doimhne (4)
Más airgead dlisteanach é, tá cead aige a rogha rud a dhéanamh leis, ach más airgead mailíseach é, b'fhearr dhó báite sa bpoll is doimhne sa bhfarraige é.  Agróidh Dia ar fhear na mailíse é luath nó mall
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                  
                    
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                Chaithfinn amach thú sa bpoll is doimhne sa bhfarraige
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    B'fhearr dhuit bró mhuilinn faoi do mhuineál agus thú caite amach sa bpoll is doimhne sa bhfarraige, mar adúirt an sagart, ná a bheith ar cheird den tsórt sin.  'Sí an cheird dheiridh í
                    
                    →
                    droim 
                  
                  
                    Ní raibh aon leathchuma faoin saol nach ndearna sí sin ar a deartháir.  Go fiú is an pluid leabthan níor fhága sí aige í an t-am ar bhásaigh an mháthair.  Agus féacha anois í.  Trí chéad punt curtha amach aici le dlí nach mbuachfaidh sí aon phínn go brách air.  Bhí sé chomh maith di a dhul go díreach glan agus é a chaitheamh síos sa bpoll is doimhne sa bhfarraige leis an rud a rinne sí.  Is cóir adeir siad: an rud a chruinníos duine ar dhroim an diabhail go n-imíonn sé ar a bholg