ar an domhain (an bád)
TUILLEADH (1) ▼
Ghlaoigh an coileach amach domhain san oíche.
+
Dhá mbeadh imní an domhain air, ní ligfeadh sé sin amach le aon duine.
TUILLEADH (1) ▼
Ní ligfeadh sé amach (ní scaoilfeadh sé amach; ní scarfadh sé le) a ghreim ar bhás an domhain.
→
anam
Tá sé chomh maith do na daoine a dhul ag déanamh a n-anama, mar 'sé a chosúlacht gurb é deireadh an domhain é.
Drochrath ar a streille! Tá sé ag imeacht i gcónaí agus cáir fhiodmhagaidh mar sin air. Shílfeá air gurb é fhéin togha an domhain. Ní hé muis, ach an díogha
→
fonn
Tá fonn an domhain (fonn an tsaoil, an-fhonn go héag, fonn millteach, fonn diabhalta, an-fhonn go brách, srl.) air a bheith ag báireoireacht
→
fuagair
D'fhuagair mé corp agus anam ar an bhfear a bhí ag dul thart. Dheamhan a raibh a fhios agam ó thalamh an domhain cé hé féin. Murach sin, mharódh na tincéaraí mé — d'iarr mé ar an bhfear a bhí ag dul thart mé a chosaint ar na tincéaraí; gan ligint dóibh mé a mharú
→
imní
Shílfeá mura mbeadh aithne agat uirthi gur uirthi a bhí imní an domhain — bhí sí ag ligean imní uirthi, mar dhóigh dhe
Dhá bhfaightheá scoil an domhain, is beag an mhaith dhuit í gan an intreacht chinn — dhá bhfaightheá scolaíocht an domhain, ní fhearfadh sí ort d'uireasa intleachta
→
iomaire
Nuair a bheas an chlaise comhairde leis an iomaire trí huaire, beidh deireadh an domhain ann ansin — talamh a mbainfí barr di agus é ina iomaire agus ina chlaise. D'fhágfaí mar sin é gan na bruachannaí a leagan go mbeadh grua na talún fásta cothrom aríst. Cuirfí ar an gcóir chéanna é an dara huair; nuair a bheadh an chlaise cothrom leis an iomaire tar éis an tríú cuir, bheadh deireadh an domhain ann. Bealach eile "trí aois chlaise fórlaigh (fuarlaigh) deireadh an domhain"
+
→
ionadh
Ar chuala tú caint ariamh faoi sheacht n-iontaí an domhain?
TUILLEADH (2) ▼
Dhá bhfeictheá iontaí an domhain faoi chéad, ní fhaca tú a leithide siúd d'iontas
An simléar atá tigh Mhicilín, tá sé ar iontaí an domhain, arae níl poll deataí ar bith ann
→
ionsaigh
Ní ionsódh an sliabh chomh domhain sin san oíche ach fear eolais — ní rachadh duine ar bith eile faoi shliabh chomh deireanach sin, mura mbeadh eolas aige ar an sliabh agus fios an bhealaigh aige
→
failligh
Nach maith a bhí a fhios acu go mba é an chéad lá d'Aibreán é. Ní fhailleoidh siad sin a ngnaithe. I nDomhnach ní raibh a fhios agamsa cén lá de laethanta an domhain a bhí ann
+
→
feadh
Tá an áit siúd fiche feadh ar domhain — tá domhain fiche feadh ann
TUILLEADH (2) ▼
Ní tada ar dhomhain mar atá ansiúd chúig feadh déag de dhorú
D'fhan sé istigh ar feadh na faide. Ní chorródh sé amach ar bhás an domhain gur imigh D. — during all that time
→
feothan
Oíche an Fheothain Mhóir ceathair nó cúig de bhlianta ó shin, ba in í an oíche thar oícheantaí an domhain a raibh sé anseo. Bhí sé líonraithe, mar tá an-fhuagairt ar ghála ag na teach seo
→
fiagaí
Níl aon fhiagaí faoin domhain a chinnfeadh air i ndiaidh luchain bheaga, ach do dhúshlán cuir faoi ndeara dhó mórán a dhéanamh timpeall ar an gcoirce — nuair a bhíos na cruacha dhá leagan le bualadh, tá sé go maith ag marú na luchan a bhíos iontu, ach ní chuirfidh sé aon anró air fhéin leis an gcoirce
+
→
fód
Deich bhfód atá an portach s'againne: deich bhfód ar domhain
TUILLEADH (2) ▼
Más leat an taobh dearg den fhód a chur os a chionn mar sin, ná téirigh an-domhain leis. B'fhearr dhuit gan a thabhairt leat ach screamhóigín bheag. Chuirfeá drochrath ar an talamh
Ní raibh fód ar bith sa reilig sin thoir shul má dúnadh í. Nach mbíodh na cónrachaí nochtaithe? Ní raibh aon dhomhain chréafóige inti
→
fáiméad
Bhuail sé fáiméad ar an doras. Shílfeá gurb é dhá chlár an domhain a buaileadh faoina chéile leis an bhfuaim a bhain sé as — dorna, cic, iarraidh mhaide srl.
