Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dóite
mo léan dóite, mo chreach mhaidne dhóite, mo léan dóite deacrach srl. (rosc — leaganacha cainte)
·
"Mo chreach mhaidne agus mo léan dóite, nach bhfuil mé chomh hóg agus a bhí mé ariamh; Go ndéanfainn aicearra thríd chnoic is thríd bhóithrí, agus go gcuirfinn cóitín ar mo Nóra Bhán" (As amhrán — Iníon Frainc Confhaola)

dóite in iontrálacha eile (59)

 
daigh
Chuir mé mé fhéin chun domlais le poitín inné — poitín dóite Sh. Dh. — agus tá a shliocht orm inniu, tá dó ghoile orm ó mhaidin
+
Bhí mé i dteannta ar an daoradh reatha agus gan neart agam corraí, mar bheinn dóite aige ar an toirt leis an liathróid
TUILLEADH (2) ▼
Bhuail sé mé ar an daoradh teacht abhaile, ach bhí mé sa mbaile mar sin féin. Ba mhian leo a shárú siar in mo bhéal go raibh mé dóite, ach dheamhan dó ná dó. Bhí mé istigh ar an daoradh shular theangmhaigh sí liom
Bhí sé cuibhrithe ar an daoradh clis i gcaitheamh an lae, agus é ag cinniúint air corraí di. Chuile uair dhá ligeadh sé leis fhéin, bhíodh sé dóite ar áit na mbonn. Ba in é an deasú air. Níl aon ár go deo ach a ndearnadh de mhagadh faoi. Ní mór do dhuine acmhainn a bheith aige le deis féin
 
Ní raibh scéal ná amhrán ag P. Mh. ach chabálfadh sé thú le dea-chaint. Bhí sí sin aige agus neart di. 'Má thugtar leasainm ormsa fhéin,' adeireadh sé, 'ní poll dóite ar mo chóta é sin'
 
deis
Buailidh deis agam. Caith deis chugam a Sheáinín. Bainidh as a chunúsachaí, bainidh as, nó beidh sibh dóite
 
diabhal 2
Ná bac le diabhal ach sháraigh sé siúd loirgne dóite!
 
díon 1
Is mór an chontúirt é an teach ceann tuí ina dhiaidh sin. An bhfeiceann tú sin anois. Ní dhearna an gasúr sin ach bior dóite a chur sa tine agus é a shá sa mbuntsop. Ó chuaigh sé thrí lasadh chor ar bith, ba ghearr go raibh an lasair déanta leis an díon siar, agus murach chomh héasca agus a braitheadh é, bheadh dóiteán ann a mbeadh cuimhne air
 
díth
Is mór den díth céille a bhí ag siúl leis chuile lá ariamh, ach sháraigh an rud seo loirgne dóite
 
1
Mo léan dóite, 'sé nach bhfuil an dó gréine air. Ach d'éireodh dhó. Ní fhaca sé siúd an áit amuigh le ráithe
 
dóigh 1
Traíálfaidh sé dóite agus an-dóite anois lena chur ag obair. Is crua an cás é má chliseann air. Tá sé ag méirínteacht agus ag fiddleáil leis le ráithe, ach chinn air aon cheart a bhaint dó fós … Deis le aghaidh solais atá sé ag iarraidh a dhéanamh
+
dóigh 3
Tá an cáca dóite
TUILLEADH (40) ▼
Ná tabhair an cáca dóite sin d'aon duine
Tá boladh an dó in áit eicínt; tá boladh an dóite in áit eicínt (ach is coitianta an chéad leagan)
Tá a raibh de mhóin ansin dóite
Ní poll dóite ar mo chótasa an leasainm sin a thabhairt orm – ní údar drochmheasa dhom go dtugtar an leasainm sin orm
Ní hin poll dóite chor ar bith ar a chóta. Mura bhfuil le casadh leis ach go mba gliomadóir é, is beag atá le casadh leis. Ní údar náire ar bith d'aon duine a bheatha a shaothrú
Más in poll dóite ar a chóta muis, go bhfóire Dia ar thuilleadh. Mura bhfuil le caitheamh ag duine in do bhéal ach gur ith tú min bhuí, séard adéarfainnse: "más peaca a bheith buí tá na mílte damanta". Cá'il an té nár ith an dream a bhain leis min bhuí
Tá mé dóite
Tá mé dóite bruite ag an uisce fiuchta sin
Nach tú an laisceach gur lig tú an splainc síos in mo bhróig. Tá mé dóite bruite aici
Dia aithnítear! Coinnigh amach ón bpota sin, nó is gearr gur dóite bruite a bheas tú
Tá mé dóite ag an ngréin
Tá an craiceann ar fad dóite ar mo lámha ón ngréin
Tá na cosa dóite aici de bharr na tine
Gabh amach as sin a ioscadaí dóite! – le gasúr nó duine a bheadh i gcónaí ag breacadh a loirgne sa tine
Ara níl déantús maitheasa ar bith ina ioscadaí dóite siod. Céard a ghníos sé ach ag breacadh a loirgne chois na tine
An dó a d'fhága na lorgachaí sin; sin lorgachaí dó; sin lorgaí dóite
Tá mo chosa dóite ag na bróga – dá mbeadh bróga cúnga ann, nó dá gcaiteá aistear fada a shiúl, bheadh do chosa bruite sna bróga
Tá mo theanga dóite aige (poitín)
Tá a chroí dóite ag an bhfuisce
Bhí sé dóite uileag ina stéigeachaí de bharr cigarettes
Tá mo stéigeachaí dóite lenar ól mé de phoitín ag bainseachaí le coicís
Cén chaoi a bhféadfá gan do chuid fataí a bheith ina ngruth. Tá an talamh dóite agat le feamainn dearg. Talamh ar bith atá dhá leasú le feamainn ar a haghaidh féin, is talamh dóite é
Tá a bhfuil de thalamh anseo as éadan dóite ag an bhfeamainn. Níl bráid ar bith ar fónamh le cladach. B'fhéidir dhá ndoirteá suas i mbéalbhachaí na mbarra garbha sin san áit a bhfuil an riasc stalcánta, agus giollaíocht mhaith a thabhairt dó, go mbainfeá barr ar fónamh dó (de)
Talamh ar bith atá fódaithe ar an aimsir seo, tá sé dóite ar fad (ag an aimsir bhreá agus ag an triomach). Feicim na boird atá thuas ansin sa bP. Á. Dar mo choinsias duit, tá siad faoi scáiniúchaí as éadan
Tá seanchur réasúnta, ach ná bac le cur óg. Tá sé sin dóite ar chuma ar bith. Is beag an dochar dhó agus gan deoir (bháistí) a bhualadh air ón aonach beag
Tá chuile áit dóite ag an spalpadh seo. Má mhaireann dó, dar Dia beidh beithígh thart cheal uisce
Dar príosta, is suarach an t-ionadh na barrannaí a bheith dóite agus an t-achar atá sé ó fuair siad aon bhraon báistí. Feicim an seanchur atá ansin thoir agam ag seargadh. Níl an cur óg leath chomh buailte leis, ach tá a bhfuil de chur óg agam i ngeadáin ghleannacha, agus bheadh a bheagán nó a mhórán fliucháin aige
Níl aon ghnaithe na beithígh a chur amach ar an gcriathrach dóite siúd. Ach beidh cimín súite ann fós ach a bhfaighe sé ionú fás
Tá na fataí sin dóite ag an sioc – fuair siad an sioc agus thug sé blas orthu
Níor cheart poll ar bith a bhriseadh sa gcloigeann ó thuaidh, ach sa taobh ó dheas. An bhfeiceann tú na fataí sin anois. Tá siad dóite ag an sioc, théis go raibh an poll clúdaithe go maith. Ach theangmhaigh gaoth an tseaca leo ina dhiaidh sin
Ní raibh fata de bhláth bliana sa ngarraí sin againn anuraidh nach raibh dóite ag sioc. Ní raibh sé inrásta aon cheann amháin acu a ithe. Bhí blas orthu as éadan
Tá an poitín sin dóite ar fad. Is furasta a aithinte ar a bhlas é. Droch-chruachan a rinne é sin anois cheapfainn
Ní éadáil mhaith é sin a ól. Tá sé dóite ar fad. Deile cén chaoi a mbeadh sé agus a theacht ó Ph. Níor mhinic leis an braon ar fónamh a bheith aige — níor mhinic sin
Scread mhaidne ar a chuid poitín dóite!
Tá sé dóite bruite sna neantógaí. ( a tugtar ar an nga a chuireas neantóg ionat)
Feicfidh tú croí dóite aige nuair a chloisfeas sé go bhfuair tusa cuireadh agus nach bhfuair sé féin é
Tá tú dóite – a lán cleis agus cluichí, bíonn iontu: sé sin duine a ghabháil, nó a fhostú, nó lámh a leagan air, agus cuirtear pionós ar an té sin ansin, nó caithfidh sé a dhul in áit an duine eile a dhós é, nó comhairtear pointí sa gcluiche ina aghaidh. Cuirim i gcás 'bhFolach Bhíog. Is cluiche simplí é. Téann duine A. ar chúla leachta nó cloiche nó a leithide, agus cromann sé síos agus a shúile clúdaithe aige, agus imíonn an chuid eile amach ar fud an gheadáin go dté siad i bhfolach. Chomh luath agus a fhuagrós duine acu ar A. go bhfuil siad i bhfolach, nó a dhéanfas siad comhartha dhó, éireoidh sé agus fágfaidh sé an daoradh (an áit a raibh A. cromtha nó cloch in aice leis) dhá dtóraíocht. De réir mar a bheas sé ag dúiseacht an dreama eile as a n-áit folaithe, leanfaidh sé iad le breith orthu, nó láimh a leagan ar dhuine acu. Féachfaidh siadsan leis an daoradh a shroichiúint gan a ngabháil nó a ndó. An té a n-éireoidh le A. lámh a leagan air nó a ghabháil, beidh an té sin dóite, agus caithfidh sé a dhul isteach agus cromadh ag an daoradh, mar a rinne A. an geábh roimhe sin, agus beidh cead a choise ag A. féin a dhul i bhfolach anois. Déantar geábh eile den chluiche ar an gcóir chéanna. Tá dó ina lán cluichí agus siamsaí eile freisin. Leis an liathróid a déantar an dó sa gcluiche corr. Buailtear an té a bhíos ina rite reathach, leis an liathróid, agus bíonn sé dóite. Tá dó i bpúicín, i gclocha péire agus i gcluichí eile freisin
Tá tú dóite. Caithfidh tú cromadh
Seo é "Riocairdín" anois. Cuir na clocha péire sa gcrúib oscailte agus lioc anuas na méarachaí roinnt. Anois caith suas uileag iad, agus iontaigh do láimh agus tóg iad ar chúl do láimhe. Mura gcoinní tú ceann, beidh tú dóite (beidh tú as)
Seo é an chaoi le na "rástaí gearra" a dhéanamh. Leag mar seo i ndiaidh a chéile iad. Ná cuir chomh fada sin ó chéile iad. Anois caithfidh tú an ceann seo atá in do láimh a chaitheamh san aer, agus an chuid eile ar fad a thógáil i dteannta a chéile. Má chinneann ort, beidh tú dóite
 