→
dairt
Ara beannacht Dé dhuit, ní raibh sa rud a bhí ann an uair sin ach caitheamh dairteacha le hais na gcogaí a bhíos ann anois. Daoine a dhul amach ar aghaidh a chéile le claimhí, le sleáchaí agus le tuaití. Ar ndóigh, dheamhan deichniúr a bheadh maraithe seachtain. Is mó an t-ár a dhéanfadh bomb amháin anois ná a dhéanfaidís i gcaitheamh a saoil. Seo é deireadh an domhain ach grásta Dé. 'Sé Cogadh an Domhain é: Cogadh na gCríoch a bhí tugtha síos sa targaireacht. Dheamhan ceo dhá raibh sa targaireacht nach bhfuil istigh. Fainic thusa nach bhfuil
Chaitheadh muid a dhul amach leis an réalt ar maidin ag baint fhataí san am a raibh muid ar aimsir tigh Sh. Diabhal smid bhréige sa méid sin. Is minic a bhí muid amuigh agus nach (nár) léir dúinn an láí. Agus dhá mbeifeá ag déanamh airneán domhain an oíche roimhe, nó amuigh ag ceol, chaithfeá an mhaidin ag cuimilt sramaí de do shúile, arae bheifeá in do dhall dúda le codladh. D'imigh an saol sin — míle buíochas le Dia
→
danra
Sin é an fear is danra a chonaic mise i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bhíomar thíos ansin oíche — mé féin agus S. — agus muid ag ól. Tháinig seisean ann. Gluigheadh (glaodh) deoch agus deoch agus deoch eile, nó go raibh an triúr againn sách tomhaiste. Bhí sé domhain go leor san oíche an tráth sin, agus barr ar an diabhal mura raibh na F. bheaga bhreaca sin ag cur achrainn orainn. Brat acu ann agus gan againne ach an triúr againn féin. D'iarr muid míle uair air a theacht abhaile. Bhí muid ag tuineadh agus ag achainí air a theacht linn, ach dheamhan filleadh ná feacadh a d'fhéadfadh muid a bhaint as, ach ina sheasamh ansin chois an chuntair ag buachailleacht a phionta. Ba é an diabhal ba danra é a chonaic mé ó rugadh mé
→
daol
Bhí an bheirt againn ag teacht as Gaillimh oíche agus 'sé an áit ar bhuail an donacht é ag Airdín an D. Ba é an rud ba tobainne é a chonaic mé ariamh: daol ceart. Bhí sé domhain go maith san oíche agus an áit sin sách uaigneach freisin. Ní raibh mé in mo bhambairne ariamh go dtí an oíche sin: gan fios agam an dtiocfainn ag iarraidh an tsagairt dó nó an bhfanfainn ina chionn. Ach d'imigh sí aríst chomh tobann agus a tháinig sí, chomh luath agus a bhí an daol sin dó (dhe) aige
→
daor 3
Tá bullán anseo thíos agam agus níl aon gharraí gabhann in Éirinn in ann é a chuibhriú. Tá a bhfuil de chlaíochaí ag gabháil liom leagtha go talamh aige. Níl a fhios agam faoi sheacht ranna an domhain cén súnás atá air. Dhá mbeadh sé ag fáil ocrais is mór adéarfainn, ach tá sé go bolg i bhféar chuile lá dá n-éiríonn ar a shúil. Ach déanfaidh mise cleas leis: cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air, go mbuaile mé a smut ar a chrúib agus a chrúib ar an talamh, agus sin ní fhágfaidh sé nó go n-athraí sé béasa