dona
Is measa thú ná a bhfaca mé ariamh; is tú is measa dhá bhfaca mé ariamh; is measa thú ná a dtiocfaidh agus ná a dtáinig; is measa thú ná loirgní dóite
 
Is beag an drabhlás atá chor ar bith sa móin bháin sin le hais na clochmhóna. Cuirfidh tú síos greadlach di ach bíonn sí dóite de léim. 'Sé a bhfuil inti an lasadh sin
 
dreach
Bhí dreach air (adhmad) mar atá ar an simléar sin anois. Shílfeá i dtosach gur dóite a bheadh sé, ach níorbh ea — snua, cosúlacht
 
dubh 3
Dhá bhliain ó shin tháinig stolladh amach an t-am seo bhliain agus dhubhaigh sé na sceacha. Bhí an fhlaisc thiar de chuile sceach dóite agus an taobh a bhí thoir di glas. Níor facthas a leithide ó tháinig an chéad fhear
 
Níl gair ná gaobhar ag an dúchan ar an mbuíochan. Sháraigh an lobhadh buí sin loirgne dóite
 
Más dúnárasaí é ná an t-athair muise, sháraigh sé loirgne dóite. Thóg sé lá mé ag dul suas an bóthar lathaí: bhí carr aige. Suas L. A. a bhí mise ag dul. Tá go leor daoine muintreacha aige suas ansiúd. Tá siad an-scaipthe: i L., ar an gC., i gC. na B., i gC. E. Dá mbeinn in éindí leis go dtéadh soir siar, ní inseodh sé dhom cá raibh sé ag gabháil. Diabhal inseacht muis. Ná ar chaith sé trí fhocal cainte ó d'fhága muid Ard an Bh. nó gur lig sé anuas mé ag bóthar L. Chas sé an capall aríst agus as go brách siar leis. Sin é an uair a chuimhnigh mé nach raibh sé ag teacht thar Ch. E. ach go dtáinig sé an chuid eile liomsa. Nár ghnaíúil an mhaise dhó é ina dhiaidh sin. Ach ní inseodh sé dhom ar bhás an domhain cá raibh sé ag dul é féin, luath ná mall
 
Ná bac le bliain ar bith a bhfeicfidh tú ag dul ar shioc faoi Bhealtaine é. Tá maith na bliana sin ar iarraidh. Níl a fhios agam nach mb'fhéidir go srianfadh an cur óg thríd, ach tá an seanchur dóite ar fad áit ar bith a raibh sé thrí thalamh